FÓGRA FOLÚNTAIS PE/321/2025/ITEC
GNÍOMHAIRE SEALADACH
Riarthóir Dlí (AD 7)
Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i leith na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa, ar Treoir í atá i gceangal leis an bhfógra folúntais seo, a léamh go cúramach.
Is cuid dhílis den fhógra folúntais í an Treoir sin, agus cuirtear síos inti ar na nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.
CLÁR
A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT
B. NÓS IMEACHTA
C. IARRATAIS
IARSCRÍBHINN: TREOIR d’IARRTHÓIRÍ I LEITH NA NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN ARNA nEAGRÚ AG PARLAIMINT NA hEORPA
A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT
1. Nótaí ginearálta
Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar chomhalta den fhoireann shealadach, ar ghrád AD 7, san Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil (AS ITEC), a líonadh. Is í an Bhruiséil an áit oibre.
Is í an phróifíl atáthar a lorg ná próifíl an Riarthóra Dlí.
Fanfaidh an conradh i bhfeidhm go ceann tréimhse éiginnte. Is ar ghrád AD 7, an chéad chéim, a dhéanfar an earcaíocht, le buntuarastal de EUR 7 559.72 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus asbhaintí eile a leagtar síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar an t-iarrthóir rathúil a athrú i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus cuireann sí fáilte roimh iarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhoras ar bith amhail inscne, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
2. Cúraimí an phoist
Cuireann an Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil (AS ITEC) seirbhísí cuimsitheacha TF agus cumarsáide ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí reachtacha agus riaracháin Pharlaimint na hEorpa. Áirithíonn sé go ndéantar spás oibre inmheánach ilteangach a fhorbairt agus a chothabháil, rud a thugann rochtain shlán do na Feisirí agus don fhoireann ar dhoiciméid riachtanacha agus ar fhaisnéis riachtanach am ar bith agus áit ar bith. Ina theannta sin, tá AS ITEC freagrach as córais TF na Parlaiminte a dhearadh, a fhorbairt agus a bhainistiú, i gcomhréir le straitéis nuálaíochta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na bhFeisirí, na ngrúpaí polaitiúla, na n-ardstiúrthóireachtaí, an Ombudsman Eorpaigh agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Déanann AS ITEC maoirseacht freisin ar chur chun feidhme straitéise teicniúla atá slán agus inbhuanaithe do bhonneagar TF agus teileachumarsáide na Parlaiminte. Thairis sin, bainistíonn sé táirgeadh agus dáileadh leictreonach doiciméad parlaiminteach agus comhoibríonn sé le hOifig na bhFoilseachán chun téacsanna reachtacha agus doiciméid eile a fhoilsiú go hoifigiúil.
Beidh de cheangal ar an riarthóir dlí, a bheidh lonnaithe sa Bhruiséil, taisteal go rialta idir trí áit oibre Pharlaimint na hEorpa (an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg) agus áiteanna eile nach iad. Oibreoidh an riarthóir dlí i ndlúthchomhar leis an mbainistíocht shinsearach agus le ranna éagsúla laistigh de AS ITEC, agus leis na hardstiúrthóireachtaí eile san Ardrúnaíocht agus, i gcás inar gá, le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh an riarthóir dlí, faoi údarás an mhaoirseora dhírigh agus i gcomhthéacs na gclár agus na dtosaíochtaí arna dtarraingt suas ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte agus a mbainistíocht, na príomhdhualgais seo a leanas:
– treoir a thabhairt don lucht bainistíochta i ngach gné dlí agus riaracháin a bhaineann leis an eintiteas, agus anailís mhionsonraithe agus léirmhíniú mionsonraithe ar reachtaíocht chasta agus ar chásdlí a chur ar fáil;
– staidéir, nótaí agus achoimrí a scríobh agus dréachtrialacha a anailísiú, a cheapadh agus a ullmhú ina réimse freagrachta agus ar gach ábhar a bhaineann le bainistíocht na roinne arna iarraidh sin don bhainistíocht shinsearach;
– dul in éineacht leis an lucht ardbhainistíochta nó ionadaíocht a dhéanamh orthu ag cruinnithe ardleibhéil agus ar mheithleacha inmheánacha agus seachtracha araon, lena n-áiritheofar cumarsáid agus abhcóideacht éifeachtach ar mhaithe le leasa an eintitis;
– a áirithiú go gcuirfidh na ranna ábhartha cúrsaí riaracháin chun feidhme laistigh den sprioc-am, teagmháil a choinneáil leis na páirtithe éagsúla, iad a choinneáil ar an eolas agus a n-ionchur a chomhordú;
– doiciméid a tharraingt suas agus/nó a sheiceáil ina dtugann an Pharlaimint gealltanais agus ar dócha go dtagrófar dóibh i ndíospóidí;
– suí ar choistí nó ar chomhlachtaí riaracháin, a dhéanann ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte ar chomhlachtaí áirithe; tacú le ranna oibríochtúla de réir mar is gá chun gníomhaíochtaí/tionscadail shonracha a dhéanamh;
– freagracht a ghlacadh as conarthaí soláthair phoiblí a ullmhú agus a thabhairt i gcrích;
– iarrataí íogaire/casta ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid AS ITEC a láimhseáil, tar éis comhphróiseáil a dhéanamh leis an úinéir gnó faoi seach agus i ndlúthchomhar le hArd-Stiúrthóireacht na hUachtaránachta (AS PRES).
Teastaíonn críochnúlacht, scileanna cumarsáide, leibhéal ard rúndachta, an cumas anailís agus achoimre a dhéanamh, scileanna réamhphleanála, taidhleoireacht, agus an cumas idirchaidreamh a dhéanamh, go compordach, le réimse leathan daoine ar na leibhéil uile, chun na ndualgas sin. Ní mór don iarrthóir treallús agus diongbháilteacht láidir a léiriú. Ní mór dóibh a bheith in ann oibriú go dian ar bhonn rialta, ina n-aonar agus mar chuid d’fhoireann, agus a bheith in ann dul in oiriúint do thimpeallacht oibre ilchultúrtha agus ilteangach.
3. Incháilitheacht
Faoin dáta deiridh i gcomhair iarratas, ní mór na coinníollacha ginearálta agus sonracha incháilitheachta a bheith comhlíonta agat:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, ní mór duit go háirithe:
– a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;
– do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat;
– do chuid dualgas a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;
– na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat i dtaobh d’oiriúnachta chun do chuid dualgas a chomhlíonadh.
(b) Coinníollacha sonracha
(i) Na cáilíochtaí is gá
· leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa léinn críochnaithe, agus dioplóma i réimse an Dlí ina dhearbhú air sin, nuair is é 4 bliana nó níos mó gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile,
nó
· leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa léinn críochnaithe, agus dioplóma i réimse an Dlí ina dhearbhú air sin, agus bliain ar a laghad de thaithí ghairmiúil atá ábhartha do chúraimí an phoist (Roinn A.2) nuair is é trí bliana ar a laghad ghnáth-thréimhse an oideachais ollscoile. Ní dhéanfar an bhliain sin de thaithí ghairmiúil a chur i gcuntas agus an tréimhse taithí gairmiúla is gá a shonraítear i bpointe 3(b)(ii) á ríomh.
Is cuma cé acu i mBallstát nó i dtír nach cuid den Aontas Eorpach í a bhronntar iad, ní mór dioplómaí a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil, amhail aireacht oideachais, i mBallstát de chuid an Aontais.
Iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas Eorpach í, iarrfar orthu teastas coibhéise AE a chur ar fáil dá gcuid dioplómaí má fhaigheann siad tairiscint earcaíochta. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin dóigh a n-aithnítear cáilíochtaí arna ngnóthú i dtír nach tír den Aontas Eorpach í i líonraí ENIC-NARIC, féach an nasc seo a leanas: https://www.enic-naric.net. Déanfaidh an bord roghnúcháin na difríochtaí idir na córais oideachais a chur i gcuntas. Sa tábla atá sa Treoir d’iarrthóirí, tá samplaí de na cáilíochtaí íosta is gá. Ní dhéanfar iarrthóirí nach ndéanfaidh coibhéis a gcuid dioplómaí san Aontas Eorpach a chur isteach ina dhiaidh sin, ná iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu nach n-aithníonn comhlacht oifigiúil de chuid Ballstát den Aontas Eorpach, a ligean isteach sa nós imeachta roghnúcháin.
(ii) An taithí ghairmiúil is gá
Tar éis duit na cáilíochtaí lena dtugtar rochtain ar an bpróiseas roghnúcháin a ghnóthú (féach pointe (i) thuas), ní mór an taithí ghairmiúil seo a leanas a bheith agat:
· 4 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bhaineann leis na dualgais atá sonraithe i Roinn A.2., agus dhá bhliaian díobh sin i riarachán náisiúnta nó in institiúid nó i gcomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh.
(iii) Eolas ar theangacha
Ní mór eolas críochnúil (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,
agus
eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2).
Más é an Béarla nó más í an Fhraincis teanga 1 agat, ní mór eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) a bheith agat ar aon cheann de 23 theanga oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. Ní mór teanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1.
Is chun leasa na seirbhíse a leagtar síos na roghanna teanga don nós imeachta roghnúcháin seo, i.e. an Béarla agus an Fhraincis. Mar gheall ar na dualgais atá i gceist, teastaíonn cumais shonracha chun phost an Riarthóra Dlí: scileanna anailíseacha, dréachtaithe, maoirseachta teicniúla agus bainistithe riaracháin. Dá bhrí sin, ní mór an ball foirne nua-earcaithe a bheith in ann a thuiscint cé na cúraimí atá le cur i gcrích, aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le hidirghabhálaithe seachtracha agus le bainisteoirí agus le comhghleacaithe.
Tá eolas ar cheann amháin ar a laghad den dá theanga sin riachtanach chun go gcomhlíonfaidh an ball foirne a gcuid freagrachtaí agus chun freastal ar riachtanais na seirbhíse, go háirithe chun caidreamh oibre éifeachtach a bhunú le geallsealbhóirí a úsáideann an Béarla nó an Fhraincis den chuid is mó. Tá sé sin ríthábhachtach chun cuspóirí a bhaint amach agus chun na tionscadail a bhaineann go sonrach leis an Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil (AS ITEC) a chur i gcrích, arb iad an Béarla agus an Fhraincis na príomhtheangacha oibre inti.
Is í an Fhraincis an teanga is coitianta a úsáidtear chun cumarsáid inmheánach a dhéanamh laistigh de na haonaid den ardstiúrthóireacht dá sannfar an t-iarrthóir rathúil, agus i measc na n-aonad sin, San am céanna, is é an Béarla an teanga is mó a úsáidtear i bplé leis na stiúrthóireachtaí eile laistigh de AS ITEC, agus leis na hardstiúrthóireachtaí eile agus le húdaráis pholaitiúla agus riaracháin na Parlaiminte, go háirithe agus doiciméid á ndréachtú agus páirt á glacadh i bplé straitéiseach.
Úsáidtear an Béarla agus an Fhraincis freisin le linn chruinnithe an fhóraim um sholáthar poiblí, a nglacfaidh an t-iarrthóir a earcófar páirt ghníomhach iontu. Tá sé bunriachtanach freisin go mbeadh eolas maith ag na hiarrthóirí ar an bhFraincis i dtreo is go mbeidís in ann an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Fhrainc, sa Bheilg agus i Lucsamburg a thuiscint i gceart. Éilíonn an ról freisin doiciméid dlí a dhréachtú, staidéir a ullmhú agus coincheapa casta dlí a achoimriú, agus caithfear gach ceann acu a chur in iúl go soiléir agus go cruinn. Tá go leor de na teachtaireachtaí inmheánacha agus seachtracha, téacsanna reachtacha, nuashonruithe cásdlí agus treoirlínte nós imeachta ar fáil go príomha sa dá theanga sin. Dá bhrí sin, tá eolas sármhath ar an mBéarla agus/nó ar an bhFraincis ríthábhachtach chun ateangaireacht bheacht, comhlíonadh agus obair ardcháilíochta a chinntiú.
