Sula ndéanfaidh tú iarratas a chur isteach, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra earcaíochta seo a léamh go cúramach.
Is cuid dhílis den fhógra earcaíochta í an Treoir agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na rialacha lena rialaítear nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.
CLÁR ÁBHAIR
A. SAINCHUNTAS POIST AGUS INCHÁILITHEACHT
B. AN NÓS IMEACHTA
C. IARRATAIS
IARSCRÍBHINNÍ:
TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA
DEARBHÚ
A. SAINCHUNTAS POIST AGUS INCHÁILITHEACHT
1. Barúlacha ginearálta
Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa, ar bhonn Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (na Rialacháin Foirne), nós imeachta roghnúcháin a eagrú chun oifigigh a earcú in Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais (AS FINS).
Tá gairmithe an-eolach agus an-chumasach á lorg ag AS FINS chun cuidiú le hardán SAP S4HANA de chuid Pharlaimint na hEorpa a bhainistiú agus a chothabháil faoi fhreagracht na hArd-Stiúrthóireachta. Tá sé mar phríomhaidhm leis an nós imeachta roghnúcháin folúntais san Aonad um Lárionad Inniúlachta FMS i Lucsamburg a líonadh.
Is ar ghráid AD 6 agus AD 9 a dhéanfar an earcaíocht.
Tá sé mar aidhm leis an nós imeachta roghnúcháin liosta a tharraingt suas de dheichniúr iarrthóirí rathúla in aghaidh an ghráid.
Is é EUR 8 786.88 in aghaidh na míosa an buntuarastal le haghaidh ghrád AD 9, an chéad chéim.
Is é EUR 6 066.59 in aghaidh na míosa an buntuarastal le haghaidh ghrád AD 6, an chéad chéim.
Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus asbhaintí eile dá bhforáiltear leis na Rialacháin Foirne. Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí rathúla a oiriúnú i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.
Cumhdaítear dhá ghrád leis an bhfógra seo (AD 6 agus AD 9). Ní fhéadfaidh iarrthóirí iarratas a chur isteach ach ar ghrád amháin. Dá bhrí sin, amhail dá dtagraítear i Roinn B.1 den fhógra earcaíochta, ní mór dóibh grád a roghnú agus iad ag cur iarratas isteach ar líne, agus ní fhéadfaidh siad a rogha a athrú tar éis dóibh a n-iarratas ar líne a bhailíochtú.
Faoi réir coinníollacha áirithe, áfach, féadfaidh an bord roghnúcháin iarratais ar ghrád AD 9 a athshannadh do ghrád AD 6. Leagtar amach na coinníollacha maidir le hathshannadh i Roinn B.1. den fhógra earcaíochta.
Is fostóir comhdheiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
2. Sainchuntas poist
2.1. An tAonad um Lárionad Inniúlachta FMS
Is é croímhisean Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais (AS FINS) ná Parlaimint na hEorpa a chumhachtú chun buiséad an Aontais Eorpaigh agus buiséad féin na Parlaiminte a bhainistiú ar bhealach freagrach.
Chuige sin, áirithíonn AS FINS an méid seo a leanas:
Déanann AS FINS timpeallacht oibre shimplithe a fhorbairt do na geallsealbhóirí airgeadais uile chun gnóthú a gcúraimí airgeadais a éascú. Sa chomhthéacs sin, tá freagracht glactha ag an Aonad um Lárionad Inniúlachta FMS maidir le Córas lárnach Bainistíochta Airgeadais (FMS) de chuid Pharlaimint na hEorpa a chur chun feidhme agus a chothabháil.
Tá FMS ina chuid de struchtúr feidhmchláir airgeadais Pharlaimint na hEorpa ó mhí Eanáir 2020 i leith. Comhtháthaítear ann forghníomhú buiséid, cuntasaíocht airgeadais, bainistiú conarthaí, bainistíocht fardal agus cuntasaíocht chostála in aon uirlis amháin.
