This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

PROFLÉITHEOIRÍ/EAGARTHÓIRÍ TEANGA DO NA TEANGACHA SEO A LEANAS: AN BÉARLA, AN BHULGÁIRIS, AN DANMHAIRGIS, AN FHIONLAINNIS, AN FHRAINCIS, AN GHAEILGE, AN GHEARMÁINIS, AN LIOTUÁINIS, AN MHÁLTAIS, AN OLLAINNIS, AN RÓMÁINIS AGUS AN TSUALAINNIS

Suíomh : Lucsamburg
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 30/05/2025 17:00
Seirbhís : 09-Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin
Ref. : APPEL À MANIFESTATION D'INTÉRÊT PROOF-READERS/EDITORS
Treoir d’iarrthóirí :

GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE

BUNACHAR SONRAÍ A BHUNÚ

Profléitheoirí/Eagarthóirí teanga do na teangacha seo a leanas: an Béarla, an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Rómáinis agus an tSualainnis

Lucsamburg

Foireann shealadach (AST 3) agus foireann ar conradh (grúpa feidhme III) 

1.      Nótaí ginearálta

Tá an glao seo ar léiriú spéise á sheoladh ag Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa d’fhonn bunachar sonraí a bhunú d’iarrthóirí a mbeadh spéis acu i bhfolúntais amach anseo mar Phrofléitheoirí/Eagarthóirí teanga laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (AS TRAD) atá lonnaithe i Lucsamburg

Beidh an bunachar sonraí seo ina phainéal d’iarrthóirí a d’fhéadfaí a earcú, agus é mar aidhm leis ár gcumas teanga agus eagarthóireachta a neartú. 

A luaithe a bhunófar an bunachar sonraí, féadfar iarrthóirí a gcuirfear a n-ainmneacha sa bhunachar sonraí a roghnú mar ghníomhairí sealadacha chun folúntais le haghaidh Profléitheoirí/Eagarthóirí teanga in AS TRAD a líonadh, i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(b) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Roghnófar na hiarrthóirí sin i gcomhréir le forálacha Airteagal 4 (‘Comhchoiste (COPAR)’) de na Forálacha ginearálta cur chun feidhme lena rialaítear comórtais agus nósanna imeachta roghnúcháin, earcú agus grádú oifigigh agus sheirbhísigh eile Pharlaimint na hEorpa’.

Ar mhinicíocht níos lú ná sin, faoi réir acmhainní a bheith ar fáil agus mura mbeidh deiseanna ann do ghníomhairí sealadacha, féadfar iarrthóirí a gcuirfear a n-ainmneacha sa bhunachar sonraí a roghnú freisin le haghaidh folúntais don fhoireann chúnta ar conradh le haghaidh profléitheoirí/eagarthóirí teanga in AS TRAD, i gcomhréir le forálacha Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Roghnófar na hiarrthóirí sin i gcomhréir le forálacha Airteagal 7 (‘An Comhchoiste um roghnú foirne cúnta ar conradh (COSCON)’) agus Airteagal 8 (‘Nós imeachta roghnúcháin le haghaidh foirne ar conradh’) de na ‘Forálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme lena rialaítear comórtais agus nósanna imeachta roghnúcháin, earcú agus grádú oifigigh agus sheirbhísigh eile Pharlaimint na hEorpa’.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, dath craicinn, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

Más spéis leat a bheith mar chuid d’fhoireann dhinimiciúil a bhfuil sé de chúram uirthi cruinneas teanga agus soiléireacht doiciméad agus teachtaireachtaí parlaiminteacha a chinntiú, iarrtar ort do spéis a chur in iúl. Tá an ról sin ríthábhachtach chun ardchaighdeán an ilteangachais a seasann Parlaimint na hEorpa leis a choinneáil ar bun. Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit do CV a chur isteach agus an fhoirm iarratais a líonadh isteach tríd an ardán APPLY4EP, ag tosú trí chuntas a chruthú (mura bhfuil cuntas agat cheana féin). Chun é sin a dhéanamh, ba cheart duit an fógra seo a léamh go cúramach, cliceáil ar an táb ‘Apply online’[Déan iarratas ar líne] agus céimeanna an nós imeachta iarratais ar líne a leanúint. Ní mór duit freisin an treoir atá i gceangal leis an bhfógra seo a léamh go cúramach. Ní féidir leat ach aon chuntas amháin a bheith agat ar an ardán APPLY4EP. Déanfar na sonraí pearsanta a chlárófar sa chuntas a phróiseáil agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á urramú go hiomlán, agus leanfaidh siad de bheith inmhodhnaithe, le gur féidir iad sin a thabhairt cothrom le dáta. Tá an ráiteas príobháideachais le haghaidh APPLY4EP ar fáil ar a leathanach baile.

