This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

PE/279/S - GNÍOMHAIRE SEALADACH - BAINISTEOIR RIARACHÁIN (AD 9)

Suíomh : An Bhruiséil
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 24/10/2022 12:00
Seirbhís : 01-Cabinet du Secrétaire général, direction de l’innovation et des services centraux
Ref. : PE/279/S - CADRE ADMINISTRATIF, DOMAINE BUDGÉTAIRE (AD 9)
Treoir d’iarrthóirí :

Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’Iarrthóirí atá i gceangal leis an bhfógra folúntais seo a léamh go cúramach.

Is cuid dhílis den fhógra folúntais í an Treoir sin, agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.

 

CLÁR

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

B. NÓS IMEACHTA

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINN:       TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA

 

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

  1. Sonraí ginearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar ghníomhaire sealadach (AD 9) a líonadh.

Is í an phróifíl atá á lorg ná Bainisteoir Riaracháin sa Bhruiséil.

Is ar feadh tréimhse éiginnte ama a dhéanfar an conradh. Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 9, an chéad chéim, ag a bhfuil an buntuarastal EUR 8 408,50 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile a leagtar síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a n-earcófar na hiarrthóirí rathúla a choigeartú, áfach, i gcomhréir leis an taithí ghairmiúil a bheidh acu. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú, amhail idirdhealú bunaithe ar inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, nó a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

 

  1. Cúraimí an phoist

Beidh an té a cheapfar ceangailte le Rúnaíocht an Bhiúró agus na gCaestóirí, atá freagrach as gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus faireacháin cruinnithe an dá chomhlacht rialaithe, go háirithe trí ullmhú dréachtchinntí, nótaí teicniúla, miontuairiscí, litreacha leantacha agus fógraí do na Feisirí, chomh maith leis na comhaid agus na doiciméid a dháiltear le linn na gcruinnithe sin. Beidh sé freagrach freisin as meithleacha uile an Bhiúró agus na gCaestóirí a eagrú. Tá an Rúnaíocht freagrach freisin as bainistiú laethúil na saincheisteanna a thagann faoi inniúlacht na gcomhlachtaí thuasluaite agus as a gcomhfhreagras. Déanann an Rúnaíocht Coimre na Rialacha a chothabháil agus a nuashonrú freisin, ar coimre é ina bhfuil na cinntí a ghlac an Biúró, Comhdháil na nUachtarán agus na Caestóirí.

Beidh an té a cheapfar freagrach as rannchuidiú le hullmhú chruinnithe an Bhiúró agus na gCaestóirí, lena n-áirítear meithleacha an Bhiúró, go háirithe trí pháirt a ghlacadh i ndréachtú nótaí an Uachtaráin chomh maith le nótaí teicniúla agus miontuairiscí na gcruinnithe sin. Beidh an té a cheapfar rannpháirteach i mbainistiú mheitheal an Bhiúró i ndlúthchomhar leis an Ard-Stiúrthóireacht atá freagrach agus le hOifig an Ard-Rúnaí. Beidh an té a cheapfar freagrach freisin as tacaíocht a thabhairt don Cheann Aonaid ar shaincheisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí agus freagrachtaí an Bhiúró agus na gCaestóirí. Beidh eolas domhain ag an té a cheapfar ar thimpeallacht pholaitiúil Pharlaimint na hEorpa agus ar thimpeallacht na ngrúpaí polaitiúla. Beidh ar an té a cheapfar eolas daingean a léiriú ar shaininniúlachtaí an Bhiúró agus na gCaestóirí agus ar an gcaidreamh idir na comhlachtaí rialachais éagsúla.

Teastaíonn taithí ghairmiúil chruthaithe i réimse an bhuiséid, lena n-áirítear maidir le nós imeachta bliantúil buiséadach an Aontais Eorpaigh. Tá sárscileanna dréachtaithe sa Bhéarla, eolas an-mhaith ar na nósanna imeachta a rialaíonn eagrú agus feidhmiú chomhlachtaí rialaithe Pharlaimint na hEorpa agus ar phróiseas cinnteoireachta Pharlaimint na hEorpa bunriachtanach. Ba cheart scileanna cumarsáide agus idirphearsanta den scoth, taidhleoireacht agus discréid, agus taithí ábhartha a bheith mar thaca ag an té a cheapfar. Is gá cumas oibriú le spriocdhátaí agus amchláir dhochta a bheith ag an té sin.

Áireofar na nithe seo a leanas ar na príomhdhualgais:

  • rannchuidiú le hullmhú chruinnithe an Bhiúró agus na gCaestóirí, lena n-áirítear meithleacha an Bhiúró, go háirithe trí pháirt a ghlacadh i ndréachtú nótaí an Chathaoirligh chomh maith le mionteagaisc, nótaí teicniúla, litreacha leantacha agus miontuairiscí na gcruinnithe sin.
  • a bheith rannpháirteach i mbainistiú mheitheal an Bhiúró i ndlúthchomhar leis an Ard-Stiúrthóireacht atá freagrach.
  • na comhaid a bhaineann leis as an réimse buiséadach a leanúint, lena n-áirítear iad siúd maidir le nós imeachta bliantúil buiséadach Pharlaimint na hEorpa;
  • cineálacha éagsúla comhfhfhreagrais agus doiciméid eile a bhaineann le gníomhaíochtaí an Aonaid a tharraingt suas;
  • caidreamh a shaothrú leis na seirbhísí rannpháirteacha agus/nó le seirbhísí coibhéiseacha ar leibhéal institiúideach;
  • tionscadail shonracha a stiúradh agus a chomhordú.

