This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

Beartas fianán

Because you de-activated JavaScript in your browser, the European Parliament does not add any analytical cookie on your device. If you change your mind and accept to be tracked by the European Parliament, please activate JavaScript in your browser and refresh your cache.

An mbainimid úsáid as fianáin agus logaí freastalaí?

Úsáidimid cineálacha éagsúla fianán, agus cuspóirí éagsúla mar aidhm againn.

  • Lamhálann roinnt fianán dúinn feidhmeanna ar leith a chumasú nó d’eispéireas nascleanúna a fheabhsú, agus lamhálann cinn eile dúinn anailís a dhéanamh ar an mbealach a bhféachann tú ar ár suíomhanna gréasáin ionas go bhféadfaimis é a fheabhsú.
  • Tá géarghá le cuid acu, agus cuidíonn cuid eile linn do nascleanúint a phearsanú trí chuimhneamh ar do chuid sainroghanna agus socruithe.

Chomh maith le fianáin, úsáidimid ár logaí freastalaí freisin chun a bheith in ann ár mbonneagair agus ár bhfeidhmchláir theicniúla a anailísiú, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a dhiagnóisiú Cabhraíonn siad linn glacadh lenár slándáil oibríochtúil, imscrúdú a dhéanamh ar eachtraí, faireachán a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht líonra agus teileachumarsáide agus cúnamh úsáideora a sholáthar.

Trí nascleanúint a dhéanamh ar ár suíomhanna gréasáin, glacann tú go hintuigthe le húsáid na nithe seo a leanas:

  • gach fianán teicniúil agus seisiún, a stóráiltear le linn an tseisiúin
  • gach rogha cuairteoirí (amhail teanga), a stóráiltear go buan
  • gach loga freastalaí, nach gcoimeádtar ach ar feadh tréimhse theoranta

Tá na fianáin agus na logaí freastalaí uile a úsáidimid ar ár suíomhanna gréasáin liostaithe agus déantar cur síos orthu ar leathanach Fhardal na bhFianán.

Conas is féidir leat glacadh lenár bhfianáin anailísíochta nó iad a dhiúltú?

Úsáidimid fianáin anailísíochta chun faireachán a dhéanamh ar nascleanúint ár n-úsáideoirí agus chun cáilíocht do thaithí brabhsála a fheabhsú.

Cuireann ár n-uirlis Anailísíochta Greasáín, AT Internet le fianáin isteach, agus meastar gur fianáin tríú páirtí iad. Cabhraíonn siad linn tuarascálacha staidrimh comhiomlánaithe agus anaithnide a ullmhú ar nascleanúint ár gcuairteoirí.

Féadfaidh tú glacadh leo nó iad a dhiúltú, tríd an mbratach atá ar taispeáint ag bun ár suíomhanna gréasáin, nó tríd an ngiuirléid atá beartaithe ar bharr an leathanaigh seo. Má chinneann tú gan do chomhaontú a chur in iúl, trí neamhaird a dhéanamh den cheist, NÍ chuirfimid aon fhianán ar fáil.

Más fearr leat gan rianú a dhéanamh i do leith, is féidir leat an socrú "Ná Rianaigh" (DNT) a ghníomhachtú ar do bhrabhsálaithe. Ráthóidh sé nach ndéanfaimid rianú ar do ghníomhaíocht bhrabhsála ar bhealach ar bith. Tá na socruithe “Ná Rianaigh” sin ar fáil i bhformhór na mbrabhsálaithe

Tá na sonraí go léir ar ár bhfianáin anailíse ar fáil ar leathanach Fhardal na bhFianán.