Suíomh : An Bhruiséil
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 09/01/2026 12:00
Seirbhís : 08-Ardstiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht
Tagairt : RECRUITMENT NOTICE PE/337/2025/S/INLO
Treoir d’iarrthóirí : Íoslódáil treoir d’iarrthóirí

FÓGRA FOLÚNTAIS PE/337/2025/S

BALL FOIRNE SEALADACH

Bainisteoir Riaracháin (AD5)

 

Sula ndéanfaidh tú iarratas, léigh an “Treoir d’Iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa” go cúramach atá i gceangal leis an bhfógra earcaíochta seo. 

Is cuid dhílis den fhógra earcaíochta í an Treoir, agus cabhróidh sí le hiarratasóirí tuiscint a fháil ar na rialacha lena rialaítear nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh. 

CLÁR

A.                TUAIRISC AR AN bPOST AGUS INCHÁILITHEACHT

B.                NÓS IMEACHTA

C.               IARRATAIS

IARSCRÍBHINN:      TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA

A. TUAIRISC AR AN bPOST AGUS INCHÁILITHEACHT

1.            Barúlacha ginearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa nós imeachta roghnúcháin a eagrú chun post ball foirne sealadach amháin ar ghrád AD 5 san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO), a líonadh.

Is í an phróifíl atá á lorg ná próifíl bainisteora riaracháin.

Beidh an conradh go ceann tréimhse éiginnte. Is ar ghrád AD 5, an chéad chéim, a dhéanfar an earcaíocht, le buntuarastal EUR 6 152,64  in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais Eorpaigh agus asbhaintí eile dá bhforáiltear i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfaidh an chéim ag a n-earcófar an t-iarrthóir a n-éireoidh leis a choigeartú i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal in imthosca áirithe.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus fáiltíonn sí roimh gach iarratas gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

2.         Tuairisc ar an bpost

Déanann an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO) áiseanna, soghluaisteacht inbhuanaithe agus seirbhísí a bhainistiú agus tá sí freagrach as cothabháil agus uasghrádú foirgneamh a chlúdaíonn thart ar 1.2 milliún méadar cearnach sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus i Strasbourg agus in Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit. Cuireann sí seirbhísí coimhdeacha ar fáil chomh maith lena n-áirítear lónadóireacht, iompar earraí, soláthairtí agus post inmheánach a dháileadh.

Agus é ag obair go díreach faoi Cheann Aonaid an Aonaid um Thiománaithe, déanfaidh an bainisteoir riaracháin cúraimí riaracháin agus anailíseacha ar fud réimsí freagrachta AS INLO, agus go sonrach i réimsí na soghluaisteachta agus na seirbhísí inbhuanaithe (i.e. Iompar Daoine, Lónadóireacht, Leithdháileadh Spáis Oifige, Uiséirí agus Bogthóirí).

Cabhróidh an t-iarrthóir rathúil le príomhghníomhaíochtaí uile an aonaid trí phlé gníomhach le geallsealbhóirí, trí oifigeach údarúcháin a fho-tharmligean atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar línte buiséid agus ar fhorghníomhú conarthaí, lena n-áirítear obair leantach ar thairiscintí a bhaineann leis an sainchúram seo. Déileálfaidh siad chomh maith le gach iarratas tras-earnálacha, ó mhéadrachtaí go pleanáil agus tuairisciú.

Agus é lonnaithe sa Bhruiséil, bíonn taisteal rialta i gceist leis an ról idir trí áit oibre Pharlaimint na hEorpa (an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg). 

Is gá an méid seo a leanas sa phost:

-          críochnúlacht, discréid agus cumas anailíseach;

-          scileanna pleanála agus cumarsáide (lena n-áirítear dréachtú);

-          taidhleoireacht agus inoiriúnaitheacht i suíomh ilchultúrtha;

-          tionscnamh, athléimneacht agus an cumas chun plé go compordach le raon leathan daoine ar gach leibhéal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhíse seachtracha;

-          an cumas déileáil le raon leathan fadhbanna casta go minic, agus an cumas oibriú go dian go rialta, ina n-aonar agus mar chuid d’fhoireann araon.

