FÓGRA EARCAÍOCHTA PE/342/2026/S/ITEC
BALL FOIRNE SEALADACH
Ceannaire tionscadail i réimse na dTeicneolaíochtaí Cumarsáide agus Faisnéise (TCF)
(AD 7)
Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí maidir leis na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa, ar Treoir í atá i gceangal leis an bhfógra folúntais seo, a léamh go cúramach.
Is cuid dhílis den fhógra earcaíochta í an Treoir, agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na rialacha maidir le nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.
CLÁR
A. TUAIRISC AR AN bPOST AGUS INCHÁILITHEACHT
B. NÓS IMEACHTA
C. IARRATAIS
IARSCRÍBHINN: AN TREOIR D’IARRTHÓIRÍ MAIDIR LEIS NA NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN ARNA nEAGRÚ AG PARLAIMINT NA hEORPA
A. TUAIRISC AR AN bPOST AGUS INCHÁILITHEACHT
1. Barúlacha ginearálta
Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post amháin do bhall foirne sealadach sa ghrád AD 7 a líonadh san Ard-Stiúrthóireacht um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil (AS ITEC).
Is í an phróifíl atá á lorg ná Ceannaire Tionscadail sa réimse TCF.
Bainfidh an conradh le tréimhse éiginnte. Is ar ghrád AD 7, an chéad chéim, a dhéanfar an earcaíocht, le buntuarastal de EUR 7 646.86 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais Eorpaigh agus na n-asbhaintí eile dá bhforáiltear i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfaidh an chéim ag a n-earcófar an t-iarrthóir a n-éireoidh leo a choigeartú i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus cuireann sí fáilte roimh iarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhoras ar bith amhail inscne, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
2. Tuairisc ar an bpost
Cuireann an Ard-Stiúrthóireacht um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil (AS ITEC) seirbhísí cuimsitheacha TF ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí reachtacha agus riaracháin Pharlaimint na hEorpa. Áirithíonn sé go ndéantar spás oibre inmheánach ilteangach a fhorbairt agus a chothabháil, rud a thugann rochtain shlán do na Feisirí agus don fhoireann ar dhoiciméid riachtanacha agus ar fhaisnéis riachtanach am ar bith agus áit ar bith. Ina theannta sin, tá AS ITEC freagrach as córais TF na Parlaiminte a dhearadh, a fhorbairt agus a bhainistiú, i gcomhréir le straitéis nuálaíochta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na bhFeisirí, na ngrúpaí polaitiúla agus na n-ardstiúrthóireachtaí.
Déanann AS ITEC maoirseacht freisin ar chur chun feidhme straitéise teicniúla atá slán agus inbhuanaithe do bhonneagar TF agus teileachumarsáide na Parlaiminte. Thairis sin, bainistíonn sé táirgeadh agus dáileadh leictreonach doiciméad parlaiminteach agus comhoibríonn sé le hOifig na bhFoilseachán chun téacsanna reachtacha agus doiciméid eile a fhoilsiú go hoifigiúil.
Beidh de cheangal ar an gceannaire tionscadail, a bheidh lonnaithe sa Bhruiséil, taisteal go rialta idir trí áit oibre Pharlaimint na hEorpa (an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg) agus áiteanna eile nach iad. Oibreoidh an ceannaire tionscadail i ndlúthchomhar leis an ardbhainistíocht agus le ranna éagsúla laistigh de AS ITEC, agus leis na hardstiúrthóireachtaí eile san Ardrúnaíocht agus, i gcás inar gá, le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an gceannaire tionscadail obair a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse seachtracha.
Seo a leanas na riachtanais don ról:
· eolas agus tuiscint ar bhainistiú sonraí agus rialachas sonraí, mar aon le taithí sa chumarsáid agus i mbainistiú athruithe;
· eolas ar phrionsabail na sonraí FAIR agus na sonraí oscailte, ar shonraí nasctha agus ar theicneolaíochtaí séimeantacha amhail stóras triarach RDF agus SPARQL;
· taithí ar ointeolaíochtaí a chruthú, bunachair sonraí graif agus fáil sonraí via SHACL;
· críochnúlacht, críonnacht agus scileanna láidre anailíse, pleanáil, cumais eagraíochtúla agus chumarsáide (lena n-áirítear dréachtú);
· taidhleoireacht, solúbthacht agus inoiriúnaitheacht i dtimpeallacht ilchultúrtha ilteangach;
· tionscnaíocht, spreagadh, athléimneacht, agus an cumas dul i mbun plé éifeachtach le daoine ar gach leibhéal, lena n-áirítear geallsealbhóirí agus soláthraithe seirbhíse seachtracha;
· acmhainneacht déileáil le réimse leathan fadhbanna ar minic a bhíonn siad casta, agus dul i mbun dianoibre ar bhonn rialta, go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann.
