This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE BUNACHAR SONRAÍ A BHUNÚ-SAINEOLAÍ TFC (GRÚPA FEIDHME IV)

Suíomh : An Bhruiséil ; Lucsamburg ; Strasbourg
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 30/06/2025 17:00
Seirbhís : 00-Parlaimint na hEorpa
Ref. : ICT Expert (function group IV)
Treoir d’iarrthóirí :

GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE

BUNACHAR SONRAÍ A BHUNÚ

Gníomhairí ar conradh i réimse na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide  

Saineolaí TFC (grúpa feidhme IV)

1.      Nótaí ginearálta

Tá an glao seo á eisiúint ag Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa d’fhonn bunachar sonraí fairsing d’iarrthóirí a bhunú d’fhoireann ar conradh i ngrúpa feidhme IV i réimse na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC). Tá an glao seo ar léiriú spéise le haghaidh Gníomhairí ar Conradh (‘CA-AMI’) dírithe go príomha ar thacaíocht a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil (AS ITEC).

Fónfaidh an bunachar sonraí mar bhuíon iarrthóirí ag a bhfuil saineolas ar TFC a chuimsíonn raon leathan próifílí inmheánacha TFC, ag cumhdach raon leathan scileanna agus taithí, arb iarrthóirí iad a d’fhéadfaí a earcú i dtrí phríomháit oibre Pharlaimint na hEorpa, agus béim ar leith á leagan ar ár n-áit oibre in Strasbourg. 

De réir mar is gá, maidir le daoine a bhfuil a n-ainmneacha sa bhunachar sonraí, féadfear iad a roghnú agus poist a thairiscint dóibh mar fhoireann chúnta ar conradh, i gcomhréir le forálacha Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). 

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus fáiltíonn sí roimh iarrthóirí gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, dath craicinn, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

Más mian leat d’ainm a chur san áireamh sa bhunachar sonraí, cuir isteach do CV agus líon isteach an fhoirm iarratais tríd an ardán APPLY4EP. Tosaigh trí chuntas a chruthú. Léigh an glao seo go cúramach lena áirithiú go gcomhlíonann tú na critéir. Ansin cliceáil ar an táb ‘Apply online’[Déan iarratas ar líne] agus lean céimeanna an nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh. Bí cinnte go léann tú go cúramach an treoir a ghabhann leis an nglao seo freisin. Ní féidir ach aon chuntas amháin a chruthú ar APPLY4EP. Déanfar na sonraí pearsanta a chlárófar sa chuntas a phróiseáil agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á urramú go hiomlán, agus leanfaidh siad de bheith inmhodhnaithe, le gur féidir iad a thabhairt cothrom le dáta. Tá an ráiteas príobháideachais le haghaidh APPLY4EP ar fáil ar a leathanach baile.

2.      Sainchuntas poist

Tá iarrthóirí á lorg againn a bhfuil raon ilghnéitheach saineolais TFC acu chun róil éagsúla a líonadh a thacaíonn in éineacht le cuspóirí Pharlaimint na hEorpa. Is éard atá i gceist leis sin feidhmchláir a fhorbairt, bainistíocht tionscadal agus foirne, ailtireacht agus innealtóireacht TFC, an caidreamh idir an roinn TFC agus a geallsealbhóirí a bhainistiú agus a éascú. 

D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith ar na príomhfhreagrachtaí: 

-       idirchaidreamh a dhéanamh idir an roinn TFC agus ranna eile, gníomhú mar phointe teagmhála chun riachtanais ghnó a thuiscint agus a thiontú ina réitigh TFC;

-       bainistíocht tionscadal, maoirseacht a dhéanamh ar thionscadail TFC ó thús deireadh, a áirithiú go bhfreastalaíonn siad ar riachtanais na ngeallsealbhóirí, go ndéantar iad a chur i gcrích in am, agus laistigh den bhuiséad;

-       cláir TFC a bhainistiú, a phleanáil agus a dhearadh, faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na gclár, cumarsáid a dhéanamh le geallsealbhóirí;