De réir na gclár agus na dtosaíochtaí arna mbunú ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte agus a mbainistíocht, comhlíonfaidh an bainisteoir riaracháin na príomhdhualgais seo a leanas:

         úsáid acmhainní na roinne a bharrfheabhsú chun seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar;

         cuspóirí, pleananna gníomhaíochta agus gnéithe riaracháin de fhreagrachtaí an aonaid a cheapadh, a dhréachtú, a fhoirmliú, a mholadh, a chur chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh orthu;

         staidéir, tuarascálacha, nótaí, litreacha, doiciméid staitistiúla nó rialála a bhaineann le freagracht chomhshaoil ​​agus shóisialta (lena n-áirítear inrochtaineacht agus saincheisteanna comhshaoil) a dhréachtú;

         tacú le bainistiú fónta airgeadais agus riaracháin an aonaid, i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme;

         plé le ranna inmheánacha agus le geallsealbhóirí institiúideacha seachtracha;

         stiúradh agus comhordú tionscadal sonrach chun a chinntiú go gcríochnófar iad go rathúil.

3.            Incháilitheacht

Faoin dáta deiridh i gcomhair iarratas, ní mór na coinníollacha ginearálta agus sonracha incháilitheachta a bheith comhlíonta agat:

(a)     Critéir ghinearálta

I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, ní mór duit go háirithe:

         a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

         do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat;

         aon oibleagáidí a fhorchuirtear ort leis na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata a chomhlíonadh.

(b) Critéir shonracha

(i)      Na cáilíochtaí is gá

Ní mór duit an méid seo a leanas a bheith agat: 

         leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa léinn críochnaithe, agus dioplóma ina dhearbhú air sin, nuair is é 3 bliana nó níos mó gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile,

Ní mór do chomhlacht oifigiúil de chuid Ballstát den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais, na dioplómaí, cibé acu a eisíodh iad i mBallstát nó i dtír nach tír den Aontas Eorpach í, a aithint.

Iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas Eorpach í, ní mór dóibh ráiteas coibhéise AE a chur ar fáil dá gcuid dioplómaí lena n-iarratas. Mura bhfuil ráiteas coibhéise AE ag iarrthóirí tráth an iarratais, ní mór dóibh cruthúnas a chur leis go bhfuil iarraidh ar choibhéis curtha isteach acu chun an údaráis náisiúnta ábhartha. Ar aon nós, ní mór dóibh ráiteas coibhéise AE a sholáthar sula n-earcófar iad. Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi aitheantas do cháilíochtaí a fuarthas i dtríú tír, féach ar shuíomh gréasáin líonraí ENIC-NARIC: https://www.enic-naric.net.

(ii)        An taithí ghairmiúil is gá

·         Ní gá aon taithí ghairmiúil chun go nglacfar leat sa nós imeachta roghnúcháin.

(iii)    Eolas ar theangacha

Ní mór eolas críochnúil (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag iarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,

agus

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2; ní eagrófar na tástálacha roghnúcháin ach sa dá theanga seo.

Ní mór teanga 2 a bheith éagsúil ó theanga 1.

Dícháileofar iarrthóirí nach luafaidh an Béarla ná an Fhraincis mar theanga 2 ar a bhfoirm iarratais.

Is chun leasa na seirbhíse a leagtar síos na roghanna teanga don nós imeachta roghnúcháin seo, i.e. an Béarla agus an Fhraincis. De bhua na ndualgas atá i gceist, i bpost an bhainisteora riaracháin is gá cumais shonracha: scileanna anailíseacha, dréachtaithe, maoirseachta teicniúla agus bainistíochta riaracháin. Ní mór go mbeidh an ball foirne nua-earcaithe ábalta, mar sin, na cúraimí a bheidh le déanamh a thuiscint, díriú ar fhadhbanna, agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le hidirghabhálaithe seachtracha, le lucht bainistíochta agus le comhghleacaithe. 

Tá eolas ar cheann amháin ar a laghad den dá theanga sin – an Béarla agus an Fhraincis – riachtanach chun go gcomhlíonfaidh an ball foirne a gcuid freagrachtaí agus chun freastal ar riachtanais na seirbhíse i gcomhthéacs a ndualgas. Áirítear leis seo caidrimh oibre a fhorbairt le geallsealbhóirí a labhraíonn Béarla nó Fraincis den chuid is mó agus cuspóirí a bhaint amach agus tionscadail a chur i gcrích a bhaineann go sonrach leis an Ard-Stiúrthóireacht a n-earcófar an t-iarrthóir rathúil chuici, ina bhfuil an Béarla agus an Fhraincis mar theangacha oibre. 

