This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE RIARTHÓIRÍ SLÁNDÁLA TFC (AD6/AD8)

Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 22/04/2024 17:00
Seirbhís : 12-Direction générale de l'innovation et du support technologique
Ref. : AMI ITEC 2023
Treoir d’iarrthóirí :

 

BUNACHAR SONRAÍ A BHUNÚ

Riarthóirí Slándála TFC (AD6) agus Saineolaithe Slándála TFC (AD8) sa Bhruiséil agus i Lucsamburg

Foireann shealadach

 

1. Nótaí ginearálta

Tá an glao seo ar léiriú spéise á eisiúint ag Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa d’fhonn bunachar sonraí a bhunú d’iarrthóirí a mbeadh spéis acu i bhfolúntas mar Riarthóir Slándála TFC nó mar Shaineolaí Slándála TFC.

Beidh an bunachar sonraí ag feidhmiú mar phainéal iarrthóirí chun Riarthóirí Slándála TFC nó Saineolaithe Slándála TFC a earcú amach anseo i bParlaimint na hEorpa. Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil (AS ITEC) go príomha a earcaíonn na speisialtóirí sin.

A luaithe a bhunófar an bunachar sonraí, féadfar daoine a gcuirfear a n-ainmneacha sa bhunachar sonraí a roghnú mar ghníomhairí sealadacha chun folúntais a líonadh do Riarthóirí Slándála TFC nó do Shaineolaithe Slándála TFC, a thagann aníos san Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus Tacaíocht Theicneolaíoch (AS ITEC), i gcomhréir le forálacha Airteagal 2b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Déantar an roghnú i gcomhréir le forálacha Airteagal 4 (‘Comhchoiste (‘COPAR’)) de na‘Forálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme lena rialaítear comórtais agus nósanna imeachta roghnúcháin, earcú agus grádú oifigigh agus sheirbhísigh eile Pharlaimint na hEorpa’.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, dath craicinn, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

Féadfaidh daoine a bhfuil spéis acu a n-ainmneacha a bheith sa bhunachar sonraí a CV a chur isteach agus an fhoirm iarratais a chomhlánú tríd an ardán APPLY4EP, agus cuntas a chruthú ar dtús. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart dóibh an fógra seo a léamh go cúramach, cliceáil ar an táb ‘Apply online’[Déan iarratas ar líne] agus céimeanna an nós imeachta iarratais ar líne a leanúint. Ba cheart dóibh an treoir atá ceangailte leis an bhfógra seo a léamh go cúramach freisin. Ní féidir ach aon chuntas amháin a chruthú ar APPLY4EP. Déanfar na sonraí pearsanta a chlárófar sa chuntas a phróiseáil agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á urramú go hiomlán, agus beidh siad fós inmhodhnaithe, le gur féidir iad sin a thabhairt cothrom le dáta. Tá an ráiteas príobháideachais le haghaidh APPLY4EP ar fáil ar a leathanach baile.

2. Sainchuntas poist

Ba cheart go mbeadh na hinniúlachtaí ábhartha ag an Riarthóir Slándála TFC nó ag an Saineolaí Slándála TFC i gceann amháin ar a laghad de na réimsí seo a leanas:

  • Cosaint críochphointe;
  • Ceapadh agus cur chun feidhme bonnlínte slándála ar mhaithe le cosaint éifeachtach;
  • Faireachán ar imeachtaí slándála;
  • Bainistiú Teagmhas Slándála TFC agus dearbhú slándála;
  • Bainistiú leochaileachtaí;
  • Bonneagar eochrach poiblí agus cripteagrafaíocht;
  • Measúnú Rioscaí Slándála (i.e. uirlisí agus cúnamh a sholáthar do thionscadail TF éagsúla agus cuidiú a thabhairt do mheastóireacht bogearraí nua i gcomhthéacs na cibearshlándála);
  • Feasacht Úsáideoirí ar an gCibearshlándáil (i.e. feasacht úsáideoirí a mhéadú trí fheachtais ad hoc chibearshlándála a fhorbairt d’úsáideoirí deiridh agus trí roinnt cur i láthair cibearshlándála a chruthú agus a thabhairt; cúnamh a chur ar fáil i gcomhthéacs misin íogaire);
  • Saolré Shlán Forbartha Bogearraí, agus forbairt beartas i réimsí an Rialachais Slándála TF, an Riosca, an Chomhlíontachta;
  • Bainistiú Riosca Fiontair (tacú le bainisteoirí riosca lena n-áirítear maidir leis an gclár rioscaí a chothabháil);
  • Faisnéis faoi Chibearbhagairtí a bhailiú agus a thuairisciú;
  • Bearta slándála a chur chun feidhme i dtimpeallachtaí néalríomhaireachta;
  • Bearta slándála a chur chun feidhme i dtimpeallachtaí bogearraí táirgiúlachta oifige;
  • Rialuithe slándála a shainiú agus a uathoibriú;
  • Bainistiú Aitheantais agus Rochtana (IAM), Bainistiú Rochtana Pribhléidithe (PAM);
  • Córas Oibriúcháin agus Daingniú Bunachar Sonraí;
  • Ríomhfhóiréinsic;
  • Slándáil Gréasáin;
  • Slándáil Imlíne;
  • Slándáil Idirlíon na Rudaí Nithiúla.

3. Cúraimí

 I gcomhréir leis na cláir agus na tosaíochtaí arna sainiú ag comhlachtaí agus/nó bainistíocht na Parlaiminte, agus faoi údarás na n-oifigeach atá freagrach:

  • Rioscaí cibearshlándála a shainaithint, a anailísiú, a mheas, a thuairisciú, a chur in iúl agus a chóireáil;
  • Imscrúduithe a dhéanamh ar aimhrialtachtaí agus ar mhífheidhmeanna a bhfuil tionchar acu ar shlándáil TFC, agus na teagmhais a bhraitear a chomhghaolú;
  • Slándáil TF a chomhtháthú thar shaolré gach cineál córais TF, lena n-áirítear córais néalbhunaithe;
  • Measúnú leanúnach a dhéanamh ar cheanglais slándála Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le faire teicneolaíochta a dhéanamh ar na margaí ábhartha chun réitigh iomchuí a chur chun cinn;
  • Measúnuithe ar riachtanais, staidéir indéantachta agus anailísí feidhmiúla agus córais a dhéanamh i réimse na gníomhaíochta;
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar an roinn sna foirne tionscadail, sna meithleacha inmheánacha agus idirinstitiúideacha, ar chomhlachtaí gairmiúla agus/nó ag cruinnithe gairmiúla;
  • Tionscadail shonracha a stiúradh agus a chomhordú.

Na hinniúlachtaí sonracha atá á lorg:

  • Feabhas Leanúnach
  • Solúbthacht
  • Spiorad Foirne agus Comhar
  • Díriú ar Thorthaí
  • Iontaofacht
  • Cumas féinrialaithe agus measúnaithe i ngéarchéimeanna
  • Cur chuige críochnúil
  • Cur chuige lena réitítear fadhbanna
  • Athléimneacht

Timpeallacht Oibre:

  • Ní mór a bheith ar fáil ar shiúl ón ionad oibre
  • Luas agus uaireanta oibre athraitheacha agus/nó solúbtha
  • Obair éigeandála rialta
  • Teagmháil rialta le daoine laistigh den Pharlaimint agus lasmuigh di

4. Incháilitheacht

Chun bheith incháilithe d’earcú a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo i bhfolúntas, beidh ort na critéir ghinearálta agus shonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

a. Critéir ghinearálta

  • Beidh na hiarrthóirí ina saoránaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;
  • Beidh a ndualgais comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi dhlíthe náisiúnta maidir le seirbhís mhíleata;
  • Cuirfidh siad na teistiméireachtaí carachtair ar fáil maidir lena n-oiriúnacht do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

b. Critéir shonracha

i. Cáilíochtaí agus scileanna is gá

Le haghaidh ghrád AD 6, ar a laghad:

  • leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán staidéir ollscoile trí bliana ar a laghad agus é fianaithe le dioplóma,

  • oiliúint ghairmiúil ar leibhéal comhionann i gcás ina bhfuil údar maith léi chun leasa na seirbhíse.

