FÓGRA EARCAÍOCHTA PE/327/S
BALL FOIRNE SEALADACH
Cúntóir a bhíonn ag plé le TFC (AST 4)
Roimh iarratas a chur isteach, léigh go cúramach an Treoir d’Iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra earcaíochta seo.
Is cuid dhílis den fhógra earcaíochta í an Treoir, agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na rialacha maidir le nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.
CLÁR
A. TUAIRISC AR AN bPOST AGUS INCHÁILITHEACHT
B. NÓS IMEACHTA
C. IARRATAIS
IARSCRÍBHINN: TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA
A. TUAIRISC AR AN bPOST AGUS INCHÁILITHEACHT
1. Barúlacha ginearálta
Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun trí phost mar bhaill foirne shealadacha (AST 4) san Ard-Stiúrthóireacht um Theicneolaíocht Faisnéise (AS ITEC) agus san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO) a líonadh. Is í an phróifíl atá á lorg ná cúntóir a bhíonn ag plé le caidreamh TFC.
Mairfidh an conradh go ceann tréimhse éiginnte. Déanfar an earcaíocht ar ghrád AST 4, an chéad chéim, ag a bhfuil buntuarastal de EUR 5 279.52 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Chomhphobail agus na n-asbhaintí eile dá bhforáiltear i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a n-earcófar an t-iarrthóir rathúil a choigeartú i gcomhréir le taithí ghairmiúil an iarrthóra sin. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.
Is fostóir comhdheiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
2. Tuairisc ar an bpost
Cuireann an Ard-Stiúrthóireacht um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshádáil (AS ITEC) seirbhísí TF agus cumarsáide ar fáil chun tacú le hobair Pharlaimint na hEorpa. Déanann sé spás oibre inmheánach ilteangach a fhorbairt agus a chothabháil, trí rochtain shlán ar dhoiciméid riachtanacha a áirithiú. Bainistíonn AS ITEC córais TF na Parlaiminte, déanann sé a straitéis nuálaíochta a ailíniú le riachtanais institiúideacha, agus déanann sé formhaoirseacht ar bhonneagar TF slán agus inbhuanaithe. Láimhseálann sé táirgeadh agus dáileadh doiciméad parlaiminteach freisin agus comhoibríonn sé le hOifig na bhFoilseachán i dtaca le foilseacháin oifigiúla.
Tá an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO) freagrach as formhaoirseacht theicniúil agus riaracháin a dhéanamh ar na foirgnimh go léir a úsáideann an Pharlaimint sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg agus as na hoifigí idirchaidrimh sna Ballstáit. Bainistíonn sé trealamh láimhseála na roinne agus seirbhísí a bhaineann le hoibriú na bhfoirgneamh sin, lena n-áirítear ceannach, iompar, aistrithe, seirbhísí teachtaireachta, lónadóireacht, siopaí agus go leor eile. Comhordaíonn AS INLO socruithe praiticiúla le haghaidh cruinnithe freisin.
Glacfaidh an duine a bheidh ar postú sa Bhruiséil páirt i bhfoirne dinimiciúla a sholáthraíonn seirbhisí TF d’úsáideoirí deiridh agus áiritheoidh sé nó sí oibriú rianúil crua-earraí, bogearraí agus córas líonra trí shaincheisteanna a fhabhtcheartú, tacaíocht theicniúil a thairiscint, agus uasghráduithe ar chórais a chur chun feidhme. Feidhmeoidh siad mar phointe teagmhála agus comhordaitheoir maidir le próisis éagsúla TF laistigh den aonad/stiúrthóireacht/ard-stiúrthóireacht ina n-oibríonn siad. Faoi údarás a maoirseora agus i gcomhréir leis na cláir agus na tosaíochtaí arna leagan síos ag comhlachtaí rialaithe agus bainistíocht ábhartha na Parlaiminte, déanann cúntóir a bhíonn ag plé le caidreamh TFC ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
· Tacaíocht TF chéadlíne agus dara líne a sholáthar, iarrataí ar sheirbhís a bhainistiú, saincheisteanna crua-earraí, bogearraí agus líonra a fhabhtcheartú agus réitigh thráthúla a áirithiú.
· Cuntais úsáideoirí, ceadanna rochtana agus próisis ionduchtaithe/foirceanta a bhainistiú ar fud córais éagsúla.
· Oiliúint a sholáthar i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le TF, dea-chleachtais slándala agus treoir d’úsáideoirí a thabhairt maidir le hábhair imní i réimse TF.
· Sócmhainní crua-earraí a shuiteáil, a chumrú, a chothabháil agus a bhainistiú (freastalaithe, ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, trealamh líonra) agus bainistiú fardail cuí a áirithiú.