Mar thoradh ar an aistriú chuig FMS, cuireadh ar chumas Pharlaimint na hEorpa an méid seo a leanas a dhéanamh:
Tá forbairt tagtha ar raon feidhme FMS le déanaí chun réimsí nua a áireamh, lena gcumhdaítear próisis eile amhail ríomh luach saothair, liúntais agus phinsin na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa agus cruthú tuarascálacha bainistíochta airgeadais nua.
2.2. Cúraimí
Is é an tAonad um Lárionad Inniúlachta FMS an príomhaonad inar féidir iarrthóirí rathúla a earcú. Oibreoidh na hAnailísithe Gnó a earcófar trí mheán an Bhéarla agus beifear ag súil leis go gcuirfidh siad roinnt de na cúraimí seo a leanas i gcrích, chun córais SAP arna mbainistiú ag an aonad a chur chun feidhme nó a chothabháil:
2.3. Scileanna atá á lorg
Beidh ar na hiarrthóirí rathúla na scileanna agus na hinniúlachtaí seo a leanas a léiriú agus na cúraimí a shonraítear thuas á gcur i gcrích acu:
3. Incháilitheacht
Ar an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha ginearálta agus sonracha incháilitheachta seo a leanas a bheith comhlíonta ag na hiarrthóirí:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(b) Critéir incháilitheachta shonracha
(i) Na cáilíochtaí is gá
Le haghaidh ghrád AD 6:
Ní mór leibhéal oideachais a bheith agat arb ionann é agus cúrsa ollscoile trí bliana ar a laghad a bheith críochnaithe, arna fhianú le dioplóma a aithnítear go hoifigiúil i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
Le haghaidh ghrád AD 9:
Ní mór leibhéal oideachais a bheith agat arb ionann é agus cúrsa ollscoile ceithre bliana ar a laghad a bheith críochnaithe, arna fhianú le dioplóma a aithnítear go hoifigiúil i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
nó
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile trí bliana ar a laghad a bheith críochnaithe, arna fhianú le dioplóma a aithnítear go hoifigiúil i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, mar aon le bliain amháin ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha i réimse an nós imeachta roghnúcháin.
Maidir le dioplómaí, cibé acu i mBallstát nó i dtír nach bhfuil san Aontas a bhronntar iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais.
Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas í coibhéis-AE a sholáthar dá gcuid dioplómaí, mar chuid dá n-iarratas. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí neamh-AE a aithint ar fáil i líonraí ENIC-NARIC (https://www.enic-naric.net/).
Tabharfaidh an bord roghnúcháin aird ar na córais dhifriúla oideachais.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa.
(ii) An taithí ghairmiúil is gá
Tar éis na cáilíochtaí a fháil lena dtugtar rochtain ar an bpróiseas roghnúcháin (féach pointe (i) thuas), ní mór taithí ghairmiúil agus eolas teicniúil in SAP a bheith faighte ag na hiarrthóirí.
(iii) Eolas ar theangacha
Ní mór d’iarrthóirí sáreolas (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,
agus
eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla (teanga 2). Ní mór do Theanga 2 a bheith éagsúil le Teanga 1. Más rud é gurb é Béarla teanga 1 an iarrthóra, ní mór gurb í aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh a bheadh i dteanga 2 (leibhéal B2 ar a laghad).
Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil thuasluaite le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, léamh, éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Comhfhreagraíonn na cumais sin do na cumais atá sonraithe sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills).
Leagadh síos na roghanna teanga don nós imeachta roghnúcháin seo ar mhaithe le leasanna na seirbhíse. De bhua na gcúraimí lena mbaineann, éilítear cumais shonracha le post an Anailísí Gnó SAP, mar a leagtar amach i roinn A.2 den fhógra earcaíochta seo.
Déantar beagnach obair uile an Aonaid um Lárionad Inniúlachta FMS as Béarla. Is é an Béarla an teanga a úsáidtear sa chumarsáid le hArd-Stiúrthóireachtaí eile de chuid na Parlaiminte, le comhlachtaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa agus le soláthraithe seachtracha chórais SAP freisin. Chomh maith leis sin, is é an Béarla an teanga a úsáidtear le haghaidh cruinnithe agus chun doiciméid fheidhmiúla agus theicniúla a sholáthar. Dá réir sin, chun go mbeidh na daoine a earcófar in ann a gcuid cúraimí a chur i gcrích agus dea-fheidhmiú na seirbhíse a áirithiú, ní mór dóibh a bheith in ann oibriú agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach as Béarla.