Le haghaidh ghrád AD 8, ar a laghad:

  • leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán ollscoile agus é fianaithe le dioplóma nuair is ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile,

  • leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán ollscoile agus é fianaithe le dioplóma agus bliain amháin ar a laghad de thaithí ghairmiúil chuí nuair is trí bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile,

  • oiliúint ghairmiúil ar leibhéal comhionann i gcás ina bhfuil údar maith léi chun leasa na seirbhíse.

Sula n-earcófar na hiarrthóirí a roghnófar agus a gcuirfear a n-ainmneacha sa bhunachar sonraí, iarrfar orthu doiciméid a sholáthar a bheidh mar chruthúnas ar an bhfaisnéis atá san fhoirm iarratais (dioplómaí, teastais agus doiciméid tacaíochta eile).

Maidir le dioplómaí, cibé acu i mBallstát nó i dtír nach bhfuil san Aontas a bhronntar iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais.

Na hiarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a bhronn Ballstát nach Ballstát den Aontas Eorpach é, ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid dioplómaí a sholáthar. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí neamh-AE a aithint ar fáil i ngréasáin ENIC-NARIC (https://www.enic-naric.net/).

Cuirfear na difríochtaí idir na córais oideachais san áireamh. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla atá sa treoir.

ii. Eolas ar theangacha

Ní mór d’iarrthóirí eolas sármhaith (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris. Is fearr do mháthairtheanga a roghnú anseo mar theanga 1.

agus

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla ar an bhFraincis (teanga 2). Ní mór do Theanga 2 a bheith éagsúil le Teanga 1. Más é an Béarla nó an Fhraincis an teanga a roghnaigh tú mar theanga 1, ní mór eolas sásúil (leibhéal B2) a bheith aige ar cheann amháin de 23 theanga oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil thuasluaite le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, léamh, éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Comhfhreagraíonn na cumais sin do na cumais atá sonraithe sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills).

 

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur ar mhaithe leis an tseirbhís agus, go sonrach, ar mhaithe le poist riarthóirí slándála TFC agus saineolaithe slándála TFC, a sonraíodh an dá rogha don dara teanga, i.e. an Béarla nó an Fhraincis, le haghaidh an nós imeachta seo chun bunachar sonraí a bhunú.

Go deimhin, is iad an Béarla nó an Fhraincis na teangacha is mó a úsáidtear chun na dualgais a liostaítear faoi phointe 3 den ghlao a chur i gcrích.

Dá réir sin, chun bheith in ann dul i mbun oibre láithreach, ní mór do na hiarrthóirí a earcófar a bheith in ann obair a dhéanamh agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i mBéarla nó i bhFraincis.

iii. An taithí ghairmiúil is gá

Tar éis dóibh na cáilíochtaí atá luaite i roinn (4.b.i) thuas a bhaint amach, ní mór d’iarrthóirí a an méid seo a leanas a bheith bainte amach acu:

  • le haghaidh ghrád AD 6: taithí ghairmiúil dhá bhliain ar a laghad atá ábhartha do na dualgais a shonraítear i roinn 3 thuas;
  • le haghaidh ghrád AD 8: taithí ghairmiúil ocht mbliana ar a laghad atá ábhartha do na dualgais a shonraítear i roinn 3 a nó 3 b thuas;

5. Bunachar sonraí

Más rud é

  • go gcomhlíonann tú na coinníollacha ginearálta incháilitheachta, agus
  • go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe agat ar an ardán APPLY4EP (féach thíos ‘Applications’ [Iarratais a chur isteach]) comhlánaithe go cuí agat i gcomhréir leis an nós imeachta agus faoin sprioc atá leagtha síos,

cuirfear d’ainm san áireamh sa bhunachar sonraí.