Is í an Fhraincis an teanga is mó a úsáidtear chun cumarsáide laistigh de na haonaid san Ard-Stiúrthóireacht dá sannfar an t-iarrthóir rathúil, agus ina measc, Is é an Béarla an teanga is mó a úsáidtear i bplé leis na stiúrthóireachtaí eile san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht, agus leis na hardstiúrthóireachtaí eile agus le húdaráis pholaitiúla agus riaracháin na Parlaiminte, go háirithe agus doiciméid á ndréachtú. 

Is riachtanas iomlán é máistreacht ar an mBéarla nó ar an bhFraincis i gcás na ndualgas sonrach a chomhlíonfaidh an ball foirne nua-earcaithe. Baineann na dualgais seo le nósanna imeachta soláthair, agus tá uirlisí TF dóibh i mBéarla agus i bhFraincis. Úsáidtear an dá theanga i gcruinnithe an Fhóraim um Sholáthar Poiblí chomh maith, a nglacfaidh an duine earcaithe páirt ghníomhach iontu. Tá máistreacht mhaith ar an bhFraincis riachtanach chomh maith chun na dlíthe atá i bhfeidhm sa Fhrainc, sa Bheilg agus i Lucsamburg a thuiscint. Is í an teanga chaighdeánach cumarsáide le geallsealbhóirí seachtracha (soláthraithe seirbhíse, riaracháin agus údaráis áitiúla) í chomh maith i dtaca leis na rialacha atá i bhfeidhm.

Is mór ag AS INLO cumarsáid éifeachtach idir a baill foirne. Leagtar amach i bhfógraí folúntais a fhoilsítear go hinmheánach sa Pharlaimint agus go seachtrach gur gá cumas an-mhaith ar theanga amháin ar a laghad agus eolas sásúil ar theanga eile, go sonrach an Béarla agus an Fhraincis. Cloíonn an nós imeachta roghnúcháin seo le cleachtas seanbhunaithe AS INLO.

 

B. NÓS IMEACHTA 

Tá an nós imeachta bunaithe ar cháilíochtaí agus ar thrialacha.

1.         Iontráil agus measúnú ar cháilíochtaí (an chéad chéim)

(a)     Tarraingeoidh an t-údarás ceapacháin suas liosta d’iarrthóirí a mbeidh a n-iarratais curtha isteach acu san fhoirm is gá faoin dáta deiridh agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar amach i Roinn A.3(a). Cuirfear an liosta sin ar aghaidh chuig an mbord roghnúcháin maille leis na foirmeacha iarratais.

(b)     Bunaithe ar an bhfaisnéis a thugtar ar an bhfoirm iarratais amháin, agus doiciméid tacaíochta mar thaca léi, a cuireadh isteach in éineacht leis an bhfoirm iarratais (le haghaidh tuilleadh sonraí féach an ‘Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa’, Roinn 3.3), scrúdóidh an coiste roghnúcháin na doiciméid tacaíochta a cuireadh isteach chun a sheiceáil cé acu iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta sonracha a leagtar amach i Roinn A.3(b) chun iontrála sa nós imeachta roghnúcháin.

(c)     Déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a nglactar leo ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a cuireadh isteach amháin. Agus iad ag úsáid eangach mharcála réamhshainithe, tarraingeoidh an coiste roghnúcháin suas liosta de na sé iarrthóir incháilithe is airde rangú, dá dtabharfar cuireadh chun na dtrialacha. Tabharfaidh an coiste roghnúcháin cuireadh chun na dtrialacha do gach iarrthóir a bheidh ar comhscór don áit cháilitheach deiridh. 

