This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

COMÓRTAS PE/AD/300/2024   RIARTHÓIRÍ DE NÁISIÚNTACHT NA HOSTAIRE (AD 6)

Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 12/04/2024 12:00
Seirbhís : 00-Parlement européen
Ref. : COMPETITION PE/AD/300/2024 (AD 6)
Treoir d’iarrthóirí :

COMÓRTAS PE/AD/300/2024

 

Riarthóirí de náisiúntacht na hOstaire (AD 6)

 

Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí atá i gceangal leis an bhfógra comórtais seo a léamh go cúramach. Is cuid dhílis den fhógra comórtais í an Treoir agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na rialacha lena rialaítear comórtais agus nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.

 

CLÁR ÁBHAIR

 

A.               SAINCHUNTAS POIST AGUS INCHÁILITHEACHT

 

B.               AN NÓS IMEACHTA

 

C.               IARRATAIS A CHUR ISTEACH

 

IARSCRÍBHINN:         TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I gCOMÓRTAIS OSCAILTE / NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA

                         

 

A. SAINCHUNTAS POIST AGUS INCHÁILITHEACHT

 

1.       Nótaí ginearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa comórtas oscailte (grád AD 6) a eagrú chun liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a tharraingt suas as a bhféadfaidh sí náisiúnaigh de Phoblacht na hOstaire a earcú. 

Is í an phróifíl atá á lorg ná próifíl an riarthóra do Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus is 30 iarrthóir oiriúnacha an sprioclíon.

Tá an comórtas seo á eagrú ar bhonn Airteagal 29(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘na Rialacháin Foirne’ anseo feasta) agus ar bhonn an chinnidh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2022 lena dtugtar éifeacht d’Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne trí Fhorálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme (dá ngairtear an ‘cinneadh ón mBiúró’ anseo feasta; agus é ar fáil ag https://circabc.europa.eu/ui/group/47001db4-d61c-4677-af45-0b5ce0d388fc/library/55a654c7-f358-44cb-b527-a2baa4dd5e71/details). 

De réir Airteagal 27 de Rialacha Foirne an Aontais Eorpaigh, ‘Déanfar earcú a dhíriú ar sheirbhísí oifigeach a fháil don institiúid, ar oifigigh iad a bheidh ar an gcaighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais, agus a earcófar ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Ní choimeádfar aon phoist do náisiúnaigh d'aon Bhallstát ar leith’. Bíonn aird á tabhairt i gcónaí ag an institiúid ar bhaill foirne a earcú do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn geografach chomh leathan agus is féidir chun státseirbhís AE atá bunaithe ar éagsúlacht shaibhir chultúrtha agus teanga a ráthú. Is cuid thábhachtach d’íomhá agus de mhisean na hinstitiúide é carachtar iolraíoch na Parlaiminte. Cuireann cohórt ball foirne atá cothrom ó thaobh geografaíochta de ar chumas na Parlaiminte leas iomlán a bhaint as éagsúlacht an Aontais Eorpaigh.

Mar sin féin, tá míchothromaíochtaí suntasacha idir náisiúntachtaí i measc oifigeach i Rúnaíocht na Parlaiminte, ar míchothromaíochtaí iad nach bhfuil údar maith leo de réir critéir oibiachtúla. Chun aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí sin, rinne an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) agus institiúidí eile de chuid an Aontais, chomh maith le húdaráis na mBallstát, straitéisí éagsúla cumarsáide agus for-rochtana a fhiosrú. Ar an drochuair, níor éirigh leis na tionscnaimh sin na torthaí a bhíothas a lorg a bhaint amach, go háirithe maidir le níos mó iarrthóirí a mhealladh ó Bhallstáit atá faoi ghannionadaíocht.

I gcomhréir le hAirteagal 27 de na Rialacháin Foirne, ceadaítear do gach institiúid le prionsabal an chomhionannais idir saoránaigh an Aontais bearta iomchuí a ghlacadh tar éis míchothromaíocht shuntasach idir náisiúntachtaí, nach bhfuil bonn cirt léi de réir critéir oibiachtúla, a thabhairt faoi deara i measc oifigeach.