· Cuidiú le cothabháil an fhreastalaí agus an bhonneagair líonra, faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht córais, paistí a chur i bhfeidhm, saincheisteanna a fhabhtcheartú agus uasghráduithe riachtanacha a chur i bhfeidhm.
· Cuidiú le dearadh, forbairt agus cothabháil feidhmchlár roinne agus uirlisí uathoibrithe oifige.
· Tuairisciú ar fheidhmíocht foirne, ar threochtaí teagmhais agus ar éifeachtacht seirbhíse a choinneáil ar bun, ag moladh feabhsuithe ar phróisis agus ag rianú thionchar na n-uirlisí nua agus na nósanna imeachta nua.
· Coincheapa teicniúla a chur in iúl go soiléir d’úsáideoirí neamhtheicniúla agus scileanna réitigh fadhbanna a úsáid chun seachadadh seirbhíse a fheabhsú.
· Formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhordú foirne agus comhsheasmhacht próiseas agus nósanna imeachta a áirithiú i bhfoirne inmheánacha agus seachtracha ar fud suíomhanna éagsúla, agus faireachán á dhéanamh ar fheidhmíocht foirne agus ar sheacadadh seirbhíse chun caighdeáin cháilíochta shainithe a choimeád.
· Treoir, tacaíocht agus faireachán feidhmíochta a sholáthar do bhaill foirne, trí ghníomhú mar dhuine ardfhreagrachta agus trí éifeachtacht na ngníomhaíochtaí foirne agus thorthaí na foirne a áirithiú.
Chun na cúraimí sin a chur i gcrích, beidh gá le sárscileanna eagrúcháin agus comhordaithe, athléimneacht, tuiscint láidir ar an bhfreagracht, stuaim, scileanna idirphearsanta maithe agus spiorad foirne láidir.
Beidh taisteal idir áiteanna oibre na Parlaiminte i gceist leis an obair.
3. Incháilitheacht
Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta agat:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, ní mór duit:
– a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,
– do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat,
– do chuid dualgas a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí,
– na teistiméireachtaí carachtair iomchuí a bheith agat maidir lena oiriúnaí atá tú chun dul i mbun do dhualgas.
(b) Coinníollacha sonracha
(i) Na cáilíochtaí is gá
Ní mór duit an méid seo a leanas a bheith agat:
leibhéal oideachais iar-mheánleibhéil a bhfuil dioplóma mar fhianú air,
nó
leibhéal oideachais meánleibhéil a bhfuil dioplóma mar fhianú air lena dtugtar rochtain ar oideachas iar-mheánleibhéil, agus taithí ghairmiúil chuí ar feadh 3 bliana ar a laghad.
Ní mór do chomhlacht oifigiúil de chuid Ballstát den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais, na dioplómaí, cibé acu a eisíodh iad i mBallstát nó i dtír nach tír den Aontas Eorpach í, a aithint.
Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach tír den Aontas Eorpach í coibhéis a gcuid dioplómaí san Aontas Eorpach a chur i gceangal lena n-iarratas. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le haitheantas do cháilíochtaí a fuarthas i dtríú tír faoi chuimsiú líonraí ENIC-NARIC, téigh chuig an suíomh seo a leanas: https://www.enic-naric.net.
Tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar chórais dhifriúla oideachais sna Ballstáit. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla atá sa Treoir d’Iarrthóirí.
Ní dhéanfar iarrthóirí nach ndéanann coibhéis a gcuid dioplómaí san Aontas Eorpach a chur i gceangal lena n-iarratas ná iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu nach n-aithníonn comhlacht oifigiúil de chuid Ballstát den Aontas Eorpach a ligean isteach sa nós imeachta roghnúcháin.
(ii) An taithí ghairmiúil is gá
Ní mór taithí ghairmiúil 6 bliana a bheith agat atá ábhartha do chineál na ndualgas, tar éis na cáilíochtaí is gá faoi i) a fháil, lena gcuimsítear 2 bhliain in institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh agus/nó i riarachán náisiúnta.
(iii) Eolas ar theangacha
Ní mór sáreolas (leibhéal C1) a bheith agat ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,
agus
eolas sásúil (leibhéal B2) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2).
Ní mór teanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1.
Tabhair do d’aire gur cinneadh an ceanglas maidir le teanga 2 (an Béarla nó an Fhraincis) don nós imeachta seo ar mhaithe le leas na seirbhísí. Teastaíonn scileanna sonracha ó chúraimí an chúntóra a bhíonn ag plé le TFC, lena n-áirítear maidir le faireachán, cúnamh a áirithiú d’úsáideoirí éagsúla agus tacaíocht chéadlíne agus dara líne a sholáthar i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le TF. Ní mór na baill foirne nua-earcaithe a bheith in ann a thuiscint cé na cúraimí atá le cur i gcrích, fadhbanna a réiteach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le húsáideoirí, le bainisteoirí agus le comhghleacaithe.
