Suíomh : An Bhruiséil
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 30/04/2026 12:00
Seirbhís : 03b-Ardstiúrthóireacht um Chomhtháthú, um Thalmhaíocht agus um Beartais Shóisialta
Ref. : PE/341/S/2026/CASP Management administrator (AD 9)
Treoir d’iarrthóirí : Íoslódáil treoir d’iarrthóirí

FÓGRA FOLÚNTAIS PE/341/2026/S/CASP 

 

BALL FOIRNE SEALADACH 

Riarthóir Bainistíochta (AD 9) 

 

Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i gcás na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa, ar Treoir í atá i gceangal leis an bhfógra folúntais seo, a léamh go cúramach. 

Tugann an Treoir sin, ar cuid dhílis den fhógra folúntais í, soiléiriú ar na rialacha lena rialaítear an próiseas roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh. 

 

CLÁR 

A.                TUAIRISC AR AN bPOST AGUS INCHÁILITHEACHT 

B.                NÓS IMEACHTA 

C.               IARRATAIS 

IARSCRÍBHINN:         AN TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I gCÁS NA NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN ARNA nEAGRÚ AG PARLAIMINT NA hEORPA

 

A. TUAIRISC AR AN bPOST AGUS INCHÁILITHEACHT 

1.     Barúlacha ginearálta 

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar bhall foirne sealadach amháin, ar ghrád AD 9, san Ard-Stiúrthóireacht um Chomhtháthú, um Thalmhaíocht agus um Beartais Shóisialta (AS CASP), a líonadh. Is í an Bhruiséil an áit oibre. 

Is í an phróifíl atáthar a lorg ná próifíl an Riarthóra Bainistíochta. 

Bainfidh an conradh le tréimhse éiginnte. Is ar ghrád AD 9, an chéad chéim, a earcófar an t-iarrthóir rathúil agus is é EUR 9 789.10 in aghaidh na míosa an buntuarastal a shaothróidh an duine sin.  Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais Eorpaigh agus na n-asbhaintí eile dá bhforáiltear i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfaidh an chéim ag a n-earcófar an t-iarrthóir a n-éireoidh leo a choigeartú i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Thairis sin, in imthosca áirithe, íocfar liúntais de bhreis ar an mbuntuarastal. 

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus cuireann sí fáilte roimh iarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhoras ar bith amhail inscne, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh. 

2.     Tuairisc ar an bpost 

Tá an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhtháthú, um Thalmhaíocht agus um Beartais Shóisialta (AS CASP) freagrach as obair na gcoistí parlaiminteacha a eagrú agus tacú leo i réimsí an bheartais comhtháthaithe, na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe, an iascaigh, an iompair agus na turasóireachta, na fostaíochta agus gnóthaí sóisialta. 

Is é a misean a chinntiú go bhfeidhmeoidh gníomhaíochtaí reachtacha agus neamhreachtacha go rianúil trí thacaíocht agus saineolas a chur ar fáil do rúnaíochtaí cúig bhuanchoiste agus coiste speisialta amháin: an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach (REGI); an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (AGRI); an Coiste um Iascach (PECH); an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN); an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (EMPL) agus an Coiste Speisialta um an nGéarchéim Thithíochta san Aontas Eorpach (HOUS).

Tugann an riarthóir bainistíochta comhairle d’Ard-Stiúrthóir AS CASP agus dá bhainistíocht shinsearach ar straitéisí agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn i réimsí gníomhaíochta an AS. Cuireann siad le sainmhíniú spriocanna agus cuspóirí eagraíochtúla, cinntíonn siad go ndéantar obair leantach ar ghníomhaíochtaí an AS, agus feidhmíonn siad mar idirchaidreamh idir an tArd-Stiúrthóir, aonaid inmheánacha agus geallsealbhóirí seachtracha. Baineann an ról le rannpháirtíocht an Ard-Stiúrthóra i gcruinnithe ardleibhéil chomhlachtaí Pharlaimint na hEorpa agus coistí parlaiminteacha ábhartha a chomhordú agus a ullmhú, chomh maith leis an Ard-Stiúrthóir a ionadú i ngrúpaí oibre nó i suíomhanna eile. Cuireann an riarthóir bainistíochta aiseolas tráthúil ar fáil don bhainistíocht shinsearach, comhordaíonn sé rannchuidiú AS CASP le próisis riaracháin chothrománacha agus ullmhaíonn sé ábhair eolais, cur i láthair agus tuarascálacha gonta, ardchaighdeáin. Tá siad freagrach chomh maith as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas tuairiscithe riaracháin. 