Áireofar d’ainm sa bhunachar sonraí bunaithe ar an bhfaisnéis a thabharfar san fhoirm iarratais agus sna doiciméid a cheanglófar léi, agus ar an bhfaisnéis sin amháin. Déanfar an fhaisnéis agus na doiciméid sin a fhíorú ar dháta níos faide anonn má dhéantar tairiscint earcaíochta duit.

6. Iarratais - conas spéis a léiriú?

Ní mór do dhaoine ar mian leo spéis a léiriú a bhfoirm iarratais a chomhlánú ar an ardán ar líne APPLY4EP. Is é an t-ardán sin an t-aon bhealach chun léirithe spéise a chur isteach.

Nuair a bheidh do chuntas cruthaithe agat, ní mór duit curriculum vitae mionsonraithe a uaslódáil. Ní mór duit formáid Europass a úsáid (https://europa.eu/europass/select-language?destination=/node/1).

Ina dhiaidh sin, ní mór duit an chuid eile den fhoirm iarratais a chomhlánú.            

Ní mór doiciméid tacaíochta a bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis.

Ní mór duit an grád a ndéanfaidh tú iarratas air a roghnú: AD 6 nó AD 8.

Is féidir leat teacht ar aon treoracha breise faoi conas spéis a léiriú sa treoir atá i gceangal leis an nglao seo ar léiriú spéise.

Is é an 22 Aibreán 2024, 17:00 (Am na Bruiséile/Am Lucsamburg) an dáta deiridh le haghaidh léirithe spéise a chur isteach. Cuir iarratas isteach tríd an ardán APPLY4EP. Ní ghlacfar le léirithe spéise a gheofar i ndiaidh an dáta sin.

Ní hionann d’ainm a áireamh sa bhunachar sonraí nó rath a bheith ort in agallamh agus/nó i dtriail roghnúcháin agus deimhniú go dtairgfear post duit. I gcás ina mbeidh conradh le dámhachtain, féachfaidh na seirbhísí earcaíochta ar an mbunachar sonraí agus tabharfaidh siad cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí is fearr a gcomhfhreagraíonn a bpróifíl do riachtanais an phoist lena mbaineann. Má fhaightear amach gur thug iarrthóirí faisnéis atá míchruinn, déanfar iad a eisiamh ón nós imeachta agus bainfear a n-ainm den bhunachar sonraí.

Déanann Parlaimint na hEorpa beartas comhionannais deiseanna a chur i bhfeidhm go mionchúiseach i ndáil lena nósanna imeachta roghnúcháin, chun go ráthaítear cóir chomhionann i gcás gach iarrthóra.

Is le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CFSE) a rialaítear coinníollacha oibre institiúidí AE. Tá mionsonraí iomlána na socruithe oibre le fáil anseo: 

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140501 (Teideal II) ‘Foireann shealadach’.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 6, an chéad chéim, nó ar ghrád AD 8, an chéad chéim. Is é EUR 6 066,59 an buntuarastal do ghrád AD 6 agus EUR 7 766,14 an buntuarastal do ghrád AD 8. Tá an tuarastal sin faoi réir cáin an Aontais agus asbhaintí eile dá bhforáiltear i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí rathúla a athrú i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Beidh an bunachar sonraí bailí go dtí an 31 Nollaig 2025. Féadfar síneadh a chur le bailíocht an liosta sin trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má chuirtear síneadh leis, déanfar na hiarrthóirí a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta a chur ar an eolas in am trátha.