Suíomh : An Bhruiséil ; Lucsamburg
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 06/11/2024 12:00
Seirbhís : 08-An Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht
Tagairt : PE/307/2024/S/INLO - Legal Administrator (AD 5 & AD 7)
Treoir d’iarrthóirí : Guide for candidates

FÓGRA FOLÚNTAIS PE/307/2024/S/INLO 

GNÍOMHAIRÍ SEALADACHA 

Riarthóir Dlí (AD 5 & AD 7)

  

Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i leith na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa, ar Treoir í atá i gceangal leis an bhfógra folúntais seo, a léamh go cúramach.

 

Is cuid dhílis den fhógra folúntais í an Treoir sin, agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh. 

CLÁR

 

 

A.               CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

 

 

B.               NÓS IMEACHTA

 

 

C.               IARRATAIS

 

IARSCRÍBHINN:       TREOIR d’IARRTHÓIRÍ I LEITH NA NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN ARNA nEAGRÚ AG PARLAIMINT NA hEORPA

 

 

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

 

1.     Nótaí ginearálta

 

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun dhá phost mar ghníomhairí sealadacha, ar ghrád AD 5 agus ar ghrád AD7, san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO) a líonadh. Is is í an Bhruiséil an áit oibre don phost AD 5 agus is é Lucsamburg an áit oibre don phost AD 7.

 

Is í an phróifíl atáthar a lorg ná próifíl an Riarthóra Dlí.

 

Mairfidh an conradh go ceann tréimhse éiginnte. Déanfar an earcaíocht sin ar ghrád AD 5, an chéad chéim, le buntuarastal de EUR 5 672,78 sa mhí agus ar ghrád AD 7, an chéad chéim, le buntuarastal de EUR 7 261,98 sa mhí.  Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus asbhaintí eile a leagtar síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a n-earcófar an t-iarrthóir rathúil a choigeartú i gcomhréir le taithí ghairmiúil an iarrthóra sin. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

 

Cumhdaítear dhá ghrád leis an bhfógra seo (AD 5 agus AD 7). Ní fhéadfaidh iarrthóirí iarratas a chur isteach ach ar ghrád amháin. Dá bhrí sin, amhail dá dtagraítear i Roinn C den fhógra earcaíochta, ní mór duit grád a roghnú agus tú ag cur iarratas isteach ar líne, agus ní fhéadfaidh tú do rogha a athrú tar éis duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.

Faoi réir coinníollacha áirithe, áfach, féadfaidh an coiste roghnúcháin iarratais ar ghrád AD 7 a athshannadh do ghrád AD 5.  Leagtar amach na coinníollacha maidir le hathshannadh i Roinn B.1 (b) den fhógra earcaíochta.

 

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus cuireann sí fáilte roimh iarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhoras ar bith amhail inscne, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

 

2.     Cúraimí an phoist

 

Tá ag foireann na hArd-Stiúrthóireachta um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO) saineolas ar bhainistiú saoráidí, ar lóistíocht agus ar thionscadail tógála, a chuimsíonn tuairim is 1.1 milliún méadar cearnach sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg agus sna hoifigí idirchaidrimh sna Ballstáit. Ina theannta sin, soláthraíonn sí seirbhísí lónadóireachta agus iompair agus bainistíonn sí spás oifige na Parlaiminte, agus tá sí freagrach, mar shampla, as troscán agus soláthairtí agus as post a dháileadh.

Déanfaidh an riarthóir dlí, a bheidh ag obair faoi réir stiúrthóir de chuid na hArd-Stiúrthóireachta um Bonneagar agus um Lóistíocht nó in aonad taobh le hoifig an Ard-Stiúrthóra, cúraimí comhairleacha agus anailíseacha i gceann amháin nó níos mó de réimsí freagrachta an Ard-Stiúrthóra, mar a thuairiscítear thíos.

Bunaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg (ag brath ar an ngrád), beidh ar na riarthóirí dlí taisteal go rialta idir trí ghnátháit oibre na Parlaiminte (an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg) agus áiteanna eile. Is é atá i gceist leis an ról sin dlúthchomhar leis an (ard-) stiúrthóir agus leis na ranna eile san Ardstiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht, leis na hardstiúrthóireachtaí eile san Ardrúnaíocht agus, i gcás inar gá, le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Cuirfidh na riarthóirí dlí comhairle thráthúil agus ábhartha ar na bainisteoirí sinsearacha, agus soláthróidh siad faisnéis thráthúil agus ábhartha dóibh, ar nithe a thagann faoina réimse freagrachta.

Teastaíonn críochnúlacht, scileanna cumarsáide, leibhéal ard rúndachta, an cumas anailís agus achoimre a dhéanamh, scileanna réamhphleanála, taidhleoireacht, agus an cumas idirchaidreamh a dhéanamh, go compordach, le réimse leathan daoine ar na leibhéil uile, chun na ndualgas sin. Is den tábhacht a bheith in ann déileáil le réimse leathan fadhbanna, ar minic casta iad, freagairt go mear ar imthosca iomlaoideacha agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach. Ní mór don Iarrthóir treallús agus diongbháilteacht láidir a léiriú. Ní mór í / é a bheith in ann oibriú go dian ar bhonn rialta, ina haonar / ina aonar agus mar chuid d’fhoireann, agus a bheith in ann dul in oiriúint do thimpeallacht oibre ilchultúrtha agus ilteangach.

Déanfaidh an Riarthóir Dlí ag grád AD 5, faoi údarás an mhaoirseora dhírigh agus i gcomhthéacs na gclár agus na dtosaíochtaí arna dtarraingt suas ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte agus a mbainistíocht, na príomhdhualgais seo a leanas:

 

       comhairle a chur ar bhainisteoirí faoi na gnéithe dlíthiúla agus riaracháin uile den eintiteas, go háirithe trí anailís a dhéanamh ar an reachtaíocht agus ar an gcásdlí is infheidhme;

       conarthaí an eintitis a bhainistiú de réir nósanna imeachta soláthair tiomnaithe;

       gearáin fhéideartha agus iarraidh ar fhaisnéis a bhaineann le soláthar agus forghníomhú conarthaí a láimhseáil;

       dul in éineacht leis an lucht ardbhainistíochta nó ionadaíocht a dhéanamh ar an lucht bainistíochta ag cruinnithe agus ar mheithleacha inmheánacha agus seachtracha;

       gach gné de na nósanna imeachta tairisceana as a dtagann tabhairt i gcrích conarthaí faoi shainchúram an eintitis a ullmhú, agus faireachán a dhéanamh orthu, ó dhréachtú na ndoiciméad nós imeachta go síniú an chonartha, agus páirt a ghlacadh i gcoistí oscailte agus meastóireachta, inter alia.

 

Déanfaidh an Riarthóir Dlí ag grád AD 7, faoi údarás an mhaoirseora dhírigh agus i gcomhthéacs na gclár agus na dtosaíochtaí arna dtarraingt suas ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte agus a mbainistíocht, na príomhdhualgais seo a leanas:

 

       comhairle a chur ar an lucht bainistíochta i ngach gné chasta dlí agus riaracháin den eintiteas, agus anailís mhionsonraithe agus léirmhíniú mionsonraithe ar reachtaíocht chasta agus ar chásdlí a chur ar fáil;

       maoirseacht agus bainistiú straitéiseach a dhéanamh ar chonarthaí ardluacha casta an eintitis, lena n-áirithítear comhlíontacht dhocht le hardnósanna imeachta soláthair;

       plé le gearáin agus iarrataí ardleibhéil ar fhaisnéis a bhaineann le soláthar agus forghníomhú conarthaí agus iad a réiteach, lena n-áirítear díospóidí agus idirghabháil a láimhseáil;

       dul in éineacht leis an lucht ardbhainistíochta nó ionadaíocht a dhéanamh orthu ag cruinnithe ardleibhéil agus ar mheithleacha inmheánacha agus seachtracha araon, lena n-áiritheofar cumarsáid agus abhcóideacht éifeachtach ar mhaithe le leas an eintitis;

       a bheith i gceannas ar nósanna imeachta casta tairisceana a ullmhú, a fhorghníomhú agus faireachán a dhéanamh orthu, ó dhoiciméid chasta nós imeachta a dhréachtú go maoirseacht a dhéanamh ar shíniú an chonartha, agus páirt ghníomhach a ghlacadh i gcoistí oscailte agus meastóireachta, lena n-áirithítear go gcloítear le dianchaighdeáin chomhlíontachta.

3.     Incháilitheacht

 

Faoin dáta deiridh i gcomhair iarratas, ní mór na coinníollacha ginearálta agus sonracha incháilitheachta a bheith comhlíonta agat:

 

(a)     Coinníollacha ginearálta

 

I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, ní mór duit go háirithe:

 

       a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,

       do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat,

       do chuid dualgas a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí,

       na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat i dtaobh d’oiriúnachta chun do chuid dualgas a chomhlíonadh.

