This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

PE/258/S - FOIREANN SHEALADACH, CÚNTÓIR SA CHAIDREAMH LEIS NA HÚDARÁIS NÁISIÚNTA (AST 5)

Suíomh : An Bhruiséil
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 30/09/2021 12:00
Seirbhís : 01-Cabinet du Secrétaire général, direction de l’innovation et des services centraux
Ref. : PE/258/S - TEMPORARY STAFF (Assistant)
Treoir d’iarrthóirí :

Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’Iarrthóirí atá i gceangal leis an bhfógra folúntais seo a léamh go cúramach.

Is cuid dhílis den fhógra folúntais í an Treoir sin. Cabhróidh sé leat tuiscint a fháil ar na rialacha a rialaíonn na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa agus conas iarratas a dhéanamh.


CLÁR

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

B. NÓS IMEACHTA

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINN: TREOIR D’IARRTHÓIRÍ MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA

 

 

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

1. Barúlacha ginearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post sealadach mar chúntóir (AST 5) a líonadh. Is post sa chaidreamh leis na húdaráis náisiúnta atá ann in Oifig Phearsanta an Ardrúnaí.

Is ar feadh tréimhse éiginnte ama a dhéanfar an conradh. Déanfar an earcaíocht ar ghrád AST 5, an chéad chéim, ag a bhfuil an buntuarastal EUR 4 917,29 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile a leagtar síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 ón gComhairle an 22 Márta 2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15). Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar an t-iarrthóir rathúil a choigeartú i gcomhréir leis an taithí ghairmiúil a bheidh aige nó aici. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Déantar foireann shealadach a fhostú ar mhaithe le seirbhísí ó dhaoine ag a bhfuil an caighdeán is airde cumas, éifeachtúlacht agus ionracas a chinntiú don institiúid agus gur daoine iad sin a earcaítear ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhoras ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, nó a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

2. Cúraimí an phoist

Agus é nó í ag obair in Oifig an Ard-Rúnaí, beidh an cúntóir sa chaidreamh leis na húdaráis náisiúnta i gceannas ar na teagmhálacha leis húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha, go príomha le húdaráis thrí stát óstacha áiteanna oibre Pharlaimint na hEorpa, an Fhrainc, Lucsamburg agus an Bheilg; Tá an cúntóir freagrach go príomha as ullmhú na meithleacha, tacú leo agus obair leantach a dhéanamh ina leith leis na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha ar an leibhéal riaracháin agus polaitiúil i réimsí iomadúla d’obair na Parlaiminte. Déanfaidh an cúntóir na nithe seo a leanas freisin:

  • comhfhreagras a dhréachtú, sa Fhraincis den chuid is mó, le húdaráis réigiúnacha agus náisiúnta, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde,
  • déileáil le comhaontuithe comhpháirtíochta agus cuairteoirí,
  • déileáil le comhlachais a bhfuil baint acu le gnóthaí Eorpacha, go háirithe iad siúd de chuid na Fraince, na Beilge, Lucsamburg agus réigiúin teorann na Gearmáine.

Sa chomhthéacs sin, ní mór scileanna láidre eagrúcháin a bheith agat. Is buntáiste é taithí roimhe seo a bheith agat i suíomh idirnáisiúnta agus go háirithe i bParlaimint. Ós rud é bhfuil go leor teagmhálacha inmheánacha agus seachtracha i gceist leis an bpost, teastaíonn scileanna scríbhneoireachta den scoth, tuiscint ardfhorbartha ar an taidhleoireacht, éascaíocht mhór cumarsáide agus scileanna idirphearsanta an-mhaith.

Tá an post lonnaithe sa Bhruiséil ach féadfar é a aistriú chuig ceann d’áiteanna oibre eile na Parlaiminte. Tá sé i gceist leis an bpost taisteal go rialta idir trí áit oibre na Parlaiminte (an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg), chomh maith le háiteanna eile.

