This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE BUNACHAR SONRAÍ A BHUNÚ - OIFIGEACH TFC (GRÚPA FEIDHME III)

Suíomh : An Bhruiséil ; Lucsamburg ; Strasbourg
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 30/06/2025 17:00
Seirbhís : 00-Parlaimint na hEorpa
Ref. : ICT officer (function group III)
Treoir d’iarrthóirí :

GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE

BUNACHAR SONRAÍ A BHUNÚ

Foireann ar conradh i réimse na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide 

Oifigeach TFC (grúpa feidhme III) 

1.      Nótaí ginearálta

Tá an glao seo á eisiúint ag Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa d’fhonn bunachar sonraí fairsing d’iarrthóirí a bhunú d’fhoireann ar conradh i ngrúpa feidhme III sa réimse TFC. Tá an glao seo ar léiriú spéise le haghaidh Gníomhaire ar Conradh (‘CA-AMI’) dírithe go príomha ar thacaíocht a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil (AS ITEC).

Fónfaidh an bunachar sonraí mar bhuíon iarrthóirí d’oifigigh TFC a chuimsíonn raon leathan próifílí inmheánacha TFC, ag cumhdach raon leathan scileanna, arb iarrthóirí iad a a d’fhéadfaí a earcú amach anseo i dtrí phríomháit oibre Pharlaimint na hEorpa, agus béim ar leith á leagan ar ár n-áiteanna oibre i Lucsamburg agus in Strasbourg. 

De réir mar is gá, maidir le daoine a bhfuil a n-ainmneacha sa bhunachar sonraí, féadfar iad a roghnú agus poist a thairiscint dóibh mar fhoireann chúnta ar conradh, i gcomhréir le forálacha Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). 

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus fáiltíonn sí roimh iarrthóirí gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, dath craicinn, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

Más mian leat d’ainm a chur san áireamh sa bhunachar sonraí, cuir isteach do CV agus líon isteach an fhoirm iarratais tríd an ardán APPLY4EP. Tosaigh trí chuntas a chruthú. Léigh an glao seo go cúramach lena áirithiú go gcomhlíonann tú na critéir. Ansin cliceáil ar an táb ‘Apply online’[Déan iarratas ar líne] agus lean céimeanna an nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh. Bí cinnte go léann tú go cúramach an treoir a ghabhann leis an nglao seo freisin. Ní féidir ach cuntas amháin a chruthú in APPLY4EP. Déanfar na sonraí pearsanta a chlárófar sa chuntas a phróiseáil agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á urramú go hiomlán, agus leanfaidh siad de bheith inmhodhnaithe, le gur féidir iad a thabhairt cothrom le dáta. Tá an ráiteas príobháideachais le haghaidh APPLY4EP ar fáil ar a leathanach baile.

2.      Sainchuntas poist

Tá oifigigh TFC freagrach as tacaíocht theicniúil agus cúnamh teicniúil a sholáthar a bhaineann le córais ríomhaireachta, crua-earraí agus bogearraí. Tá sé de chúram orthu oibriú rianúil acmhainní TFC laistigh den eagraíocht a áirithiú. 

D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith ar na príomhfhreagrachtaí: 

       tacaíocht theicniúil, lena gcuirtear tacaíocht ar fáil chun saincheisteanna a bhaineann le córais ríomhaireachta, lena n-áirítear bogearraí agus crua-earraí, a réiteach go cianda nó go pearsanta;

       cothabháil agus uasghráduithe, seiceálacha agus cothabháil rialta a dhéanamh ar chórais líonra agus ar ríomhairí chun a áirithiú go bhfuil siad ag feidhmiú i gceart. Is éard atá i gceist leis sin freisin crua-earraí ríomhaireachta, bogearraí, córais, líonraí, feistí ilfheidhmeacha, printéirí agus scanóirí a shuiteáil agus a chumrú;

       cúnamh agus oiliúint d’úsáideoirí, ag cabhrú le Feisirí den Pharlaimint, leis an bhfoireann nó le cliaint trí shraith gníomhaíochtaí, bídís ar bhonn duine le duine nó ar an bhfón, chun cabhrú le córais a chur ar bun nó saincheisteanna a réiteach; oiliúint a chur ar úsáideoirí maidir le córais nua agus feidhmchláir bogearraí, agus treoir a thabhairt maidir le dea-chleachtas TF;