 

(b)     Coinníollacha sonracha

 

(i)      Na cáilíochtaí is gá

 

                 Le haghaidh ghrád AD 5

 

·       leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa iomlán staidéir ollscoile trí bliana ar a laghad agus é fianaithe le dioplóma i réimse an Dlí,

 

Le haghaidh ghrád AD 7

 

·       leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa léinn críochnaithe, agus dioplóma i réimse an Dlí ina dhearbhú air sin, nuair is é 4 bliana nó níos mó gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile,

 

 

leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa léinn críochnaithe, agus dioplóma i réimse an Dlí ina dhearbhú air sin, agus bliain ar a laghad de thaithí ghairmiúil atá ábhartha do chúraimí an phoist (roinn A.2) nuair is é trí bliana ar a laghad ghnáth-thréimhse an oideachais ollscoile. Ní dhéanfar an bhliain sin de thaithí ghairmiúil a chur i gcuntas agus an tréimhse taithí gairmiúla is gá a shonraítear i bpointe 3.(b)(ii) á ríomh.

 

Is cuma cé acu i mBallstát nó i dtír nach cuid den Aontas Eorpach í a bhronntar iad, ní mór dioplómaí a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil i mBallstát de chuid an Aontais, amhail Aireacht Oideachais i gceann de Bhallstáit an Aontais.

 

(ii)       An taithí ghairmiúil is gá

 

Le haghaidh ghrád AD 5

·       Ní éilítear aon taithí ghairmiúil.

 

Le haghaidh ghrád AD 7

Tar éis duit na cáilíochtaí lena dtugtar rochtain ar an bpróiseas roghnúcháin a ghnóthú (féach pointe (i) thuas), ní mór an taithí ghairmiúil seo a leanas a bheith agat:

 

·       4 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bhaineann leis na dualgais atá sonraithe i roinn A.2. 2 agus ceann díobh sin i riarachán náisiúnta nó in institiúidí nó i gcomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh. 

 

 

(iii)   Eolas ar theangacha

 

Ní mór eolas críochnúil (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,

 

agus

 

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2).

Más é an Béarla, nó más í an Fhraincis, teanga 1 agat, ní mór eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) a bheith agat ar aon cheann de 23 theanga oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. Ní mór teanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1.

 

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur chun leasa na seirbhíse a leagtar síos na roghanna teanga don nós imeachta roghnúcháin seo, i.e. an Béarla agus an Fhraincis. Mar gheall ar na dualgais atá i gceist, teastaíonn cumais shonracha chun phost an Riarthóra Dlí: scileanna anailíseacha, dréachtaithe, maoirseachta teicniúla agus bainistithe riaracháin. Dá bhrí sin, ní mór an ball foirne nua-earcaithe a bheith in ann a thuiscint cé na cúraimí atá le cur i gcrích, aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le hidirghabhálaithe seachtracha agus le bainisteoirí agus le comhghleacaithe.

 

Is den riachtanas é eolas a bheith ag an mball foirne ar cheann amháin ar a laghad den dá theanga sin má tá sé nó sí lena fhreagrachtaí nó a freagrachtaí agus riachtanais na seirbhíse a chomhlíonadh i gcomhthéacs na ndualgas a cheanglófar air nó uirthi a chur i gcrích, go háirithe an gá le caidreamh oibre a chothú le geallsealbhóirí a labhraíonn Béarla nó Fraincis go príomha agus cuspóirí a bhaint amach agus tabhairt faoi thionscadail a bhaineann go sonrach leis an Ard-Stiúrthóireacht a n-earcófar an t-iarrthóir rathúil inti, inarb iad an Béarla agus an Fhraincis na teangacha oibre.

 

Is í an Fhraincis an teanga is coitianta a úsáidtear chun cumarsáid a dhéanamh laistigh de na haonaid san Ard-Stiúrthóireacht, agus ina measc, a n-earcófar an t-iarrthóir rathúil inti. Is é an Béarla is mó a bhíonn in úsáid sa chumarsáid leis na stiúrthóireachtaí eile san Ard-Stiúrthóireacht um an mBonneagar agus um Lóistíocht, leis na hArd-Stiúrthóireachtaí eile, agus le húdaráis pholaitiúla agus riaracháin na Parlaiminte, go háirithe ó thaobh doiciméid a dhréachtú de.