-       rannpháirtíocht le geallsealbhóirí, cumarsáid rialta a dhéanamh le geallsealbhóirí chun aiseolas a bhailiú, ionchais a bhainistiú, agus iad a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn an tionscadail agus faoi fhorbairtí TFC;

-       straitéisí a fhorbairt, rannchuidiú leis an straitéis TFC trí aiseolas ó gheallsealbhóirí a ionchorprú agus a áirithiú go dtacaíonn sí le cuspóirí foriomlána na heagraíochta;

-       staidéir, tuarascálacha, doiciméid dea-chleachtais agus nósanna imeachta teicniúla ardleibhéil nó straitéiseacha a tháirgeadh;

-       forbairt, ailtireacht agus innealtóireacht TFC.

Féadfar an méid seo a leanas a chumhdach sa réimse gníomhaíochta sin:

-       Forbairt, cothabháil agus tacaíocht TFC;

-       Modheolaíochtaí DevSecOps agus Agile, ITIL;

-       Bainistíocht, rialachas agus anailísíocht sonraí TFC;

-       Bonneagar TFC, an néal, gréasáin agus meánearraí;

-       An t-ionad oibre digiteach, an t-uathoibriú oifige agus an ríomhaireacht mhóibíleach;

-       Feidhmchláir TFC agus réitigh réamhdhéanta a dhearadh, a athchumrú, a thástáil, a oibriú agus a chothabháil;

-       An chibearshlándáil;

-       An intleacht shaorga, ailtireacht an ghnó agus na fiontraíochta;

-       Foirne a bhainistiú, a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh orthu

3.      Cúraimí

I gcomhréir leis na cláir agus na tosaíochtaí arna sainiú ag comhlachtaí agus/nó bainistíocht na Parlaiminte, agus faoi údarás na n-oifigeach nó na ngníomhairí sealadacha, bíonn na saineolaithe TFC ag déileáil leis na dualgais seo a leanas, ag brath ar an tseirbhís ina n-earcaítear iad:

 

1)     Tionscadail TFC a chomhordú, a gcomhsheasmhacht fheidhmiúil agus a gcomhréireacht le rialacha agus caighdeáin theicniúla a áirithiú;

2)     Foireann amháin nó níos mó a bhainistiú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú - an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní na roinne chun seirbhís ardcháilíochta a chur ar fáil (eagrú, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) ina réimse freagrachta;

3)     Feidhmchláir na roinne a chothabháil, tacaíocht úsáideora a chur ar fáil do na córais faisnéise lena mbaineann, ailtireacht theicniúil agus fheidhmiúil feidhmchlár TFC a shainiú laistigh den réimse freagrachta;

4)     Cuidiú le bainistiú tionscadal agus measúnuithe ar riachtanais agus/nó staidéir indéantachta a eagrú, lena n-áirítear cruinnithe le geallsealbhóirí chun measúnú a dhéanamh ar a gcuid riachtanas;

5)     Faireachán, comhordú agus maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú buiséadach agus conarthaí na roinne, rud a chuideoidh leis an bplean a tharraingt suas do na ceannteidil bhuiséid atá á mbainistiú ag an roinn;

6)     Beartais a chruthú agus a fhorfheidhmiú maidir le bainistiú éifeachtach sonraí, leas a bhaint as sonraí laistigh den Pharlaimint trína n-inrochtaineacht agus a n-infhaighteacht a fheabhsú;

7)     Cuirí chun tairisceana a ullmhú agus obair leantach a dhéanamh orthu i réimsí atá thar a bheith teicniúil;

8)     Seirbhísí tacaíochta (trealamh agus bogearraí) agus cúnamh ar an gcéad leibhéal agus ar an dara leibhéal a eagrú d’úsáideoirí agus béim á leagan ar chianchruinnithe nó ar chruinnithe hibrideacha;

