This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

PE/280/S/LINC - GNÍOMHAIRE SEALADACH - BAINISTEOIR RIARACHÁIN (AD 7)

Suíomh : An Bhruiséil
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 28/11/2022 12:00
Seirbhís : 10-Direction générale de la logistique et de l'interprétation pour les conférences
Ref. : PE/280/S/LINC - CADRE ADMINISTRATIF (AD 7)
Treoir d’iarrthóirí :

Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’Iarrthóirí atá i gceangal leis an bhfógra folúntais seo a léamh go cúramach.

Is cuid dhílis den fhógra folúntais í an treoir sin, agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.

 

CLÁR

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

B. NÓS IMEACHTA

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINN:      TREOIR D’IARRTHÓIRÍ MAIDIR LEIS NA COMÓRTAIS / NA NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA

 

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

  1. Sonraí ginearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar ghníomhaire sealadach (AD 7) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha, san Aonad um Chianseirbhísí Comhdhála sa Stiúrthóireacht um Eagrú Comhdhálacha.

Is í an phróifíl atá á lorg ná riarthóir (bainisteoir riaracháin) a bheidh lonnaithe sa Bhruiséil agus a bheidh freagrach as tacaíocht a thabhairt do chruinnithe casta ag a n-úsáidtear an t-ardán rannpháirtíochta cianda ilteangaí agus na cruinnithe sin a chomhordú, feabhas a chur ar na nósanna imeachta oibre a bhaineann le cruinnithe rannpháirtíochta ilteangaí cianda agus cruinnithe cianda le hateangaireacht chomhuaineach a chur i gcrích, mar aon le forbairt straitéiseach na seirbhísí a sholáthraítear ar an ardán a chomhordú.

Is go ceann tréimhse neamhchinntithe ama a dhéanfar an conradh. Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 7, an chéad chéim, ag a bhfuil an buntuarastal EUR 6 568,39 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile a leagtar síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CEOS). Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a n-earcófar na hiarrthóirí rathúla a choigeartú, áfach, i gcomhréir leis an taithí ghairmiúil a bheidh acu. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú, amhail idirdhealú bunaithe ar inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, nó a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

 

  1. Cúraimí an phoist

Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha (AS LINC) is bunchloch faoi sheirbhísí uile na gcomhdhálacha ilteangacha i bParlaimint na hEorpa. Is é misean AS LINC é na modhanna a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa chun a spriocanna polaitiúla a bhaint amach trí thacaíocht teanga, theicniúil agus lóistíochta a thabhairt dá cuid cruinnithe, de mheon na hardghairmiúlachta agus an bhairr feabhais. Cuireann an Ard-Stiúrthóireacht leis an dlisteanacht dhaonlathach trí chuidiú leis na Feisirí a gcuid teachtaireachtaí a chur in iúl i ngach teanga oifigiúil, rud a áirithíonn go mbíonn an obair reachtach ag feidhmiú go rianúil agus, san am céanna, go mbíonn sí inrochtana ag muintir uile na hEorpa.

Díríonn an Stiúrthóireacht um Eagrú Comhdhálacha in AS LINC ar sheirbhísí comhdhálacha, seachas ateangaireacht, a sholáthar do lucht eagraithe comhdhálacha agus imeachtaí sa Pharlaimint. Áirithíonn sí go ndéantar tacaíocht riaracháin, theicniúil agus lóistíochta d’eagrú cruinnithe, comhdhálacha agus imeachtaí a sholáthar ar bhealach rianúil agus éifeachtúil.