Éilíonn na freagrachtaí seo ardscileanna comhordúcháin, pleanála agus cumarsáide, ardleibhéal discréide, taidhleoireachta, agus an cumas chun idirghníomhú go héifeachtach le geallsealbhóirí ar gach leibhéal. Tá an cumas oibriú agus réitigh a aimsiú go neamhspleách ríthábhachtach. I measc na n-inniúlachtaí ríthábhachtacha eile is gá tá smaointeoireacht chriticiúil chun impleachtaí roghanna/gníomhartha éagsúla a mheas, agus an cumas faisnéis chasta a léirmhíniú agus moltaí soiléire a sholáthar. Is gá scileanna láidre dréachtaithe i bhformáidí éagsúla agus meon réamhghníomhach, comhoibríoch sa phost chomh maith.

Ní mór don iarrthóir rathúil a bheith ábalta ualaí oibre diana a bhainistiú go rialta, go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann araon, agus ba chóir go mbeadh sé compordach ag obair i dtimpeallacht oibre ilchultúrtha agus ilteangach. Tá eolas domhain ar fheidhmiú próiseas riaracháin laistigh de shuíomh institiúideach agus tuiscint mhaith ar fheidhmiú chomhlachtaí parlaiminteacha Pharlaimint na hEorpa ríthábhachtach. Ní mór tuiscint den scoth a bheith ag iarrthóir ar ról riarachán Pharlaimint na hEorpa i bpróiseas reachtach AE agus a bheith ábalta ábhair a bhaineann le réimsí saineolais AS CASP a thuiscint go tapa, i gcreat na hoibre coiste.  

Mar sin, is buntáiste mór é taithí ghairmiúil láidir sna hinstitiúidí Eorpacha.

Comhlíonfaidh an riarthóir bainistíochta na príomhdhualgais seo a leanas: 

       Comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir agus ar an mbainistíocht shinsearach i dtaobh forbairt agus athbhreithniú straitéise, agus a chinntiú go bhfuil sé ailínithe le tosaíochtaí reachtacha atá ag athrú i gcónaí.

       Cur le cinnteoireacht ardleibhéil trí ionchur dea-struchtúrtha, tráthúil agus ábhartha a sholáthar i réimsí saineolais na hArd-Stiúrthóireachta.

       Rannpháirtíocht an Ard-Stiúrthóra i gcruinnithe ardleibhéil chomhlachtaí Pharlaimint na hEorpa agus coistí parlaiminteacha ábhartha a chomhordú agus í a ionadú nuair is gá.

       Cuidiú na hArd-Stiúrthóireachta le próisis thrasnacha riaracháin Pharlaimint na hEorpa a chomhordú, ina bpléitear le geallsealbhóirí iomadúla agus ina réitítear leasanna éagsúla.

       Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh spriocdhátaí tuairiscithe agus é a chinntiú.

       Caidreamh a bhainistiú le geallsealbhóirí ar gach leibhéal, ina seastar le rúndacht agus ina léirítear taidhleoireacht.

       Gníomhaíochtaí ar fud na hArd-Stiúrthóireachta a mhaoirsiú, ina n-éascaítear cumarsáid laistigh den ordlathas agus idir stiúrthóireachtaí agus aonaid.

       Ábhair eolais, nótaí, tuarascálacha staitistiúla, pointí labhartha, cur i láthair, aiseolas agus doiciméid chúlra a ullmhú agus a dhréachtú.

       Ualaí oibre diana a bhainistiú go neamhspleách agus i gcomhar le chéile i dtimpeallacht ilchultúrtha, ilteangach atá casta ó thaobh institiúide de, ina dtarraingítear ar eolas domhain ar an bpróiseas reachtach agus ar fheidhmiú Pharlaimint na hEorpa. 

3.     Incháilitheacht 

Faoin dáta deiridh i gcomhair iarratas, ní mór na critéir ghinearálta agus shonracha incháilitheachta a bheith comhlíonta agat. 

(a)     Critéir ghinearálta 

Faoi Airteagal 12(2) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, ní mór duit: 

       a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,

       ní mór do chearta iomlána mar shaoránach a bheith agat,

       ní mór aon oibleagáidí arna bhforchur ort leis na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat, 

(b)     Critéir shonracha 

(i)      Na cáilíochtaí is gá 

       leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu, agus dioplóma ina dhearbhú air sin, nuair is é 4 bliana nó níos mó gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile, 

 

_         leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu, agus dioplóma ina dhearbhú air sin, agus bliain ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith acu atá ábhartha don sainchuntas poist (Roinn 2) nuair is é 3 bliana ar a laghad gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile. Ní dhéanfar an bhliain sin de thaithí ghairmiúil a chur san áireamh agus an tréimhse taithí gairmiúla is gá a shonraítear i bpointe 3(b)(ii) á ríomh. 

Is cuma cé acu i mBallstát an Aontais nó i dtír eile a bhronntar iad, ní mór do chéimeanna a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil i mBallstát an Aontais, amhail Aireacht Oideachais ceann de Bhallstáit an Aontais. 

Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas í coibhéis don Aontas a sholáthar dá gcuid dioplómaí, lena n-iarratas. Más bhíonn an nós imeachta coibhéise fós ar siúl, ní mór d’iarrthóirí cruthúnas a chur i gceangal gur cuireadh iarraidh ar aitheantas faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha. Ní mór an choibhéis a sholáthar, áfach, sula bhféadfar aon earcaíocht a dhéanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil, iarrtar ort féachaint ar an Treoir d’iarrthóirí i Nósanna Imeachta Roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa.

 

(ii)        An taithí ghairmiúil is gá 

Tar éis duit na cáilíochtaí lena dtugtar rochtain ar an bpróiseas roghnúcháin (féach pointe (i) thuas) a ghnóthú, ní mór an taithí ghairmiúil seo a leanas a bheith agat: 

       ní mór d’iarrthóirí a bheith tar éis 10 mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a fháil a bhaineann leis na dualgais atá sonraithe i Roinn A.2., agus 5 bliana díobh sin i riarachán náisiúnta nó in institiúidí nó in aighneachtaí an Aontais Eorpaigh.  

(iii)    Eolas ar theangacha 

Ní mór eolas críochnúil (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris, 

agus 

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2).

Ní mór teanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1. 

 

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur chun leasa na seirbhíse a leagtar síos na roghanna teanga don nós imeachta roghnúcháin seo, i.e. ní mór d’iarrthóirí eolas sásúil ar a laghad a bheith acu ar an mBéarla nó ar an bhFraincis mar theanga 2. Mar gheall ar na dualgais atá i gceist, teastaíonn scileanna sonracha chun post riarthóra bainistíochta in AS CASP: scileanna comhairle don lucht bainistíochta, anailíseacha, dréachtaithe, maoirseachta teicniúla, comhordaithe agus bainistíochta riaracháin. Go háirithe, oibreoidh an t-iarrthóir rathúil i ndlúthchomhar leanúnach leis an Ard-Stiúrthóir agus le lucht bainistíochta sinsearaí agus meánaí AS CASP, ag cur le machnaimh straitéise, próisis cinnteoireachta agus gníomhaíochtaí comhordúcháin ardleibhéil go díreach. Mar sin, ní mór go mbeidh an ball foirne nua-earcaithe ábalta na cúraimí atá le déanamh a thuiscint, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna casta, agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le hil-gheallsealbhóirí agus leis an lucht bainistíochta agus le comhghleacaithe. 

Tá eolas ar cheann amháin ar a laghad den dá theanga seo riachtanach más mian leis an mball foirne a bhfreagrachtaí agus riachtanais na seirbhíse a chomhall i gcomhthéacs na ndualgas a bheidh orthu a chomhlíonadh, go háirithe ina ról mar chomhéadan idir lucht bainistíochta AS CASP agus geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha. Áirítear leis seo an gá le caidrimh oibre a fhorbairt agus a chothabháil le geallsealbhóirí a úsáideann Béarla nó Fraincis go príomha, agus cur le cuspóirí a ghnóthú agus le tionscadail a chur i gcrích a bhaineann go sonrach leis an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhtháthú, um Thalmhaíocht agus um Beartais Shóisialta, áit a ndéantar malartuithe ar leibhéal bainistíochta go príomha i mBéarla agus i bhFraincis. 

