GLAO AR LEIRITHE SPÉISE
BUNÚ BUNACHAIR SONRAÍ
Cúntóir do chomhlacht parlaiminteach
An Bhruiséil
Baill foirne ar conradh (grúpa feidhme III) agus baill foirne shealadacha (AST 3)
1. Barúlacha ginearálta
Is ceann de na ceithre Ard-Stiúrthóireacht a cruthaíodh tríd an iarArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha a roinnt í an Ard-Stiúrthóireacht um Chearta na Saoránach, um Cheartas agus um Ghnóthaí Institiúideacha (AS IUST) i bParlaimint na hEorpa Is é an misean atá aici tacú leis an bParlaimint ina róil reachtacha, bhuiséadacha agus ghrinnscrúdaithe agus a áirithiú go bhfeidhmíonn an Pharlaimint go héifeachtach mar chaomhnóir an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach agus le linn dó a bheith freagrúil do riachtanais shaoránaigh na hEorpa. Eagraíonn agus éascaíonn AS IUST obair na gcoistí parlaiminteacha i bpríomhréimsí amhail cultúr, oideachas, gnóthaí dlíthiúla agus bunreachtúla, comhionannas inscne, saoirsí sibhialta, achainíocha agus cosaint an daonlathais.
Mar chúntóir do chomhlacht parlaiminteach, cuideoidh tú le rúnaíocht an choiste oibriú go héifeachtúil trí chruinnithe agus doiciméid a ullmhú, comhfhreagras a dhréachtú agus éisteachtaí agus misin phoiblí a eagrú. Is é atá i gceist leis an ról cúraimí riaracháin, lóistíochta agus eagarthóireachta a dhéanamh i dtimpeallacht ilteangach agus comhordú rianúil a áirithiú laistigh den Pharlaimint agus lasmuigh di araon.
Más spéis leat a bheith páirteach in Ard-Stiúrthóireacht nuachruthaithe dhinimiciúil a bhfuil sé i gceist aici fás agus infheistíocht a dhéanamh ina muintir, is duitse an glao seo ar léirithe spéise. Táimid ag lorg cúntóirí ardspreagtha díograiseacha chun rannchuidiú le hobair dhaonlathach na Parlaiminte a chaomhnú agus tacaíocht riaracháin ardcháilíochta a chur ar fáil do choistí parlaiminteacha.
Tá an glao seo ar léirithe spéise á sheoladh ag Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa chun bunachar sonraí a bhunú d’iarrthóirí a bhféadfadh suim a bheith acu folúntais a líonadh amach anseo le haghaidh cúntóirí do chomhlachtaí parlaiminteacha. Beidh an bunachar sonraí sin ina líon iarrthóirí le haghaidh earcaíocht fhéideartha, rud a chinnteoidh go mbeidh linn tallainne ar fáil go héasca chun tacú le Feisirí Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) ina gcuid oibre reachtaí. Is é is príomhchuspóir dó feabhas a chur ar an gcúnamh a thugtar do na Feisirí, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na Parlaiminte maidir lena ról mar phríomhchomhlacht reachtach de chuid an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.
A luaithe a bheidh an bunachar sonraí bunaithe, féadfar iarrthóirí a bhfuil a n-ainmneacha san áireamh sa bhunachar sonraí a roghnú chun folúntais chúnta foirne ar conradh a líonadh le haghaidh cúntóirí do chomhlachtaí parlaiminteacha, faoi Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CEOS). Roghnófar na hiarrthóirí sin i gcomhréir le hAirteagal 7 (‘Comhchoiste um roghnú foirne cúnta ar conradh (COSCON) ’) agus le hAirteagal 8 (‘Nós imeachta roghnúcháin le haghaidh foireann ar conradh’) d’Fhorálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme na Parlaiminte lena rialaítear comórtais agus nósanna imeachta roghnúcháin, earcú agus grádú oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid Pharlaimint na hEorpa.
Níos annaimhe, agus faoi réir acmhainní a bheith ar fáil, féadfar iarrthóirí a bhfuil a n‑ainmneacha san áireamh sa bhunachar sonraí a roghnú freisin mar ghníomhairí sealadacha chun folúntais a líonadh do chúntóirí do chomhlachtaí parlaiminteacha in AS IUST, faoi Airteagal 2b de CEOS. Roghnófar na hiarrthóirí sin i gcomhréir le hAirteagal 4 (‘Comhchoiste (COPAR)’) d’Fhorálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme na Parlaiminte lena rialaítear comórtais agus nósanna imeachta roghnúcháin, earcú agus grádú oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid Pharlaimint na hEorpa.
Is fostóir comhionannas deiseanna í an Pharlaimint agus fáiltíonn sí roimh gach iarratas gan idirdhealú a dhéanamh ar aon fhoras, amhail inscne, dath craicinn, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó staid teaghlaigh.
