Sula ndéanfaidh tú iarratas a chur isteach, ní mór duit an Treoir d’Iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra comórtais seo a léamh go cúramach. Tugann an Treoir sin, ar cuid dhílis den fhógra comórtais í, soiléiriú ar na rialacha a rialaíonn an nós imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.
CLÁR NA nÁBHAR
IARSCRÍBHINN: TREOIR D’IARRTHÓIRÍ MAIDIR LE COMÓRTAIS A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA
A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT
Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa, ar bhonn Airteagal 29(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, tús a chur le comórtas (AD 5) d’Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin.
Is í an phróifíl atá á lorg ná gairmí teanga agus idirchultúrtha sa Bhéarla. Beidh deichniúr ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.
Déanfar an earcaíocht sin ar ghrád AD 5, an chéad chéim, ag a bhfuil buntuarastal EUR 4 917,29 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile dá bhforáiltear le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh. Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo a oiriúnú, áfach, i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
Soláthraíonn Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (AS TRAD) seirbhísí aistriúcháin do Pharlaimint na hEorpa chun cumarsáid a dhéanamh i ngach formáid, idir pháipéar agus leictreonach, i ngach teanga oifigiúil den Aontas Eorpach.
Is é seo a leanas misean AS TRAD:
Is é gairm AS TRAD droichid a thógáil idir teangacha agus cultúir éagsúla agus ilteangachas inbhuanaithe, ar cuid riachtanach den idéal daonlathach Eorpach é, a chur chun cinn.
Agus iad lonnaithe i Lucsamburg, éascaíonn na gairmithe teanga agus idirchultúrtha cumarsáid, ina máthairtheanga, idir Parlaimint na hEorpa agus an pobal i gcoitinne. Ba cheart dóibh teanga shoiléir a úsáid i ngach gné dá gcuid oibre, agus comhthéacs cultúrtha na tíre nó na dtíortha lena mbaineann á chur san áireamh. Déanann siad ábhar a aistriú agus a logánú le haghaidh lucht léitheoireachta, éisteachta agus féachana, déanann siad athbhreithniú ar obair a gcomhghleacaithe, agus soláthraíonn siad cúnamh dréachtaithe agus seirbhísí eagarthóireachta d’údair téacsanna neamhreachtacha. Bíonn orthu freisin ábhar a oiriúnú ina máthairtheanga. Tá spiorad maith foirne agus scileanna láidre idirphearsanta riachtanach toisc go n-oibríonn na gairmithe teanga agus idirchultúrtha i ndlúthchomhar le comhghleacaithe ó aonaid eile de AS TRAD agus go mbíonn siad, ó am go chéile, i dteagmháil leis na seirbhísí iarrthacha.
Is iad seo a leanas cúraimí an ghairmí teanga agus idirchultúrtha:
De ghnáth bíonn na hábhair lena mbaineann, ar minic casta iad, ag plé le cúrsaí polaitiúla, dlíthiúla, eacnamaíocha, airgeadais, eolaíochta nó teicniúla a chuimsíonn gach réimse gníomhaíochta san Aontas Eorpach.
Éileoidh cur i gcrích na gcúraimí sin dianúsáid a bhaint as uirlisí sonracha TF agus as uirlisí gaolmhara. Beidh idirghabháil teanga agus idirchultúrtha i gceist leis an obair sin freisin trí ábhar closamhairc a aistriú agus fotheidealú.
Éilíonn feidhm gairmí teanga agus idirchultúrtha tuiscint ghéar ar oiriúnú, an cumas fadhbanna ar minic éagsúil agus casta iad a thuiscint, freagairt go gasta d’imthosca athraitheacha agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh. Ní mór do na hiarrthóirí a bheith in ann oibriú go dian ar bhonn rialta, go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann, i dtimpeallacht oibre ilchultúrtha. San am céanna, beidh siad tiomanta don oiliúint ghairmiúil a dhéanamh i gcaitheamh a ngairmréime.
Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, ní mór duit:
– a bheith i do náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;
– do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat;
– do dhualgais a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;
– na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.
(b) Coinníollacha sonracha
i) Na cáilíochtaí is gá
Nuair is é trí bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh.
Féadfaidh tú tagairt a dhéanamh go háirithe d’Iarscríbhinn I den Treoir d’Iarrthóirí maidir le comórtais a eagraíonn Parlaimint na hEorpa.