Is i mBéarla a dhéantar mionteagaisc, nótaí teicniúla, miontuairiscí agus litreacha leantacha le haghaidh chomhaltaí an Bhiúró agus/nó le haghaidh sheirbhísí inniúla Pharlaimint na hEorpa i bhformhór mór na gcásanna, rud a éilíonn eolas an mhaith ar an mBéarla agus cumas dréachtaithe an-mhaith ann. I mionlach beag cásanna, déantar an obair sin sa Fhraincis, agus ar an ábhar sin is buntáiste é eolas a bheith ag duine ar an bhFraincis.

Teastaíonn na hinniúlachtaí seo a leanas le haghaidh na gcúraimí sin:

- an cumas anailís a dhéanamh ar fhaisnéis agus í a thuiscint

- scileanna eagrúcháin agus pleanála

- inoiriúnaitheacht

- cumas cumarsáide

- rúndacht/discréid

Beifear ag súil go mbeidh an duine a roghnófar rannpháirteach i misin rialta chuig Strasbourg agus go mbeidh uaireanta oibre solúbtha ag teastáil.

 

  1. Incháilitheacht

Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta agat:

(a)     Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, ní mór duit go háirithe:

–          a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

–          do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat;

–          do chuid dualgas a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

–          na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)     Coinníollacha sonracha

(i)      Na cáilíochtaí is gá

Éilítear na nithe seo a leanas ar na hiarrthóirí:

  • leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile de 4 bliana ar a laghad agus céim bainte amach ag a dheireadh, ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann de na Ballstáit.

  • leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile de 3 bliana ar a laghad agus céim bainte amach ag a dheireadh, ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann de na Ballstáit, mar aon le taithí ghairmiúil ábhartha d’aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime.

Is cuma cé acu i mBallstát nó i dtír nach cuid den Aontas Eorpach í a bhronntar iad, ní mór do chéimeanna a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil i mBallstát de chuid an Aontais, amhail Aireacht Oideachais i gceann de Bhallstáit an Aontais.

Chuige sin, tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar na córais dhifriúla oideachais. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla atá sa treoir d’iarrthóirí.

Ní chuirfear an taithí ghairmiúil a iarrtar sa dara fleasc san áireamh agus an taithí ghairmiúil a éilítear faoi phointe A.3.(b)(ii) á meas.     

 

(ii)       An taithí ghairmiúil is gá

Chomh maith na cáilíochtaí a éilítear faoi A.3.(b)(i), caithfidh 10 mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith agat i réimse a bhaineann leis na cúraimí a shonraítear i roinn A.2., agus ní mór 6 bliana ar a laghad den taithí sin a bheith i dtimpeallacht idirnáisiúnta.

 

(iii)      Eolas ar theangacha

Ní mór eolas críochnúil (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris

agus

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 2): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris.

Caithfidh an Béarla a bheith mar theanga 1 nó mar theanga 2.

Is buntáiste é eolas a bheith ar an bhFraincis.

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil is gá thuas le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, léamh, éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Freagraíonn na hinniúlachtaí sin dóibh siúd a shonraítear sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills).

Cuirtear in iúl d’iarrthóirí go bhfuil ról bunriachtanach ag an mBéarla sa nós imeachta roghnúcháin seo agus go bhfuil sé chunleasa na seirbhíse, a éilíonn na cáilíochtaí is gá mar gheall ar chineál na gcúraimí.

 

Caithfidh an duine a earcófar a bheith in ann na cúraimí atá le déanamh a thuiscint, comhaid a phróiseáil ar ardchaighdeán agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le hidirghabhálaithe inmheánacha agus seachtracha sa teanga sin. Go deimhin, as na litreacha go léir a scríobh Rúnaíocht an Bhiúró agus na gCaestóirí in 2021, is i mBéarla a scríobhadh 94% díobh. Scríobhadh beagnach gach ceann de na litreacha eile sin i bhFraincis. As beagnach 300 litir a scríobhadh, níor scríobhadh ach ceann amháin i dteanga oifigiúil eile.

 

B. NÓS IMEACHTA

Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an nós imeachta .

  1. Glacadh isteach chuig an nós imeachta roghnúcháin

Más rud é

  • go gcomhlíonann tú na coinníollacha ginearálta incháilitheachta agus
  • go bhfuil d’iarratas curtha isteach agat de réir na rialacha a leagtar síos agus faoin spriocdháta i gcomhair iarratas,

scrúdóidh an bord roghnúcháin do chomhad iarratais i bhfianaise na gcoinníollacha sonracha incháilitheachta.

