This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

COMÓRTAS PE/AD/299/2023/TRAD - GAIRMÍ TEANGA AGUS IDIRCHULTÚRTHA (AD 5)

Suíomh : Lucsamburg
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 12/01/2024 17:00
Seirbhís : 09-Direction générale de la traduction
Ref. : PE/AD/299/2023/TRAD
Treoir d’iarrthóirí :
Scagaire Tallainne :

Sula ndéanfaidh tú iarratas a thíolacadh, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra comórtais seo a léamh go cúramach. Tugann an Treoir sin, ar cuid dhílis den fhógra comórtais í, soiléiriú ar na rialacha a rialaíonn an nós imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.

 

CLÁR NA nÁBHAR

A.               CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT 

B.               AN NÓS IMEACHTA DON CHOMÓRTAS

C.               IARRATAIS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINNÍ:       TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I gCOMÓRTAIS A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA

                                   SCAGAIRE TALLAINNE

 

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

1.      Faisnéis ghinearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa, ar bhonn Airteagal 29(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, tús a chur le comórtas (AD 5) chun oifigigh a earcú in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (AS TRAD).

Is í an phróifíl atá á lorg ná gairmí teanga agus idirchultúrtha do na teangacha seo a leanas:

 

1. An Ghearmáinis                  (12 iarrthóir rathúla)

2. An Chróitis                         (12 iarrthóir rathúla)                       

3. An Liotuáinis                      (12 iarrthóir rathúla)

4. An Ungáiris                        (12 iarrthóir rathúla)

5. An tSlóivéinis                     (12 iarrthóir rathúla)

 

Cuimsíonn an fógra comórtais seo, dá bhrí sin, cúig theanga. Ní cheadaítear duit clárú ach do theanga amháin. Ní mór duit rogha a dhéanamh agus tú ag clárú ar líne. Ní bheidh ar do chumas a thuilleadh an rogha sin a athrú tar éis duit do chomhad iarratais ar líne a bhailíochtú. 

Déanfar an earcaíocht sin ar ghrád AD 5, an chéad chéim, ag a bhfuil buntuarastal EUR 5 453,02 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus asbhaintí eile dá bhforáiltear le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh. Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo a oiriúnú, áfach, i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, eitneacht, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

 

2.      Cúraimí an phoist

Soláthraíonn Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (AS TRAD) seirbhísí aistriúcháin do Pharlaimint na hEorpa chun cumarsáid a dhéanamh i ngach formáid, idir pháipéar agus leictreonach, i ngach teanga oifigiúil den Aontas Eorpach.

Is iad seo a leanas misin AS TRAD:

·        na doiciméid go léir a bhaineann le ról Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir agus ceann de dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil nó oibre, chun dlisteanacht agus trédhearcacht phróiseas reachtach agus buiséadach an Aontais Eorpaigh a ráthú;

·        a chur ar chumas Pharlaimint na hEorpa a gealltanais faoi bheartas an ilteangachais a chomhlíonadh, ar beartas é arb é is aidhm dó a ráthú go gcaitear go cothrom le gach teanga agus a chuireann ar chumas shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh cumarsáid a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus doiciméid na n-institiúidí sin a fháil ina dteanga féin;

·        téacsanna a dhéanamh níos simplí agus níos inléite a bhuíochas don teanga shoiléir agus ar an gcaoi sin Parlaimint na hEorpa a dhéanamh níos tarraingtí agus inrochtana do na saoránaigh, lena n-áirítear trí fhormáidí nua a úsáid, a fhreagraíonn do thodhchaí na léitheoireachta;

·        a áirithiú go ndéantar na seirbhísí sin go léir a sholáthar ar an gcaoi is éifeachtúla agus is féidir.

Is éard is aidhm do AS TRAD droichid a thógáil idir teangacha agus cultúir éagsúla agus ilteangachas inbhuanaithe, ar cuid riachtanach den idéal daonlathach Eorpach é, a chur chun cinn.