(ii) Eolas ar theangacha
Ní mór duit máistreacht a bheith agat ar thrí theanga oifigiúla ar a laghad den Aontas Eorpach. San fhógra comórtais seo, déanaimid tagairt do theangacha mar a leanas:
Sainíodh na teangacha a roghnaíodh chun críocha an chomórtais seo de réir leasanna na seirbhíse. Go deimhin, éilítear cáilíochtaí speisialta le post an ghairmí teanga agus idirchultúrtha sa Bhéarla mar gheall ar chineál na ndualgas, mar a leagtar síos i gCuid A.2 den fhógra comórtais seo.
Dá bhrí sin, chun a gcuid cúraimí a ghlacadh orthu féin agus dea-fheidhmiú sheirbhís AS TRAD a áirithiú, caithfidh na daoine a earcófar a bheith in ann oibriú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i dtrí theanga, lena n-áirítear an Béarla mar phríomhtheanga.
(iii) An taithí ghairmiúil is gá
Ní éilítear aon taithí ghairmiúil. Mar sin féin, is buntáiste é aon taithí ghairmiúil a bheith agat sa réimse lena mbaineann an comórtas seo.
B. AN NÓS IMEACHTA DON CHOMÓRTAS
Tá dhá chéim sa chomórtas:
a) triail ceisteanna ilrogha
b) scagaire tallainne
(a) Triail ceisteanna ilrogha (MCQ)
Iarrfar ort tástáil réamhroghnúcháin a dhéanamh i dteanga 1 (Béarla).
Beidh uaslíon de 40 ceist sa tástáil réamhroghnúcháin (MCQ) chun measúnú a dhéanamh ar chumas na n-iarrthóirí luachanna an Aontais Eorpaigh agus ról Pharlaimint na hEorpa a shainaithint. Gheobhaidh na hiarrthóirí ceisteanna samplacha MCQ in am agus i dtráth roimh dháta na tástála.
Ní faide ná 80 nóiméad an tástáil sin agus eagrófar ar líne í.
(b) Scagaire tallainne
Ní mór duit an scagaire tallainne atá ag gabháil leis an Treoir d’Iarrthóirí (Iarscríbhinn III) a líonadh isteach agus é a ionchorprú i do chomhad iarratais leictreonach.
Más rud é:
- go gcomhlíonann tú na coinníollacha ginearálta agus sonracha incháilitheachta (cuid A.3),
- go bhfuil iarratas déanta agat de réir na rialacha a leagtar síos faoin dáta deiridh i gcomhair iarratais (cuid C),
- go bhfuil tú ar dhuine de na hiarrthóirí is fearr sa triail ceisteanna ilrogha (MCQ) (glacfaidh an bord roghnúcháin leis an 150 iarrthóir is airde marcanna sa tástáil sin; más gá, glacfaidh an bord roghnúcháin leis na hiarrthóirí uile ar comhscór gan teorainn ar a líon,
Déanfaidh an bord roghnúcháin do fhreagraí sa scagaire tallainne a mheasúnú agus glacfar leis an 50 iarrthóir is fearr chun na dtrialacha scríofa. Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh ualú a thabhairt do na critéir mheastóireachta éagsúla agus na marcanna a bhronntar ar gach critéar a iolrú faoin bhfachtóir ualaithe sin. Déanfar na marcanna a shuimiú chun na hiarrthóirí is fearr a bhfuil a bpróifíl ag teacht le cúraimí an phoist a shainaithint.
Bunóidh an bord roghnúcháin a mheasúnú go heisiach ar na freagraí a thugtar sa scagaire tallainne chun an 50 iarrthóir is fearr a ghlacadh isteach sna trialacha scríofa.
2 Trialacha
Trialacha aistriúcháin agus oiriúnaithe
(a) Aistriúchán ar théacs a bhaineann le gníomhaíochtaí reachtacha Pharlaimint na hEorpa ó theanga 2 go teanga 1.
Uasfhad ama na trialach: 90 nóiméad, le haghaidh téacs de 450 focal ar a mhéad
Marcanna: 0 go 40 pointe - pasmharc: 20/40
Ní cheartófar trialacha (b) agus (c) d’iarrthóirí nach mbainfidh an pasmharc amach sa triail seo.
