This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

CRUTHÚ BUNACHAIR SONRAÍ GNÍOMHAIRÍ AR CONRADH (GRÚPA FEIDHME IV) I RÉIMSE NA CUMARSÁIDE PREASOIFIGEACH AGUS BAINISTEOIR POBAIL

Seirbhís : 06-Direction générale de la communication
Ref. : COMM IV 2022
Treoir d’iarrthóirí :

GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE

CRUTHÚ BUNACHAIR SONRAÍ

Gníomhairí ar conradh (grúpa feidhme IV) i réimse na cumarsáide

Preasoifigeach agus Bainisteoir Pobail

 

  1. Barúlacha ginearálta

Tá an fógra seo á eisiúint ag Ard-Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa d’fhonn bunachar sonraí d’iarrthóirí (gníomhairí ar conradh i ngrúpa feidhme IV) a bhunú i réimse na cumarsáide laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (AS COMM).

Feidhmeoidh an bunachar sonraí mar ghrúpa iarrthóirí le haghaidh earcaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i mBallstáit AE (Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa — EPLOnna).

A luaithe a bhunófar an bunachar sonraí, féadfar daoine a léirigh spéis a roghnú d’fholúntais foirne cúnta ar conradh a thiocfaidh chun cinn in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (AS COMM), i gcomhréir le forálacha Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CEOS). Déantar an roghnú i gcomhréir le forálacha Airteagal 7 (‘An Comhchoiste um roghnú foirne cúnta ar conradh (COSCON)’) agus Airteagal 8 (‘Nós imeachta roghnúcháin le haghaidh foirne ar conradh’) de na ‘Forálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme lena rialaítear comórtais agus nósanna imeachta roghnúcháin, earcú agus grádú oifigigh agus sheirbhísigh eile Pharlaimint na hEorpa’.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhoras ar bith amhail inscne, dath craicinn, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó cibé clann a bheith ar an iarrthóir nó í a bheith ag iompar clainne.

Féadfaidh daoine a bhfuil spéis acu a n-ainmneacha a bheith sa bhunachar sonraí a CV a chur isteach agus an fhoirm iarratais a chomhlánú tríd an ardán APPLY4EP, agus cuntas a chruthú ar dtús. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart dóibh an fógra seo a léamh go cúramach, cliceáil ar an táb ‘Apply online’ [Déan iarratas ar líne] agus céimeanna an nós imeachta iarratais ar líne a leanúint. Ba chóir dóibh an treoir atá ceangailte leis an bhfógra seo a léamh go cúramach freisin. Ní féidir ach aon chuntas amháin a chruthú ar APPLY4EP. Déanfar na sonraí pearsanta arna gclárú sa chuntas a phróiseáil agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á urramú go hiomlán, agus beidh siad fós inmhodhnaithe d’fhonn iad a thabhairt cothrom le dáta. Tá an ráiteas príobháideachais le haghaidh APPLY4EP ar fáil ar a leathanach baile.

 

  1. Cur síos ar an bpost

Is é misean AS COMM ‘clú an Aontais Eorpaigh a fhorbairt trína dhlisteanacht dhaonlathach a thaispeáint, atá corpraithe i bParlaimint na hEorpa’, mar go bhfuil cumhacht dhaonlathach agus tionchar na Parlaiminte ag brath ar shainordú a vótálaithe i ngach Ballstát. Bíonn tionchar láidir ag gach cinneadh a dhéanann an tAontas ar shaoránaigh. Is é príomhchuspóir AS COMM faisnéis iomlán agus neamhchlaonta a chur ar fáil do shaoránaigh agus do na meáin maidir leis an obair a dhéanann an Pharlaimint, agus cumhacht a thabhairt do shaoránaigh páirt a ghlacadh i bpróiseas daonlathach na hEorpa. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, tá roinnt príomhbhealaí ag AS COMM chun cumarsáid a dhéanamh faoina ndéanann an Pharlaimint agus faoina seasann sí, lena n-áirítear caidreamh preasa, oifigí idirchaidrimh sna Ballstáit, seirbhísí cuairteoirí, na meáin thraidisiúnta agus ar líne agus na meáin íoctha, líonraí iolraitheora poiblí agus príobháideacha, pobal saoránach agus tionchairí rannpháirteacha. 

