Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’Iarrthóirí atá i gceangal leis an bhfógra folúntais seo a léamh go cúramach.
Is cuid dhílis den fhógra folúntais í an Treoir sin, agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.
CLÁR
A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT
B. NÓS IMEACHTA
C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH
IARSCRÍBHINN: TREOIR D’IARRTHÓIRÍ MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA
A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT
1. Barúlacha ginearálta
Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post sealadach mar chúntóir (AST 3) a líonadh san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht, sa Stiúrthóireacht um Lóistíocht san Aonad um Leithdháileadh agus Aistriú Oifigí.
Is í an phróifíl atá á lorg ná cúntóir riaracháin agus teicniúil atá freagrach as gach ceist a bhaineann le leithdháileadh agus aistriú oifigí a chomhordú d’úsáideoirí uile Pharlaimint na hEorpa i Lucsamburg.
Is ar feadh tréimhse éiginnte ama a dhéanfar an conradh. Déanfar an earcaíocht ar ghrád AST 3, an chéad chéim, ag a bhfuil an buntuarastal EUR 3 841,17 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile a leagtar síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CEOS). Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí rathúla a choigeartú i gcomhréir leis an taithí ghairmiúil a bheidh acu. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú, amhail idirdhealú bunaithe ar inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, nó a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
2. Cúraimí an phoist
Rannchuidíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO) le dea-bhainistiú an bhonneagair agus na lóistíochta in áiteanna oibre éagsúla Pharlaimint na hEorpa.
Is iad seo a leanas misin AS INLO:
Agus é nó í lonnaithe i Lucsamburg, rannchuideoidh an duine a earcófar le gach ceist a bhaineann le leithdháileadh na n-oifigí agus leis na haistrithe gaolmhara i measc úsáideoirí Pharlaimint na hEorpa. Agus iad déanta faoi údarás an chinn aonaid agus faoi chuimsiú na gclár agus na dtosaíochtaí arna sainiú ag na comhlachtaí parlaiminteacha agus a lucht bainistíochta, is iad seo a leanas na cúraimí sonracha a bheidh aici/aige:
Éilíonn comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin scileanna eagrúcháin den scoth, comhordú, treallús chun réitigh inmharthana agus chruthaitheacha a fháil ar éilimh bainistithe spáis. Tá sé bunriachtanach eolas fairsing oibre a bheith ar lóistíocht agus ar sheirbhís do chustaiméirí chomh maith le heolas ar bhogearraí oifige. Éilítear leis an bpost seo scileanna cumarsáide den scoth agus cumas chun oibriú i bhfoireann.
Beifear ag súil le dul ar mhisin go minic chuig ionaid oibre Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le go leor teagmhálacha inmheánacha agus seachtracha.
3. Incháilitheacht
Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta agat:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 12.2 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, ní mór go háirithe:
(b) Coinníollacha sonracha
(i) Na cáilíochtaí agus na scileanna is gá
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
nó
nó
Ní chuirfear an taithí ghairmiúil a iarrtar sa dara agus sa tríú fleasc san áireamh agus an taithí ghairmiúil a éilítear faoi phointe A.3.b) ii) á meas.
(ii) An taithí ghairmiúil is gá
Caithfidh taithí ghairmiúil iomchuí trí bliana ar a laghad a bheith agat i mbainistiú riaracháin (sainchúraim) agus teicniúil (aistriú, athchóiriú, agus cothabháil) áitreabh tar éis na cáilíochtaí nó an taithí ghairmiúil a éilítear faoi A.3.b) i) a bheith faighte agat.
(iii) Eolas ar theangacha
Ní mór sáreolas (leibhéal C1) a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris
agus
eolas sásúil (leibhéal B2) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2).
Ní mór do theanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1.
Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil a luaitear thuas le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, éisteacht, léamh) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Freagraíonn na hinniúlachtaí sin dóibh siúd a shonraítear sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/ga/common-european-framework-reference).
Cuirtear in iúl d’iarrthóirí gur sainíodh an 2 theanga (Béarla agus Fraincis) a roghnaíodh chun críoch an nós imeachta roghnúcháin seo i gcomhréir le leas na seirbhíse, a éilíonn na cáilíochtaí is gá mar gheall ar chineál na gcúraimí. Caithfidh an duine a earcófar a bheith in ann na cúraimí atá le déanamh a thuiscint, comhaid a phróiseáil agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le teagmhálacha inmheánacha agus seachtracha chomh maith le lucht bainistíochta agus comhghleacaithe. Déantar na cúraimí sin go léir sa dá theanga.
Dá bhrí sin, chun na cúraimí a ghlacadh agus rannchuidiú le feidhmiú ceart na seirbhíse, caithfidh an duine a earcófar a bheith in ann oibriú agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i gceann amháin ar a laghad den dá theanga sin.