Agus iad lonnaithe i Lucsamburg, éascaíonn na gairmithe teanga agus idirchultúrtha cumarsáid, ina máthairtheanga, idir Parlaimint na hEorpa agus an pobal i gcoitinne. Ba cheart dóibh teanga shoiléir a úsáid i ngach gné dá gcuid oibre, agus comhthéacs cultúrtha na tíre nó na dtíortha lena mbaineann á chur san áireamh. Déanann siad ábhar a aistriú agus a logánú le haghaidh lucht léitheoireachta, éisteachta agus féachana, déanann siad athbhreithniú ar obair a gcomhghleacaithe, agus soláthraíonn siad cúnamh dréachtaithe agus seirbhísí eagarthóireachta d’údair téacsanna neamhreachtacha. Bíonn orthu freisin ábhar a oiriúnú ina máthairtheanga. Tá spiorad maith foirne agus scileanna láidre idirphearsanta bunriachtanach toisc go n-oibríonn na gairmithe teanga agus idirchultúrtha i ndlúthchomhar le comhghleacaithe ó aonaid eile de AS TRAD agus go mbíonn siad, ó am go chéile, i dteagmháil leis na seirbhísí iarrthacha.

Is iad seo a leanas cúraimí an ghairmí teanga agus idirchultúrtha:

·        an chumarsáid a éascú leis na saoránaigh trí theanga shoiléir a scríobh ina máthairtheanga;

·        gach cineál ábhair a aistriú, a oiriúnú, a thras-scríobh agus a athbhreithniú ina máthairtheanga;

·        oibriú ó dhá theanga oifigiúla eile ar a laghad de chuid an Aontais trí idirghabháil teanga agus idirchultúrtha (mar shampla, fotheidealú, oiriúnú a dhéanamh ar ábhar closamhairc, ar phodchraoltaí nó ar shuíomhanna gréasáin);

·        cúnamh a sholáthar chun doiciméid neamhreachtacha a dhréachtú;

·        rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí oiliúna, leis an obair théarmaíochta agus le forbairt uirlisí TF agus cumarsáide;

·        teagmhálacha rialta a chothabháil leis na seirbhísí iarrthacha;

·        rannchuidiú leis na próisis dearbhaithe agus rialaithe cáilíochta agus deimhin a dhéanamh de go leantar na dea-chleachtais chun sárcháilíocht an ábhair a sholáthraíonn AS TRAD a áirithiú.

De ghnáth bíonn na hábhair lena mbaineann, ar minic casta iad, ag plé le cúrsaí polaitiúla, dlíthiúla, eacnamaíocha, airgeadais, eolaíochta nó teicniúla lena gcuimsítear gach réimse gníomhaíochta san Aontas Eorpach. 

Éilítear le cur i gcrích na gcúraimí sin dianúsáid a bhaint as uirlisí sonracha TF agus as uirlisí gaolmhara. Bíonn idirghabháil teanga agus idirchultúrtha i gceist leis an obair sin freisin trí ábhar closamhairc a aistriú agus fotheidealú.

Éilíonn feidhm gairmí teanga agus idirchultúrtha tuiscint ghéar ar oiriúnú, an cumas fadhbanna ar minic éagsúil agus casta iad a thuiscint, freagairt go gasta d’imthosca athraitheacha agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh. Ní mór do na hiarrthóirí a bheith in ann oibriú go dian ar bhonn rialta, go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann araon, i dtimpeallacht oibre ilchultúrtha. Ina theannta, beidh siad tiomanta don oiliúint ghairmiúil a dhéanamh i gcaitheamh a ngairmréime.

 

3.      Incháilitheacht 

Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)     Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, ní mór duit:

–          a bheith i do náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

–          do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat;

–          do dhualgais a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

–          na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

 

(b)     Coinníollacha sonracha

(i)      Na cáilíochtaí agus céimeanna atá riachtanach

Ní mór duit leibhéal oideachais a bheith agat is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann amháin de Bhallstáit an Aontais, nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil.

Maidir leis na céimeanna, cibé acu an i mBallstát nó i dtír nach bhfuil san Aontas a bhronntar iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail Aireacht Oideachais Ballstáit den Aontas Eorpach.

Na hiarrthóirí a bhfuil céimeanna acu a bhronn Ballstát nach Ballstát den Aontas Eorpach é, ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid céimeanna a cheangal lena n-iarratas. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le haitheantas do cháilíochtaí a fuarthas i dtríú tír faoi chuimsiú líonraí ENIC-NARIC, téigh chuig an suíomh https://www.enic-naric.net/. Chuige sin, tabharfaidh an bord roghnúcháin aird ar na córais dhifriúla oideachais. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla atá sa Treoir d’iarrthóirí.

Féadfaidh tú tagairt a dhéanamh go háirithe d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais a eagraíonn Parlaimint na hEorpa.