2. Tuairisc ar an bpost
Áirítear an méid seo a leanas ar chúraimí cúntóra do chomhlacht parlaiminteach:
- cuidiú lena áirithiú, i dtimpeallacht ilteangach, go bhfeidhmeoidh rúnaíocht an choiste go héifeachtúil (lena n-áirítear trí ullmhú do chruinnithe inmheánacha agus seachtracha, doiciméid a fháil agus a ullmhú agus iad a sheoladh lena n-aistriú, etc.);
- doiciméid arna dtáirgeadh ag an rúnaíocht a chur san fhormáid cheart i gcomhréir le teimpléid reatha na ndoiciméad, trí fheidhmchláir thiomnaithe TF a úsáid;
- a áirithiú go mbeidh doiciméid ar fáil ag cruinnithe;
- éisteachtaí poiblí a eagrú mar chuid de chruinnithe coiste, chomh maith le misin coiste lasmuigh de thrí ionad oibre na Parlaiminte;
- cuardaigh dhoiciméadacha a dhéanamh, go háirithe d’fhonn comhaid a thiomsú;
- obair leantach a dhéanamh ar iarrataí ar fhaisnéis agus ar dhoiciméadacht;
- litreacha agus doiciméid eile a bhaineann le gníomhaíochtaí na rúnaíochta a dhréachtú;
- próiseáil focal, táblaí a tháirgeadh, dialanna a bhainistiú, post a láimhseáil, comhaid a chomhdú, comhaid a ullmhú, cruinnithe a eagrú agus cuairteoirí a óstáil ó laistigh agus den Pharlaimint agus lasmuigh di.
3. Riachtanais an phoist
An t-eolas is gá
- Ba cheart eolas a bheith agat ar struchtúr, eagrú agus timpeallacht na hArdrúnaíochta agus ar na gníomhaithe éagsúla lena mbaineann.
- Bheadh eolas ar rialacha agus nósanna imeachta na Parlaiminte agus ar nósanna imeachta reachtacha an Aontais ina bhuntáiste.
Na hinniúlachtaí is gá
- Ciall don fheabhsú leanúnach a bheith agat;
- Solúbthacht agus iontaofacht a thaispeáint;
- Spiorad maith foirne agus tuiscint ar chomhar a bheith agat;
- A bheith cruinn agus cúramach agus scileanna maithe eagrúcháin agus pleanála a bheith agat;
- An cumas spriocdhátaí a chomhlíonadh agus tascanna a chur in ord tosaíochta;
- Bí dírithe ar thorthaí.
An timpeallacht oibre
- Ualach oibre athraitheach, ag brath ar an amchlár parlaiminteach;
- Teagmháil rialta le daoine laistigh den Pharlaimint agus lasmuigh di;
- Teagmháil le hoifigí na bhFeisirí;
- Taisteal ó am go chéile go Strasbourg;
4. Riachtanais incháilitheachta
Chun bheith earcaithe mar bhall den fhoireann ar conradh i ngrúpa feidhme III, ní mór an méid seo a leanas ar a laghad a bheith agat:
i. leibhéal oideachais iar-mheánscoile, arna fhianú le dioplóma; nó
ii. leibhéal oideachais meánscoile, arna fhianú le teastas lena dtugtar rochtain ar oideachas iar-mheánscoile mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de thrí bliana ar a laghad.
Ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh freisin.
· Ní mór duit a bheith i do shaoránach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
· Ní mór duit gach oibleagáid a chuirtear orthu faoi na dlíthe náisiúnta a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.
· Ní mór duit a bheith in ann teistiméireachtaí carachtair iomchuí a chur ar fáil a léiríonn a oiriúnaí atá tú chun na dualgais a chomhlíonadh.
· Ní mór duit a bheith in ann fianaise a chur ar fáil go bhfuil sáreolas agat ar cheann de theangacha an Aontais agus eolas sásúil agat ar theanga eile de chuid an Aontais, a mhéid is gá chun na dualgais a chomhlíonadh.
Sula n-earcófar iad, iarrfar ar na hiarrthóirí a roghnófar, agus a mbeidh a n-ainmneacha san áireamh sa bhunachar sonraí, doiciméid a sholáthar a bheidh mar chruthúnas ar an bhfaisnéis atá san fhoirm iarratais (dioplómaí, teastais agus doiciméid tacaíochta eile).
Ní mór do gach dioplóma, bíodh sé eisithe i mBallstát nó i dtír nach Ballstát den Aontas í, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstát den Aontas, amhail aireacht oideachais.
Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas í dearbhú coibhéise de chuid an Aontais a chur ar fáil le haghaidh na ndioplómaí sin. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí nach leis an Aontas iad a aithint ar shuíomh gréasáin líonraí ENIC-NARIC (https://www.enic-naric.net/).
Cuirfear na difríochtaí idir na córais oideachais i gcuntas. Tugtar samplaí de na híoscháilíochtaí a éilítear sa treoirleabhar.