Is iad an Béarla agus an Fhraincis na príomhtheangacha oibre a úsáidtear le haghaidh cumarsáide inmheánaí laistigh de na haonaid agus ar fud na hard-stiúrthóireachta. Is iad seo na teangacha a úsáidtear go príomha in idirghníomhaíochtaí leis an Ard-Stiúrthóir, leis na Stiúrthóirí agus leis na Cinn Aonad, agus chun eolas a ullmhú, pointí labhartha, nótaí straitéiseacha agus doiciméid eile atá beartaithe don lucht bainistíochta sinsearach. Is iad na teangacha is minice a úsáidtear sa phlé leis na hardstiúrthóireachtaí agus le húdaráis pholaitiúla agus riaracháin na Parlaiminte, ó thaobh doiciméid a dhréachtú. 

Cuireann an Ard-Stiúrthóireacht Ard-Stiúrthóireacht um Chomhtháthú, um Thalmhaíocht agus um Beartais Shóisialta an-bhéim ar chumarsáid éifeachtach idir a mbaill foirne. I gcomhréir le fógraí folúntais a fhoilsítear go rialta laistigh agus lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa, inar gá ar a laghad líofacht an-mhaith ar cheann de na teangacha seo agus eolas sásúil ar an gceann eile, tá údar oibiachtúil leis an teorainn atá ar roghanna teanga do Bhéarla agus do Fhraincis mar gheall ar chineál an phoist agus ar riachtanais oibríochtúla bhainistíocht AS CASP.

 

B. NÓS IMEACHTA

 Tá an nós imeachta bunaithe ar cháilíochtaí agus ar thrialacha. 

1.         Iontráil agus measúnú ar cháilíochtaí (an chéad chéim) 

(a)     Tarraingeoidh an t-údarás ceapacháin suas liosta d’iarrthóirí a mbeidh a n-iarratais curtha isteach acu san fhoirm is gá faoin dáta deiridh agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar amach i Roinn A.3.(a). Cuirfear é sin ar aghaidh chuig an gcoiste roghnúcháin maille leis na foirmeacha iarratais. 

Bunaithe go hiomlán ar an bhfaisnéis a thugtar ar an bhfoirm iarratais, agus doiciméid tacaíochta mar bhunús léi, a cuireadh isteach in éineacht leis an bhfoirm iarratais, i.e. faoin dáta deiridh le haghaidh iarratas; Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ar an Treoir d’iarrthóirí i gcás Nósanna Imeachta Roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa, pointe 3.3): 

(b)     Scrúdóidh an coiste roghnúcháin na doiciméid tacaíochta a chuirfear isteach chun a fhíorú cé acu iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha sonracha iontrála mar a leagtar amach i Roinn A.3(b); 

(c)     Déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a ghlacfar isteach trí úsáid a bhaint as an ngreille mharcála réamhshainithe agus tarraingeoidh sé suas liosta den 6 iarrthóir incháilithe is airde rangú, a dtabharfar cuireadh chun na dtrialacha dóibh. Tabharfaidh an coiste roghnúcháin cuireadh do gach iarrthóir atá ar comhscór don áit cháilitheach deiridh.

Le linn cáilíochtaí na n-iarrthóirí a mheasúnú, cuirfidh an coiste roghnúcháin na gnéithe seo a leanas i gcuntas (atá doiciméadaithe go cuí le fianaise thacaíochta a léiríonn go soiléir cineál na gcúraimí a dhéantar, fad na fostaíochta agus an comhthéacs ina bhfaightear an taithí): 

  1. cáilíochtaí agus dioplómaí is ábhartha don réimse (dlí, riarachán poiblí, eolaíocht pholaitiúil, eacnamaíocht, bainistíocht airgeadais);
  2. taithí ghairmiúil a bhaineann le comhordú próiseas, comhad nó tionscadal laistigh de thimpeallacht riaracháin nó institiúideach chasta, go háirithe obair leantach ar nósanna imeachta buiséadacha;
  3. taithí chruthaithe ar idirchaidreamh a dhéanamh trasna leibhéil ordlathacha, agus ar thacú le comhoibriú idir foirne agus seirbhísí éagsúla, go háirithe lena ngabhann comhlachtaí agus eintitis shinsearacha agus ardleibhéil;
  4. taithí ar obair leantach a dhéanamh ar chomhaid agus ar phróisis a chomhordú le seirbhísí agus/nó ranna eile i réimsí amhail riarachán, cumarsáid, comhall, go háirithe cosaint sonraí;
  5. taithí ar chabhrú le tionscadail nó le próisis riaracháin ar leibhéil éagsúla agus ar a chinntiú go ndéantar obair leantach orthu agus rannchuidiú lena gcríochnú rathúil;
  6. taithí shuaithinseach ar nótaí, seisiúin eolais, tuarascálacha staitistiúla, pointí labhartha agus cur i láthair a dhréachtú;
  7. taithí léirithe ar ullmhú do chruinnithe ardleibhéil agus ar pháirt a ghlacadh iontu, lena n-áirítear cruinnithe eolais, tuairisciú agus comhordú le comhlachtaí institiúideacha nó leis an leibhéal polaitiúil;
  8. taithí ar ionadaíocht a dhéanamh ar oifigeach nó ar eintiteas sinsearach i gcruinnithe agus/nó i ngrúpaí oibre, a bhaineann le nithe riaracháin, teicniúla nó straitéiseacha;
  9. cumas doiciméadaithe chun faisnéis íogair agus rúnda a bhainistiú le discréid agus le breithiúnas fónta;
  10. Cumas chun comhaid agus próisis a chomhordú i dtimpeallacht ilteangach. 