Áireofar na nithe seo a leanas sna príomhdhualgais:

  • Gníomhaíochtaí meithleacha le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha a ullmhú, tacú leo agus obair leantach a dhéanamh orthu, go háirithe gníomhaíochtaí na Fraince, Lucsamburg agus na Beilge, faisnéis a chur ar aghaidh suas an t-ordlathas agus anauas uaidh;
  • Teagmhálacha a dhéanamh agus idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha, go háirithe iad siúd de chuid na Fraince, Lucsamburg agus na Beilge;
  • Cuidiú le meithleacha le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha le cúraimí riaracháin éagsúla, go háirithe miontuairiscí a dhréachtú;
  • Maidir le caibidlíochtaí comhaontuithe riaracháin le húdaráis náisiúnta nó réigiúnacha, agus comhlachais a bhfuil baint acu le gnóthaí Eorpacha, go háirithe de chuid na Fraince, Lucsamburg, na Beilge agus réigiúin teorann na Gearmáine, iad a ullmhú, tacú lena ndéanamh agud iad a thabhairt chun críche;
  • Comhaid a thiomsú de réir nósanna imeachta seanbhunaithe, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, agus faisnéis chríochnaitheach ábhartha a sholáthar do na húdaráis chinnteoireachta, más gá;
  • Obair leantach a dhéanamh maidir le cinntí, faisnéis a sholáthar mar fhreagra ar fhiosrúcháin ar dhul chun cinn sna cásanna, agus achoimrí a dhréachtú, go minic le spriocdhátaí dochta;
  • Cuairteanna a eagrú, fáiltiú roimh chuairteoirí agus cúraimí sonracha eile a dhéanamh laistigh de réimse gníomhaíochtaí na roinne.

Teastaíonn na hinniúlachtaí seo a leanas le haghaidh na ndualgas sin:

  • Scileanna eagrúcháin agus pleanála
  • Scileanna anailíse agus tuisceana
  • Cur chuige críochnúil
  • Scileanna idirphearsanta agus líonraithe
  • Rúndacht/discréid
  • A bheith in ann torthaí a bhaint amach faoi bhrú ama
  • Stuaim agus taidhleoireacht

3. Incháilitheacht

Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta agat:

(a) Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, ní mór d’iarrthóirí:

  • a bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,
  • a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu,
  • a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí,
  • na teistméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b) Coinníollacha sonracha

(i) Na cáilíochtaí agus na scileannna is gá

Éilítear na nithe seo a leanas ar na hiarrthóirí:

  • leibhéal oideachais iar-mheánleibhéil a bhfuil teastas nó dioplóma mar fhianú air,

  • leibhéal oideachais meán-leibhéil a bhfuil teastas nó dioplóma mar fhianú air lena dtugtar rochtain ar oideachas iar-mheánleibhéil, chomh maith le taithí gairmiúil de thrí bliana ar a laghad i ndiaidh an teastais nó an dioplóma atá ábhartha do na dualgais. Ní chuirfear na trí bliana sin de thaithí ghairmiúil san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear anseo thíos.

Tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar chórais dhifriúla oideachais sna Ballstáit. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí a éilítear sa tábla atá sa Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa.

(ii) An taithí ghairmiúil is gá

Tar éis duit na cáilíochtaí thuasluaite a fháil, caithfidh cúig bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith agat a bhaineann leis na dualgais a shonraítear i roinn A.2. Is buntáiste é taithí roimhe seo a bheith agat i suíomh idirnáisiúnta, agus go háirithe i bParlaimint.

(Iii) Eolas ar theangacha

Ní mór sáreolas (leibhéal C1) a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris

agus

sáreolas (leibhéal C1) ar an bhFraincis (teanga 2). Ní mór do Theanga 2 a bheith éagsúil le Teanga 1. I gcás inarb í an Fhraincis teanga 1, is gá eolas sásúil (leibhéal B2) a bheith ar cheann amháin de na 23 theanga oifigiúla eile san Aontas Eorpach.