Leagann AS ITEC béim shuntasach ar chumarsáid éifeachtach i measc a foirne chun comhar rianúil agus éifeachtúlacht oibríochtúil a áirithiú. Mar thoradh air sin, i ngach ceann d’fhógraí folúntais AS ITEC, idir fhógraí inmheánacha agus fhógraí seachtracha, ní mór d’iarrthóirí eolas maith a bheith acu ar cheann amháin den dá theanga sin agus eolas maith oibre ar an gceann eile. Cuirfidh inniúlacht i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin ar chumas an iarrthóra rathúil tascanna a dhéanamh go héifeachtúil i gcomhthéacsanna éagsúla teanga agus imeascadh go hiomlán i dtimpeallacht éagsúil ilteangach Pharlaimint na hEorpa.
B. NÓS IMEACHTA
Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an nós imeachta.
1. Iontráil agus measúnú ar cháilíochtaí (an chéad chéim)
(a) Tarraingeoidh an t-údarás ceapacháin suas liosta d’iarrthóirí a mbeidh a n-iarratais curtha isteach acu san fhoirm is gá faoin dáta deiridh agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar amach i Roinn A.3(a). Cuirfear an liosta sin ar aghaidh chuig an mbord roghnúcháin maille leis na foirmeacha iarratais.
(b) Seiceálfaidh an bord roghnúcháin cibé an gcomhlíonann comhaid iarratais na n-iarrthóirí na coinníollacha sonracha a leagtar amach i Roinn A.3(b) – Iontráil.
(c) Ar bhonn tábla marcála a leagfar amach roimh ré, déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí incháilithe go léir (féach pointe B.1(b) thuas) agus tarraingeoidh sé suas liosta den seisear iarrthóirí cáilithe is fearr, a dtabharfar cuireadh chun na dtrialach dóibh. Tabharfaidh an bord roghnúcháin cuireadh d’aon iarrthóirí a bhfuil marcanna comhionanna acu don áit cháilíochta dheireanach – Measúnú ar cháilíochtaí.
Ní bhunóidh an bord roghnúcháin a chuid cinntí ach ar an bhfaisnéis a thugtar san fhoirm iarratais, nach mór doiciméid tacaíochta a bheith ag gabháil léi, nach mór a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm iarratais, agus an tráth céanna a chuirtear isteach an fhoirm iarratais (chun teacht ar a thuilleadh mionsonraí faoi sin, féach an Treoir d’iarrthóirí i leith na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa, pointe 3.3).
Agus measúnú á dhéanamh aige ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, déanfaidh an bord roghnúcháin na gnéithe seo a leanas a chur i gcuntas go háirithe:
- cáilíochtaí agus dioplómaí;
- taithí ar ionadaíocht a dhéanamh ar an lucht ardbhainistíochta nó dul in éineacht leo chuig cruinnithe ardleibhéil agus meithleacha inmheánacha agus seachtracha araon,
- taithí ar chomhairle a thabhairt don lucht bainistíochta maidir le hábhair chasta dlí agus riaracháin, go háirithe i gcomhthéacs chreat institiúideach an Aontais, agus béim á leagan ar mhionanailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar reachtaíocht chasta agus ar chásdlí a bhaineann le dlí TF agus soláthar TF an Aontais;
- taithí ar dhoiciméid a ullmhú a bhaineann le gealltanais pharlaiminteacha agus le saincheisteanna íogaire eile;
- scileanna láidre cumarsáide, ó bhéal agus i scríbhinn araon, agus an cumas coincheapa casta dlí agus faisnéis chasta dlí a chur in iúl gonta do gheallsealbhóirí éagsúla, lena n-áirítear an bhainistíocht shinsearach agus eintitis sheachtracha;
- taithí ar staidéir, nótaí agus achoimrí dlí ar ardchaighdeán a dhréachtú agus ar anailísí cuimsitheacha riaracháin agus dlíthiúla agus dréachtrialacha a ullmhú mar fhreagairt ar iarrataí na bainistíochta sinsearaí;
- taithí ar choistí oscailte agus meastóireachta a stiúradh agus páirt ghníomhach a ghlacadh iontu;
- taithí ar ionchur ó ghealsealbhóirí éagsúla a chomhordú agus ar chumarsáid rialta a choinneáil ar bun chun a áirithiú go rachaidh tionscadail chun cinn go rianúil;
- taithí ar nósanna imeachta soláthair phoiblí a ullmhú agus páirt a ghlacadh iontu;
- taithí i dtimpeallacht ilchultúrtha ilteangach, agus an cumas idirchaidreamh compordach a dhéanamh le raon leathan daoine ar gach leibhéal.