Le glacadh Forálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme ag Biúró na Parlaiminte an 21 Samhain 2022, lena dtugtar éifeacht d’Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne, ceadaítear don Pharlaimint bearta iomchuí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar aon mhíchothromaíocht shuntasach idir náisiúntachtaí i measc a cuid oifigeach. De réir na bhforálacha sin, má thugann an Biúró faoi deara go bhfuil míchothromaíocht shuntasach ann i gcomhdhéanamh na n-oifigeach, ó thaobh náisiúntacht amháin nó níos mó, féadfaidh an tArd-Rúnaí comórtais a eagrú a bheidh forchoimeádta d’iarrthóirí a bhfuil na náisiúntachtaí sin acu atá faoi ghannionadaíocht. Tríd an méid sin a dhéanamh, méadófar líon na n-iarrthóirí oiriúnacha ó na tíortha sin, agus beidh an Pharlaimint in ann daoine a earcú ar bhonn na cothromaíochta geografaí is leithne is féidir.

Tá Poblacht na hOstaire ar cheann de na Ballstáit sin is mó a bhfuil a náisiúnaigh faoi ghannionadaíocht i measc oifigigh Rúnaíocht na Parlaiminte. Ina theannta sin, fágann struchtúr aoise chohórt na n-oifigeach a bhfuil náisiúntacht na hOstaire acu go rachaidh líon suntasach acu ar scor sna blianta atá le teacht, rud a chuirfidh tuilleadh le leibhéal na gannionadaíochta.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go n-urramaíonn an Pharlaimint go docht an prionsabal go ndéantar an earcaíocht bunaithe ar thuillteanas. Ní choimeádfar aon phoist do náisiúnaigh d’aon Bhallstát ar leith agus beidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a thiocfaidh as an gcomórtas seo ar comhchéim le gach liosta eile de chuid na Parlaiminte agus le gach liosta EPSO d’iarrthóirí oiriúnacha.

Is sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg (príomháiteanna oibre na Parlaiminte) atá formhór mór phoist Pharlaimint na hEorpa lonnaithe i gcomhréir le riachtanais sheirbhísí na Parlaiminte. Féadfaidh taisteal idir áiteanna oibre na Parlaiminte a bheith i gceist leis na cúraimí. 

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 6, an chéad chéim, ag a bhfuil buntuarastal de EUR 6 231.42 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus asbhaintí eile dá bhforáiltear leis na Rialacháin Foirne. Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí oiriúnacha a athrú i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus fáiltíonn sí roimh iarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

 

2.       Sainchuntas poist

Tá riarthóirí in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa ag obair i raon leathan réimsí. Cuireann siad i gcrích cúraimí bainistíochta, pleanála agus taighde agus, ag brath ar an roinn sa Rúnaíocht ina bhfuil an t-iarrthóir oiriúnach ar postú, d’fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith i gceist:

(a)        I réimse an tsoláthair comhairle agus tacaíochta d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) agus do chomhlachtaí parlaiminteacha:

            réamhaisnéisí oibre gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a tharraingt suas do chomhlachtaí parlaiminteacha, agus an obair sin a bhainistiú;

            déileáil le hábhair a thagann chun cinn i gcomhlacht parlaiminteach agus rannchuidiú, trí thuarascálacha, anailísí agus taighde speisialaithe, le dréachtú agus leagan síos seasamh ó Pharlaimint na hEorpa;

            líonraí teagmhála a bhunú, go háirithe idir FPEnna agus institiúidí nó comhlachtaí eile AE agus ciorcail eacnamaíocha agus shóisialta sna Ballstáit;

            cuidiú le himeachtaí seachtracha a eagrú (comhdhálacha, seimineáir, etc.) agus labhairt go poiblí.