Má chomhlíonann tú na coinníollacha sonracha incháilitheachta, glacfaidh an bord roghnúcháin isteach sa nós imeachta roghnúcháin thú.

Bunóidh an bord a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt di.

 

  1. Measúnú ar cháilíochtaí

Bunaithe ar thábla marcála a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a nglacfar leo sa nós imeachta roghnúcháin agus tarraingeoidh sé suas liosta den 12 iarrthóir is fearr, a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an triail scríofa. Tabharfaidh an bord roghnúcháin cuireadh do na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.

Agus measúnú á dhéanamh ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a ghlacfar isteach sa nós imeachta roghnúcháin, beidh aird ar leith ag an mbord roghnúcháin ar na gnéithe seo a leanas a gcaithfear bonn cirt a thabhairt dóibh san fhoirm iarratais:

  • taithí ar obair i gcomhlachtaí polaitiúla agus/nó leo;
  • taithí ghairmiúil i réimse an bhuiséid;
  • taithí ghairmiúil ar dhréachtú mionteagasc, nótaí teicniúla, miontuairiscí agus litreacha leantacha;
  • taithí ghairmiúil ag ullmhú do chruinnithe ardleibhéil;
  • taithí a fuarthas i dtimpeallacht Eorpach agus/nó idirnáisiúnta;

Marcanna: 0 go 20 pointe.

 

  1. Trialacha

Triail scríofa

Triail ina dhá cuid:

a) Triail cheapadóireachta i mBéarla, (teanga 1 nó teanga 2) bunaithe ar chomhad, chun measúnú a dhéanamh ar d’inniúlacht na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu faoi Roinn A.2. a chomhlíonadh, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar do chumas dréachtú agus achoimre a dhéanamh.

b) Triail scríofa i dteanga oifigiúil an Aontais (teanga 1 nó teanga 2) a dhearbhaigh tú agus ar teanga eile í seachas an Béarla. Tá an triail seo ceaptha chun measúnú a dhéanamh ar do chuid eolais ar na nósanna imeachta a rialaíonn eagrú agus feidhmiú chomhlachtaí rialaithe Pharlaimint na hEorpa agus ar a próiseas cinnteoireachta.

Uasfhad na trialach: 2 uair an chloig le haghaidh chuid a) agus 30 nóiméad le haghaidh chuid b).

Marcanna: 0 go 40 pointe (pasmharc:  20 pointe).

Déanfar an triail sin a eagrú go cianda ar an ríomhaire.

Iarrfar ar an seisear iarrthóirí is fearr a mbeidh na pointí is airde faighte acu sa triail scríofa freastal ar an triail chainte, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc faighte acu.

Trialacha cainte

c) Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin sa Bhéarla chun measúnú a dhéanamh, agus an fhaisnéis uile atá i do chomhad iarratais á cur i gcuntas, ar d’oiriúnacht chun na dualgais a leagtar amach i Roinn A.2. a chomhlíonadh. Déanfaidh an coiste roghnúcháin do chuid eolais ar an bhFraincis a thástáil freisin, má luann i d’fhoirm iarratais é.

Uasfhad na trialach: 45 nóiméad.

Marcanna: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).

D'fhéadfaí an triail sin a eagrú go cianda.

Gheobhaidh tú treoracha na dtrialacha scríofa agus cainte in am trátha. Eagrófar na trialacha  le haghaidh dáta agus am ar leith. Mura dtugann tú freagra ar chuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, beidh tú dícháilithe. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Dícháileofar láithreach thú as aon sárú ar na treoracha nó as aon iompraíocht nach gcomhlíonann na treoracha.

 

  1. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Beidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, de réir ord tuillteanais, ainmneacha an triúr iarrthóirí ag a mbeidh na marcanna is airde san iomlán sa nós imeachta (an measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha) agus ar éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach triail. Áireofar ar an liosta na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.

Cuirfear ar an eolas go pearsanta faoi do thorthaí thú trí theachtaireacht i scríbhinn.

Foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar inlíon Pharlaimint na hEorpa.

Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2026. Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má dhéantar amhlaidh, cuirfear an méid sin in iúl in am trátha do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta.

Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh go léir a thabhairt ar aird i gcomhair fíordheimhniú, lena n-áirítear dioplómaí agus deimhniúcháin oibre.

Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

 

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit cuntas a bheith agat ar an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA. Ní fhéadfaidh tú ach cuntas AMHÁIN a chruthú. Chun déanamh amhlaidh, beidh ort cliceáil ar an gclib ‘Déan iarratas ar líne’ atá ag deireadh an leathanaigh.

Iarrtar ar na hiarrthóirí an Treoir d’Iarrthóirí a léamh go cúramach SULA gcomhlánóidh siad an fhoirm iarratais.

 

Spriocdháta le haghaidh iarratas

Ní mór do na hiarrthóirí iarratas a chur isteach ar an ardán Apply4EP ar a dhéanaí ar

An 24 Deireadh Fómhair 2022 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile

 

Iarrtar ar na hiarrthóirí GAN GLAO GUTHÁIN A CHUR maidir leis an nós imeachta roghnúcháin seo.

Cuirfear admháil chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe.