This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

COMHORDAITHEOIRÍ SEIRBHÍSÍ LÓISTÍOCHTA (AST 1)

Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 19/04/2023 17:00
Seirbhís : 08-Direction générale des infrastructures et de la logistique
Ref. : PE/AST/287/2023/INLO AST 1
Treoir d’iarrthóirí :

Sula ndéanfaidh tú iarratas a thíolacadh, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra comórtais seo a léamh go cúramach. Tugann an Treoir sin, ar cuid dhílis den fhógra comórtais í, soiléiriú ar na rialacha a rialaíonn an nós imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.

CLÁR NA nÁBHAR

 

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

B. AN NÓS IMEACHTA DON CHOMÓRTAS

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINNÍ:       TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I gCOMÓRTAIS A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA

 

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

  1. Faisnéis ghinearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa, ar bhonn Airteagal 29(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, tús a chur le comórtas (AST 1) chun oifigigh a earcú san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO).

Is í an phróifíl atá á lorg ná Comhordaitheoirí Seirbhísí Lóistíochta le sprioclíon de 15 iarrthóir ar éirigh leo.

Is sa Bhruiséil go príomha a bheidh na poist bunaithe, ach i Lucsamburg agus in Strasbourg freisin, (ionaid oibre Pharlaimint na hEorpa) i gcomhréir le riachtanais seirbhíse na hInstitiúide. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le misin idir ionaid oibre Pharlaimint na hEorpa chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh. Féadfar a iarraidh freisin ar chomhordaitheoirí a shanntar do sheirbhísí iompair paisinéirí agus earraí, misin a chur i gcrích lasmuigh d’ionaid oibre Pharlaimint na hEorpa.

Déanfar an earcaíocht sin ar ghrád AST 1, an chéad chéim, ag a bhfuil buntuarastal EUR              3 271,87 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile dá bhforáiltear le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh. Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo a oiriúnú, áfach, i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

  1. Cúraimí an phoist

Rannchuidíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO) le bainistiú fónta bhonneagar agus lóistíocht ionaid oibre éagsúla Pharlaimint na hEorpa.

Is iad seo a leanas misin AS INLO:

  • bainistiú a dhéanamh ar na foirgnimh go léir atá á n-áitiú ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg, chomh maith leis na hoifigí idirchaidrimh sna Ballstáit ar leibhéal teicniúil agus riaracháin;
  • bainistiú a dhéanamh ar sheirbhísí an trealaimh agus ar na seirbhísí atá ina ndlúthchuid d’oibriú na bhfoirgneamh sin;
  • bainistiú a dhéanamh ar an trealamh (ceannach, iompar, aistrithe, seirbhísí cúiréara, lónadóireacht, ceannach lárnach, etc.) chomh maith le heagrú ábhartha na gcruinnithe.

Beidh an Comhordaitheoirí Seirbhísí Lóistíochta freagrach as cúnamh a thabhairt do Cheann Aonaid nó Riarthóir agus as maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar an bhfoireann oibre.

Faoi údarás an oifigigh fhreagraigh agus faoi chuimsiú na gclár agus na dtosaíochtaí a bheidh sainithe ag na comhlachtaí parlaiminteacha agus ag a n-ardbhainistíocht, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Lóistíochta na cúraimí a shonraítear thíos:

  • Foireann oibre a bhainistiú, a stiúradh, a spreagadh agus a chomhordú chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní daonna agus cáilíocht na seirbhíse á háirithiú ag an am céanna;
  • Tosaíochtaí a shainiú, réamh-mheas a dhéanamh ar an obair atá le déanamh, leibhéal cuí cáilíochta a áirithiú don obair a dhéantar;
  • A bheith rannpháirteach in ullmhú na dtreoracha agus na dtreoirlínte, iad a athsheachadadh agus comhlíonadh na foirne ina leith a áirithiú;
  • Teagmháil agus idirchaidreamh a dhéanamh le teagmhálaithe i stiúrthóireachtaí/aonaid/seirbhísí eile agus le teagmhálaithe seachtracha;
  • Cásanna gan choinne a bhainistiú (e.g. eagrú na foirne i gcás neamhláithreachtaí ag an nóiméad deireanach);
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar an aonad ag cruinnithe idir-roinne nó ag meithleacha.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar bhearta leantacha riaracháin a bhaineann le feithiclí (doiciméid, iniúchadh teicniúil);
  • Bainistiú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar thiománaithe na soláthraithe seirbhíse seachtracha;
  • Leanúnachas na seirbhíse a áirithiú trí fheithiclí Pharlaimint na hEorpa a thiomáint, i gcás inar gá, chun daoine agus earraí a iompar, laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach araon.
  • Turais agus uainíocht foirne ina bhfuil suas le 120 tiománaí a chomhordú, a eagrú agus na turais mar aon le huainíocht na dtiománaithe a sheoladh (sceidil na dtiománaithe a tharraingt suas agus a bhainistiú);
  • Faireachán a dhéanamh ar uaireanta oibre na dtiománaithe.
  • A áirithiú go ndéantar aistrithe mar aon le huainíocht na bhfoirne inmheánacha agus seachtracha a chomhordú, a eagrú agus a sheoladh (an phleanáil ar fhoireann lucht aistrithe ina bhfuil suas le 50 duine a ullmhú agus a bhainistiú).
  • Dáileadh an phoist a eagrú ar fhoireann ina bhfuil suas le 50 uiséir;
  • Obair leantach a dhéanamh ar chinntí agus ar chomhaid agus iarratasóirí a chur ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis na comhaid;
  • Comhairle a thabhairt don ardbhainistíocht, do na Feisirí, dá gcúntóirí, d’fhoireann agus do chuairteoirí na Parlaiminte ina réimsí inniúlachta.

Tá na seirbhísí is dócha a earcóidh comhordaitheoirí lóistíochta i gceannas ar na nithe seo a leanas den chuid is mó:

  • daoine a iompar, go príomha na Feisirí agus foireann na hinstitiúide;
  • an beartas soghluaisteachta agus idirchaidreamh le húdaráis chónaidhme, réigiúnacha agus bhardasacha;
  • na haistrithe éagsúla (Feisirí, grúpaí polaitiúla agus foireann na hinstitiúide) chuig na trí phríomhionad oibre agus seachadadh maoine inchorraithe;
  • ábhar a iompar le haghaidh an tseisiúin iomlánaigh in Strasbourg agus le haghaidh chruinnithe na ngrúpaí polaitiúla lasmuigh de na trí phríomhionad oibre;
  • dáileadh agus bainistiú spásanna oibre;
  • seachadadh an phoist sna trí phríomhionad oibre;
  • cúnamh a thabhairt do sheirbhísí an tsuí iomlánaigh (AS PRES) agus ag na gailearaithe (AS LINC) le linn na seisiún.

Ní mór do chomhordaitheoirí lóistíochta a bheith in ann cásanna de chineál éagsúil a thuiscint, freagairt go mear agus go staidéarach do dhálaí athraitheacha agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh. Ní mór dóibh a bheith in ann obair go dian ar bhonn rialta, leo féin nó mar chomhalta d’fhoireann i dtimpeallacht oibre ilchultúrtha.

Meastar go mbeidh misin le déanamh go rialta chuig 3 phríomhionad oibre Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le go leor teagmhálacha inmheánacha agus seachtracha.

  1. Incháilitheacht

Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a bheith comhlíonta:

a) Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, ní mór duit:

–          a bheith i do náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,

–          do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat,

–          do dhualgais a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí,

–          na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

 b) Coinníollacha sonracha

 i) Na cáilíochtaí is gá

Ní mór go mbeadh ag na hiarrthóirí:

  • leibhéal oideachais iar-mheánscoile, arna fhianú le dioplóma,

  • leibhéal oideachais meánscoile, arna fhianú le teastas lena dtugtar rochtain ar oideachas iar-mheánscoile mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de thrí bliana ar a laghad agus a bhaineann go díreach le cúraimí an phoist (roinn A.2.).

Maidir leis na céimeanna, cibé an i mBallstát nó i dtír nach bhfuil san Aontas a bhronntar iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail Aireacht Oideachais Ballstáit den Aontas Eorpach.