Ina theannta sin, tugann AS COMM cúnamh d’Fheisirí ina gcuid gníomhaíochtaí cumarsáide agus cuireann sé saintacaíocht agus sainchomhairle ar fáil d’údaráis pholaitiúla na Parlaiminte i réimse na cumarsáide.

Tá an méid seo a leanas á lorg ag AS COMM:

a) Preasoifigigh

b) Bainisteoirí Comhphobail

Postáilte sna hOifigí Idirchaidrimh sna Ballstáit (EPLOanna), is féidir iarraidh ar oifigigh phreasa agus ar bhainisteoirí pobail ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

 

  1. Dualgais

I gcomhréir leis na cláir agus na tosaíochtaí arna sainiú ag comhlachtaí agus/nó bainistíocht na Parlaiminte, agus faoi údarás na n-oifigeach atá freagrach:

a) Preasoifigigh

  • Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na Parlaiminte a ullmhú, a chur in eagar, a fhoilsiú agus a dháileadh ar na meáin agus/nó ar an bpobal i gcoitinne.
  • Téacsanna a chur in oiriúint agus a dhréachtú ina dteanga náisiúnta agus iad a dháileadh ar na meáin ábhartha.
  • Caidreamh nua a fhorbairt leis na meáin, tithe meán cuairte a fhorbairt, ina mbíonn iriseoirí nua agus cruthaitheoirí ábhair páirteach go rialta.
  • Cúnamh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) i dteagmhálacha leis an bpreas: seisiúin faisnéise a eagrú as líne agus ar líne, láithreacht iriseoirí a áirithiú agus agallaimh a eagrú.
  • Rannchuidiú le feachtais nó gníomhaíochtaí meán a bhaineann le tosaíochtaí eagarthóireachta, le tionscadail EPLOnna agus le mór-mhíreanna de ghníomhaíocht reachtach na Parlaiminte.
  • Iriseoirí agus na meáin a shainaithint agus díriú orthu bunaithe ar a leasanna, a n-inniúlachtaí agus a stíl chun tairiscint ad hoc a ullmhú dóibh. Iriseoirí a thabhairt cothrom le dáta maidir le forbairtí fíor-ama trí fheidhmchláir teachtaireachtaí meandracha.
  • Cuireadh a thabhairt d’iriseoirí chuig seisiúin iomlánacha na Parlaiminte nó chuig imeachtaí cumarsáide eile agus cabhrú leo le linn a dturas preasa.
  • Seimineáir phreasa agus seisiúin faisnéise don phreas a eagrú (ar líne, as líne agus i bhfoirm hibrideach) sa Bhruiséil, in Strasbourg nó sna Ballstáit.
  • Foláireamh a thabhairt maidir le bréagaisnéis/mífhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ann faoin bParlaimint agus cuidiú le freagairtí a mhúnlú más gá/nuair is gá.
  • Faireachán a dhéanamh ar an bpreas náisiúnta agus áitiúil, anailís a dhéanamh ar na meáin, aird a tharraingt ar fhorbairtí polaitiúla agus tuairisciú úsáideach eile.
  • Táirgí, seirbhísí agus áiseanna ilmheán atá ar fáil a chur chun cinn agus cabhrú le hiriseoirí a úsáideann iad.
  • Rannchuidiú le bainistíocht fhónta riaracháin agus airgeadais na roinne, i gcomhréir leis na rialacháin atá i bhfeidhm.

Eolas sonrach atá á lorg

  • Scileanna scríbhneoireachta (preaseisiúintí, téacsanna don phobal i gcoitinne, etc.).
  • Eolas ar earnáil na hiriseoireachta, ar chaidreamh leis na meáin agus ar straitéisí cumarsáide, lena n-áirítear straitéisí do na meáin agus pleananna do na meáin a ullmhú.
  • Eolas ar thírdhreach na meán sna Ballstáit.
  • Eolas ar threochtaí cumarsáide.
  • Eolas ar ilmheáin, ar chumarsáid dhigiteach, ar úsáid na meán sóisialta san iriseoireacht agus sa chaidreamh leis na meáin.
  • Eolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha.
  • Eolas ar nósanna imeachta riaracháin, buiséadacha agus bainistíochta sa réimse ábhartha.