(b)        I réimse na bainistíochta acmhainní:

            cuidiú le foireann na Parlaiminte a bhainistiú, lena n-áirítear trí riachtanais foirne a mheas, sainchuntais phoist a tharraingt suas, cláir oiliúna a dhearadh, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, tionscadail shonracha a mhaoirsiú nó a chomhordú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis na ranna lena mbaineann agus/nó le ranna comhfhreagracha ar an leibhéal idirinstitiúideach;

            cuidiú le hacmhainní airgeadais na Parlaiminte a bhainistiú, mar shampla trí rannchuidiú le réamhaisnéisí buiséid a tharraingt suas, trí fhaireachán, comhordú agus grinnscrúdú a dhéanamh ar bhainistiú buiséadach agus conarthaí, trí rialuithe airgeadais inmheánacha a chur ar bun agus a chur i gcrích, agus trína áirithiú go bhfuil bealaí agus nósanna imeachta airgeadais comhsheasmhach le Rialachán Airgeadais AE agus leis na rialacha ábhartha cur chun feidhme. 

(c)        I réimse an dlí: 

            forbairtí i gcásdlí chúirteanna an Aontais Eorpaigh a leanúint agus ranna sa Rúnaíocht a chur ar an eolas fúthu;

            mórcheisteanna polaitiúla a leanúint i bhfianaise an tionchair dhlíthiúil atá acu;

            staidéir, nótaí agus achoimrí a scríobh;

            anailís a dhéanamh ar dhréachtrialacha agus iad a cheapadh agus a ullmhú ina réimse freagrachta agus maidir le gach ábhar a bhaineann le bainistíocht na roinne arna iarraidh sin don bhainistíocht shinsearach;

            staidéar agus faireachán a dhéanamh ar na rialacha agus ar an gcásdlí, an bhainistíocht agus na ranna a chur ar an eolas agus comhairle a chur orthu maidir le forbairtí rialála agus cásanna sonracha áirithe;

            cáilíocht dréachtaithe gníomhartha a áirithiú ó thaobh an dlí de. 

(d)        I réimse an bheartais faisnéise agus cumarsáide:

            faisnéis faoi ghníomhaíochtaí Pharlaimint na hEorpa a ullmhú, a dhréachtú, a fhoilsiú agus a scaipeadh ar na meáin agus ar an bpobal i gcoitinne, lena n-áirítear preaseisiúintí a dhréachtú, cúnamh a thabhairt d’ionadaithe na meán agus iad a chur ar an eolas, cabhrú leis na Feisirí agus iad ag plé leis an bpreas (preasagallaimh, etc.);

            seimineáir ar shaincheisteanna Eorpacha a eagrú agus a reáchtáil d’iolraitheoirí tuairimíochta;

            gníomhaíochtaí cumarsáide a ullmhú agus a mhaoirsiú, lena n-áirítear imeachtaí a dhearadh, a eagrú agus/nó páirt a ghlacadh iontu chun feasacht an phobail a mhúscailt, cuairteanna a eagrú agus a bhainistiú (ó ghrúpaí nó daoine aonair), cainteanna a thabhairt, ábhair chumarsáide a dhearadh agus a oiriúnú, etc.

(e)        I réimse an TF, na slándála TF agus na slándála:

            cuidiú le caighdeáin TF a shainiú, cúraimí forairdill teicneolaíochta a chur i gcrích agus comhairle theicniúil a sholáthar sa réimse sin;

            próisis bhainistíochta seirbhísí TF agus a bhfeabhsú leanúnach a dhearadh, a shainiú, a shaincheapadh, a chur chun feidhme agus a mhaoirsiú;

            caighdeáin agus beartais slándála TF agus treoirlínte a fhorbairt chun iad a chur chun feidhme, lena gcumhdaítear daoine, maoin agus faisnéis;

            anailís a dhéanamh ar na bagairtí agus na rioscaí slándála uile a bhaineann le leasanna agus le gníomhaíochtaí na n-institiúidí;

            nósanna imeachta maidir le measúnú ar bhagairtí agus anailís riosca a chur chun feidhme i dtaca le sonraíochtaí teicniúla nó nósanna imeachta eagrúcháin/oibríochtúla le haghaidh córais chasta, lena n-áirítear córais TF;

            comhordú na seirbhísí slándála oibríochtúla a chur chun feidhme agus a mhaoirsiú, amhail cosc agus faireachas, seirbhísí maoirseachta gardaí slándála agus seirbhísí dlúthchosanta VIP.