Na hiarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a bhronn Ballstát nach Ballstát den Aontas Eorpach é, ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid dioplómaí a cheangal lena n-iarratas. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí neamh-AE a aithint ar fáil i líonraí ENIC-NARIC, téigh chuig an suíomh https://www.enic-naric.net/. Tabharfaidh an bord roghnúcháin aird ar na córais dhifriúla oideachais. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla atá sa treoir d’iarrthóirí.

ii) An taithí ghairmiúil is gá

Ní éilítear aon taithí ghairmiúil. Mar sin féin, is buntáiste aon taithí ghairmiúil atá faighte agat sa réimse a chumhdaítear sa chomórtas seo (féach liosta na gcúraimí faoi ‘Cúraimí an phoist’, roinn A.2.).

iii)     Eolas ar theangacha

Ní mór eolas críochnúil (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris

agus

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2). Ní mór do Theanga 2 a bheith éagsúil le Teanga 1.

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil a luaitear thuas le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, éisteacht, léamh) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Freagraíonn na hinniúlachtaí sin dóibh siúd a shonraítear sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills)

Caithfidh na comhordaitheoirí lóistíochta a bheith in ann na cúraimí thuas a thuiscint agus a chur i gcrích, déileáil le comhaid agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le teagmhálaithe inmheánacha agus seachtracha agus leis an mbainistíocht líne agus le comhghleacaithe faoi chuimsiú an mhéid a thuairiscítear thuas. Déantar formhór na gcúraimí sin a chur i gcrích sa dá theanga (an Béarla agus an Fhraincis) atá roghnaithe le haghaidh an nós imeachta roghnúcháin seo i gcomhréir le leas na seirbhíse, lena n-éilítear na cáilíochtaí is gá agus is iomchuí do chineál na gcúraimí. Dá bhrí sin, chun na cúraimí a chur i gcrích agus rannchuidiú le feidhmiú cuí na seirbhíse, ní mór do chomhordaitheoirí lóistíochta a bheith in ann oibriú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i gceann amháin ar a laghad den dá theanga sin.

 

 B. AN NÓS IMEACHTA DON CHOMÓRTAS

Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an comórtas.

  1. Glacadh isteach sa nós imeachta roghnúcháin

Má tá d’iarratas curtha isteach agat:

- de réir na modhanna a éilítear i bpointe C, agus

- laistigh den teorainn ama a luaitear i bpointe C.

scrúdóidh an bord roghnúcháin do chomhad i bhfianaise na gcoinníollacha sonracha iontrála.

Má chomhlíonann tú na coinníollacha sonracha incháilitheachta, glacfaidh an bord roghnúcháin isteach sa nós imeachta roghnúcháin thú.

Bunóidh an bord roghnúcháin a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt di.

  1. Measúnú ar cháilíochtaí

Bunaithe ar thábla marcála a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a ghlacfar isteach sa nós imeachta roghnúcháin agus tarraingeoidh sé suas liosta den 60 iarrthóir is fearr, a dtabharfar cuireadh dóibh chuig na trialacha. Tabharfaidh an bord roghnúcháin cuireadh do na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.

Agus measúnú á dhéanamh ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh, go háirithe, na gnéithe seo a leanas a gcaithfear bonn cirt a thabhairt dóibh san fhoirm iarratais.

  • taithí ghairmiúil i bhfeidhm seirbhíse custaiméara atá ábhartha do na cúraimí a bheidh le comhlíonadh ;
  • taithí ghairmiúil i maoirseacht a dhéanamh ar fhoireann oibre ;
  • taithí ghairmiúil i ndoiciméid nó treoracha a dhréachtú a bhaineann leis na cúraimí a bheidh le cur i gcrích ;
  • taithí ghairmiúil a fuarthas in eagraíochtaí Eorpacha nó idirnáisiúnta nó i dtimpeallacht ilchultúrtha nó idirnáisiúnta ;
  • teastas/dioplóma i réimse na garchabhrach arna eisiúint ag údarás inniúil formheasta nó taithí ghairmiúil i réimse na sábháilteachta pearsanta (aslonnú foirgneamh, garchabhair, sábháilteacht ó dhóiteán, etc.).

Marcanna: 0 go 20 pointe.

  1. Trialacha

Triail scríofa

a) Triail cheapadóireachta bunaithe ar chomhad, chun measúnú a dhéanamh ar d’inniúlacht na cúraimí a bhfuil cur síos orthu i bpointe A.2. a chomhlíonadh ‘ Cúraimí an phoist ‘.