b) Bainisteoirí pobail

  • Láithreacht na Parlaiminte ar gach ardán ar líne a bhainistiú agus a chothabháil, lena n-áirítear an t-ábhar bunaidh a ullmhú agus a fhoilsiú, chomh maith le faireachán agus modhnóireacht a dhéanamh ar ábhar tríú páirtí.
  • Monatóireacht agus modhnóireacht a dhéanamh ar an gcomhrá ar na meáin shóisialta i bhfíor-am chun ábhair imní reatha an phobail a shainaithint.
  • Gníomhaíochtaí cumarsáide digití a reáchtáil in Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLOnna), go sonrach lena ndéantar faireachán, cothabháil agus gníomhachtú ar bhunachar sonraí na Bainistíochta Caidrimh le Custaiméirí (CRM).
  • A áirithiú go ndéantar measúnú tionchair ar ghníomhaíochtaí cumarsáide EPLOnna agus/nó seirbhísí meán.
  • Na hionstraimí cumarsáide agus faisnéise uile atá ar fáil a dhearadh agus a fhorbairt: suíomh gréasáin agus na meáin shóisialta, comhléiriúcháin chlosamhairc, foilseacháin atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne, etc.
  • Gníomhaíochtaí cumarsáide le saoránaigh, páirtithe leasmhara, iolraitheoirí tuairimí, daoine óga, an tsochaí shibhialta, scoileanna, ollscoileanna, etc. a cheapadh, a eagrú agus a chur chun feidhme.
  • Láithreacht a bhainistiú agus a chothabháil don roinn ar líonraí sóisialta.

Eolas sonrach atá á lorg

  • Eolas ar úsáid líonraí sóisialta.
  • Eolas ar theicnící cumarsáide meán Idirlín.
  • Eolas ar uirlisí anailíseacha agus ar bhainistíocht sonraí atá ábhartha do réimse na ngníomhaíochtaí, d’fhonn treochtaí nó patrúin i dtacair chasta sonraí a shainaithint, a anailísiú agus a léirmhíniú.
  • Tuiscint ar shaincheisteanna polaitiúla inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
  • Eolas ar uirlisí léiriúcháin grafacha agus ilmheán (den chineál Adobe).
  • Eolas ar úsáid na meán sóisialta i réimse na hiriseoireachta.
  • Eolas ar theicnící iriseoireachta ilmheán, modhanna foilsitheoireachta ar líne, straitéisí eagarthóireachta ar na meáin nua, próisis dáileacháin leictreonacha agus teicnící cumarsáide gréasáin.
  • Eolas ar na meáin in earnáil gheografach amháin nó níos mó sa tír fostaíochta.
  • Eolas ar nósanna imeachta riaracháin, buiséadacha agus bainistíochta sa réimse ábhartha.

 

  1. Incháilitheacht

a. Critéir ghinearálta

  • Beidh na hiarrthóirí ina saoránaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;
  • Beidh a ndualgais comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi dhlíthe náisiúnta maidir le seirbhís mhíleata;
  • Déanfaidh siad na teistiméireachtaí carachtair cuí a chur ar fáil maidir lena oiriúnaí atá siad chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

b. Critéir shonracha

i. Cáilíochtaí agus scileanna is gá

  • leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa ollscoile trí bliana ar a laghad a bheith críochnaithe agus sin á fhianú ag dioplóma;

 nó

  • oiliúint ghairmiúil ar leibhéal coibhéiseach i gcás go bhfuil údar maith leis chun leasa na seirbhíse.

Sula n-earcófar iad, iarrfar ar na hiarrthóirí a roghnófar, agus a mbeidh a n-ainmneacha san áireamh sa bhunachar sonraí, doiciméid a sholáthar a bheidh mar chruthúnas ar an bhfaisnéis atá san fhoirm iarratais (dioplómaí, teastais agus doiciméid tacaíochta eile).

Ní mór dioplómaí, cibé acu i mBallstát nó i dtír neamh-AE a eisítear iad, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, amhail an Aireacht Oideachais.

Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas í coibhéis-AE a sholáthar dá gcuid dioplómaí. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí neamh-AE a aithint ar fáil i líonraí ENIC-NARIC (https://www.enic-naric.net/).

ii. Eolas ar theangacha

Ní mór d’iarrthóirí eolas sármhaith (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (Teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,

agus

eolas an-mhaith (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (Teanga 2). Ní mór do Theanga 2 a bheith éagsúil le Teanga 1. Más é an Béarla an teanga a roghnaigh an t-iarrthóir mar Theanga 1, ní mór eolas sásúil (leibhéal B2) a bheith ag an iarrthóir ar cheann de 23 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil thuasluaite le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, léamh, éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Freagraíonn na cumais sin dóibh siúd atá sonraithe i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills).

Cuirtear in iúl d’iarratasóirí gur sonraíodh Béarla mar Theanga 2 don nós imeachta seo chun bunachar sonraí a bhunú ar mhaithe leis an tseirbhís agus, go sonrach, le leas Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide. Ní mór do na daoine a bhfuil a n-ainmneacha sa bhunachar sonraí a bheith in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an gCeanncheathrú sa Bhruiséil.

Le fírinne, is é an Béarla an teanga is minice a úsáidtear sa chumarsáid laistigh de na haonaid san Ard-Stiúrthóireacht agus idir na haonaid sin. Ina theannta sin, is é an teanga is minice a úsáidtear chun déileáil leis na stiúrthóireachtaí eile in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, in Ard-Stiúrthóireachtaí eile agus in údaráis pholaitiúla agus riaracháin na Parlaiminte.

Ina theannta sin, is i mBéarla a bhunaítear na feidhmchláir agus na creataí atá ann cheana le haghaidh bainistíocht phobail - maidir leis an gcuid is mó de chórais Bainistíochta Caidrimh Chustaiméirí (CRM) agus bogearraí chun rannpháirtíocht ar líne a dhéanamh, úsáideann siad an Béarla mar theanga cúil chomh maith leis na feidhmchláir mhóra a úsáidtear chun tascanna laethúla speisialtóra rannpháirtíochta a dhéanamh.

I gcás Preasoifigeach, is cuid dá gcúraimí laethúla iad na teagmhálacha le Feisirí Parlaiminte (FPEnna) agus le hiriseoirí ó thíortha eile, chomh maith le preasagallaimh, seimineáir agus seisiúin faisnéise a eagrú le gné thrasnáisiúnta nó uile-Eorpach.

Dá réir sin, chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór do na hiarrthóirí a earcófar a bheith in ann obair a dhéanamh agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i mBéarla.

Ar mhaithe le cóir chomhionann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá Béarla ina phríomhtheanga oifigiúil acu, eolas sásúil a bheith acu ar dhara teanga, teanga nach mór a bheith ar cheann de theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

iii. Taithí ghairmiúil riachtanach

Tar éis dóibh na cáilíochtaí a luaitear i roinn (4.b.i) thuas a bhaint amach, ní mór d’iarratasóirí bliain amháin ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith faighte acu a bhaineann leis na dualgais a shonraítear i roinn 3.a nó 3.b thuas.

 

  1. Bunachar sonraí

Más rud é

  • go gcomhlíonann tú na coinníollacha ginearálta incháilitheachta,
  • agus go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe agat ar ardán APPLY4EP agus go bhfuil na cóid (féach thíos ‘Iarratais a chur isteach’) curtha in iúl go cuí agat i gcomhréir leis an nós imeachta agus faoin sprioc atá leagtha síos,

cuirfear d’ainm san áireamh sa bhunachar sonraí.

Beidh áireamh d’ainm sa bhunachar sonraí bunaithe ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus sna doiciméid a bheidh curtha isteach agat, agus uirthi sin amháin. Déanfar an fhaisnéis sin agus na doiciméid sin a fhíorú níos déanaí, má dhéantar tairiscint earcaíochta duit.

Tar éis duit a bheith curtha sa bhunachar sonraí, is féidir go dtabharfar cuireadh duit páirt a ghlacadh i dtriail roghnúcháin. Má thugtar cuireadh duit chuig triail roghnúcháin, gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin gcineál trialacha a bheidh agat ag an am sin.

 

  1. Iarratais — conas spéis a léiriú?

Ní mór do dhaoine a bhfuil spéis acu a bhfoirm iarratais a chomhlánú ar ardán ar líne APPLY4EP . Is tríd an ardán sin amháin is féidir léirithe spéise a chur isteach.