2.      Sainchuntas poist

Ag obair dóibh faoi mhaoirseacht agus i dtimpeallacht ríomhairithe, bíonn profléitheoirí/eagarthóirí teanga freagrach as, i measc tascanna éagsúla eile:

·        doiciméid a phrofáil;

·        téacsanna aistrithe a sheiceáil ar mhaithe le comhsheasmhacht leis an mbunteanga;

·        ábhar i bhformáidí agus meáin éagsúla a ullmhú agus a sheiceáil;

·        botúin litrithe, ghramadaí agus chomhréire a cheartú;

·        cuidiú le heagrú agus monatóireacht a dhéanamh ar na próisis táirgthe a bhaineann le foilsiú. 

Ní mór d’iarrthóirí na buanna seo a leanas a bheith acu:

·        sárscileanna profála, agus sáreolas ar ghramadach agus litriú i gceann de na teangacha seo a leanas: an Béarla, an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Rómáinis agus an tSualainnis (teanga 1);

·        eolas sásúil ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2); ní mór teanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1; más é an Béarla nó an Fhraincis an teanga a roghnaigh siad mar theanga 1, ní mór eolas sásúil a bheith acu ar cheann de na 23 theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh;

·        cumas chun oibriú ar bhealach solúbtha agus le spriocdhátaí dochta;

·        cur amach ar phróisis aistriúcháin agus ar chaighdeáin eagarthóireachta. 

3.      Cúraimí

I gcomhréir leis na cláir agus na tosaíochtaí arna sainiú ag comhlachtaí agus/nó bainistíocht na Parlaiminte, agus faoi údarás na n-oifigeach atá freagrach:

·        Téacsanna a phrofáil ó thaobh litriú, gramadaí, comhréire, poncaíochta, clóghrafaíochta, formáidiú, comhlíonadh teicniúil, tagairtí seachtracha a chomhlíonadh, etc.;

·        Téacsanna a sheiceáil ó thaobh comhsheasmhacht teangeolaíochta agus téarmaíochta, comhlíonadh gnásanna agus rialacha stíle, etc.;

·        Doiciméid a réamhphróiseáil agus a iarphróiseáil trí úsáid a bhaint as uirlisí aistriúcháin, bogearraí próiseála focal agus feidhmchláir oifige eile;

·        Téacsanna atá ann cheana a chuardach agus a ionchorprú (téacs caighdeánach, doiciméid tagartha, teidil, sleachta as na Conarthaí, sleachta as na rialacha, téacsanna ón gCoimisiún, etc.);

·        Dréachtaistriúcháin ar théacsanna gearra agus neamhreachtacha nó ar chodanna díobh a ullmhú;

·        Cuidiú a thabhairt d’aistritheoirí agus do théarmeolaithe sa roinn trí thaighde téarmaíochta a dhéanamh, bunachair shonraí téarmaíochta a nuashonrú, téarmaíocht a ullmhú le haghaidh aistriúcháin in uirlisí aistriúcháin ríomhchuidithe, etc.;

·        Cuidiú a thabhairt chun seiceálacha cáilíochta teicniúla agus teanga a dhéanamh ar théacsanna;

·        Cúraimí eile a bhaineann le teangacha a dhéanamh, amhail tras-scríobh, seiceáil ar chomhaid thras-scríofa, téacsanna i bhformáidí comhaid éagsúla a sheiceáil (ábhar meaisínaistriúcháin, comhaid fuaime, comhaid físe, etc.), ábhar a sheiceáil agus a mhodhnú le haghaidh suíomhanna gréasáin agus suíomhanna meán sóisialta;

·        Cuidiú a thabhairt maidir le hoiliúint, comhghleacaithe nua a chomhtháthú, oiliúint laistigh den roinn, uirlisí TF a fhorbairt.