I ndiaidh na gclár agus na dtosaíochtaí arna mbunú ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte agus ag bainisteoirí an cheannaire tionscadail, déanfaidh an ceannaire tionscadail na príomhdhualgais seo a leanas:
- Dea-chleachtas a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le bainistiú sonraí corparáideacha agus rialachas sonraí.
- Beartais sonraí a dhréachtú agus próisis ábhartha sonraí a fhorbairt.
- Tionscadail sonraí a mhaoirsiú amhail catalóg sonraí na Parlaiminte a chothabháil agus a fhorbairt, tacú le rannpháirtíocht na n-úsáideoirí sonraí agus na n-úinéirí sonraí agus an t-ábhar agus feidhmiúlacht a shaibhriú.
- Uirlisí agus feidhmíochtaí nua a fhorbairt le haghaidh bainistiú sonraí.
- Samhaltú sonraí a chur i bhfeidhm agus caighdeáin cur chun feidhme a phróiseáil, sonraí tagartha agus ointeolaíochtaí i gcórais léirithe eolais a bhainistiú, nasc sonraí agus cáilíocht agus sláine sonraí a áirithiú.
- Teacht suas le tionscnaimh chumarsáide maidir le bainistiú sonraí agus cuidiú lena dtabhairt i gcrích.
- Rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus ailíniú leo a áirithiú sna ASanna gnó via an grúpa comhfhreagraithe sonraí áitiúla.
- Foclóirí séimeantacha a fhorbairt, formáidí doiciméad a shainiú agus tionscnaimh sonraí oscailte a chur chun cinn ar son ailíniú níos fearr le hinstitiúidí eile an Aontais.
- Anailís agus dréachtú a dhéanamh ar riachtanais úsáideora nó, i gcás inarb iomchuí, maoirseacht a dhéanamh ar tharraingt suas na staidéar sin.
- Staidéir indéantachta a tharraingt suas, réitigh theicniúla iomchuí a mholadh agus/nó a chur chun feidhme d’uirlisí bainistithe sonraí.
- Acmhainní daonna a dháileadh i gcomhréir leis an ualach oibre agus le staid dhul chun cinn na dtionscadal.
- Cuirí chun tairsceana i réimsí an-teicniúla a ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ina leith.
- Faireachán, comhordú agus rialú a dhéanamh ar bhainistíocht bhuiséadach agus chonarthach na dtionscadal.
- Treoirlínte, cuspóirí, treoracha agus faisnéis a chur timpeall.
- Comhairle a chur ar an mbainistíocht agus ar chomhghleacaithe i réimsí freagrachta an cheannaire tionscadail.
- Ionadaíocht a dhéanamh ar an bhfoireann i gcruinnithe, meithleacha agus fóraim chinnteoireachta a bhaineann le seirbhísí agus straitéis TF.
- Comhar idir geallsealbhóirí teicniúla agus neamhtheicniúla a éascú.
3. Incháilitheacht
Faoin dáta deiridh i gcomhair iarratas, ní mór na critéir ghinearálta agus shonracha incháilitheachta a bheith comhlíonta agat:
(a) Critéir ghinearálta
I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, ní mór duit:
– a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,
– do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat,
– do chuid dualgas a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí,
– na teistiméireachtaí carachtair iomchuí a bheith agat maidir lena oiriúnaí atá tú chun dul i mbun do dhualgas.
(b) Critéir shonracha
(i) Na cáilíochtaí is gá
· leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán ollscoile agus é fianaithe le dioplóma nuair is ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile,
nó
- leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán ollscoile agus é fianaithe le dioplóma, agus bliain amháin ar a laghad de thaithí ghairmiúil atá ábhartha i ndáil leis an sainchuntas poist (Roinn A.2) nuair is trí bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile. Ní chuirfear an bhliain ghairmiúil taithí seo san áireamh agus an tréimhse taithí gairmiúla is gá, arna sonrú i bpointe A.3(b)(ii), á ríomh.