(f)         I réimse na bainistíochta tionscadal:

            tionscadail shonracha a mhaoirsiú agus a chomhordú;

            cinnteoireacht bhainistíochta a ullmhú agus a éascú trí réitigh nuálacha a mholadh;

            anailís, tuarascálacha, nótaí, litreacha, staidreamh agus aon chineál eile doiciméid, lena n-áirítear dréachtrialacha, a tharraingt suas;

            cabhrú le cuirí chun tairisceana a dhréachtú agus le hobair leantach a dhéanamh ina leith;

            bainisteoirí sinsearacha a thionlacan, nó ionadaíocht a dhéanamh orthu, ag cruinnithe agus ag meithleacha inmheánacha agus seachtracha agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe riaracháin nó cathaoirleacht a dhéanamh orthu.

Chun na cúraimí sin a chomhlíonadh, ní mór a bheith in ann teacht ar réitigh leormhaithe ar fhadhbanna a bhíonn éagsúil, agus is minic ar fadhbanna casta iad, freagairt go tapa ar imthosca athraitheacha agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh. Ní mór d’iarrthóirí tionscnaíocht, cruthaitheacht agus inspreagadh láidir a léiriú. Ní mór dóibh a bheith in ann dul i gcionn ar dhaoine eile, a bheith ag obair go dian, ina n-aonar agus mar chuid d’fhoireann araon, agus líonraí a chruthú i dtimpeallacht oibre ilchultúrtha. Ba cheart go mbeadh fonn láidir ar iarrthóirí leanúint den fhoghlaim agus den fhorbairt ar feadh a ngairmréime.

 

3.       Incháilitheacht 

Ar an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach, ní mór duit na critéir incháilitheachta ghinearálta agus shonracha ar fad atá liostaithe thíos a chomhlíonadh:

(a)     Critéir ghinearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hAirteagal 1, mír 1, pointe (i) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, agus an cinneadh ón mBiúró á chur san áireamh, ní mór duit:

–          a bheith i do náisiúnach de Phoblacht na hOstaire;

–          lánchearta mar shaoránach a theachtadh;

–          aon oibleagáidí arna bhforchur ort leis na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat;

–           a bheith in ann na teistiméireachtaí carachtair cuí a chur ar fáil maidir le d’oiriúnacht chun na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

Tabhair do d’aire: Sa chomhthéacs sin, ní mór duit a dhearbhú ar d’fhocal gur náisiúnach de Phoblacht na hOstaire thú, trí ‘an Ostair’ a roghnú mar an tír don ‘saoránacht incháilithe’ atá agat. Ní mór duit tic a chur sa ticbhosca in Apply4EP a dhearbhaíonn gur ‘náisiúnach de cheann de na Ballstáit’ thú.

Iarrfar ort cóip de do phas Ostarach nó de do chárta aitheantais náisiúnta Ostarach a sholáthar níos déanaí sa nós imeachta.

(b)     Critéir shonracha

(i)      Cáilíochtaí a éilítear

Ní mór leibhéal oideachais a bheith agat arb ionann é agus cúrsa ollscoile 3 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe, arna fhianú le dioplóma/céim a aithnítear go hoifigiúil i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Maidir le dioplómaí/céimeanna, cibé acu i mBallstát nó i dtír nach bhfuil san Aontas a bhronntar iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais.

