CLÁR GNÍOMHAÍOCHTA DEARFAÍ 2025
Má bhíonn aon fhadhbanna inrochtaineachta agat agus an fhoirm iarratais ar Apply4EP á comhlánú agat, déan teagmháil linn láithreach trí Apply4EP nó trínár mbosca ríomhphoist seirbhíse
PERS-APPLY4EPContacts@europarl.europa.eu.
Réamhrá
Tá a Clár Gníomhaíochta Dearfaí bliantúil (eagrán 2025) á sheoladh ag Parlaimint na hEorpa, agus is éard atá ann conair atá deartha chun fostú daoine faoi mhíchumas mar ghníomhairí ar conradh a éascú. Leis an tionscnamh seo, tugtar deis d’iarrthóirí faoi mhíchumas dul ag obair don aon institiúid amháin de chuid an Aontais Eorpaigh a thoghtar go díreach, agus ag an am céanna, cuirtear ar chumas na Parlaiminte linn tallainne éagsúil a bheith aici.
Le nós imeachta an Chláir Gníomhaíochta Dearfaí, bunaítear liosta de 20 iarrthóir oiriúnacha le haghaidh earcaíocht fhéideartha mar ghníomhairí ar conradh (ar bhonn Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísise Eile an Aontais Eorpaigh) i ngrúpaí feidhme II, III nó IV nó ag Ard-Stiúrthóireachtaí (ASanna) na Rúnaíochta. Tríd an gclár sin, earcaíonn an Pharlaimint suas le seisear iarrthóirí rathúla gach bliain ar chonarthaí bliana (agus an fhéidearthacht ann iad a athnuachan). Na hiarrthóirí eile a n-éireoidh leo, cuirfear ar phainéal iad ar feadh tréimhse 18 mí, agus d’fhéadfadh Ard-Stiúrthóireachtaí na Parlaiminte iad a earcú lasmuigh de chreat an Chláir Gníomhaíochta Dearfaí.
Critéir incháilitheachta
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos chun iarratas a chur isteach, ní mór duit na critéir ghinearálta incháilitheachta seo a leanas a chomhlíonadh, chomh maith le critéir maidir le cáilíochtaí agus taithí ghairmiúil.
(a) Critéir ghinearálta
Ní mór duit:
(1) a bheith faoi mhíchumas is cúis le lagú atá cothrom le 20 % nó níos nó ná sin, de réir scála rátála míchumais fhisiciúil agus mheabhraigh na hEorpa;
(2) lánchearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a bheith á dteachtadh agat;
(3) aon oibleagáidí a fhorchuirtear faoi na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat;
(4) a bheith in ann teistiméireachtaí carachtair iomchuí maidir lena oiriúnaí atá tú le dul i mbun do dhualgas a thabhairt ar aird;
(5) leibhéal C1 (‘sáreolas’) ar a laghad a léiriú i gceann amháin de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1) agus leibhéal B2 (‘eolas sásúil’) ar a laghad i dteanga eile de chuid an Aontais Eorpaigh (teanga 2), bunaithe ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, ina bhfuil C2 ar an leibhéal is airde agus A1 ar an leibhéal is ísle.
Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: An Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
Is sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 1 a dhéanfaidh tú an triail ceisteanna ilrogha. Déanfaidh na seirbhísí earcaíochta d’eolas ar an dara teanga agat a thástáil ag céim an agallaimh, má áirítear d’ainm ar an liosta agus má thugann Ard-Stiúrthóireacht cuireadh chun agallaimh duit.
Trí iarratas a dhéanamh ar an gclár seo, dearbhaíonn tú go sonrach go gcomhlíonann tú an critéar maidir le lagú, (a)(1) thuas. Má chuirtear faisnéis bhréagach ar fáil maidir leis an gcritéar incháilitheachta sin, cuirfear d’iarratas ar ceal láithreach agus eisiafar ón gclár thú.
(b) Cáilíochtaí
Ní mór duit íosleibhéal cáilíochta a bheith agat freisin.
I gcás na bhfeidhmghrúpaí II (Cléireach agus Rúnaíochta) agus III (Cúntóirí):
- leibhéal oideachais iar-mheánscoile agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh; nó
- leibhéal oideachais meánleibhéil a bhfuil teastas nó dioplóma mar fhianú air lena dtugtar rochtain ar oideachas iar-mheánleibhéil, agus taithí ghairmiúil chuí ar feadh 3 bliana ar a laghad.
I gcás fheidhmghrúpa IV (Riarthóirí):
- leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán staidéir ollscoile 3 bliana ar a laghad agus é fianaithe le dioplóma.
Maidir le dioplómaí, is cuma cé acu i mBallstát nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas, amhail an aireacht oideachais, faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach.
Iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas Eorpach í, iarrfar orthu coibhéis AE a chur ar fáil dá gcuid dioplómaí faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí neamh-AE a aithint ar fáil trí líonraí ENIC-NARIC (https://www.enic-naric.net). Cuirfidh an bord roghnúcháin na difríochtaí idir na córais oideachais san áireamh. Sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir d’Iarrthóirí, tugtar samplaí de na híoscháilíochtaí is gá.
(c) Taithí ghairmiúil
Níl an clár oscailte ach do dhaoine aonair nár oibrigh riamh roimhe seo d’institiúid, do ghníomhaireacht nó do chomhlacht de chuid an Aontais. Chun críche an chláir seo, ní áirítear tréimhsí oiliúna an Aontais, saorchonarthaí ná conarthaí eatramhacha mar thaithí oibre roimh ré in institiúid de chuid an Aontais.
Próiseas roghnúcháin agus earcaíochta
(1) An próiseas roghnúcháin
Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh duit triail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, ina mbeidh 30 ceist ar a mhéad a bhaineann leis na réimsí seo a leanas: Eolas ar an Aontas Eorpach, réasúnaíocht bhriathartha agus breithiúnas staide.
Má theastaíonn freastal réasúnta uait le linn na trialach, is féidir leat iarraidh a chur isteach trí úsáid a bhaint as an bhfoirm atá ar fáil in Iarscríbhinn 1, agus úsáid a bhaint as an tagairt ‘Clár Gníomhaíochta Dearfaí 2025’. Féach an Treoir d’Iarrthóirí i gcomhair tuilleadh faisnéise maidir le conas iarratas a chur isteach.
Tabhair faoi deara nach mór duit iarratas nua ar fhreastal réasúnta a chur isteach le haghaidh gach nós imeachta a gcuireann tú isteach air, toisc nach gcoinníonn an tSeirbhís Liachta taifid ar iarratais roimhe seo ar chúiseanna cosanta sonraí. Féadfaidh tú na doiciméid tacaíochta ó iarrataí roimhe seo a athúsáid, ar choinníoll nach bhfuil aon athrú ar do lagú ná ar do staid leighis.
Oibríonn Parlaimint na hEorpa le soláthraí seirbhíse (TestWe) chun na trialacha ar líne a reáchtáil. Tabhair do d’aire nach bhfuil TestWe inrochtana faoi láthair, ar an drochuair, d’iarrthóirí a úsáideann léitheoirí scáileáin, formhéadaitheoirí agus bogearraí urlabhra go téacs. Ina theannta sin, i gcás fadhb le linn na tástála, bheadh ar iarrthóirí teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach an tsoláthraí seirbhíse ar an nguthán. Dá bhrí sin, déanfar socruithe malartacha má tá riachtanais shonracha agat (e.g. má tá lagú amhairc nó éisteachta ort nó má tá lagú urlabhra agus/nó teanga agat), ar choinníoll go bhformheasann an tSeirbhís Liachta d’iarratas.
Ansin, déanfaidh an painéal roghnúcháin meastóireacht ar iarratais na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an pasmharc 50 % sa triail ceisteanna ilroghanna ar ríomhaire chun a áirithiú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta (b) agus (c) thuasluaite. Cuirfidh an painéal roghnúcháin deireadh leis an bpróiseas measúnaithe a luaithe a bheidh 1.5 oiread an lín iarrthóirí oiriúnacha atá á lorg bainte amach. Ina theannta sin, déanfaidh an painéal roghnúcháin na hiarrthóirí uile atá ar comhscór don áit dheireanach a chur san áireamh sa mheastóireacht.
Ina dhiaidh sin, beidh ar na hiarrthóirí sin dul faoi phróiseas aitheantais míchumais na Parlaiminte. Chun do lagú a chruthú, ní mór duit iarraidh ar dhochtúir leighis (speisialtóir cuí nó do chleachtóir ginearálta) an fhoirm arna soláthar ag Seirbhís Liachta na Parlaiminte a chomhlánú. Is féidir leat cárta míchumais náisiúnta a chur ar fáil freisin chun tacú le d’iarratas. Ba cheart duit an fhaisnéis sin a bheith réidh agat ar ghearrfhógra ionas gur féidir leis an tSeirbhís Liachta í a phróiseáil i ndiaidh na trialach ceisteanna ilroghanna. Tabhair do d’aire nach ionann an próiseas seo agus an mheastóireacht ar d’iarratas ar fhreastal réasúnta atá leagtha amach thuas.
A luaithe a bheidh meastóireacht déanta ag an tSeirbhís Liachta ar an bhfoirm agus ar na doiciméid a chuir an t-iarrthóir ar fáil, cuirfidh siad a gcinneadh in iúl don phainéal roghnúcháin, a bhunóidh liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ansin.
(2) Earcaíocht
Nuair a bheidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha tugtha chun críche, scaipfear CVanna na n-iarrthóirí ar sheirbhísí acmhainní daonna na nArd-Stiúrthóireachtaí uile. Earcófar suas le seisear de na hiarrthóirí sin faoin gClár Gníomhaíochta Dearfaí, agus d’fhéadfadh na hArd-Stiúrthóireachtaí na hiarrthóirí eile a mheas lena n-earcú mar ghníomhairí ar conradh lasmuigh de chreat an Chláir Gníomhaíochta Dearfaí.
Má mheasann Ard-Stiúrthóireacht go bhfuil do phróifíl ábhartha do phost atá ar fáil, féadfaidh siad glaoch ort chun agallaimh.
Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire nach bhfuil aon cheart earcaíochta ag baint le háit a fháil ar an liosta ná le pas a fháil sa triail roghnúcháin. Féadfaidh seirbhísí earcaíochta tagairt don liosta nuair a bhíonn poist ar conradh ar fáil agus cuireadh chun agallaimh a thabhairt d’iarrthóirí a bhfuil a bpróifílí ag teacht le riachtanais an phoist. Is é is aidhm leis an bpróiseas seo deiseanna a chruthú laistigh agus lasmuigh den Chlár Gníomhaíochta Seachtraí.
CONAS IS FÉIDIR IARRATAS A DHÉANAMH?
Déan iarratas tríd an ardán Apply4EP faoi 12.00 meán lae an 16 Aibreán 2025 (am na Bruiséile)
Ní mór duit an Treoir d’Iarrthóirí atá i gceangal leis an bhfógra seo a léamh go cúramach sula gcríochnóidh tú d’iarratas.
Má theastaíonn freastal réasúnta uait don triail, ní mór duit an fhoirm ábhartha a sheoladh ar ríomhphost (féach an Treoir d’Iarrthóirí le haghaidh sonraí) chuig Seirbhís Liachta na Parlaiminte ag an seoladh seo a leanas faoin sprioc-am chun iarratas a dhéanamh:
PERS-CabmedbruDisability@europarl.europa.eu
Ná déan dearmad, le do thoil, na doiciméid chuí leighis/lagaithe a cheangal chun tacú le d’iarratas.
Bain úsáid as an bhfoclaíocht seo a leanas i líne ábhair an ríomhphoist:
DG PERS 2025 Positive Action Programme/RA Testing Justification Note [Clár Gníomhaíochta Dearfaí 2025 ó Ard-Stiúrthóireacht an Phearsanra/Nóta Réasúnaithe i gcomhair Freastal Réasúnta don Tástáil].
Tabhair do d’aire go dtairgfear socruithe réasúnta san ionad oibre d’iarrthóirí a earcófar níos déanaí.