5. Cuimsiú sa bhunachar sonraí agus na chéad chéimeanna eile
Cuirfear d’ainm san áireamh sa bhunachar sonraí más rud é:
· go gcomhlíonann tú na riachtanais incháilitheachta agus
· go bhfuil an fhoirm iarratais a comhlánaithe agat trí ardán APPLY4EP (féach Roinn 6 (‘Conas spéis a léiriú’)) i gcomhréir leis an nós imeachta agus faoin sprioc-am
De réir mar is gá, cuardóidh na seirbhísí earcaíochta an bunachar sonraí agus cuirfidh siad ar ghearrliosta líon áirithe iarrthóirí a oireann dá riachtanais ar bhonn na faisnéise atá in iarratais na n-iarrthóirí agus sna doiciméid tacaíochta a cuireadh ar fáil, agus ar an mbonn sin amháin.
Má chuirtear ar an ngearrliosta thú, is féidir go dtabharfar cuireadh duit chuig trialacha agus agallaimh arna n-eagrú ag na seirbhísí earcaíochta.
Is é is aidhm do na trialacha/agallaimh earcaíochta measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá tú don phost ábhartha agus féadfaidh siad a bheith i bhfoirm triail scríofa (e.g. ceisteanna ilrogha, aiste, triail inbhosca, achoimre a ullmhú, etc.). Féadfar measúnú a dhéanamh freisin ar d’eolas ar theangacha.
6. Conas spéis a léiriú
Chun spéis a léiriú, ní mór duit do CV a chur isteach agus an fhoirm iarratais a líonadh isteach ar ardán APPLY4EP.
Ní mór léirithe spéise a chur isteach tríd an ardán ar líne APPLY4EP, agus tríd sin AMHÁIN. Dá bhrí sin, ba cheart duit tosú trí chuntas APPLY4EP a chruthú (mura bhfuil ceann agat cheana féin). Tabhair do d’aire nach féidir leat ach cuntas amháin a bheith agat ar an ardán APPLY4EP. Déanfar na sonraí pearsanta a thaifeadtar i do chuntas APPLY4EP a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is féidir leat na sonraí seo a nuashonrú aon tráth. Tá an ráiteas príobháideachais le haghaidh APPLY4EP ar fáil ar a leathanach baile.
uair a bheidh do chuntas APPLY4EP cruthaithe agat, ba cheart duit léamh go cúramach tríd an nglao seo agus tríd an treoir atá i gceangal leis, ansin cliceáil ar an táb ‘Iarratas a dhéanamh ar líne’ in APPLY4EP agus céimeanna an nós imeachta iarratais ar líne a leanúint. Ní mór duit CV mionsonraithe a uaslódáil i bhformáid Europass ar dtús (https://europa.eu/europass/select-language?destination=/node/1), agus ansin an chuid eile den fhoirm iarratais a líonadh isteach.
Is féidir leat treoracha breise a fháil maidir le conas do spéis a chur in iúl sa treoir atá i gceangal leis an nglao seo ar léirithe spéise.
Is é 17:00 (am na Bruiséile) an 30 Meán Fómhair 2025 an sprioc-am le haghaidh léirithe spéise. Ní ghlacfar le léirithe spéise a fhaightear tar éis an sprioc-ama. Féadfar fad a chur leis an sprioc-am.
Cuireann Parlaimint na hEorpa dianbheartas comhdheiseanna i bhfeidhm ina nósanna imeachta roghnúcháin chun a ráthú go dtabharfar cóir chomhionann do gach iarrthóir.
Ní ráthú go dtairgfear post duit d’ainm a bheith san áireamh sa bhunachar sonraí agus a bheith rathúil in agallamh agus/nó i dtriail roghnúcháin Má bhíonn post ar fáil, féadfaidh an tseirbhís earcaíochta an bunachar sonraí a cheadú agus cuirí a eisiúint do na hiarrthóirí sin is mó a bhfuil a bpróifílí ag teacht le riachtanais an phoist atá i gceist. Má thagann sé chun solais go bhfuil an t-eolas a thug tú i d'iarratas mícheart, eisiafar ón nós imeachta thú agus bainfear d'ainm den bhunachar sonraí.
Leagtar síos coinníollacha fostaíochta institiúidí an Aontais in CEOS. Is féidir sonraí iomlána a fháil anseo:
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140501 (faoi Theideal II (‘Foireann shealadach’) agus Teideal IV (‘Foireann ar conradh’)).
Earcófar baill foirne ar conradh i ngrúpa feidhme III. Tá an buntuarastal míosúil idir EUR 3 374.39 agus EUR 5 529.90 (Grúpa Feidhme III), ag brath ar oiliúint agus taithí ghairmiúil ábhartha an iarrthóra rathúil. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus na n-asbhaintí eile dá bhforáiltear le CEOS. Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. In imthosca áirithe, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal.
Earcófar baill foirne shealadacha ag grád AST 3, céim 1. Is é EUR 4 666.18 an buntuarastal míosúil. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus na n-asbhaintí eile dá bhforáiltear le CEOS.
Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfar an chéim ag a n-earcófar na hiarrthóirí rathúla a choigeartú i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. In imthosca áirithe, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal.
Beidh an bunachar sonraí bailí go dtí an 31 Nollaig 2026. Féadfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh fad a chur lena bhailíocht. Sa chás sin, cuirfear na hiarrthóirí a bhfuil a n-ainmneacha sa bhunachar sonraí ar an eolas in am trátha.