Na hiarrthóirí a bhfuil dioplómaí/céimeanna acu a bhronn Stát nach Ballstát de chuid an Aontais é, ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid dioplómaí/céimeanna a chur i gceangal lena n-iarratas. Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le haitheantas do cháilíochtaí a fuarthas i dtír nach tír den Aontas Eorpach í i líonraí ENIC-NARIC, féach an nasc seo a leanas: https://www.enic-naric.net. Tabharfaidh an bord roghnúcháin aird ar na córais dhifriúla oideachais. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla atá sa Treoir d’iarrthóirí. Iarrthóirí nach gcuirfidh coibhéis AE faoi iamh dá ndioplómaí/dá gcéimeanna agus/nó iarrthóirí a bhfuil dioplómaí/céimeanna acu nach n-aithníonn comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach iad, ní ligfear isteach sa chomórtas iad.

(ii) An taithí ghairmiúil a éilítear

I ndiaidh duit na cáilíochtaí a bhaint amach chun cur isteach ar an gcomórtas (féach pointe (i) thuas), ní mór duit taithí oibre 2 bhliain ar a laghad a bheith faighte agat a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a liostaítear sa sainchuntas poist (i.e. sna réimsí oibre: comhairle agus tacaíocht d’Fheisirí na Parlaiminte agus do chomhlachtaí parlaiminteacha, bainistiú acmhainní, an dlí, beartas faisnéise agus cumarsáide, TF, slándáil agus slándáil TF, bainistiú tionscadal). Cé go liostaítear sa sainchuntas poist i Roinn A.2 cúraimí ginearálta a bhaineann go sonrach le hobair riarthóra in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an bord roghnúcháin ábharthacht na taithí gairmiúla a fuarthas lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa agus d’institiúidí an Aontais a mheas freisin.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór duit sáreolas (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith agat ar an nGearmáinis (teanga 1), 

agus

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) a bheith agat ar cheann de theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh (teanga 2): an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris. 

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil thuasluaite a éilítear le gach réimse cumas teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Comhfhreagraíonn na cumais sin do na cumais atá sonraithe sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills).

Tabhair faoi deara gurb é leibhéal C2 an leibhéal is airde sa chreat, agus gurb é A1 an leibhéal is ísle.

 

B. AN NÓS IMEACHTA

Tarraingeoidh an tÚdarás Ceapacháin suas liosta d’iarrthóirí a dhearbhóidh go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos i Roinn A.3.(a) den fhógra, agus a bhfuil a gcomhad iarratais curtha isteach acu i gcomhréir leis na socruithe agus faoin sprioc-am a leagtar síos i Roinn C den fhógra. Seolfar an liosta sin chuig Cathaoirleach an bhoird roghnúcháin. 

Tá an nós imeachta bunaithe ar thrialacha. Tá dhá chéim ann:

1.     Réamhroghnú (triail ceisteanna ilrogha) agus seiceáil incháilitheachta

a)     Réamhroghnú (triail ceisteanna ilrogha)

b)     Critéir incháilitheachta shonracha a sheiceáil

2.     Trialacha

a)     Triail dréachtaithe

b)     Agallamh

 

1.                 Réamhroghnú (triail ceisteanna ilrogha) agus seiceáil incháilitheachta

a)         Réamhroghnú (triail ceisteanna ilrogha)

Na hiarrthóirí a bhfuil a n-ainmneacha ar liosta an Údaráis Ceapacháin, tabharfar cuireadh dóibh chun an triail réamhroghnúcháin a dhéanamh i bhfoirm sraith ceisteanna ilrogha ar ríomhaire.

Is i nGearmáinis (teanga 1) a bheidh an triail ceisteanna ilrogha. 

Beidh 40 ceist ar a mhéad sa triail ceisteanna ilrogha agus é mar aidhm leo measúnú a dhéanamh ar eolas na n-iarrthóirí ar na ceithre réimse seo a leanas: eolas ar an Aontas Eorpach, eolas ar Pharlaimint na hEorpa, réasúnaíocht bhriathartha agus réasúnaíocht uimhriúil. Gheobhaidh na hiarrthóirí ceisteanna samplacha in am trátha roimh dháta na tástála.