Agus é nó í lonnaithe sa Bhruiséil, déanfaidh an duine a earcófar mar riarthóir – bainisteoir riaracháin, ag feidhmiú dó nó di faoi cheannas a oifigigh uachtaraigh nó a hoifigigh uachtaraigh, agus faoi chuimsiú na gclár agus na dtosaíochtaí a bheidh sainithe ag na comhlachtaí parlaiminteacha agus ag an ardbhainistíocht, na príomhdhualgais seo a leanas a chur i gcrích:

  • tacaíocht a thabhairt do chruinnithe casta ag a n-úsáidtear an t-ardán rannpháirtíochta cianda ilteangaí agus na cruinnithe sin a chomhordú;
  • bainistiú a dhéanamh ar an gcaidreamh le soláthraí an ardáin rannpháirtíochta cianda chun gur féidir feabhas a chur go leanúnach ar an tseirbhís arna soláthar;
  • comhordú a dhéanamh ar fhorbairt straitéiseach na seirbhísí a sholáthraíonn an tAonad don ardán rannpháirtíochta cianda;
  • aon chumarsáid inmheánach agus sheachtrach agus an doiciméadacht is gá a tharchur chun a áirithiú go gcuirtear úsáideoirí sheirbhísí na hArd-Stiúrthóireachta ar an eolas go cuí, lena n-áirítear na Feisirí agus baill foirne;
  • gníomhaíochtaí múscailte feasachta a chur chun cinn;
  • tacú le bainistiú laethúil na foirne ar a bhfuil sé de chúram éascú a dhéanamh ar na cruinnithe ag a n-úsáidtear an t-ardán rannpháirtíochta cianda ilteangaí;
  • comhordú a dhéanamh leis na hateangairí (pleanáil, faisnéis, obair leantach, etc.).

I bhfeidhmiú na gcúraimí sin, éilítear inniúlachtaí anailíse, réasúnaíochta, cinnteoireachta agus dréachtaithe. Beidh ar an riarthóir cumas tionscnaimh, inoiriúnaitheacht agus tuiscint an-mhaith ar sheirbhís do chustaiméirí agus ar an bhfadbhreathnaitheacht a léiriú freisin. Beidh air nó uirthi inniúlachtaí maidir le bainistiú tionscadal agus cumas caibidlíochta a léiriú freisin. Leagtar béim freisin ar an gcumas fadhbanna atá éagsúil agus ar minic casta iad a thuiscint, freagairt go tapa ar athruithe ar imthosca, cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i mBéarla, obair a dhéanamh faoi sprioc-amanna ar minic docht iad, go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann, oiriúnú do thimpeallacht oibre Eorpach agus/nó idirnáisiúnta agus plé a dhéanamh le hidirghabhálaithe ar gach leibhéal.

Is é an Béarla is teanga oibre den chuid is mó, agus tá sé bunriachtanach chun bainistiú a dhéanamh ar an gcaidreamh le soláthraí an ardáin rannpháirtíochta cianda agus is é an phríomhtheanga é ina mbítear i mbun cumarsáid sheachtrach le cliaint (go háirithe le rúnaíochtaí na gcoistí parlaiminteacha agus na ngrúpaí polaitiúla, agus leis na Feisirí), ina ndréachtaítear doiciméid, ina ndéantar gníomhaíochtaí maidir le cur chun cinn agus ina mbainistítear an fhoireann.

Mar chuid de na feidhmeanna sin, éilítear misin chuig gnáthionaid oibre eile Pharlaimint na hEorpa (Lucsamburg agus Strasbourg) agus go dtí áiteanna lasmuigh díobh.

 

  1. Incháilitheacht

Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta agat:

(a)     Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 12.2 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, ní mór duit go háirithe:

  • a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,
  • do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat,
  • do dhualgais a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí,
  • na teistiméireachta carachtair a bheith agat is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)     Coinníollacha sonracha

(i)      Na cáilíochtaí is gá

Ní mór do na hiarrthóirí leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile de thrí bliana ar a laghad a bheith acu, agus céim bainte amach ag a dheireadh, ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann de na Ballstáit. Chuige sin, tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar na córais dhifriúla oideachais. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla atá sa Treoir d’Iarrthóirí.

Is cuma cé acu i mBallstát nó i dtír nach cuid den Aontas Eorpach í a bhronntar iad, ní mór do chéimeanna a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil i mBallstát de chuid an Aontais, amhail Aireacht Oideachais ceann de Bhallstáit an Aontais.

(ii)       An taithí ghairmiúil is gá

Chomh maith na cáilíochtaí a éilítear faoi A.3.(b)(i), caithfidh 24 mhí ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith agat i réimse a bhaineann leis na cúraimí a shonraítear i roinn A.2.