Fostaíonn Parlaimint na hEorpa baill foirne éagsúla a oibríonn go príomha ina bhfoirgnimh sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg. Sa chomhthéacs ilteangach sin, braitheann an éifeachtacht oibríochtúil go mór ar úsáid na Fraincise agus an Bhéarla. Tá an dá theanga sin thar a bheith tábhachtach chun a áirithiú go mbeidh an chumarsáid rianúil agus éifeachtúil agus chun go ndéanfar gníomhaíochtaí laethúla a chur i gcrích go rathúil.
Tá eolas ar cheann de na teangacha sin ríthábhachtach chun go mbeidh an ball foirne in ann freagrachtaí a chur i gcrích go héifeachtúil agus fónamh do riachtanais na seirbhíse i dtaca leis na cúraimí a cheanglaítear orthu a dhéanamh. Chun na cúraimí sin a chur i gcrích, beidh gá le hidirghníomhú rialta le comhghleacaithe, le bainisteoirí agus le comhchainteoirí seachtracha, a úsáideann na teangacha sin go príomha ina n-obair laethúil. Ina theannta sin, is trí mheán an Bhéarla agus na Fraincise go príomha a reáchtáiltear oiliúint, cruinnithe foirne agus nósanna imeachta lánpháirtíochta do bhaill foirne nua, rud a leagann béim ar a thábhachtaí atá eolas ar ar a laghad ceann amháin den dá theanga sin.
In AS INLO agus AS ITEC, is í an Fhraincis an teanga is mó a úsáidtear le haghaidh cumarsáid inmheánach, agus is é an Béarla an teanga is coitianta sa chaidreamh le ASanna eile agus le húdaráis pholaitiúla agus le húdaráis áitiúla riaracháin na Parlaiminte. Tá eolas sásúil ar an mBéarla ríthábhachtach ós rud é go bhfuil an chuid is mó den doiciméadacht theicniúil, de lámhleabhair bogearraí agus d’acmhainní tacaíochta TF ar fáil as Béarla go príomha. Ina theannta sin, tá eolas sásúil ar an bhFraincis ríthábhachtach chun an reachtaíocht is infheidhme sa Bheilg, sa Fhrainc agus i Lucsamburg a thuiscint agus chun idirghníomhú le soláthraithe seirbhíse, lucht riaracháin agus údaráis áitiúla.
Tá ceanglais teanga an nós imeachta seo i gcomhréir le cleachtas seanbhunaithe dá bhrí sin. Mar fhocal scoir, tá údar le teanga 2 a theorannú don Bhéarla nó don Fhraincis sa nós imeachta roghnúcháin seo mar thoradh ar riachtanais oibríochtúla na seirbhíse, ceanglais phost an chúntóra a bhíonn ag plé le TFC agus cleachtais inmheánacha na nArd-Stiúrthóireachtaí chun an éifeachtacht agus an comhtháthú is fearr laistigh de Pharlaimint na hEorpa a áirithiú.
|
B. NÓS IMEACHTA
Tá an nós imeachta bunaithe ar cháilíochtaí agus ar thrialacha.
1. Iontráil agus measúnú ar cháilíochtaí (an chéad chéim)
(a) Tarraingeoidh an t-údarás ceapacháin suas liosta d’iarrthóirí a mbeidh a n-iarratais curtha isteach acu san fhoirm is gá faoin dáta deiridh agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar amach i roinn A, pointe 3(a). Cuirfear an liosta sin ar aghaidh chuig an gcoiste roghnúcháin maille leis na comhaid iarratais.
(b) Seiceálfaidh an coiste roghnúcháin cibé an gcomhlíonann na comhaid iarratais na coinníollacha sonracha a leagtar amach i roinn A, pointe 3(b) (Iontráil).
(c) Ar bhonn tábla marcála a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí incháilithe go léir agus tarraingeoidh sé suas liosta de na 15 iarrthóir cháilithe is fearr, a dtabharfar cuireadh chun na dtrialacha dóibh. Tabharfaidh an coiste roghnúcháin cuireadh chun na dtrialacha d’aon iarrthóirí a bhfuil marcanna comhionanna acu don áit dheireanach (measúnú ar cháilíochtaí).
Déanfaidh an coiste roghnúcháin cinntí bunaithe go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm iarratais agus a dtabharfaidh doiciméid tacaíochta bunús léi (le haghaidh tuilleadh mionsonraí féach an Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa, pointe 2(3)).