 

(ii)     Eolas ar theangacha

  Ní mór duit máistreacht a bheith agat ar thrí theanga oifigiúla ar a laghad den Aontas Eorpach. San fhógra comórtais seo, déanaimid tagairt do theangacha mar a leanas:

          teanga 1: an phríomhtheanga a roghnaítear ó chúig theanga an chomórtais seo (an Ghearmáinis, an Chróitis, an Liotuáinis, an Ungáiris, an tSlóivéinis), leibhéal foirfe sa mháthairtheanga;

          teanga 2: Béarla nó Fraincis, eolas sármhaith (íosleibhéal C1);

          teanga 3: ceannamháin de 24 theanga oifigiúla anAontais Eorpaigh, eolas sármhaith (íosleibhéal B2). Ní mór do theanga 3 a bheith éagsúil le teangacha 1 agus 2.

Tá na teangacha a roghnaítear chun críocha an chomórtais seo sainithe i gcomhréir le leasanna na seirbhíse. Go deimhin, éilítear cáilíochtaí speisialta le post an ghairmí teanga agus idirchultúrtha mar gheall ar chineál na ndualgas, mar a leagtar síos i Roinn A.2 den fhógra chomórtais seo. 

Dá bhrí sin, chun a gcuid cúraimí a ghlacadh orthu féin agus dea-fheidhmiú sheirbhís AS TRAD a áirithiú, caithfidh na daoine a earcófar a bheith in ann oibriú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i dtrí theanga. 

Go sonrach, is iad an Béarla agus an Fhraincis an dá theanga is minice a úsáidtear sa chumarsáid inmheánach in AS TRAD, mar aon le hArd-Stiúrthóireachtaí eile agus comhlachtaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa. Dá bhrí sin, chun a gcuid cúraimí a fheidhmiú agus dea-fheidhmiú na seirbhíse a áirithiú, caithfidh na daoine a earcófar a bheith in ann oibriú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i dteanga amháin ar a laghad den dá theanga sin.

Thairis sin, is iad an Béarla agus an Fhraincis teangacha foinseacha fhormhór na ndoiciméad a aistrítear: i gcás thart ar 80 % de na doiciméid a aistrítear is é an Béarla an teanga fhoinseach, i gcás 10 % díobh is í an Fhraincis, agus i gcás 10 % díobh na teangacha eile go léir.

 

(iii)   An taithí ghairmiúil atá riachtanach

Ní éilítear aon taithí ghairmiúil. Mar sin féin, is buntáiste aon taithí ghairmiúil atá faighte agat go heisiach i dteanga 1, sa réimse a chumhdaítear sa chomórtas seo (féach liosta na gcúraimí le haghaidh gairmí teanga agus idirchultúrtha a ndéantar cur síos orthu faoi ‘Cúraimí an phoist’). 

 

B. AN NÓS IMEACHTA DON CHOMÓRTAS 

dhá chéim sa chomórtas: 

1. Céim an réamhroghnúcháin:

a.      triail ceisteanna ilrogha,

b.      scagaire tallainne.

2. Céim na dtrialacha

 

1.      Céim an réamhroghnúcháin

a) Triail ceisteanna ilrogha (MCQ)

Iarrfar ort tástáil réamhroghnúcháin a dhéanamh (MCQ) má tá do chomhad iarratas curtha isteach agat:

- de réir na modhanna a éilítear i bpointe C, agus

- laistigh den teorainn ama a luaitear i bpointe C.

Is i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis) a bheidh an tástáil MCQ. 

Uaslíon de 40 ceist a bheidh sa tástáil MCQ chun measúnú a dhéanamh ar do chumas faisnéis maidir le luachanna an Aontais Eorpaigh agus ról Pharlaimint na hEorpa a shainaithint. Gheobhaidh tú ceisteanna samplacha in am agus i dtráth roimh dháta na tástála.

Ní mhairfidh an tástáil sin níos faide ná 80 nóiméad agus is ar líne a eagrófar í, ar ríomhaire.

I gcás nach mó an líon iarrthóirí de réir gach teanga atá cláraithe sa chomórtas ná an t-uaslíon iarrthóirí a ghlactar isteach chuig céim an scagaire tallainne (féach roinn B 1 b thíos), ní eagrófar an Triail ceisteanna ilrogha (MCQ) i gcás teangacha an chomórtais lena mbaineann. Déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú díreach ar fhreagraí na n-iarrthóirí uile lena mbaineann ar an scagaire tallainne.

 

(b) Scagaire tallainne

Ní mór duit an scagaire tallainne atá ag gabháil leis an bhfógra comórtais a líonadh isteach agus é a chur isteach le do chomhad iarratais ar líne. Ní mór don scagaire tallainne a bheith san áireamh le do chomhad iarratais tráth nach déanaí ná an dáta agus an t-am deiridh le haghaidh iarratas a dhéanamh (pointe C); is féidir an scagaire tallainne a líonadh isteach i do theanga 2 (Béarla nó Fraincis), déanfaidh sé sin obair an bhoird roghnúcháin a éascú.