(iii)      Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith (leibhéal C1) a bheith agat ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,

agus

eolas sásúil (leibhéal B2) ar an mBéarla (teanga 2). Ní mór do theanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1. I gcás inarb é an Béarla teanga 1, is gá eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) a bheith agat ar cheann amháin de na 23 theanga oifigiúla eile san Aontas Eorpach.

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil a luaitear thuas le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, éisteacht, léamh) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Freagraíonn na hinniúlachtaí sin dóibh siúd a shonraítear sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills).

Cuirtear in iúl d’iarrthóirí gur sainíodh Teanga 2 (Béarla) a roghnaíodh chun críoch an nós imeachta roghnúcháin seo i gcomhréir le leas na seirbhíse, a éilíonn eolas ar leith ar theangacha i ngeall ar chineál na gcúraimí dá dtagraítear faoi Theideal A.2 den fhógra folúntais seo. Dá bhrí sin, chun a chuid dualgas nó a cuid dualgas a ghlacadh air nó uirthi féin agus chun rannchuidiú le dea-fheidhmiú na seirbhíse, caithfidh an duine a earcófar a bheith in ann oibriú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i mBéarla. Go bunúsach, caithfidh an duine a earcófar a bheith in ann idirphlé a dhéanamh leis na rúnaíochtaí a eagraíonn cruinnithe le rannpháirtíocht ilteangach cianda, le comhghleacaithe sna seirbhísí éagsúla a bhfuil baint acu le soláthar seirbhisí do na cruinnithe sin agus freisin le soláthraithe an ardáin, agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le hidirghabhálaithe inmheánacha agus seachtracha eile, agus freisin leis an mbainistíocht agus le comhghleacaithe laistigh den tseirbhís. Is i mBéarla is mó a chuirtear na dualgais sin i gcrích.

 

Ina theannta sin, ar mhaithe le cóir chomhionann agus i gcomhréir le hAirteagal 12(2)(e) CEOS, éilítear ar gach iarrthóir, fiú má tá Béarla mar chéad teanga oifigiúil aige nó aici, eolas sásúil ar a laghad a bheith aige nó aici ar dhara teanga, a chaithfidh a bheith ar cheann de theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

B. NÓS IMEACHTA

Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an nós imeachta.

  1. Glacadh isteach sa nós imeachta roghnúcháin

Más rud é

  • go gcomhlíonann tú na coinníollacha ginearálta incháilitheachta agus
  • go bhfuil d’iarratas curtha isteach agat i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos agus faoin spriocdháta i gcomhair iarratas,

scrúdóidh an bord roghnúcháin do chomhad iarratais i bhfianaise na gcoinníollacha sonracha incháilitheachta.

Má chomhlíonann tú na coinníollacha sonracha incháilitheachta, glacfaidh an bord roghnúcháin isteach sa nós imeachta roghnúcháin thú.

Bunóidh an bord a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt di.

 

  1. Measúnú ar cháilíochtaí

Bunaithe ar thábla marcála a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a nglacfar isteach sa nós imeachta roghnúcháin agus tarraingeoidh sé suas liosta den 12 iarrthóir is fearr, a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an triail scríofa. Tabharfaidh an bord roghnúcháin cuireadh do na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.

Agus measúnú á dhéanamh ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a ghlacfar isteach sa nós imeachta roghnúcháin, beidh aird ar leith ag an mbord roghnúcháin ar na gnéithe seo a leanas a gcaithfear bonn cirt a tabhairt dóibh san fhoirm iarratais:

  • taithí ar obair i gcomhlachtaí polaitiúla agus/nó leo;
  • taithí ar imeachtaí ag a ndéantar ateangaireacht chomhuaineach a eagrú;
  • taithí ar bhainistiú oibríochtúil agus phraiticiúil ardán ilteangach rannpháirtíochta cianda;
  • taithí ar nósanna imeachta oibre a bhaineann le cur i gcrích cruinnithe le rannpháirtíocht ilteangach cianda a shainiú agus a fheabhsú;
  • taithí i dtimpeallacht Eorpach agus/nó idirnáisiúnta.