I measúnú cháilíochtaí na n-iarrthóirí, beidh aird ar leith ag an gcoiste roghnúcháin ar na gnéithe seo a leanas (a gcaithfear bunús a thabhairt dóibh le doiciméid tacaíochta a chuirfear i gceangal leis an gcomhad iarratais):
1. Taithí chruthaithe ar thacaíocht TF chéadlíne agus dara líne a sholáthar, iarrataí ar sheirbhís a bhainistiú, agus crua-earraí, bogearraí agus saincheisteanna líonra a fhabhtcheartú.
2. Cumas léirithe maidir le cuntais úsáideoirí agus ceadanna rochtana a bhainistiú agus próisis ionduchtaithe agus foirceanta ar fud córais éagsúla a láimhseáil.
3. Taithí ar oiliúint agus treoir a sholáthar maidir le saincheisteanna a bhaineann le TF, dea-chleachtais slándála agus tacaíocht d’úsáideoirí.
4. Taithí phraiticiúil i sócmhainní crua-earraí a shuiteáil, a chumrú agus a chothabháil (freastalaithe, ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, trealamh líonra) le bainistiú fardail cuí.
5. Taithí chruthaithe ar bhonneagair freastalaithe agus líonra a chothabháil, faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht córas, saincheisteanna a fhabhtcheartú agus uasghráduithe agus paistí riachtanacha a chur i bhfeidhm.
6. Taithí ar chuidiú le dearadh, forbairt agus cothabháil feidhmchlár roinne nó uirlisí uathoibrithe oifige.
7. A bheith in ann tuairisciú a choinneáil ar bun ar fheidhmíocht foirne, ar threochtaí teagmhais agus ar éifeachtacht seirbhíse, agus feabhsuithe ar phróisis á moladh agus á rianú san am céanna.
8. Scileanna cumarsáide láidre chun coincheapa teicniúla a mhíniú go soiléir d’úsáideoirí neamhtheicniúla agus cumas réitigh fadhbanna chun seachadadh seirbhíse a fheabhsú.
9. Taithí chruthaithe ar fhoirne trasfheidhmiúla a bhainistiú, comhsheasmhacht próiseas a chothabháil agus cáilíocht seirbhíse a áirithiú.
10. Taithí ar mheantóireacht a dhéanamh ar fhoirne, géarú a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chun feabhas a chur chun cinn.
11. Taithí ghairmiúil i dtimpeallachtaí ilchultúrtha nó idirnáisiúnta.
Marcáil: 0 go 40 pointe
2. Trialacha (an dara céim)
Triail scríofa
a Triail dréachtaithe i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis) chun tástáil a dhéanamh ar do chumas na dualgais a leagtar amach i Roinn A.2. a chomhlíonadh agus ar do scileanna dréachtaithe.
Uasfhad ama na trialach: 90 nóiméad
Marcáil: 0 go 20 pointe (pasmharc: 10)
Triail chainte
b Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis) ina ndéanfar measúnú, i bhfianaise na faisnéise uile i do chomhad iarratais, ar a oiriúnaí atá tú chun na dualgais a leagtar amach i Roinn A.2. a chomhlíonadh, chomh maith le d’eolas ar Pharlaimint na hEorpa.
Féadfaidh an coiste roghnúcháin a chinneadh tástáil a dhéanamh ar d’eolas ar theangacha eile, a bheidh sonraithe san fhoirm iarratais.
Uasfhad ama: 45 nóiméad.
Marcáil: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20).
D’fhéadfaí na trialacha sin a eagrú go cianda nó go pearsanta.
Gheobhaidh tú treoracha maidir leis na trialacha scríofa agus cainte in am trátha. Ní mór duit cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha. Mura gcloíonn tú leis na treoracha nó má dhéanann tú aon bhearta nach bhfuil comhsheasmhach leis na treoracha, dícháileofar thú láithreach.
3. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha
Beidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, de réir ord tuillteanais, an naonúr iarrthóirí ag a mbeidh na marcanna is airde san iomlán sa nós imeachta (an measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha) agus ar éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach triail.
Cuirfear ar an eolas thú, i scríbhinn agus ar bhonn aonair, faoi do thorthaí.
Fógrófar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha ar inlíon Pharlaimint na hEorpa.
Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2028; Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má chuirtear síneadh leis, déanfar na hiarrthóirí a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta a chur ar an eolas in am trátha.
C. IARRATAIS
Caithfidh cuntas a bheith agat ar an ardán Apply4EP chun iarratas a dhéanamh: https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA.
Ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú an fhoirm iarratais a chomhlánú.
Spriocdháta le haghaidh iarratas
Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná
12.00 (meán lae), am na Bruiséile, an 20 Bealtaine 2025