(b) Aistriúchán ar óráid nó ar theachtaireacht atá beartaithe do na saoránaigh ó theanga 3 go teanga 1.
Uasfhad ama na trialach: 90 nóiméad, le haghaidh téacs de 450 focal ar a mhéad
Marcanna: 0 go 40 pointe - pasmharc: 20/40
Ní cheartófar triail (c) d’iarrthóirí nach mbainfidh an pasmharc amach sa triail seo.
(c) Téacs a oiriúnú i dteanga shoiléir: téacs nua a scríobh i dteanga 1 ó dhoiciméad casta i dteanga 2, ar téacs é a léiríonn an t-ábhar bunaidh i stíl agus réim oiriúnaithe chun na smaointe bunriachtanacha a dhéanamh soiléir do na saoránaigh.
Uasfhad ama na trialach: 60 nóiméad
Marcanna: 0 go 40 pointe - pasmharc: 20/40
Is ar ríomhaire agus ar líne a eagrófar na trialacha sin.
Iarrfar ar an 20 iarrthóir ag a mbeidh na marcanna is airde sna trialacha scríofa freastal ar na trialacha cainte, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc faighte acu i ngach triail.
Trialacha cainte
(d) Agallamh leis an mbord roghnúcháin i dteangacha 1 agus 2, lena bhféadfaidh an coiste sin, i bhfianaise na n-eilimintí go léir atá i do chomhad iarratais, d’oiriúnacht chun na dualgais a thuairiscítear faoi ‘Cúraimí an phoist’ a chomhlíonadh in institiúid Eorpach. Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh tástáil a dhéanamh ar d’eolas ar theangacha oifigiúla eile a bheidh sonraithe i d’fhoirm iarratais agat.
Uasfhad ama na trialach: 45 nóiméad
Marcanna: 0 go 40 pointe - pasmharc: 20/40
(e) Triail díospóireachta grúpa nó rólimirt i dteanga 1 ionas go mbeidh an bord roghnúcháin in ann measúnú a dhéanamh ar d’inoiriúnaitheacht, ar do chumas caibidlíochta, ar do chumas cinnteoireachta agus ar d’fheidhmíocht laistigh de ghrúpa.
Saineoidh an bord roghnúcháin fad na trialach díospóireachta grúpa de réir chomhdhéanamh críochnaitheach na ngrúpaí.
Is é 25 nóiméad uasfhad thriail na rólimeartha.
Marcanna: 0 go 20 pointe - pasmharc: 10/20
D’fhéadfaí na trialacha sin a eagrú go cianda.
Gheobhaidh tú treoracha na dtrialacha scríofa agus cainte in am trátha. Tá na trialacha beartaithe le haghaidh dáta agus am ar leith. Mura bhfreagraíonn tú cuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, dícháileofar thú. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Má sháraíonn tú na treoracha nó mura gcloíonn d’iompraíocht leis na treoracha, dícháileofar láithreach thú.
Tar éis dó doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a fhíorú, bunóidh an bord roghnúcháin, liosta de na 10 n-iarrthóir a bhfuil na marcanna foriomlána is fearr bainte amach acu ag deireadh na dtrialacha scríofa agus cainte. Liostálfar ainmneacha na n-iarrthóirí oiriúnacha de réir ord aibítre.
Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig, 2025. Féadfar síneadh a chur le bailíocht an liosta sin trí chinneadh ón údarás ceapacháin.
Cuirfear gach iarrthóir go leithleach ar an eolas faoina thorthaí, agus foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar shuíomh gréasáin oifigiúil Pharlaimint na hEorpa.
Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh go léir a chur isteach i gcomhair fíordheimhniú, go háirithe do dhioplómaí agus do dheimhniúcháin fostaíochta.
Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.
C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH
Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ardán Apply4EP.
https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA
Iarrtar ort an Treoir d’Iarrthóirí maidir le comórtais a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú d’fhoirm iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.
Dáta deiridh le haghaidh iarratas
Is é an dáta deiridh le hiarratais a chur isteach ná an
10 Meitheamh 2021 ar 17:30, am Lucsamburg
Cuirfear admháil chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe.
Ná CUIRTEAR GLAO TEILEAFÓIN faoin sceideal don chomórtas