Nuair a bheidh do chuntas cruthaithe agat, ní mór duit curriculum vitae mionsonraithe a uaslódáil. Ní mór duit formáid Europass a úsáid (https://europa.eu/europass/select-language?destination=/node/1).

Ní mór duit ansin an chuid eile den fhoirm iarratais a chomhlánú.

Iarrtar ar iarrthóirí cóid shonracha a úsáid ina n-iarratas ar Thaithí Ghairmiúil. I gcás gach taithí, más ábhartha, iarrtar ar iarrthóirí cód amháin nó níos mó a chur le hábhar an phoist chun aird a tharraingt ar scileanna áirithe agus cur síos á dhéanamh acu ar an taithí ghairmiúil sin. Féadfaidh na hiarrthóirí roinnt cód a úsáid ag brath ar an gcúlra atá acu. Is féidir le hiarrthóirí an cód/na cóid do gach taithí a chur ag deireadh an bhosca téacs d’ábhar an phoist. Tá sampla (gabháil scáileáin) den chaoi ar féidir cód a chur leis an bhfeidhmchlár ar fáil sa treoir d’iarrthóirí. Is é is aidhm do na cóid (e.g. [MJ], idem i ngach teanga) ná go mbeifí in ann iarrthóirí a shainaithint a bhfuil scileanna teicniúla sonracha acu. Tá gach cód nasctha le scil ar leith.

Is féidir leis na hiarrthóirí na cóid seo a leanas a úsáid:

Oifigigh Preasa - Na Meáin - Cóid speisialta le húsáid, más infheidhme:

  • [MJ] Iriseoireacht
  • [MN] Meáin Náisiúnta
  • [MD] Meáin Dhigiteacha
  • [MPSO] Eagraíocht Seimineáir Preasa
  • [MRM] Bainistíocht Caidrimh leis na Meáin
  • [MEU] Gnóthaí AE

Bainisteoirí Pobail - Na Meáin Shóisialta (SM) - Cóid speisialta le húsáid, más infheidhme: 

  • [SMCM] Bainistíocht Phobail
  • [SMDOLC] Cumarsáid Dhigiteach/Cumarsáid ar líne
  • [SMSMP] Ardáin/Bainistíocht na Meán Sóisialta
  • [SMCRM] Bainistíocht Caidrimh le Custaiméirí
  • [SMNEU] Gnóthaí Náisiúnta agus AE

Ní mór go mbeadh doiciméid tacaíochta ag gabháil leis an bhfaisnéis sin.

Is é an 15 Márta 2023 an dáta deiridh le haghaidh léirithe spéise. Ní ghlacfar le hiarratais a fhaightear i ndiaidh an dáta sin.

Má chuirtear d’ainm sa bhunachar sonraí nó má éiríonn leat sa triail roghnúcháin, ní hionann sin agus a rá go dtairgfear post duit. I gcás ina mbeidh conradh le dámhachtain, féachfaidh na seirbhísí earcaíochta ar an mbunachar sonraí agus tabharfaidh siad cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí is fearr a gcomhfhreagraíonn a bpróifíl do riachtanais an phoist lena mbaineann. Má fhaightear amach gur thug iarrthóirí faisnéis atá míchruinn, déanfar iad a eisiamh ón nós imeachta agus bainfear a n-ainm den bhunachar sonraí.

Déanann Parlaimint na hEorpa beartas comhionannais deiseanna a chur i bhfeidhm go mionchúiseach i ndáil lena nósanna imeachta roghnúcháin, chun go ráthaítear cóir chomhionann i gcás gach iarrthóra.

Is le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CEOS) a rialaítear coinníollacha oibre institiúidí AE. Tá mionsonraí iomlána na socruithe oibre le fáil anseo:  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20140501&from=EN (Teideal IV, ‘Contract staff’ [Foirne ar conradh]).

Amhail ón 1 Iúil 2022, tá an buntuarastal míosúil socraithe ag méid atá idir EUR 3 877.47 agus EUR 7 189.80 (grúpa feidhme IV), ag brath ar oiliúint agus ar thaithí shonrach ghairmiúil an iarrthóra.

Beidh an bunachar sonraí bailí go dtí an 31 Nollaig 2025. Féadfar a bhailíocht a fhadú le cinneadh ón údarás ceapacháin. Sa chás sin, cuirfear na hiarrthóirí atá ar an liosta ar an eolas in am trátha.