B. AN NÓS IMEACHTA
Tá an nós imeachta bunaithe ar thrialacha.
1. Cead isteach sa chomórtas
Déanfaidh an bord roghnúcháin d’iarratas a mheasúnú i bhfianaise na gcritéar sonrach incháilitheachta (roinn A.3). Má chomhlíonann tú na critéir shonracha incháilitheachta, ligfidh an bord roghnúcháin isteach thú chuig an nós imeachta réamhroghnúcháin. Bunóidh an bord a chinntí ar an bhfaisnéis a thugtar san fhoirm iarratais, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, a dtugann doiciméid tacaíochta bunús léi.
Tabhair do d’aire: Agus iarratas ar líne á dhéanamh acu, ní mór do na hiarrthóirí an fhoirm dearbhaithe atá i gceangal leis an bhfógra comórtais a chomhlánú agus an grád a bhfuil iarratas á dhéanamh acu air (AD 6 nó AD 9) a shonrú. Ní mór do na hiarrthóirí uile a bhfoirm dearbhaithe atá comhlánaithe go cuí a uaslódail ar roinn ábhartha an iarratais. Mura gcuireann iarrthóirí atá ag déanamh iarratas ar ghrád AD 9 aon dearbhú isteach nó má tá an dearbhú neamhiomlán, beidh a n-iarratas neamh-inghlactha.
Maidir le hiarratais ar ghrád AD 9: Agus incháilitheacht á fíorú, féadfaidh an bord roghnucháin iarratas a athshannadh do ghrád AD 6 sna cásanna seo a leanas:
– gur léir ó na sonraí a thugtar san iarratas nach gcomhlíonann an t-iarrthóir na critéir incháilitheachta le haghaidh ghrád AD 9, ach go gcomhlíonann sé iad le haghaidh ghrád AD 6;
agus
– gur thoiligh an t-iarrthóir, sa dearbhú, le hathshannadh do ghrád AD 6. Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás nach gcuirtear aon dearbhú isteach, nach féidir na hiarrthóirí nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta do ghrád AD 9 a athshannadh do ghrád AD 6 agus, dá bhrí sin, nach ligfear isteach sa chomórtas iad.
2. Trialacha
a) Triail réamhroghnúcháin ceisteanna ilroghanna ríomhaire-bhunaithe (MCQ)
Má chinneann an bord roghnúcháin thú a ligean isteach sa nós imeachta roghnúcháin, iarrfar ort triail réamhroghnúcháin a dhéanamh i bhfoirm ceisteanna ilroghanna ríomhaire-bhunaithe (MCQ), ar choinníoll go bhfuil do chomhad iarratais curtha isteach agat:
- i gcomhréir leis na socruithe a shonraítear i roinn C, agus
- faoin sprioc-am a shonraítear i roinn C.
Is i mBéarla a bheidh an triail MCQ.
Is éard a bheidh sa triail MCQ uasmhéid de 30 ceist atá ceaptha chun measúnú a dhéanamh ar do chumas faisnéis a bhaineann leis an sainchuntas poist a shainaithint (roinn A.2.). 50 % a bheidh sa phasmharc.
Ní mhairfidh an triail níos faide ná 45 nóiméad agus is ar líne a eagrófar í.
b) Triail scríofa
Eagrófar an triail scríofa as Béarla agus beidh sé ceaptha chun measúnú a dhéanamh ar d’oiriúnacht i dtaca leis na cúraimí a shonraítear sa sainchuntas poist thuas (roinn A.2.).
Ní dhéanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ar na freagraí ar an scrúdú scríofa ó thaobh teicniúil de amháin, ach déanfaidh sé meastóireacht freisin ar do scileanna dréachtaithe, agus aird ar leith á tabhairt ar do chumas cumarsáid a dhéanamh ar bhealach strúchtúrtha, loighciúil agus soiléir.
Beidh an scrúdú scríofa ar siúl díreach tar éis an scrúdaithe réamhroghnúcháin MCQ. Mura n-éiríonn leat an pasmharc ar a laghad a fháil sa scrúdú réamhroghnúcháin MCQ, ní dhéanfar do scrúdú scríofa a mharcáil.
Mairfidh an scrúdú scríofa 120 nóiméad, ar a mhéad.
Marcáil: 0 go 60 pointe (pasmharc: 30 pointe).
Is ar líne a eagrófar an triail.
Iarrfar ar an 20 iarrthóir, in aghaidh gach gráid den nós imeachta roghnúcháin, ag a mbeidh na marcanna is airde sa triail scríofa, freastal ar an triail chainte, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc bainte amach acu sa triail chainte. Iarrfaidh an bord roghnúcháin ar aon iarrthóirí a bhfuil marcanna comhionanna acu don áit cháilíochta dheireanach freastal ar an triail chainte, i gcás gach gráid.
c) Triail chainte
Agallamh leis an mbord roghnúcháin as Béarla chun measúnú a dhéanamh ar d’oiriúnacht chun na cúraimí a dhéanamh, agus ar do scileanna agus d’inniúlachtaí faoi mar a leagtar amach i roinn A.2 (Sainchuntas poist), agus aird chuí á tabhairt ar an bhfaisnéis uile atá i do chomhad iarratais. Déanfaidh an bord roghnúcháin scrúdú ar theanga 1 na n-iarrthóirí uile a dheimhnigh gurb é an Béarla teanga 2 acu, agus déanfaidh siad scrúdú freisin ar theanga eile na n-iarrthóirí a dhearbhaigh gurb é Béarla teanga 1 acu.
Uasfhad ama: 45 nóiméad.
Marcáil: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe)
D’fhéadfadh sé go n-eagrófaí an triail chainte go cianda.
Gheobhaidh tú treoracha maidir leis na trialacha scríofa agus cainte in am trátha. Beidh na trialacha ar siúl ag am sonrach agus ar dháta sonrach. Mura dtugann tú freagra ar chuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, tá an baol ann go ndícháileofar thú. Ní mór duit cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Mura gcloíonn tú leis na treoracha nó má dhéanann tú aon bhearta nach bhfuil comhsheasmhach leis na treoracha, dícháileofar thú láithreach.
3. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha
Déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás gach gráid den nós imeachta roghnúcháin, liosta a tharraingt suas de dheichniúr iarrthóirí oiriúnacha, ar a mbeidh ainmneacha na n-iarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna is airde san iomlán acu. Is éard a bheidh sna marcanna foriomlána sin líon iomlán na bpointí a fuair na hiarrthóirí sa triail scríofa agus sa triail chainte, ar choinníoll gur éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach ceann de na trialacha scríofa agus cainte. Áireofar ainmneacha na n-iarrthóirí rathúla de réir ord aibítre ar an liosta in aghaidh gach gráid. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar an liosta aon iarrthóirí a bhfuil marcanna comhionanna acu don áit dheireanach i gcás gach gráid.
Beidh an liosta bailí go dtí an 31 Nollaig 2026. Féadfar síneadh a chur le bailíocht an liosta trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má chuirtear síneadh leis, déanfar na hiarrthóirí a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta a chur ar an eolas in am trátha.
Cuirfear na hiarrthóirí rathúla ar an eolas go leithleach faoina dtorthaí, agus foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar shuíomh gréasáin oifigiúil Pharlaimint na hEorpa.
Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh de na doiciméid riachtanacha go léir a chur isteach, lena n-áirítear dioplómaí agus deimhniúcháin fostaithe, lena bhfíorú.
Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.
C. IARRATAIS
Conas iarratas a dhéanamh:
Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ardán Apply4EP:
https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA
Ba cheart duit an Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais agus nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú do chomhad iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.
Dáta deiridh le haghaidh iarratas
Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná
an 13 Aibreán 2023 ar 17:00, am Lucsamburg
Seolfar admháil fála chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh do chomhad iarratais bailíochtaithe.
NÁ CUIR GLAOCH AR PHARLAIMINT NA hEORPA chun ceist a chur faoin nós imeachta roghnúcháin seo.