Is buntáiste é eolas a bheith ar an nGearmáinis agus/nó ar an Ollainnis.

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil is gá thuas le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, léamh, éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Freagraíonn na hinniúlachtaí sin dóibh siúd a shonraítear sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/ga/common-european-framework-reference).

Cuirtear in iúl d’iarratasóirí go bhfuil an riachtanas sonrach teanga, i.e. sáreolas ar an bhFraincis, leagtha síos ar mhaithe le leasanna na seirbhíse i leith riachtanais shonracha an phoist.

Go sonrach, is í an Fhraincis an phríomhtheanga sa chumarsáid le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha thrí stát óstacha áiteanna oibre Pharlaimint na hEorpa, an Fhrainc, an Bheilg, agus Lucsamburg agus ceann de na teangacha is minice a úsáidtear i gcumarsáid inmheánach Pharlaimint na hEorpa. Dá réir sin, chun go gcomhlíonfaí a dualgais nó a dhualgais, dá dtagraítear i roinn A. 2 den fhógra earcaíochta seo, agus chun a áirithiú go rithfear an tseirbhís go rianúil, caithfidh an gníomhaire sealadach a earcófar a bheith in ann oibriú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh sa Fhraincis.

Meastar gur buntáiste é eolas ar an Gearmáinis agus/nó ar an Ollainnis, ós rud gur féidir gá a bheith leis an Ollainnis i gcumarsáid le húdaráis na Beilge agus leis an nGearmáinis i gcumarsáid le húdaráis Lucsamburg agus le comhlachais ó réigiúin teorann na Gearmáine a bhfuil baint acu le gnóthaí na hEorpa.

Ina theannta sin, ar mhaithe le cóir chomhionann éilítear ar gach iarrthóir, fiú má tá Fraincis acu mar chéad teanga oifigiúil, eolas sásúil a bheith acu ar dhara teanga, a chaithfidh a bheith ar cheann de theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

B. Nós Imeachta

1. Glacadh isteach chuig an nós imeachta roghnúcháin

Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an nós imeachta.

Má chomhlíonann tú

  • na coinníollacha ginearálta incháilitheachta agus
  • má tá d’iarratas curtha isteach agat de réir na rialacha a leagtar síos agus faoin dáta deiridh i gcomhair iarratais,

déanfaidh an coiste roghnúcháin do chomhad iarratais a mheasúnú i bhfianaise na gcoinníollacha sonracha incháilitheachta.

Má chomhlíonann tú na coinníollacha sonracha incháilitheachta, glacfaidh an coiste roghnúcháin isteach
sa nós imeachta roghnúcháin thú.

Déanfaidh an coiste roghnúcháin cinneadh bunaithe go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm iarratais agus a dtabharfaidh doiciméid tacaíochta bunús léi (le haghaidh tuilleadh mionsonraí féach an Treoir d’Iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa).

2. Measúnú ar cháilíochtaí

Bunaithe ar thábla marcála a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a nglacfar leo sa nós imeachta roghnúcháin agus tarraingeoidh sé suas liosta den dáréag iarrthóirí is fearr, a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an triail scríofa.

Agus measúnú á dhéanamh ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, beidh aird ar leith ag an gcoiste roghnúcháin ar na gnéithe seo a leanas (a gcaithfear bunús a thabhairt leo le doiciméid tacaíochta a chuirfear i gceangal leis an gcomhad iarratais):

  • cáilíochtaí agus dioplómaí breise atá ábhartha do na dualgais;
  • taithí ar shainchomhaid a thiomsú;
  • taithí ar dhréachtú litreacha, nótaí, achoimrí, miontuairiscí i bhFraincis;
  • taithí ar idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha;
  • taithí ar chúnamh a thabhairt le cúraimí riaracháin agus ar bhearta leantacha a dhéanamh i ndáil le cinntí;
  • taithí ghairmiúil i dtimpeallacht ilchultúrtha agus ilnáisiúnta.