Marcáil: 0 go 20 pointe. 

Cuirfear in iúl duit, trí ríomhphost, an bhfuil cinneadh déanta ag an gcoiste roghnúcháin cuireadh chun na dtrialacha a thabhairt duit. 

 

2. Trialacha (an dara céim)

D’fhonn measúnú a dhéanamh ar eolas agus ar chumas na n-iarrthóirí atá ábhartha do na dualgais a thuairiscítear thuas, reáchtálfaidh an coiste roghnúcháin na trialacha seo a leanas:

Triail scríofa 

a) Triail dréachtaithe i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis) chun measúnú a dhéanamh ar do chumas na dualgais a gcuirtear síos orthu i bpointe A.2. a chomhlíonadh agus ar do scileanna dréachtaithe. 

Fad na trialach: 120 nóiméad ar a mhéad 

Marcáil: ó 0 go 40 pointe (an líon íosta pointí is gá: 20 pointe)

 

Triail chainte 

b) Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis) chun measúnú a dhéanamh ar do chumas chun na dualgais a gcuirtear síos orthu i bpointe A.2. a chomhlíonadh, chomh maith le d’eolas ar Pharlaimint na hEorpa. 

Fad uasta na trialach: 45 nóiméad ar a mhéad. 

Marcáil: ó 0 go 20 pointe (an líon íosta pointí is gá: 10 bpointe) 

Gheobhaidh tú treoracha maidir leis na trialacha in am trátha. Ní mór duit cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha. Mura gcloíonn tú leis na treoracha nó má dhéanann tú aon bhearta nach bhfuil comhsheasmhach leis na treoracha, dícháileofar thú láithreach. 

3.         Liostaí d’iarrthóirí oiriúnacha 

Déanfaidh an coiste roghnúcháin liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a tharraingt suas, ina mbeidh, in ord aibítre, ainmneacha an triúir iarrthóirí a mbeidh na scóir fhoriomlána is airde faighte acu sa nós imeachta (measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha), ar choinníoll go mbeidh pasmharc gnóthaithe ag an iarrthóir sa dá thriail. Áireofar ar an liosta aon iarrthóirí atá ar comhscór don áit deiridh. 

Cuirfear ar an eolas thú, i scríbhinn, faoi do thorthaí. 

Beidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha bailí ar feadh tréimhse dhá bhliain, ag tosú ón 1 Eanáir den bhliain i ndiaidh na bliana ina gceadaítear an liosta. Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin.

Má fhadaítear í, déanfar na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha ar na liostaí a chur ar an eolas faoi sin in am trátha.

 

C. IARRATAIS

 

Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search 

Ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i leith na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú an fhoirm iarratais a chomhlánú. 

Spriocdháta le haghaidh iarratas 

12.00 (meán lae), am na Bruiséile, an 30 Aibreán 2026. 

 

Seolfar admháil fála go huathoibríoch chugat a luaithe a bhailíochtófar d’fhoirm iarratais. 

Níor cheart duit teagmháil a dhéanamh maidir leis an nós imeachta roghnúcháin seo ach amháin trí do chuntas Apply4EP.

NÁ CUIR SCAIRT TEILEAFÓIN chun fiosrú a dhéanamh faoin nós imeachta roghnúcháin seo. 

Is fút féin atá sé bosca isteach an tseolta ríomhphoist a chuir tú in iúl ar do chuntas Apply4EP a sheiceáil go rialta.