Ní mór do chomhlacht oifigiúil de chuid Ballstát den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais, na dioplómaí, cibé acu a eisíodh iad i mBallstát nó i dtír nach tír den Aontas Eorpach í, a aithint.
Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas í coibhéis don Aontas a sholáthar dá gcuid dioplómaí, lena n-iarratas. Mura bhfuil coibhéis don Aontas ag iarrthóirí tráth an iarratais, ní mór dóibh fianaise gur thíolaic siad iarraidh ar an gcoibhéis sin don údarás náisiúnta ábhartha a chur i gceangal. Mar sin féin, ní mór dóibh coibhéis don Aontas a sholáthar sula n-earcófar iad. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin dóigh a n-aithnítear cáilíochtaí arna ngnóthú i dtír nach tír den Aontas Eorpach í i líonraí ENIC-NARIC, féach an nasc seo a leanas: https://www.enic-naric.net.
(ii) An taithí ghairmiúil is gá
Tar éis duit na cáilíochtaí lena dtugtar rochtain ar an bpróiseas roghnúcháin (féach pointe (i) thuas) a ghnóthú, ní mór an taithí ghairmiúil seo a leanas a bheith agat:
· ceithre bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bhaineann leis na dualgais atá sonraithe i roinn A.2. agus dhá cheann díobh sin i riarachán náisiúnta nó in institiúid nó i gcomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh.
(iii) Eolas ar theangacha
Ní mór eolas críochnúil (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,
agus
eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2).
Ní mór teanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1.
Déanfar iarrthóirí, a dteipeann orthu an Béarla nó an Fhraincis a chur in iúl mar theanga 2, a dhícháiliú.
Is chun leasa na seirbhíse a leagtar síos na roghanna teanga don nós imeachta roghnúcháin seo, i.e. an Béarla agus an Fhraincis. Mar gheall ar na dualgais atá i gceist, éilítear cumais shainiúla do phost an cheannaire tionscadail sa réimse TCF: scileanna anailíseacha, dréachtaithe, maoirseachta teicniúla agus bainistithe riaracháin. Dá bhrí sin, ní mór go mbeidh an ball foirne nua-earcaithe in ann na cúraimí a bheidh le déanamh a thuiscint, aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna, agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le hidirghabhálaithe seachtracha agus leis an lucht bainistíochta agus le comhghleacaithe.
Tá eolas ar cheann amháin ar a laghad den dá theanga sin riachtanach chun go gcomhlíonfaidh an ball foirne a gcuid freagrachtaí agus chun freastal ar riachtanais na seirbhíse, go háirithe chun caidreamh oibre éifeachtach a bhunú le geallsealbhóirí a úsáideann an Béarla nó an Fhraincis den chuid is mó. Tá sé sin ríthábhachtach chun cuspóirí a bhaint amach agus chun na tionscadail a bhaineann go sonrach le AS ITEC a chur i gcrích, arb iad an Béarla agus an Fhraincis na príomhtheangacha oibre inti.
Is í an Fhraincis an teanga is mó a úsáidtear chun cumarsáid inmheánach a dhéanamh laistigh de na haonaid den ardstiúrthóireacht dá sannfar an t-iarrthóir rathúil, agus i measc na n-aonad sin. San am céanna, is é an Béarla an teanga is mó a úsáidtear i bplé leis na stiúrthóireachtaí eile laistigh de AS ITEC, agus leis na hardstiúrthóireachtaí eile agus le húdaráis pholaitiúla agus riaracháin na Parlaiminte, go háirithe agus doiciméid á ndréachtú agus páirt á glacadh i bplé straitéiseach.