Na hinniúlachtaí sonracha atá á lorg:

·        Feabhsú leanúnach

·        Solúbthacht

·        Spiorad foirne agus comhar

·        Díriú ar thorthaí

·        Iontaofacht

·        Cur chuige críochnúil

·        Scileanna anailíseacha agus tuisceana

Timpeallacht oibre:

·        Ualach oibre athraitheach, ag brath ar an amchlár parlaiminteach

·        Spriocdhátaí le comhlíonadh

4.      Incháilitheacht

Chun bheith incháilithe do dheiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ní mór duit na critéir ghinearálta agus shonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

a).      Critéir ghinearálta 

·        A bheith i do shaoránach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

·        Aon oibleagáid dlí náisiúnta a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat;

·        A bheith in ann na teistiméireachtaí carachtair iomchuí a chur ar fáil maidir le d’oiriúnacht chun na dualgais atá i gceist a chomhlíonadh.

b).     Critéir shonracha 

       i.           Cáilíochtaí agus scileanna a éilítear

Le haghaidh ghrád AST 3/FGIII, ar a laghad:

·        leibhéal oideachais iar-mheánleibhéil a bhfuil teastas nó dioplóma mar fhianú air,

·        leibhéal oideachais meán-leibhéil a bhfuil teastas nó dioplóma mar fhianú air lena dtugtar rochtain ar oideachas iar-mheánleibhéil, agus taithí ghairmiúil chuí ar feadh trí bliana ar a laghad, 

     nó

·        I gcás ina mbeidh údar léi ar mhaithe leis an tseirbhís, oiliúint ghairmiúil ar leibhéal comhionann.

Sula n-earcófar iad, iarrfar ar na hiarrthóirí a roghnófar agus a mbeidh a n-ainmneacha san áireamh sa bhunachar sonraí doiciméid a sholáthar a bheidh mar chruthúnas ar an bhfaisnéis atá san fhoirm iarratais (dioplómaí, teastais agus doiciméid tacaíochta eile).

Maidir le dioplómaí, cibé acu i mBallstát nó i dtír neamh-AE a bronnadh iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais. 

Na hiarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a bhronn Ballstát neamh-AE, ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid dioplómaí a sholáthar. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí neamh-AE a aithint ar fáil i ngréasáin ENIC-NARIC (https://www.enic-naric.net/).

Cuirfear na difríochtaí idir na córais oideachais san áireamh. Tá na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla atá sa treoir.

     ii.          Eolas ar theangacha

Ní mór na leibhéil eolais seo a leanas a bheith ag na hiarrthóirí:

·        sáreolas ar leibhéal na máthairtheanga ar cheann de na teangacha oifigiúla seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Rómáinis nó an tSualainnis; 

agus

·        eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla ar an bhFraincis (teanga 2). Ní mór Teanga 2 a bheith éagsúil le Teanga 1. Más é an Béarla nó an Fhraincis an teanga a roghnaigh siad mar theanga 1, ní mór eolas sásúil (leibhéal B2) a bheith acu ar cheann de 23 theanga oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. 

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil thuasluaite le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, léamh, éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Comhfhreagraíonn na cumais sin do na cumais atá sonraithe sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europass.europa.eu/ga/common-european-framework-reference-language-skills)

 

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur ar mhaithe leis an tseirbhís, agus go háirithe i gcás na bpost mar Phrofléitheoir/Eagarthóir teanga, a sonraíodh an dá rogha dara teanga (teanga 2), i.e. an Béarla nó an Fhraincis, le haghaidh an phróisis seo chun bunachar sonraí a bhunú.

Go deimhin, is iad an Béarla agus an Fhraincis na teangacha is mó a úsáidtear chun na dualgais a liostaítear faoi phointe 3 den ghlao ar léiriú spéise a chomhlíonadh. 

Dá réir sin, chun bheith in ann dul i mbun oibre láithreach, ní mór do na hiarrthóirí a earcófar a bheith in ann obair a dhéanamh agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i mBéarla nó i bhFraincis.

5.      Bunachar sonraí

Más rud é

·        go gcomhlíonann tú na coinníollacha ginearálta incháilitheachta, agus

·        go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe agat tríd an ardán APPLY4EP (féach thíos, ‘Applications’) i gcomhréir leis an nós imeachta agus faoin sprioc-am,

cuirfear d’ainm sa bhunachar sonraí.