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh aige ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, déanfaidh an bord roghnúcháin na gnéithe seo a leanas a chur i gcuntas:

  •          cáilíochtaí agus dioplómaí;
  •          eolas léirithe ar úsáid agus maoirseacht acmhainní daonna a bharrfheabhsú;
  •          cumas cruthaithe i ndréachtú tuarascálacha, nótaí nó doiciméad riaracháin ar lúth inbhuanaithe agus ar thopaicí a bhaineann le seirbhísí, laistigh de riarachán poiblí ab fhearr;
  •          inniúlacht léirithe i mbainistiú airgeadais, lena n-áirítear pleanáil, forghníomhú agus obair leantach buiséid;
  •          eolas cruthaithe i stiúradh agus i gcomhordú tionscadal sonrach chun a chinntiú go gcríochnófar iad go rathúil.
  •          cumas gairmiúil i mbainistiú nó i gcomhordú tionscadal ilchéime, ina gcinntítear seachadadh tráthúil agus comhoibriú i measc geallsealbhóirí éagsúla;
  •          cumas léirithe i dtimpeallacht oibre ilchultúrtha nó ilnáisiúnta, ina léirítear solúbthacht agus scileanna láidre idirphearsanta agus idirchultúrtha.  

Marcáil: 0 go 20 pointe.

Cuirfear ar an eolas thú faoi do thorthaí i scríbhinn.

2. Trialacha (an dara céim)

Reáchtálfar na trialacha i mBéarla nó i bhFraincis (teanga 2), mar a léirítear i d’iarratas. Chun eolas agus cumas iarrthóirí a mheasúnú chun na dualgais a thuairiscítear thuas a dhéanamh, reáchtálfaidh an bord roghnúcháin na trialacha seo a leanas:

Triail scríofa

a    a)    Triail scríofa chun smaointeoireacht straitéiseach, pleanáil, scileanna dréachtaithe agus réiteach fadhbanna a mheasúnú i gcás na ndualgas a thuairiscítear i Roinn A.2. 

Fad na trialach: 60 nóiméad uasta.

Scóráil: 0 go 20 pointe (íosmhéid is gá: 10 bpointe)

Triail chainte

Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin chun measúnú a dhéanamh ar d’oiriúnacht agus do chumas dualgais an phoist a chomhall bunaithe ar an bhfaisnéis uile i do chomhad iarratais.

Fad na trialach: 30 nóiméad uasta.

Scóráil: 0 go 40 pointe (íosmhéid is gá: 20 bpointe)

Gheobhaidh tú treoracha na trialach in am trátha. Ní mór duit cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha. Mura gcloíonn tú leis na treoracha nó má dhéanann tú aon bheart nach bhfuil comhsheasmhach leis na treoracha, dícháileofar thú láithreach. Tabhair faoi deara gur féidir na tástálacha a dhéanamh go pearsanta nó ar líne. 

3.         Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Déanfaidh an bord roghnúcháin liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a tharraingt suas, ina mbeidh, in ord aibítre, an triúr iarrthóirí is fearr a mbeidh na scóir fhoriomlána is airde faighte acu sa nós imeachta (measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha), ar choinníoll go mbeidh pasmharc gnóthaithe acu sna trialacha i scríbhinn agus ó bhéal. Áireofar ar an liosta aon iarrthóirí a bheidh ar comhscór don tríú háit. 

Cuirfear ar an eolas thú faoi do thorthaí i scríbhinn.

Beidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha bailí go dtí an 31 Nollaig 2029. Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Cuirfear in iúl do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta dá réir sin.

C. IARRATAIS

Ní mór duit iarratas a dhéanamh trí Apply4EP platform: https://apply4ep.gestmax.eu/search.

Sula ndéanfaidh tú iarratas, léigh an “Treoir d’Iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa” go cúramach.

Spriocdháta le haghaidh iarratas

12.00 (meán lae), am na Bruiséile, an 9 Eanáir 2026

Seolfar admháil fála chugat go huathoibríoch a luaithe a bhailíochtófar d’fhoirm iarratais.

Níor cheart duit teagmháil a dhéanamh i dtaobh an chomórtais seo ach amháin trí do chuntas Apply4EP.

NÁ CUIR SCAIRT TEILEAFÓIN chun fiosrú a dhéanamh faoin gcomórtas seo.

Tá tusa freagrach as bosca isteach an tseolta ríomhphoist a chuir tú in iúl ar do chuntas Apply4EP a sheiceáil go rialta.