9)     Ailtireacht taighde agus réitigh theicniúla ghinearálta, forbairtí sa mhargadh a leanúint, réitigh a mholadh chun straitéis TFC na Parlaiminte a fheabhsú, faire teicneolaíochta TFC (taighde margaidh) a eagrú agus a chur chun feidhme, measúnú tionchair a dhéanamh ar sheirbhísí agus teicneolaíochtaí nua maidir le bonneagar agus forbairt stáisiún oibre;

10)  Samhlacha agus algartaim intleachta saorga a dhearadh agus a chur chun feidhme, ag díriú ar chúraimí ó réamhphróiseáil sonraí agus oiliúint samhla go himscaradh, agus úsáid eiticiúil agus comhlíonadh na rialachán ábhartha á n-áirithiú ag an am céanna.

An t-eolas sonrach atá á lorg:

Sa liosta seo a leanas liostaítear réimsí éagsúla saineolais. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, cé go bhfuil na réimsí eolais seo ábhartha, nach bhfuil gach gné éigeantach do gach folúntas. Beidh infheidhmeacht na réimsí eolais sin ag brath ar na seirbhísí sonracha a n-earcaítear iarrthóirí ina leith. Roghnófar na hiarrthóirí bunaithe ar an eolas sonrach atá acu ar shaineolas agus ar an bpróifíl is gá chun an folúntas a líonadh.

 

1)     Eolas ar theicneolaíocht TFC agus líonra dháilte (trealamh aonair nó roinne, córais oifige pearsanta agus TFC);

2)     Eolas ar mhodheolaíochtaí bainistíochta tionscadal;

3)     Eolas ar rialachas sonraí, ar bhainistiú sonraí agus ar anailísíocht sonraí, eolas ar theicneolaíochtaí nua-aimseartha bunachair sonraí agus córas faisnéise;

4)     Eolas gairmiúil ar theicneolaíochtaí caighdeánacha faisnéise agus cumarsáide, an Néal san áireamh;

5)     Eolas ar uirlisí comhoibríocha, físchomhdhála agus ilmheán;

6)     Eolas ar na rialacha riaracháin agus/nó dlíthiúla agus buiséadacha lena rialaítear dámhachtain conarthaí poiblí;

7)     Eolas ar mhodhanna bainistíochta foirne, measúnú ualaigh agus modhanna pleanála;

8)     Eolas ar na feidhmchláir agus/nó ar na bogearraí a úsáidtear sa réimse gníomhaíochtaí lena mbaineann;

9)     Eolas ar bhogearraí agus/nó ar phacáistí forbartha (teangacha ríomhchlárúcháin, córais um bainistiú bunachair sonraí), modheolaíochtaí Agile, coimeádáin agus tuiscint ar shaolré an fheidhmchláir;

10)  Eolas ar bhonneagair TFC, lena n-áirítear an cumas a dtéarmaí úsáide a chaibidliú;

11)  Eolas ar dhearadh ailtireachta agus innealtóireacht TFC;

12)  An cumas cumraíochtaí riachtanacha a shainiú;

13)  Sárscileanna cumarsáide briathartha agus scríofa chun coincheapa teicniúla a mhíniú d’úsáideoirí neamhtheicniúla;

14)  Tiomantas fanacht cothrom le dáta leis an dul chun cinn teicneolaíochta is déanaí agus leis na dea-chleachtais i dtacaíocht TFC;

15)  Béim láidir ar thacaíocht ardcháilíochta a chur ar fáil chun sástacht úsáideoirí a fheabhsú; an cumas cásanna struis a láimhseáil go socair agus go gairmiúil;

16)  An cumas a bheith ag obair i bhfoireann agus go neamhspleách

4.      Incháilitheacht

Le bheith incháilithe d’earcaíocht fhéideartha amach anseo do phost mar ghníomhaire ar conradh, ní mór duit na critéir ghinearálta agus shonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

a.      Critéir ghinearálta incháilitheachta 

·        Beidh na hiarrthóirí ina saoránaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