Áireofar d’ainm sa bhunachar sonraí bunaithe ar an bhfaisnéis a thabharfar san fhoirm iarratais agus sna doiciméid a cheanglófar léi, agus ar an bhfaisnéis sin amháin. Déanfar an fhaisnéis agus na doiciméid sin a fhíorú níos faide anonn má fhaigheann tú tairiscint earcaíochta.

De réir mar is gá, déanfaidh na seirbhísí earcaíochta an bunachar sonraí a chuardach agus cuirfidh siad líon áirithe iarrthóirí a fhreagraíonn dá riachtanais ar an ngearrliosta, ar bhonn na faisnéise ina n-iarratas.

Má chuirtear ar an ngearrliosta thú, is féidir go dtabharfar cuireadh duit trialacha agus agallaimh a dhéanamh, a eagróidh na seirbhísí earcaíochta.

Is é is aidhm do na trialacha earcaíochta/agallaimh d’oiriúnacht don phost ábhartha a mheas agus d’fhéadfadh triail scríofa a bheith i gceist leo (e.g. téacs i dteanga 1 a phrofláil agus a cheartú). Féadfar d’eolas ar theangacha a mheasúnú freisin.

6.      Iarratais - conas do spéis a chur in iúl

Ní mór d’iarrthóirí ar mian leo spéis a léiriú an fhoirm iarratais a chur isteach ar an ardán ar líne APPLY4EP,  agus ar an ardán sin AMHÁIN. 

Nuair a bheidh do chuntas cruthaithe agat, ní mór duit curriculum vitae mionsonraithe a uaslódáil. Ní mór duit formáid Europass a úsáid (https://europa.eu/europass/select-language?destination=/node/1). 

Ina dhiaidh sin, ní mór duit an chuid eile den fhoirm iarratais a chomhlánú.    

Ní mór doiciméid tacaíochta a bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis.

Is féidir leat teacht ar aon treoracha breise faoi conas spéis a léiriú sa treoir atá i gceangal leis an nglao seo ar léiriú spéise.

Is é 17:00 (am Lucsamburg) an 30 Bealtaine 2025 an sprioc-am le haghaidh léiriú spéise a dhéanamh. Ní ghlacfar le léiriú spéise a gheofar tar éis an sprioc-ama. 

Ní hionann d’ainm a áireamh sa bhunachar sonraí nó rath a bheith ort in agallamh agus/nó i dtriail roghnúcháin agus deimhniú go dtairgfear post duit. Má bhíonn post ar fáil amach anseo, féadfaidh na seirbhísí earcaíochta an bunachar sonraí a cheadú agus cuireadh chun agallaimh a thabhairt do na hiarrthóirí sin is fearr a bhfuil a bpróifílí ag teacht le riachtanais an phoist atá i gceist. Má fhaightear amach gur thug tú faisnéis atá míchruinn, déanfar thú a eisiamh ón nós imeachta agus bainfear d’ainm den bhunachar sonraí.

Cuireann Parlaimint na hEorpa dianbheartas comhdheiseanna i bhfeidhm i ndáil lena nósanna imeachta roghnúcháin chun a ráthú go gcaithfear go cothrom le gach iarrthóir.

Leagtar síos coinníollacha fostaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá mionsonraí iomlána na socruithe oibre le fáil anseo: 

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140501 (Teideal II) ‘Foireann shealadach’ agus (Teideal IV) ‘Foireann ar conradh’).

Is ag grád AST 3, an chéad chéim, a earcófar baill foirne shealadacha. Is é EUR 4 302,25 an buntuarastal míosúil. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus asbhaintí eile dá bhforáiltear i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo a athrú i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Earcófar baill foirne ar conradh i bhfeidhmghrúpa III. Tá an buntuarastal míosúil idir EUR 3 111,21 agus EUR 5 768,76 (Grúpa Feidhme III), ag brath ar oiliúint agus ar thaithí ghairmiúil shonrach an iarrthóra. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus asbhaintí eile dá bhforáiltear i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Beidh an bunachar sonraí bailí go dtí an 31 Nollaig 2026. Féadfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh síneadh a chur lena bhailíocht. Sa chás sin, cuirfear na hiarrthóirí a bhfuil a n-ainmneacha sa bhunachar sonraí ar an eolas in am trátha.