Ní mhairfidh an triail níos faide ná 60 nóiméad agus is ar líne a reachtófar í. Gheobhaidh na hiarrthóirí treoracha maidir leis na trialacha in am trátha. Beidh na trialacha ar siúl ag am sonrach agus ar dháta sonrach. Cuirfear na hiarrthóirí ar an eolas faoi fhad beacht na trialach nuair a sheolfar an cuireadh agus na treoracha chucu. 

b)        Critéir incháilitheachta shonracha a sheiceáil

Déanfaidh an bord roghnúcháin seiceáil ar incháilitheacht shonrach na n-iarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna is airde sa triail ceisteanna ilrogha. Déanfar sin in ord íslitheach ag tosú le comhaid na n-iarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna is airde. Scoirfidh an bord roghnúcháin de na seiceálacha incháilitheachta a dhéanamh nuair a shroichfidh líon na n-iarrthóirí a mheastar a bheith incháilithe 4 oiread an lín iarrthóirí oiriúnacha atá á lorg. Ligfidh an bord roghnúcháin isteach aon iarrthóirí incháilithe atá ar comhscór don áit dheireanach sa triail ceisteanna ilrogha.

Déanfaidh an bord roghnúcháin liosta a tharraingt suas de na hiarrthóirí a chomhlíonann na critéir incháilitheachta shonracha atá leagtha amach i Roinn A.3.(b) den fhógra seo. Ligtear isteach sa chomórtas na hiarrthóirí atá ar an liosta sin. Déanfaidh an bord roghnúcháin an cinneadh maidir le hincháilitheacht iarrthóra trí (a) na dearbhuithe a rinneadh san fhoirm iarratais agus (b) na doiciméid a uaslódáladh san fhoirm iarratais ar Apply4EP chun tacú leis na dearbhuithe sin a chur i gcomparáid le chéile. 

Is ar an bhfaisnéis a thugtar ar an bhfoirm iarratais, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, a bhunóidh an bord roghnúcháin a chinntí, agus is faisnéis í arb iad na doiciméid tacaíochta atá i gceangal léi is bunús léi. (Féach an Treoir d’iarrthóirí chun tuilleadh sonraí a fháil.)

 

2.         Trialacha

Tugtar cuireadh chun an scrúdaithe dréachtaithe do na hiarrthóirí uile a ligtear isteach sa chomórtas. Ag an gcéim sin, tabharfaidh an bord roghnúcháin cuireadh d’iarrthóirí cruthúnas doiciméadach ar a náisiúntacht Ostarach a sholáthar. Eisiafar ón gcomórtas na hiarrthóirí nach soláthraionn an cruthúnas riachtanach.

a)        Triail dréachtaithe i nGearmáinis (teanga 1) bunaithe ar shraith doiciméad, chun cumas na n-iarrthóirí anailís agus achoimre a dhéanamh ar fhaisnéis agus a scileanna dréachtaithe a thástáil. Ní bheidh aon rogha ábhair sa triail scríofa. 

Uasfhad ama na trialach: 120 nóiméad

Marcáil: 0 go 50 pointe

Pasmharc: 25 phointe

Is ar líne a eagrófar an triail.

Iarrfar ar na hiarrthóirí a ghnóthaigh an líon is airde pointí sa triail dréachtaithe freastal ar an agallamh, ar choinníoll gur bhain siad an pasmharc amach sa triail dréachtaithe. Is ionann líon uasta na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun an agallaimh dóibh agus 2 oiread an lín iarrthóirí oiriúnacha atá á lorg. Tabharfaidh an bord roghnúcháin cuireadh do na hiarrthóirí ar fad atá ar comhscór don áit dheireanach. 

b)       Agallamh leis an mbord roghnúcháin i nGearmáinis (teanga 1) chun tástáil a dhéanamh ar ailíniú na n-iarrthóirí le croíchumais na Parlaiminte: feabhas leanúnach, solúbthacht a léiriú, spiorad foirne agus comhoibriú, díriú ar thorthaí agus iontaofacht a léiriú. Déanfaidh an bord roghnúcháin tástáil ar an eolas ar theanga 2 a luaigh na hiarrthóirí ar an bhfoirm iarratais. 