       fabhtcheartú, diagnóisiú agus réiteach lochtanna crua-earraí nó bogearraí. Áirítear leis sin fabhtcheartú a dhéanamh ar shaincheisteanna líonra, earráidí córais a dhiagnóisiú agus réitigh láithreacha a sholáthar nó saincheisteanna casta a atreorú chuig speisialtóirí TF ardleibhéil;

       doiciméadacht trí thaifid a choimeád ar shaincheisteanna agus ar réitigh, trí dhoiciméadacht an chórais a thabhairt cothrom le dáta agus trí fhardal TF agus bainistiú sócmhainní a chothabháil;

       faireachán agus anailís a dhéanamh ar chórais faisnéise agus sonraí, fabhtcheartú a dhéanamh ar fhadhbanna a bhaineann le sonraí chun sláine sonraí a áirithiú;

       cibearshlándáil trí phrótacail slándála a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh orthu chun sonraí a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe, cóip chúltaca a dhéanamh de chórais chun caillteanas sonraí a chosc agus a áirithiú go bhfuil córais frithvíreas agus ballaí dóiteáin cothrom le dáta agus ag feidhmiú i gceart;

       réitigh TFC a chothabháil agus a fhorbairt chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach le húsáid agus oiriúnach don fheidhm;

       cásanna tástála a dhearadh d’fheidhmchláir Pharlaimint na hEorpa (PE), tástálacha a dhéanamh (tástálacha feidhmiúla, cúlchéimnithe, taiscéalaíocha, comhoiriúnachta le cumraíocht chaighdeáin Pharlaimint na hEorpa) i roinnt timpeallachtaí TFC de chuid Pharlaimint na hEorpa, measúnú a dhéanamh ar thorthaí tástála, lochtanna a thuairisciú agus obair leantach a dhéanamh orthu, tuarascálacha tástála a chruthú do thionscadail agus d’fhoirne feidhmiúcháin;

       tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail agus d’fhoirne TFC, doiciméadacht tionscadail a dhréachtú agus a chothabháil, lena n-áirítear sceidil tionscadail, tuarascálacha stádais, cuir i láthair, acmhainní, pleananna, cumarsáid le geallsealbhóirí an tionscadail.

Tá ról ríthábhachtach ag oifigigh TFC in oibríochtaí laethúla ár n-eagraíochta trína áirithiú go bhfuil na hacmhainní TFC go léir oibríochtúil, rud a chuireann ar chumas comhaltaí agus fostaithe a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach. 

Féadfar an méid seo a leanas a chumhdach sa réimse gníomhaíochta sin:

-       bonneagar TFC, lena n-áirítear an néal, gréasáin agus meánearraí;

-       an t-ionad oibre digiteach, an t-uathoibriú oifige, an ríomhaireacht mhóibíleach, an phriontáil mhóibíleach;

-       feidhmchláir TFC a fhorbairt, a chumrú, a thástáil, a oibriú agus a chothabháil, réitigh réamhcheaptha a fháil, a chur chun feidhme agus a chothabháil;

-       modheolaíochtaí Agile, DevSecOps, faireachán agus inbhreathnaitheacht feidhmchlár/bonneagair, ITIL;

-       bainistiú sonraí, samhaltú sonraí agus anailísíocht sonraí;

-       an chibearshlándáil;

-       an intleacht shaorga.

3.      Cúraimí

I gcomhréir leis na cláir agus na tosaíochtaí arna sainiú ag comhlachtaí agus/nó bainistíocht na Parlaiminte, oibreoidh an t-oifigeach TFC ar raon cúraimí ag brath ar an tseirbhís ina n-earcaítear é, lena n-áirítear:

1)     idirghníomhú le húsáideoirí deiridh, measúnuithe ar riachtanais a dhéanamh agus comhairle a thabhairt sna réimsí ábhartha freagrachta;

2)     suiteáil, fabhtcheartú agus feidhmiú, go cianda nó go pearsanta: deisiúcháin ar chórais oifige, ar bhogearraí, ar chrua-earraí nó ar threalamh forimeallach de réir sonraíochtaí deartha nó suiteála;

3)     freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin úsáideoirí maidir le hoibríochtaí bogearraí nó crua-earraí, taifid a choinneáil ar idirbhearta cumarsáide laethúla, ar fhiosruithe agus ar ghníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, nó ar ghníomhaíochtaí suiteála;