 

Is den deargriachtanas é eolas a bheith ag na hiarrthóirí ar theanga amháin ar a laghad, i.e. Béarla nó Fraincis, a mhéid a bhaineann leis na dualgais shonracha a dhéanfaidh na baill foirne nua-earcaithe. Baineann na dualgais sin le nósanna imeachta earcaíochta a bhfuil na huirlisí TF lena n-aghaidh i mBéarla nó i bhFraincis. Úsáidtear an dá theanga freisin le linn chruinnithe an Fhóraim um Sholáthar Poiblí, a nglacfaidh an duine a earcófar páirt ghníomhach iontu. Tá sé bunriachtanach freisin go mbeadh eolas maith ag na hiarrthóirí ar an bhFraincis i dtreo is go mbeidís in ann an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Fhrainc, sa Bheilg agus i Lucsamburg a thuiscint i gceart. Is í an ghnáth-theanga chumarsáide idir idirghabhálaithe seachtracha (soláthraithe seirbhíse, riaracháin agus údaráis áitiúla i dtaca leis na rialacha atá i bhfeidhm) freisin í.

 

Cuireann an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht an-bhéim ar chumarsáid éifeachtach idir a baill foirne. Sna fógraí folúntais de chuid na hArdstiúrthóireachta a fhoilsítear laistigh de Pharlaimint na hEorpa, agus lasmuigh di, sonraítear gur gá an-eolas a bheith ag na hiarrthóirí ar theanga amháin ar a laghad agus eolas sásúil a bheith acu ar theanga eile, an Béarla agus an Fhraincis go sonrach.

 

B. NÓS IMEACHTA

 

Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an nós imeachta.

 

1.         Iontráil agus measúnú ar cháilíochtaí (an chéad chéim)

 

(a)     Tarraingeoidh an t-údarás ceapacháin suas liosta d’iarrthóirí a mbeidh a n-iarratais curtha isteach acu san fhoirm is gá faoin dáta deiridh agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar amach i Roinn A.3.(a). Cuirfear é sin ar aghaidh chuig an gcoiste roghnúcháin maille leis na foirmeacha iarratais.

 

(b)     Seiceálfaidh an t-údarás ceapacháin comhaid iarratais na n-iarrthóirí má chomhlíonann siad na coinníollacha sonracha a leagtar amach i Roinn A.3(b).

 

Maidir le hiarratais ar ghrád AD 7: Agus incháilitheacht á fíorú, féadfaidh an coiste roghnúcháin iarratas a athshannadh do ghrád AD 5 sna cásanna seo a leanas:

– go dtugtar le fios ó na sonraí a thugtar san iarratas nach gcomhlíonann an t-iarrthóir na critéir incháilitheachta le haghaidh ghrád AD 7, ach go gcomhlíonann sé / sí iad le haghaidh ghrád AD 5;

agus

– gur thoiligh an t-iarrthóir, sa dearbhú, le hathshannadh do ghrád AD 5.

 

Mura dtíolacfar aon dearbhú toilithe nó má bhíonn an dearbhú neamhiomlán, ní fhéadfar iarrthóirí nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta le haghaidh ghrád AD 7 a athshannadh do ghrád AD 5 agus, dá bhrí sin, ní ligfear isteach sa phróiseas roghnúcháin iad.

Má dhéantar iarrthóir a athshannadh do ghrád AD 5, déanfar a iarratas/ a hiarratas a athmheasúnú i dteannta na n-iarratas eile go léir ar ghrád AD5. 

 

(c)     Ar bhonn tábla marcála a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí incháilithe go léir agus tarraingeoidh sé suas liosta den seisear iarrthóirí cáilithe is fearr, a dtabharfar cuireadh chuig na trialacha dóibh. Iarrfaidh an coiste roghnúcháin ar aon iarrthóirí a bhfuil marcanna comhionanna acu don áit cháilíochta dheireanach freastal ar an triail chainte, i gcás gach gráid.

 

Ní bhunóidh an coiste a chuid cinntí ach ar an bhfaisnéis a thugtar san fhoirm iarratais, nach mór doiciméid tacaíochta a bheith ag gabháil leis, nach mór a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm iarratais, agus an tráth céanna a chuirtear isteach an fhoirm iarratais (chun teacht ar a thuilleadh mionsonraí faoi sin, féach an Treoir d’iarrthóirí i leith na Nósanna Imeachta Roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa, pointe 3.3).