Uasfhad ama na trialach: 3 huaire an chloig

Marcanna: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).

Déanfar an triail sin a eagrú go cianda ar an ríomhaire.

Iarrfar ar an 30 iarrthóirí is fearr a bhfuil na pointí is airde faighte acu sa triail scríofa freastal ar na trialacha cainte, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc faighte acu. Más gá, tabharfaidh an bord roghnúcháin cuireadh do na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.

Trialacha cainte

b) Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i mBéarla nó i bhFraincis (teanga 2) chun a chur ar a chumas measúnú a dhéanamh, i bhfianaise na faisnéise uile sa chomhad iarratais, ar d’oiriúnacht chun na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu i Roinn A.2 ‘ Cúraimí an Phoist ‘ a fheidhmiú. Déanfaidh an bord roghnúcháin tástáil ar theanga 1 atá dearbhaithe san fhoirm iarratais.

Uasfhad ama na trialach: 45 nóiméad

Marcanna: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).

c) Triail ghrúpdhíospóireachta rólimirt i mBéarla nó i bhFraincis (teanga 2) ionas go mbeidh an coiste roghnúcháin in ann measúnú a dhéanamh, i ndáil leis na cúraimí a bhfuil cur síos orthu i dteideal A.2. ‘ Cúraimí an phoist ’, ar d’inoiriúnaitheacht, ar do chumas caibidlíochta, ar do chruthaitheacht agus ar do chumas cinnteoireachta, agus freisin ar d’iompraíocht laistigh de ghrúpa nó nuair a bhíonn tú ag tabhairt aghaidh ar chás ar leith.

Saineoidh an bord roghnúcháin fad na trialach grúpdhíospóireachta de réir chomhdhéanamh críochnaitheach na ngrúpaí.

Is é 20 nóiméad uasfhad thriail na rólimeartha.

Marcanna: 0 go 20 pointe (pasmharc: 10 bpointe).

D’fhéadfaí na trialacha sin a eagrú go cianda.

Gheobhaidh tú treoracha na dtrialacha scríofa agus cainte in am trátha. Tá na trialacha beartaithe le haghaidh dáta agus am ar leith. Mura bhfreagraíonn tú cuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, d’fhéadfaí thú a dhícháiliú. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Má sháraíonn tú na treoracha nó mura gcloíonn d’iompraíocht leis na treoracha, dícháileofar láithreach thú.

  1. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Bunóidh an bord roghnúcháin, i gcás gach teanga den chomórtas, liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a bhfuil na marcanna foriomlána is fearr bainte amach acu ag deireadh na dtrialacha, mar atá luaite i bpointe A.1 ‘Faisnéis ghinearálta’. Is éard a bheidh sna marcanna foriomlána seo líon iomlán na marcanna a fuarthas sna trialacha scríofa agus sna trialacha cainte ina n-iomláine (measúnú ar cháilíochtaí agus ar thrialacha (a), (b), agus (c)), ar choinníoll gur éirigh leis na hiarrthóirí an pasmharc a bhaint amach i ngach ceann de na trialacha sin. D’fhéadfaí go n-áireofaí ar an liosta na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach. Liostófar ainmneacha na n-iarrthóirí rathúla de réir ord aibítre.

Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2026. Féadfar síneadh a chur le bailíocht an liosta sin trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Sa chás sin, cuirfear na hiarrthóirí rathúla atá ar an liosta ar an eolas in am trátha.

Cuirfear na hiarrthóirí rathúla go leithleach ar an eolas faoina dtorthaí, agus foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar shuíomh gréasáin oifigiúil Pharlaimint na hEorpa.

Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh go léir a chur isteach i gcomhair fíordheimhniú, go háirithe do dhioplómaí agus do dheimhniúcháin fostaithe.

Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

 

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Conas iarratas a dhéanamh :

Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ardán Apply4EP. https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA

Ba cheart duit an Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú do chomhad iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.

Dáta deiridh le haghaidh iarratas

Is é an dáta deiridh le hiarratais a chur isteach ná an

19 Aibreán 2023 ar 17.00, am na Bruiséile

Cuirfear admháil chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh do chomhad iarratais bailíochtaithe.

Iarrtar ar iarrthóirí GAN GLAOCH GUTHÁIN a chur ar sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa faoin gcomórtas seo.