Úsáidtear an Béarla agus an Fhraincis freisin le linn na gcruinnithe, na seisiún oiliúna agus na gceardlann a nglacfaidh an t-iarrthóir a earcófar páirt ghníomhach iontu. Tá sé bunriachtanach freisin go mbeadh eolas maith ag na hiarrthóirí ar an bhFraincis i dtreo is go mbeidís in ann na rialacháin a thuiscint i gceart. Éilíonn an ról freisin ar an iarrthóir rathúil doiciméid a dhréachtú, staidéir a ullmhú agus tionscadail chasta a bhainistiú, agus caithfear gach ceann acu a chur in iúl go soiléir agus go cruinn. Tá go leor de na teachtaireachtaí inmheánacha agus seachtracha agus treoirlínte nós imeachta ar fáil go príomha i mBéarla agus i bhFraincis. Dá bhrí sin, tá eolas sármhaith ar an mBéarla agus/nó ar an bhFraincis ríthábhachtach chun léirmhíniú beacht, comhlíonadh agus obair ardcháilíochta a chinntiú.
Leagann AS ITEC béim shuntasach ar chumarsáid éifeachtach i measc a foirne chun comhar rianúil agus éifeachtúlacht oibríochtúil a áirithiú. Mar thoradh air sin, i ngach ceann d’fhógraí folúntais AS ITEC, idir fhógraí inmheánacha agus fhógraí seachtracha, ní mór d’iarrthóirí eolas maith a bheith acu ar cheann amháin den dá theanga sin agus eolas maith oibre ar an gceann eile. Cuirfidh inniúlacht i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin ar chumas an iarrthóra rathúil tascanna a dhéanamh go héifeachtúil i gcomhthéacsanna éagsúla teanga agus imeascadh go hiomlán i dtimpeallacht éagsúil ilteangach Pharlaimint na hEorpa.
B. NÓS IMEACHTA
Tá an nós imeachta bunaithe ar cháilíochtaí agus ar thrialacha:
1. Iontráil agus measúnú ar cháilíochtaí (an chéad chéim)
(a) Tarraingeoidh an t-údarás ceapacháin suas liosta d’iarrthóirí a mbeidh a n-iarratais curtha isteach acu san fhoirm is gá faoin dáta deiridh agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar amach i bpointe A.3(a). Cuirfear é sin ar aghaidh chuig an gcoiste roghnúcháin maille leis na foirmeacha iarratais.
Bunaithe ar an bhfaisnéis a thugtar san fhoirm iarratais amháin, agus doiciméid tacaíochta ag gabháil léi, a chuirfear isteach in éineacht leis an bhfoirm iarratais, faoin dáta deiridh chun iarratais a dhéanamh (chun teacht ar thuilleadh mionsonraí faoi sin, féach an Treoir d’iarrthóirí i leith na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa, pointe 3.3):
(b) Scrúdóidh an coiste roghnúcháin na doiciméid tacaíochta a chuirfear isteach chun a sheiceáil cé na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha sonracha iontrála mar a leagtar amach i bpointe A.3(b);
(c) Déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a ghlacfar isteach trí úsáid a bhaint as an ngreille mharcála réamhshainithe agus tarraingeoidh sé suas liosta den 6 iarrthóir incháilithe is airde rangú, a dtabharfar cuireadh chun na dtrialacha dóibh. Tabharfaidh an coiste roghnúcháin cuireadh do gach iarrthóir atá ar comhscór don áit cháilitheach deiridh.
Agus measúnú á dhéanamh aige ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, déanfaidh an coiste roghnúcháin na gnéithe seo a leanas a chur i gcuntas:
- dioplómaí agus cáilíochtaí gairmiúla ábhartha;
- taithí ghairmiúil ar bhainistíocht tionscadail, go háirithe taithí ar thionscadail TF a bhainistiú, bainistiú geallsealbhóirí agus doiciméid straitéiseacha a dhréachtú;
- eolas ar fheidhmchláir TF agus ar ardáin chomhoibritheacha;
- taithí ghairmiúil ar fhorbairt bogearraí, córais bhonneagair agus bunachair sonraí a thuiscint;
- scileanna anailíse gnó agus eolas ar bhailiú riachtanas, doiciméadú agus riachtanais ghnó a thiontú ina réitigh theicniúla;
- taithí ghairmiúil agus tuiscint ar bhainistiú sonraí agus rialachas sonraí, prionsabail sonraí agus prionsabail sonraí oscailte, sonraí nasctha agus teicneolaíochtaí séimeantacha;
- taithí ghairmiúil ar ointeolaíochtaí a chruthú, bunachair sonraí graif agus fáil sonraí via SHACL;
- taithí ghairmiúil ar cheannas a thabhairt d’fhoirne, tascanna a roinnt agus a áirithiú go dtugtar tionscadail chun críche in am agus laistigh dá mbuiséad;
- taithí phraiticiúil ar thacú le nósanna imeachta soláthair TF nó ar thabhairt fúthu, lena n-áirítear idirghníomhaíocht le díoltóirí seachtracha agus rannpháirtíocht i gcaibidlíocht conarthaí;
- taithí arb ionann í agus seirbhís nó feidhm TF i meithleacha, coistí nó struchtúir chomhordaithe thrasfheidhmiúla.