Déan cinnte gurb iad na teangacha céanna atá léirithe i do scagaire tallainne agus na teangacha sin atá léirithe i do chomhad iarratais. Mura gcomhfhreagraíonn teangacha 1, 2, agus 3 atá léirithe i do scagaire tallainne do na teangacha sin atá léirithe i do chomhad iarratais, déanfaidh an bord roghnúcháin na teangacha atá léirithe i do chomhad iarratais a chur san áireamh go heisiach. 

Má tá tú i measc na n-iarrthóirí is fearr ar éirigh leo sa tástáil MCQ, déanfaidh an bord roghnúcháin do chuid freagraí a mheasúnú ar an scagaire tallainne. Chun na críche sin, déanfaidh an bord roghnúcháin an 150 iarrthóir, de réir gach teanga den chomórtas, is airde a fuair marcanna sa tástáil a chur san áireamh; más gá, déanfaidh an bord roghnúcháin na hiarrthóirí uile ex aequo don áit dheireanach a chur san áireamh gan teorainn a chur ar a líon. 

Chun an roghnú atá bunaithe ar cháilíochtaí a chur i gcrích, déanfaidh an bord roghnúcháin scrúdú ar na freagraí a thabharfaidh na hiarrthóirí sa scagaire tallainne. Bronnfar idir 0 agus 4 phointe ar gach freagra. Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh ualú ó 1 go 3 a shannadh do gach critéar roghnúcháin lena léirítear a thábhacht ar leith. Sa chás sin, iolrófar na pointí a shanntar do gach freagra faoin gcomhéifeacht ualaithe sin. Déanfar pointí gach iarrthóra a shuimiú chun na daoine is fearr a bhfuil a bpróifíl ag teacht le cúraimí an phoist a shainaithint.

Bunóidh an bord roghnúcháin a mheasúnú go heisiach ar na freagraí a thugtar sa scagaire tallainne chun an 60 iarrthóir, de réir gach teanga den chomórtas, is fearr ar éirigh leo a ghlacadh isteach sna trialacha scríofa. Ag deireadh an mheasúnaithe sin, déanfaidh an bord roghnúcháin a fhíorú go gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha sonracha iontrála (Roinn A.3) agus go bhfuil freagraí na n-iarrthóirí ag teacht leis an méid atá sna doiciméid tacaíochta atá ar fáil ina gcomhad iarratais.

I gcás nach mó an líon iarrthóirí de réir gach teanga atá cláraithe sa chomórtas ná an t-uaslíon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh freastal ar na trialacha scríofa, déanfaidh an bord roghnúcháin cuireadh a thabhairt go díreach do na hiarrthóirí uile a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta agus sonracha iontrála, freastal ar na trialacha scríofa (Roinn A.3).

 

2.         Trialacha

Trialacha aistriúcháin agus dréachtaithe i dteanga shoiléir

(a)     Aistriúchán ar théacs a bhaineann le gníomhaíochtaí reachtacha Pharlaimint na hEorpa ó theanga 2 go teanga 1. 

Uasfhad ama na trialach: 90 nóiméad, le haghaidh téacs ina bhfuil thart ar 450 go 500 focal

Marcanna: 0 go 40 pointe - pasmharc:20/40

Ní cheartófar trialacha (b) agus (c) na n-iarrthóirí nach mbainfidh an pasmharc amach sa triail seo.

 

(b)     Aistriúchán ar óráid nó ar theachtaireacht atá beartaithe do na saoránaigh ó theanga 3 go teanga 1.

Uasfhad ama na trialach: 90 nóiméad, le haghaidh téacs ina bhfuil thart ar 450 go 500 focal

Marcanna: 0 go 40 pointe - pasmharc: 20/40

Ní cheartófar trialacha (c) na n-iarrthóirí nach mbainfidh an pasmharc amach sa triail seo.

 

(c)     Triail dréachtaithe: dréachtú i dteanga shoiléir ar théacs atá beartaithe do na saoránaigh i dteanga 1, bunaithe ar dhoiciméad casta i dteanga 2. Is éard is aidhm don triail seo measúnú a dhéanamh ar do chuid eolais ar theanga 2, agus ar do chumas na smaointe lárnacha a shainaithint agus iad a chur in iúl i dteanga shoiléir i dteanga 1.