Uasfhad ama: 60 nóiméad

Marcáil: 0 go 50 pointe

Pasmharc: 25 phointe

           Féadfar an tástáil a reáchtáil ar an láthair go pearsanta. 

Gheobhaidh na hiarrthóirí treoracha maidir leis na trialacha in am trátha. Beidh na trialacha ar siúl ag am sonrach agus ar dháta sonrach. Mura dtabharfaidh iarrthóir freagra ar chuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanamh léis nó léi trí ríomhphost nó mura bhfreastalóidh sé/sí ar thástáil, déanfar an t-iarrthóir a dícháiliú, ach amháin i gcásanna force majeure. Ní mór d’iarrthóirí cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Mura gcloíonn tú leis na treoracha nó má dhéanann tú aon bhearta nach bhfuil comhsheasmhach leis na treoracha, dícháileofar thú láithreach.

  

3.       Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Déanfaidh an bord roghnúcháin liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a tharraingt suas, ar a mbeidh ainmneacha na 30 iarrthóir incháilithe a fuair na marcanna foriomlána is airde sna trialacha, mar atá leagtha síos i Roinn A.1 ‘Barúlacha ginearálta’. Is ionann na marcanna foriomlána sin agus líon iomlán na bpointí a gnóthaíodh sa triail dréachtaithe agus san agallamh leis an mbord roghnúcháin a leagtar amach i Roinn B.2.(a) agus i Roinn B.2.(b) faoi seach, ar choinníoll gur ghnóthaigh an t-iarrthóir an pasmharc sa dá thriail sin. D’fhéadfadh aon iarrthóirí atá ar comhscór don áit dheireanach a bheith ar an liosta. Áireofar ainmneacha na n-iarrthóirí oiriúnacha ar an liosta de réir ord aibítre.

Beidh an liosta bailí go dtí an 31 Nollaig 2027. Féadfar síneadh a chur le bailíocht an liosta sin trí chinneadh ón Údarás Ceapacháin. Má chuirtear síneadh leis, déanfar na hiarrthóirí a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta a chur ar an eolas in am trátha.

Cuirfear na hiarrthóirí rathúla ar an eolas go leithleach faoina dtorthaí, agus foilseofar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha ar shuíomh gréasáin oifigiúil Pharlaimint na hEorpa.

Má thairgtear post duit, beidh ort na leaganacha bunaidh de na doiciméid riachtanacha go léir a chur ar fáil lena bhfíorú, lena n-áirítear dioplómaí/céimeanna agus deimhniúcháin fostaithe.

Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, mar a leagtar amach in Airteagal 3 (‘Earcaíocht’) den chinneadh ón mBiúró, ‘D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an oibleagáid gan aon phoist a choimeád do náisiúnaigh d'aon Bhallstát ar leith, dá bhforáiltear in Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne, agus gan dochar do chomórtais a eagraítear i gcomhréir le hAirteagal 29(3) de na Rialacháin Foirne, beidh na hiarrthóirí rathúla ó chomórtais a eagraítear ar bhonn Airteagal 2 de na forálacha sin ar comhchéim leis na hiarrthóirí rathúla ó chomórtais eile arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa nó ag EPSO’.

 

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Conas iarratas a dhéanamh:

Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search 

Ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú do chomhad iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.

Dáta deiridh chun iarratais a chur isteach:

Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná

 

12.00 (meán lae), am na Bruiséile, an 12 Aibreán 2024.

 

Seolfar admháil fála chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh do chomhad iarratais bailíochtaithe.

Níor cheart duit cumarsáid a dhéanamh faoin gcomórtas seo ach amháin trí do chuntas Apply4EP. NÁ CUIR GLAOCH TEILEAFÓIN chun ceist a chur faoin gcomórtas seo. 

Is fút féin atá sé bosca isteach an tseolta ríomhphoist a luaigh tú i do chuntas Apply4EP a sheiceáil go rialta.