|
|
|
Déanfar measúnú ar iarrthóirí ar a scór foriomlán chun a n-oiriúnacht don phost a chinneadh.
Marcáil: 0 go 20 pointe.
Cuirfear in iúl duit le ríomhphost ar chinn an bord roghnúcháin thú a ligean isteach chun na trialacha a dhéanamh ar bhonn d’incháilitheachta agus ar bhonn na bpointí a ghnóthaigh tú sa mheasúnú cáilíochta.
2. Trialacha (an dara céim)
Reáchtálfar na trialacha i do theanga 2 (Béarla nó Fraincis) de réir mar atá léirithe i d’iarratas. D’fhonn measúnú a dhéanamh ar eolas na n-iarrthóirí, ar a scileanna agus ar a gcumas na dualgais a thuairiscítear thuas a dhéanamh, reáchtálfaidh an coiste roghnúcháin na trialacha seo a leanas:
Triail scríofa
Triail scríofa chun measúnú a dhéanamh ar do scileanna smaointeoireachta straitéisí, pleanála agus réitigh fadhbanna, atá sonrach do na dualgais a thuairiscítear i Roinn A.2, chomh maith le scileanna dréachtaithe.
Fad na trialach: 90 nóiméad ar a mhéad
Scóráil: ó 0 go 20 pointe (an líon íosta pointí is gá: 10 bpointe)
Triail chainte
Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin chun measúnú a dhéanamh, bunaithe ar an bhfaisnéis uile i do chomhad iarratais, ar d'oiriúnacht don phost agus ar do chumas na dualgais a thuairiscítear i Roinn A.2 den fhógra earcaíochta seo a dhéanamh.
Fad uasta na trialach: 45 nóiméad ar a mhéad.
Scóráil: ó 0 go 40 pointe (an líon íosta pointí is gá: 20 pointe).
Gheobhaidh tú treoracha maidir leis na trialacha in am trátha, lena n-áirítear más gá iad a dhéanamh ar líne nó ar áitreabh na Parlaiminte. Ní mór duit cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha. Mura gcloíonn tú leis na treoracha nó má dhéanann tú aon bhearta nach bhfuil comhsheasmhach leis na treoracha, dícháileofar thú láithreach.
3. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha
Déanfaidh an coiste roghnúcháin liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a tharraingt suas, ina mbeidh, in ord aibítre, ainmneacha an triúir iarrthóirí a mbeidh na scóir fhoriomlána is airde faighte acu sa nós imeachta (measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha), ar choinníoll go mbeidh pasmharc gnóthaithe ag na hiarrthóirí sa dá thriail. Áireofar ar an liosta aon iarrthóirí atá ar comhscór don áit deiridh.
Cuirfear ar an eolas thú, i scríbhinn, faoi do thorthaí.
Beidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha bailí go dtí an 31 Nollaig 2029. Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Cuirfear an méid sin in iúl dá réir sin do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta.
C. IARRATAIS
Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search
Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí maidir leis na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach.
Spriocdháta le haghaidh iarratas
12.00 (meán lae), am na Bruiséile, an 21 Aibreán 2026.
Seolfar admháil fála go huathoibríoch chugat a luaithe a bhailíochtófar d’fhoirm iarratais.
Níor cheart duit teagmháil a dhéanamh maidir leis an nós imeachta roghnúcháin seo ach amháin trí do chuntas Apply4EP.
NÁ CUIR SCAIRT TEILEAFÓIN chun fiosrú a dhéanamh faoin nós imeachta roghnúcháin seo.
Is fút féin atá sé bosca isteach an tseolta ríomhphoist a chuir tú in iúl ar do chuntas Apply4EP a sheiceáil go rialta.