Uasfhad ama na trialach: 60 nóiméad

Marcanna: 0 go 40 pointe - pasmharc: 20/40

 

Is ar líne agus ar ríomhaire a eagrófar na trialacha sin. 

Iarrfar ar na 24 iarrthóir, i gcás gach teanga den chomórtas, ag a mbeidh na marcanna is airde sna trialacha scríofa freastal ar na trialacha cainte, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc bainte amach acu i ngach triail. Más gá, roghnóidh an bord roghnúcháin na hiarrthóirí uile ex aequo don áit dheireanach i gcás gach teanga.

 

Trialacha cainte

(d)     Agallamh leis an mbord roghnúcháin i dteanga 2, lena bhféadfaidh an bord sin, i bhfianaise na n-eilimintí go léir atá i do chomhad iarratais, d’oiriúnacht chun na dualgais a thuairiscítear faoi ‘Cúraimí an phoist’ a chomhlíonadh in institiúid Eorpach, mar aon le do chumas ó thaobh feabhsú agus iontaofachta de a mheas. Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh tástáil a dhéanamh ar d’eolas ar theangacha oifigiúla eile atá sonraithe i do chomhad iarratais agat.

Uasfhad ama na trialach: 45 nóiméad.

Marcanna: 0 go 40 pointe - pasmharc: 20/40

Ní cheartófar trialacha (e) na n-iarrthóirí nach mbainfidh an pasmharc amach i dtriail (d).

 

(e)     Triail díospóireachta grúpa rólimirt i dteanga 2 ionas go mbeidh an bord roghnúcháin in ann measúnú a dhéanamh ar do chumas ó thaobh oiriúnú agus comhoibriú de, ar do dhearcadh i leith torthaí agus ar an spiorad foirne atá agat i gcomhthéacs na gcúramí a thuairiscítear i Roinn A.2. ‘Cúraimí an phoist’.

Saineoidh an bord roghnúcháin fad na trialach díospóireachta grúpa de réir chomhdhéanamh críochnaitheach na ngrúpaí.

Is é 25 nóiméad uasfhad thriail na rólimeartha.

Marcanna: ó 0 go 20 pointe - pasmharc: 10/20

 

D’fhéadfaí na trialacha sin a eagrú go cianda.

Gheobhaidh tú treoracha na dtrialacha scríofa agus cainte in am trátha. Tá na trialacha beartaithe le haghaidh dáta agus am ar leith. Mura bhfreagraíonn tú cuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, d’fhéadfaí thú a dhícháiliú. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Má sháraíonn tú na treoracha nó mura gcloíonn d’iompraíocht leis na treoracha, dícháileofar láithreach thú. 

 

3.      Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Bunóidh an bord roghnúcháin, i gcás gach teanga den chomórtas, liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a bhfuil na marcanna foriomlána is fearr bainte amach acu ag deireadh na dtrialacha, mar a luaitear i Roinn A.1 ‘Faisnéis ghinearálta’. Is éard a bheidh sna marcanna foriomlána seo líon iomlán na marcanna a fuarthas sna trialacha scríofa (a), (b) agus (c) agus sna trialacha cainte (d) agus (e) ina n-iomláine, ar choinníoll gur éirigh leis na hiarrthóirí an pasmharc a bhaint amach i ngach ceann de na trialacha sin. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar an liosta na hiarrthóirí uile ex aequo don áit dheireanach i gcás gach teanga. Liostófar ainmneacha na n-iarrthóirí rathúla de réir ord aibítre.

Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2026. Féadfar síneadh a chur le bailíocht an liosta sin trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Sa chás sin, cuirfear na hiarrthóirí rathúla atá ar an liosta ar an eolas in am trátha.

Cuirfear na hiarrthóirí rathúla go leithleach ar an eolas faoina dtorthaí, agus foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar shuíomh gréasáin oifigiúil Pharlaimint na hEorpa.

Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh go léir a chur isteach i gcomhair fíordheimhniú, go háirithe do chéimeanna agus do dheimhniúcháin fostaíochta.

Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

 

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Conas iarratas a dhéanamh :

Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA

Ba cheart duit an Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú do chomhad iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.

 

Dáta deiridh le haghaidh iarratas a chur isteach

An dáta deiridh le hiarratais a chur isteach 

An 12 Eanáir 2024, 17.00 am Lucsamburg

 

Cuirfear admháil chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh do chomhad iarratais bailíochtaithe.

Iarrtar ar iarrthóirí GAN GLAOCH GUTHÁIN a chur ar sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa faoin gcomórtas seo.