Sa bhreis air sin, chun cóir chomhionann a áirithiú, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann amháin den dá theanga sin ina príomhtheanga oifigiúil aige, eolas sásúil a bheith aige ar an dara teanga díobh.
B. NÓS IMEACHTA
Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an nós imeachta .
1. Glacadh isteach chuig an nós imeachta roghnúcháin
Má chomhlíonann tú
scrúdóidh an coiste roghnúcháin do chomhad iarratais i bhfianaise na gcoinníollacha sonracha incháilitheachta.
Má chomhlíonann tú na coinníollacha sonracha incháilitheachta, glacfaidh an coiste roghnúcháin isteach sa nós imeachta roghnúcháin thú.
Bunóidh an coiste a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt di.
2. Measúnú ar cháilíochtaí
Bunaithe ar thábla marcála a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a nglacfar leo sa nós imeachta roghnúcháin agus tarraingeoidh sé suas liosta den 12 iarrthóir is fearr, a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an triail scríofa.
Agus measúnú á dhéanamh ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a nglacfar leo sa nós imeachta roghnúcháin, beidh aird ar leith ag an gcoiste roghnúcháin ar na gnéithe seo a leanas a gcaithfear bonn cirt a tabhairt dóibh san iarratas:
Marcanna: 0 go 20 pointe.
3. Trialacha
Triail scríofa
(a) Triail dréachtaithe i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis), bunaithe ar chomhad, chun meastóireacht a dhéanamh ar do chumas na dualgais a thuairiscítear i bpointe A.2 a chomhlíonadh, agus ar do chumas dréachtaithe.
Fad ama na trialach: 3 uair an chloig.
Marcanna: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe.
Déanfar an triail sin a eagrú go cianda ar an ríomhaire.
Iarrfar ar na 6 iarrthóirí is fearr a mbeidh na pointí is airde faighte acu sa triail scríofa freastal ar na trialacha cainte, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc faighte acu.
Trialacha cainte
(b) Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis) chun measúnú a dhéanamh, agus an fhaisnéis uile atá i do chomhad iarratais á chur i gcuntas, ar d’oiriúnacht chun na dualgais a leagtar amach i Roinn A.2. a chomhlíonadh. Féadfaidh an coiste roghnúcháin a chinneadh do scileanna teanga a thástáil mar a dhearbhaítear san fhoirm iarratais.
Uasfhad na trialach: 45 nóiméad.
Marcanna: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).
(c) Triail díospóireachta grúpa nó rólimirt i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis) chun a cheadú don choiste roghnúcháin do chumas oiriúnaithe, do chumas caibidlíochta, do chruthaitheacht agus do chumas cinnteoireachta a mheas chomh maith le d’iompraíocht san ionad oibre laistigh de ghrúpa nó i bhfianaise staide.
Déanfaidh an coiste roghnúcháin fad na trialach díospóireachta grúpa a shainiú de réir chomhdhéanamh críochnaitheach na ngrúpaí.
Is é 20 nóiméad uasfhad na trialach rólimeartha.
Marcanna: 0 go 20 pointe (pasmharc: 10 bpointe).
Déanfar na trialacha sin a eagrú go cianda.
Gheobhaidh tú treoracha na dtrialacha scríofa agus cainte in am trátha. Tá na trialacha beartaithe le haghaidh dáta agus am ar leith. Mura dtugann tú freagra ar chuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, beidh tú dícháilithe. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Dícháileofar láithreach thú as aon sárú ar na treoracha nó as iompraíocht nach gcomhlíonann na treoracha.
4. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha
Beidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, de réir ord tuillteanais, ainmneacha an triúr iarrthóirí ag a mbeidh na marcanna is airde san iomlán sa nós imeachta (an measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha) agus ar éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach triail.
Cuirfear ar an eolas go pearsanta faoi do thorthaí thú trí theachtaireacht i scríbhinn.
Foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar inlíon Pharlaimint na hEorpa.
Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2025. Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má dhéantar amhlaidh, cuirfear an méid sin in iúl luath go maith do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainm ar an liosta.
Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh go léir a thabhairt ar aird i gcomhair fíordheimhniú, lena n-áirítear dioplómaí agus deimhniúcháin oibre.
Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.
C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit cuntas a bheith agat ar an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA. Ní fhéadfaidh tú ach cuntas AMHÁIN a chruthú. Chun é sin a dhéanamh, cliceáil ar an gcnaipe ‘Déan iarratas ar líne’ ag bun an leathanaigh.
Iarrtar ort an Treoir d’Iarrthóirí maidir leis na nósanna imeachta a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú d’fhoirm iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.
Spriocdháta le haghaidh iarratas
Is é an spriochdháta chun iarratas a chur isteach ná
an 22 Samhain 2021 ar 12.00 (meán lae) am Lucsamburg.
Cuirfear admháil chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe.
Iarrtar ar na hiarrthóirí GAN GLAO TEILEAFÓIN a dhéanamh chun eolas a fháil faoin sceideal oibre.