Marc: 0 go 20 pointe.

 

  1. Trialacha

Triail scríofa

a) Triail cheapadóireachta i mBéarla, bunaithe ar chomhad, chun measúnú a dhéanamh ar d’inniúlacht na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu faoi Roinn A.2 a chomhlíonadh, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar do chumas dréachtú agus achoimre a dhéanamh.

Fad ama na trialach: 3 uair an chloig.

Marc: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).

Déanfar an triail sin a eagrú go cianda ar an ríomhaire.

Iarrfar ar an seisear iarrthóirí is fearr a mbeidh na pointí is airde faighte acu sa triail scríofa freastal ar na trialacha cainte, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc faighte acu. Tabharfaidh an bord roghnúcháin cuireadh do na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.

Trialacha cainte

b) Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i mBéarla ina ndéanfar measúnú, i bhfianaise na faisnéise uile sa chomhad iarratais, ar do chumas na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu faoi Theideal A.2 a fheidhmiú. Déanfaidh an bord roghnúcháin tástáil freisin ar an teanga a bheidh dearbhaithe agat mar theanga 1, nó mar theanga 2 más é an Béarla is teanga 1 agat.

Uasfhad na trialach: 45 nóiméad.

Marc: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).

c) Triail ghrúpdhíospóireachta rólimirt i mBéarla ionas go mbeidh an coiste roghnúcháin in ann measúnú a dhéanamh ar d’inniúlachtaí, mar a leagtar amach faoi Theideal A.2 den fhógra folúntais seo iad, go háirithe ar d’inoiriúnaitheacht, ar do chumas caibidlíochta, ar do chruthaitheacht agus ar do chumas cinnteoireachta, agus freisin ar d’iompraíocht laistigh de ghrúpa nó nuair a bhíonn tú ag tabhairt aghaidh ar chás ar leith.

Déanfaidh an coiste roghnúcháin fad na trialach grúpdhíospóireachta a shainiú de réir chomhdhéanamh críochnaitheach na ngrúpaí.

Is é 20 nóiméad uasfhad na trialach rólimeartha.

Marc: 0 go 20 pointe (pasmharc: 10 bpointe).

D’fhéadfaí na trialacha sin a eagrú go cianda.

Gheobhaidh tú treoracha na dtrialacha scríofa agus cainte in am trátha. Tá na trialacha beartaithe le haghaidh dáta agus am ar leith. Mura dtugann tú freagra ar chuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, beidh tú dícháilithe. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Dícháileofar láithreach thú as aon sárú ar na treoracha nó as iompraíocht a thagann salach ar na treoracha.

 

  1. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Beidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, de réir ord tuillteanais, ainmneacha an triúr iarrthóirí ag a mbeidh na marcanna is airde san iomlán sa nós imeachta (an measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha) agus ar éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach triail. Áireofar ar an liosta na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.

Cuirfear ar an eolas go pearsanta faoi do thorthaí thú trí theachtaireacht i scríbhinn.

Foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar inlíon Pharlaimint na hEorpa.

Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2026. Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má dhéantar amhlaidh, cuirfear an méid sin in iúl in am trátha do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta.

Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh go léir a thabhairt ar aird i gcomhair fíordheimhniú, lena n-áirítear dioplómaí agus deimhniúcháin oibre.

Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

 

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit cuntas a bheith agat ar an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA. Ní fhéadfaidh tú ach cuntas AMHÁIN a chruthú. Chun déanamh amhlaidh, beidh ort cliceáil ar an gclib ‘Déan iarratas ar líne’ ag bun an leathanaigh.

Iarrtar ort an Treoir d’Iarrthóirí maidir leis na nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú d’fhoirm iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.

 

Spriocdháta le haghaidh iarratas

Is é an dáta deiridh le hiarratais a chur isteach ná an

28 Samhain, ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.

 

Cuirfear admháil chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe.

NÁ CUIRTEAR GLAO TEILEAFÓIN faoin sceideal don chomórtas.