Marcanna: 0 go 20 pointe

3. Trialacha

Triail scríofa

a) Tástáil dréachtaithe sa Fhraincis, bunaithe ar shraith doiciméad, chun do chumas na dualgais a thuairiscítear i Roinn A.2 a chomhlíonadh agus riachtanais ghnó a thuiscint, réitigh a sholáthar agus tacú le húsáideoirí deiridh.

Fad ama na trialach: 90 nóiméad
Marcanna: 0 go 20 pointe (pasmharc: 10 bpointe).

Féadfar an tástáil a eagrú go cianda agus ar líne (ríomhaire-bhunaithe).

Iarrfar ar an seisear iarrthóirí ag a mbeidh na pointí is airde freastal ar na trialacha cainte, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc faighte acu.

Trialacha cainte

b) Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin sa Fhraincis chun measúnú a dhéanamh, agus an fhaisnéis uile atá i do chomhad iarratais á chur i gcuntas, ar d’oiriúnacht chun na dualgais a leagtar amach i Roinn A.2. a chomhlíonadh. Féadfaidh an coiste roghnúcháin a chinneadh tástáil a dhéanamh ar d’eolas ar theangacha a bheidh sonraithe i d’iarratas agat.

Fad ama na trialach: 45 nóiméad
Marcanna: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe)
Féadfar an tástáil a eagrú go cianda agus ar líne (ríomhaire-bhunaithe).

c) Rólimirt nó gníomhaíocht i nGrúpa sa Fhraincis chun cur ar chumas an choiste roghnúcháin d’inoiriúnaitheacht agus do scileanna caibidlíochta agus do scileanna idirphearsanta a mheas.

Fad ama na trialach: 25 nóiméad
Marcanna: 0 go 20 pointe (pasmharc: 10 bpointe).
Féadfar an tástáil a eagrú go cianda agus ar líne (ríomhaire-bhunaithe).

Gheobhaidh tú treoracha na dtrialacha scríofa agus cainte in am trátha. Tá na trialacha beartaithe le haghaidh dáta agus am ar leith. Mura bhfreagraíonn tú cuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanaamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, beidh tú dícháilithe. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Mura gcloíonn tú leis na treoracha nó má dhéanann tú aon ghníomhaíocht nach bhfuil comhsheasmhach leis na treoracha, dícháileofar láithreach thú.

4. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Beidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, de réir ord tuillteanais, an triúr iarrthóirí ag a mbeidh na marcanna is airde san iomlán sa nós imeachta (an measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha) agus ar éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach triail.

Cuirfear na hiarrthóirí ar an eolas go leithleach i scríbhinn faoina dtorthaí.

Foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar inlíon Pharlaimint na hEorpa.

Rachaidh tréimhse bhailíochta an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2024; féadfar an tréimhse sin a fhadú, áfach. Má dhéantar é a fhadú, cuirfear an méid sin in iúl luath go maith do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainm ar an liosta.

Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh go léir a thabhairt ar aird i gcomhair fíordheimhniú, lena n-áirítear dioplómaí agus deimhniúcháin oibre.

Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit cuntas a bheith agat ar an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA. Ní fhéadfaidh tú ach cuntas AMHÁIN a chruthú. Chun é sin a dhéanamh, cliceáil ar an gcnaipe ‘Déan iarratas ar líne’ ag bun an leathanaigh.

Iarrtar ort an Treoir d’Iarrthóirí maidir leis na nósanna imeachta a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú d’fhoirm iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

12.00 (meán lae), am na Bruiséile, an 30 Meán Fómhair 2021.

Cuirfear admháil chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe.

Iarrtar ar na hiarrthóirí GAN GLAO TEILEAFÓIN a dhéanamh chun eolas a fháil faoi sceideal an nós imeachta.