Marcálfar gach critéar ar scála (ó 1 go 5). Déanfar measúnú ar iarrthóirí ar a scór foriomlán chun a n-oiriúnacht don phost a chinneadh.
Marcanna: 0 go 20 pointe.
Cuirfear in iúl duit le ríomhphost ar chinn an bord roghnúcháin tú a ligean isteach chun na trialacha a dhéanamh ar bhonn d’incháilitheachta agus ar bhonn na bpointí a ghnóthaigh tú sa mheasúnú cáilíochta.
2. Trialacha (an dara céim)
D’fhonn measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil an t-eolas agus na scileanna ag na hiarrthóirí a bhfuil gá leo chun na dualgais a thuairiscítear thíos a dhéanamh, reáchtálfaidh an bord roghnúcháin na trialacha seo a leanas:
Triail scríofa
a) Triail dréachtaithe i mBéarla nó i bhFraincis, ar bhonn comhaid, chun measúnú a dhéanamh ar d’inniúlacht na dualgais a thuairiscítear i bpointe A.2. a dhéanamh, agus freisin ar do scileanna dréachtaithe.
Fad na trialach: 90 nóiméad ar a mhéad.
Scóráil: ó 0 go 20 pointe (an líon íosta pointí is gá: 10 bpointe)
D’fhéadfaí an triail seo a reáchtáil i bpearsa nó ar líne.
Triail chainte
b) Agallamh leis an mbord roghnúcháin i mBéarla nó i bhFraincis, chun measúnú a dhéanamh, ar a oiriúnaí atá tú leis na dualgais a thuairiscítear i Roinn A.2 a chomhlíonadh.
Fad uasta na trialach: 45 nóiméad ar a mhéad.
Scóráil: ó 0 go 40 pointe (an líon íosta pointí is gá: 20 pointe)
D’fhéadfaí an triail seo a reáchtáil i bpearsa nó ar líne.
Gheobhaidh tú treoracha maidir leis na trialacha in am trátha. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Mura gcloíonn tú leis na treoracha nó má dhéanann tú aon bhearta nach bhfuil comhsheasmhach leis na treoracha, dícháileofar thú láithreach.
3. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha
Déanfaidh an bord roghnúcháin liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a tharraingt suas, ina mbeidh, in ord aibítre, ainmneacha an triúir iarrthóirí a mbeidh na scóir fhoriomlána is airde faighte acu sa nós imeachta (measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha), ar choinníoll go mbeidh pasmharc gnóthaithe acu sa dá thriail. Áireofar ar liosta na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.
Cuirfear ar an eolas thú, i scríbhinn, faoi do thorthaí.
Foilseofar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa.
Rachaidh bailíocht na liostaí d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2028; Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má dhéantar amhlaidh, cuirfear an méid sin in iúl in am trátha do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta.
C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH
Ní mór iarratas a chur isteach tríd an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search
Ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i leith na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú an fhoirm iarratais a chomhlánú.
Spriocdháta le haghaidh iarratas
12.00 (meán lae), am na Bruiséile, an 4 Feabhra 2025