4)     comhordú a dhéanamh ar ríomhchláraitheoirí feidhmchlár, forbróirí córas agus gairmithe TFC eile chun táirgí agus seirbhísí TFC a fhorbairt, a chothabháil agus a thástáil;

5)     cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’uirlisí bainistithe sonraí, fabhtcheartú fadhbanna a bhaineann le sonraí, slándáil agus sláine sonraí a áirithiú;

6)     anailís ghnó agus theicniúil a dhéanamh i gcomhar le húsáideoirí agus le foirne teicniúla;

7)     úsáideoirí a chur ar an eolas agus/nó oiliúint a chur orthu: treoracha i scríbhinn a tharraingt suas don úsáideoir, iarratais a dhoiciméadú, rannchuidiú leis an mbonn eolais ábhartha a fheabhsú;

8)     na cúraimí laethúla a dhéanamh, an bonn eolais ábhartha a cheadú agus a chothú, obair leantach a dhéanamh ar an nós imeachta comhaontaithe agus ar na sreafaí oibre comhaontaithe, an ticéadú formheasta agus córais ábhartha eile a úsáid;

9)     mífheidhmiú féideartha agus riachtanais atá ag teacht chun cinn a bhrath agus na léargais ábhartha a chur ar aghaidh chuig an lucht ceannais;

10)  tacú le tionscadail IS agus anailísíochta sonraí trí chúnamh a thabhairt chun sonraí a ullmhú agus samhlacha a fhorbairt;

11)  cúnamh d’úsáideoirí le linn cianchruinnithe nó cruinnithe hibrideacha

An t-eolas sonrach atá á lorg:

Sa liosta seo a leanas liostaítear réimsí éagsúla saineolais. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, cé go bhfuil na réimsí eolais seo ábhartha, nach bhfuil gach gné éigeantach do gach folúntas. Beidh infheidhmeacht na réimsí eolais sin ag brath ar na seirbhísí sonracha a n-earcaítear iarrthóirí ina leith. Roghnófar na hiarrthóirí bunaithe ar an eolas sonrach atá acu ar shaineolas agus ar an bpróifíl is gá chun an folúntas a líonadh. 

1)     Eolas ar chomhpháirteanna crua-earraí ríomhaireachta, forimeallaigh, gairis ilfheidhmeacha, printéirí agus scanóirí, agus ar fhabhtcheartú saincheisteanna crua-earraí;

2)     Eolas ar chórais oibriúcháin agus ar fheidhmchláir bogearraí, lena n-áirítear foirne feidhmchlár oifige, cliaint ríomhphoist agus bogearraí speisialaithe atá ábhartha don eagraíocht;

3)     Eolas ar bhainistíocht saolré feidhmchlár, lena n-áirítear DevSecOps, modheolaíochtaí Agile, coimeádáin, ardfhaireachán agus inbhraiteacht;

4)     Eolas ar thimpeallachtaí freastalaithe, ar bhainistiú bunachar sonraí agus ar sheirbhísí néalríomhaireachta;

5)     Tuiscint ar rialachas sonraí agus nósanna imeachta bainistithe sonraí (bailiú, anailís, dáileadh), eolas ar theicneolaíochtaí nua-aimseartha bunachar sonraí agus córas faisnéise;

6)     An cumas saincheisteanna teicniúla a dhiagnóisiú agus a réiteach go héifeachtúil; an cumas taighde a dhéanamh ar réitigh ar fhadhbanna nua nó saincheisteanna a atreorú go hiomchuí;

7)     Eolas ar bhogearraí agus/nó ar phacáistí forbartha (teangacha ríomhchlárúcháin, córais um bainistiú bunachair sonraí);

8)     Eolas ar chaighdeáin agus ar theicneolaíochtaí tionscail TFC;

9)     Sáreolas ar uirlisí comhoibríocha, físchomhdhála agus ilmheán;

10)  Eolas ar mhodheolaíochtaí bainistíochta tionscadal (PMI, PRINCE2);

11)  Eolas ar theicnící tástála chun tástálacha a phleanáil agus a chur i gcrích, taithí ar uirlisí bogearraí chun tástáil a uathoibriú nó chun cuidiú le tástáil, eolas ar mhodheolaíochtaí tástála éagsúla (Waterfall, iterative, Agile, Scrum etc.);

12)  Sárscileanna cumarsáide briathartha agus scríofa chun coincheapa teicniúla a mhíniú d’úsáideoirí neamhtheicniúla;

13)  Gealltanas go mbeifear cothrom le dáta maidir leis an dul chun cinn teicneolaíochta is déanaí agus leis na dea-chleachtais is déanaí sa tacaíocht TFC;

14)  Béim láidir ar thacaíocht ardcháilíochta a chur ar fáil chun sástacht úsáideoirí a fheabhsú; An cumas cásanna struis a láimhseáil go socair agus go gairmiúil;

15)  An cumas a bheith ag obair i bhfoireann agus go neamhspleách.

4.      Incháilitheacht

Le bheith incháilithe d’earcaíocht fhéideartha amach anseo do phost mar ghníomhaire ar conradh, ní mór d’iarrthóirí na critéir ghinearálta agus shonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

a.      Critéir ghinearálta 

·        Beidh na hiarrthóirí ina saoránaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

·        Beidh a ndualgais comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi dhlíthe náisiúnta maidir le seirbhís mhíleata;

·        Cuirfidh siad na teistiméireachtaí carachtair ar fáil maidir lena n-oiriúnacht do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

b.     Critéir shonracha 

1)        Cáilíochtaí agus scileanna riachtanacha

(i) leibhéal oideachais iar-mheánleibhéil a bhfuil teastas nó dioplóma mar fhianú air, 

(ii) leibhéal oideachais meán-leibhéil a bhfuil teastas nó dioplóma mar fhianú air lena dtugtar rochtain ar oideachas iar-mheánleibhéil, agus taithí ghairmiúil chuí ar feadh trí bliana ar a laghad, 

           

(iii) oiliúint ghairmiúil nó taithí ghairmiúil ar leibhéal comhionann i gcás ina bhfuil údar maith léi chun leasa na seirbhíse.

Sula n-earcófar iad, iarrfar ar na hiarrthóirí doiciméid a sholáthar a bheidh mar chruthúnas ar an bhfaisnéis atá san fhoirm iarratais (dioplómaí, teastais agus doiciméid tacaíochta eile).

Maidir le dioplómaí, cibé acu i mBallstát nó i dtír neamh-AE a bronnadh iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais. 

Na hiarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a bhronn Ballstát neamh-AE, ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid dioplómaí a sholáthar. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí neamh-AE a aithint ar fáil i ngréasáin ENIC-NARIC (https://www.enic-naric.net/).

2) Eolas ar theangacha

Ní mór sáreolas (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris. 

agus

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2). Ní mór Teanga 2 a bheith éagsúil le Teanga 1. 

Ar mhaithe le cóir chomhionann, ní mór do gach iarrthóir arb é an Béarla nó an Fhraincis a phríomhtheanga eolas sásúil a bheith aige ar cheann de theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil thuasluaite le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, léamh, éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Comhfhreagraíonn na cumais sin do na cumais atá sonraithe sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europass.europa.eu/ga/common-european-framework-reference-language-skills). Tabhair faoi deara gurb é leibhéal C2 an leibhéal is airde sa chreat, agus gurb é A1 an leibhéal is ísle.

Is iad an Béarla agus an Fhraincis na teangacha is mó a úsáidtear chun cumarsáid a dhéanamh laistigh de na haonaid sna hArd-Stiúrthóireachtaí agus i measc na n-aonad sin agus údaráis pholaitiúla agus riaracháin na Parlaiminte.

Ós rud é go bhfuil na gairis agus na nósanna imeachta atá ann cheana sna sainréimsí sin seanbhunaithe sa Bhéarla, tá inniúlacht sa Bhéarla ríthábhachtach. Is é an Béarla an phríomhtheanga chumarsáide agus forbartha i réimse TF go hidirnáisiúnta agus laistigh d’fhormhór institiúidí an Aontais, lena gcuimsítear róil amhail ríomhchláraitheoirí, anailísithe agus ailtirí. Dá bhrí sin, tá inniúlacht i mBéarla riachtanach do na poist atá ar fáil.

Úsáidtear an Fhraincis go forleathan i seirbhísí TF laistigh de Pharlaimint na hEorpa agus dá hArd-Stiúrthóireachtaí. Ós rud é go bhfuil na poist lonnaithe go príomha i Lucsamburg agus in Strasbourg, áiteanna le láithreacht shuntasach soláthraithe seirbhíse TFC ina labhraítear Fraincis, tá inniúlacht sa Fhraincis riachtanach chun idirghníomhaíocht éifeachtach leis na foirne sin a éascú. 

Dá réir sin, chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh go héifeachtach agus dul i mbun oibre a luaithe is féidir, ní mór don fhoireann ar conradh a earcófar a bheith in ann oibriú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i mBéarla nó i bhFraincis.

3) Taithí ghairmiúil riachtanach

Tar éis dóibh na cáilíochtaí a luaitear sa roinn (4.b.i) thuas a bhaint amach, ní mór d’iarratasóirí bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre a bhaineann leis na dualgais a shonraítear i roinn 3 thuas a bheith bainte amach acu.

5.      Bunachar sonraí

Más rud é

·        go gcomhlíonann tú na coinníollacha ginearálta incháilitheachta, agus

·        go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe agat tríd an ardán APPLY4EP (féach thíos, ‘Applications’) i gcomhréir leis an nós imeachta agus faoin sprioc-am,

cuirfear d’ainm sa bhunachar sonraí.

Áireofar d’ainm sa bhunachar sonraí bunaithe ar an bhfaisnéis a thabharfar san fhoirm iarratais agus sna doiciméid a cheanglófar léi, agus ar an bhfaisnéis sin amháin. Déanfar an fhaisnéis agus na doiciméid sin a fhíorú níos faide anonn má dhéantar tairiscint earcaíochta leat.

De réir mar is gá, breathnóidh na seirbhísí earcaíochta ar an mbunachar sonraí chun iarrthóirí a bhfuil a bpróifílí ag teacht lena riachtanais shonracha a shainaithint agus a chur ar ghearrliosta, bunaithe ar an bhfaisnéis ina n-iarratais. Má chuirtear ar an ngearrliosta thú, tabharfar cuireadh duit trialacha agus/nó agallaimh a dhéanamh a dhéanfaidh na seirbhísí earcaíochta.  Tá na trialacha agus/nó na hagallaimh ceaptha d’oiriúnacht don phost ábhartha a mheas. Féadfar eolas ar theangacha a mheas le linn an phróisis sin freisin.

Tabhair faoi deara go ndéanfar iarrthóir a eisiamh ón bpróiseas roghnúcháin mar thoradh ar aon neamhréireachtaí a aimseofar idir an fhaisnéis a soláthraíodh agus na fíorais a suíodh trí fhíorú, go mbainfear a chuid sonraí den bhunachar sonraí agus nach dtairgfear conradh dó. 

6.      Iarratais - conas do spéis a chur in iúl

Ní mór do dhaoine ar mian leo spéis a léiriú a bhfoirm iarratais a chomhlánú tríd an ardán ar líne APPLY4EP.  Is tríd an ardán sin amháin is féidir léirithe spéise a chur isteach.

Nuair a bheidh do chuntas cruthaithe agat, ní mór duit curriculum vitae mionsonraithe a uaslódáil. Ní mór duit formáid Europass a úsáid (https://europa.eu/europass/select-language?destination=/node/1). 

Ina dhiaidh sin, ní mór duit an chuid eile den fhoirm iarratais a chomhlánú. 

Is é an dáta deiridh le haghaidh léirithe spéise ná 

an 30 Meitheamh 2025 ar 17.00 (am Lucsamburg)

Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar tar éis an dáta sin. 

Ní hionann d’ainm a chur isteach sa bhunachar sonraí nó cuireadh a fháil chun trialach nó chun agallaimh agus ráthaíocht go dtairgfear post duit. 

Cuireann Parlaimint na hEorpa dianbheartas comhdheiseanna i bhfeidhm i ndáil lena nósanna imeachta roghnúcháin chun a ráthú go gcaithfear go cothrom le gach iarrthóir.

Leagtar síos coinníollacha fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá mionsonraí iomlána na socruithe oibre le fáil anseo:  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20140501&from=EN  (Teideal IV) ‘Foireann ar conradh’).

Ón 1 Iúil 2023 i leith, is é an buntuarastal míosúil (foireann ar conradh, grúpa feidhme III) idir EUR 3 111,21 agus EUR 5 768,76, ag brath ar oiliúint agus ar thaithí ghairmiúil shonrach an iarrthóra. 

Beidh an bunachar sonraí bailí go dtí an 31 Nollaig 2025. Féadfar síneadh a chur lena bhailíocht le cinneadh ón údarás ceapacháin. Má chuirtear síneadh leis an liosta, cuirfear na hiarrthóirí ar cuireadh a n-ainmneacha ar an liosta ar an eolas in am trátha