·        Beidh a ndualgais comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi dhlíthe náisiúnta maidir le seirbhís mhíleata;

·        Cuirfidh siad na teistiméireachtaí carachtair ar fáil maidir lena n-oiriúnacht do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

b.     Critéir shonracha incháilitheachta 

                 i.           Cáilíochtaí agus scileanna a éilítear

(i) leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán staidéir ollscoile trí bliana ar a laghad agus é fianaithe le dioplóma,

(ii) I gcás ina mbeidh údar léi ar mhaithe leis an tseirbhís, oiliúint ghairmiúil ar leibhéal comhionann.

Sula n-earcófar iad, iarrfar ar na hiarrthóirí doiciméid a sholáthar a bheidh mar chruthúnas ar an bhfaisnéis atá san fhoirm iarratais (dioplómaí, teastais agus doiciméid tacaíochta eile).

Maidir le dioplómaí, cibé acu i mBallstát nó i dtír neamh-AE a bronnadh iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais. 

Na hiarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a bhronn Ballstát neamh-AE, ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid dioplómaí a sholáthar. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí neamh-AE a aithint ar fáil i ngréasáin ENIC-NARIC (https://www.enic-naric.net/).

               ii.           Eolas ar theangacha

Ní mór sáreolas (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris. 

agus

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2). Ní mór Teanga 2 a bheith éagsúil le Teanga 1.

Ar mhaithe le cóir chomhionann, ní mór do gach iarrthóir arb é an Béarla nó an Fhraincis a phríomhtheanga eolas sásúil a bheith aige ar cheann de theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil thuasluaite le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, léamh, éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Comhfhreagraíonn na cumais sin do na cumais atá sonraithe sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europass.europa.eu/ga/common-european-framework-reference-language-skills). Tabhair faoi deara gurb é leibhéal C2 an leibhéal is airde sa chreat, agus gurb é A1 an leibhéal is ísle.

Cuirtear in iúl d’iarratasóirí gur sonraíodh an Béarla agus an Fhraincis ar mhaithe leis na seirbhísí.

Is iad an Béarla agus an Fhraincis na teangacha is mó a úsáidtear chun cumarsáid a dhéanamh laistigh de na haonaid sna hArd-Stiúrthóireachtaí agus i measc na n-aonad sin agus údaráis pholaitiúla agus riaracháin na Parlaiminte.

Ós rud é go bhfuil na gairis agus na nósanna imeachta atá ann cheana sna sainréimsí sin ina ngairis agus ina nósanna imeachta seanbhunaithe i mBéarla, tá inniúlacht sa Bhéarla ríthábhachtach. Is é an Béarla an phríomhtheanga chumarsáide agus forbartha i réimse TF go hidirnáisiúnta agus laistigh d’fhormhór institiúidí an Aontais, lena gcuimsítear róil amhail ríomhchláraitheoirí, anailísithe agus ailtirí. Dá bhrí sin, tá inniúlacht sa Bhéarla riachtanach do na poist atá ar fáil.

Úsáidtear an Fhraincis go forleathan i seirbhísí TF laistigh de Pharlaimint na hEorpa agus dá hArd-Stiúrthóireachtaí. Ós rud é go bhfuil na poist lonnaithe go príomha in Strasbourg, le láithreacht shuntasach soláthraithe seirbhíse TFC ina labhraítear Fraincis, tá inniúlacht sa Fhraincis riachtanach chun idirghníomhaíocht éifeachtach leis na foirne sin a éascú. 

Dá réir sin, chun bheith in ann dul i mbun oibre láithreach, ní mór do na hiarrthóirí a earcófar a bheith in ann obair a dhéanamh agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i mBéarla agus/nó i bhFraincis.

             iii.           ) Taithí oibre riachtanach 

Tar éis dóibh na cáilíochtaí a luaitear i roinn (4.b.i) thuas a bhaint amach, ní mór d’iarratasóirí bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre a bhaineann leis na dualgais a shonraítear i roinn 3 thuas a bheith bainte amach acu.

5.      Bunachar sonraí

Más rud é

·        go gcomhlíonann tú na critéir ghinearálta incháilitheachta, agus

·        go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe agat tríd an ardán APPLY4EP (féach thíos, ‘Iarratais’) i gcomhréir leis an nós imeachta agus faoin sprioc-am,

cuirfear d’ainm sa bhunachar sonraí.

Áireofar d’ainm sa bhunachar sonraí bunaithe ar an bhfaisnéis a thabharfar san fhoirm iarratais agus sna doiciméid a cheanglófar léi, agus ar an bhfaisnéis sin amháin. Déanfar an fhaisnéis agus na doiciméid sin a fhíorú níos faide anonn má dhéantar tairiscint earcaíochta leat.

De réir mar is gá, breathnóidh na seirbhísí earcaíochta ar an mbunachar sonraí chun iarrthóirí a bhfuil a bpróifílí ag teacht lena riachtanais shonracha a shainaithint agus a chur ar ghearrliosta, bunaithe ar an bhfaisnéis ina n-iarratais. Má chuirtear ar an ngearrliosta thú, tabharfar cuireadh duit trialacha agus/nó agallaimh a dhéanamh a dhéanfaidh na seirbhísí earcaíochta. Tá na trialacha agus/nó na hagallaimh ceaptha d’oiriúnacht don phost ábhartha a mheas. Féadfar eolas ar theangacha a mheas le linn an phróisis sin freisin.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéanfar an t-iarrthóir a eisiamh ón bpróiseas roghnúcháin mar thoradh ar aon neamhréireachtaí a aimseofar idir an fhaisnéis a soláthraíodh agus na fíorais a suíodh trí fhíorú, go mbainfear a chuid sonraí den bhunachar sonraí agus nach dtairgfear conradh. 

6.      Iarratais - conas do spéis a chur in iúl

Ní mór do dhaoine ar mian leo spéis a léiriú a bhfoirm iarratais a chomhlánú ar an ardán ar líne APPLY4EP.  Is tríd an ardán sin amháin is féidir léirithe spéise a chur isteach.

Nuair a bheidh do chuntas cruthaithe agat, ní mór duit curriculum vitae (CV) mionsonraithe a uaslódáil. Ní mór duit formáid Europass a úsáid (https://europa.eu/europass/select-language?destination=/node/1). 

Ina dhiaidh sin, ní mór duit an chuid eile den fhoirm iarratais a chomhlánú. 

Is é an dáta deiridh le haghaidh léirithe spéise ná 

an 30 Meitheamh 2025 ar 17.00 (am Lucsamburg)

Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar tar éis an dáta sin. 

Ní hionann d’ainm a chur isteach sa bhunachar sonraí nó cuireadh a fháil chun trialach nó chun agallaimh agus ráthaíocht go dtairgfear post duit. 

Cuireann Parlaimint na hEorpa dianbheartas comhdheiseanna i bhfeidhm i ndáil lena nósanna imeachta roghnúcháin chun a ráthú go gcaithfear go cothrom le gach iarrthóir.

Leagtar síos coinníollacha fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá mionsonraí iomlána na socruithe oibre le fáil anseo:  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20140501&from=EN (Teideal IV) ‘Foireann ar conradh’).

Ón 1 Iúil 2023 i leith, is é an buntuarastal míosúil (foireann ar conradh, grúpa feidhme IV) ná idir EUR 3 982,82 agus EUR 8 355,86 ag brath ar oiliúint agus ar thaithí ghairmiúil shonrach an iarrthóra. 

Beidh an bunachar sonraí bailí go dtí an 31 Nollaig 2025. Féadfar síneadh a chur lena bhailíocht le cinneadh ón údarás ceapacháin. Má chuirtear síneadh leis, cuirfear na hiarrthóirí ar cuireadh a n-ainmneacha ar an liosta ar an eolas in am trátha.