 

Agus measúnú á dhéanamh aige ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, le haghaidh ghrád AD 5, déanfaidh an coiste roghnúcháin na gnéithe seo a leanas a chur i gcuntas go háirithe:

 

-      cáilíochtaí agus dioplómaí,

-      eolas léirithe ar bheith i dteannta lucht ardbhainistíochta ag cruinnithe; 

-      cumas cruthaithe ionadaíocht a dhéanamh ar an mbainistíocht i meithleacha inmheánacha agus seachtracha araon,

-      eolas/scileanna doimhne ar chomhairle a chur ar an lucht bainistíochta maidir le cúrsaí dlí agus riaracháin;

-      inniúlacht in anailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar an reachtaíocht agus ar an gcásdlí is infheidhme,

-      eolas cuimsitheach ar phróiseas ullmhúcháin na tairisceana, lena n-áirítear na doiciméid nós imeachta a dhréachtú agus comhlíonadh nósanna imeachta tairisceana agus oibleagáidí conarthacha

-      eolas/scileanna léirithe maidir le meastóireacht a dhéanamh ar thogra de réir critéar agus trédhearcacht a áirithiú; 

-      cumas léirithe a bheith ag obair i dtimpeallacht Eorpach nó idirnáisiúnta.

 

Marcanna: 0 go 20 pointe.

 

Agus measúnú á dhéanamh aige ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, le haghaidh ghrád AD 7, déanfaidh an coiste roghnúcháin na gnéithe seo a leanas a chur i gcuntas go háirithe:

-      cáilíochtaí agus dioplómaí,

-      taithí ar ionadaíocht a dhéanamh ar an lucht ardbhainistíochta nó dul in éineacht leo chuig cruinnithe ardleibhéil agus meithleacha inmheánacha agus seachtracha araon,

-      taithí ar chomhairle a thabhairt don lucht bainistíochta maidir le hábhair chasta dhlíthiúla agus riaracháin, agus béim á leagan ar mhionanailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar reachtaíocht chasta agus ar chásdlí,

-      taithí ar nósanna imeachta casta tairisceana a ullmhú, a chur i gcrích agus faireachán a dhéanamh orthu, idir dhoiciméid chasta nós imeachta a dhréachtú agus maoirseacht a dhéanamh ar shíniú conarthaí,

-      taithí ar choistí oscailte agus meastóireachta a stiúradh agus páirt ghníomhach a ghlacadh iontu,

-      taithí oibre i dtimpeallacht Eorpach nó idirnáisiúnta, go háirithe i gcomhthéacsanna ardéilimh dlí agus riaracháin. 

 

 

Marcálfar gach critéar ar scála (ó 1 go 5).  Déanfar measúnú ar iarrthóirí ar a scór foriomlán chun a n-oiriúnacht don phost a chinneadh.

 

Marcanna: 0 go 20 pointe.

 

Cuirfear in iúl duit le ríomhphost ar chinn an coiste roghnúcháin tú a scaoileadh isteach chun na trialacha a dhéanamh ar bhonn d’incháilitheachta agus ar bhonn na bpointí a ghnóthaigh tú sa mheasúnú cáilíochta.

 

2. Trialacha (an dara céim)

D’fhonn measúnú a dhéanamh ar eolas na n-iarrthóirí agus ar a gcumas na dualgais a thuairiscítear thíos a dhéanamh, reáchtálfaidh an coiste roghnúcháin na trialacha seo a leanas:

 

Triail scríofa

 

a) Triail dréachtaithe i mBéarla nó i bhFraincis, ar bhonn comhaid, chun measúnú a dhéanamh ar d’inniúlacht na dualgais a thuairiscítear i bpointe A.2. a dhéanamh, agus freisin ar scileanna dréachtaithe an iarrthóra.

 

Fad na trialach: 90 nóiméad ar a mhéad.

Scóráil: ó 0 go 20 pointe (an líon íosta pointí is gá: 10 bpointe)

D’fhéadfaí an triail seo a reáchtáil i bpearsa nó ar líne.

 

Triail chainte

 

b) Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i mBéarla nó i bhFraincis, chun measúnú a dhéanamh, agus an fhaisnéis uile sa chomhad iarratais á cur i gcuntas, ar a oiriúnaí atá tú leis na dualgais a thuairiscítear i Roinn A.2 a chomhlíonadh.

 

Fad uasta na trialach: 45 nóiméad ar a mhéad.

Scóráil: ó 0 go 40 pointe (an líon íosta pointí is gá: 20 pointe)

D’fhéadfaí an triail seo a reáchtáil i bpearsa nó ar líne.

 

Gheobhaidh tú treoracha maidir leis na trialacha in am trátha. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Mura gcloíonn tú leis na treoracha nó má dhéanann tú aon bhearta nach bhfuil comhsheasmhach leis na treoracha, dícháileofar thú láithreach.

 

3.         Liostaí d’iarrthóirí oiriúnacha

 

Déanfaidh an coiste roghnúcháin liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a chur i dtoll a chéile, ina mbeidh, in ord aibítre, ainmneacha an triúr iarrthóirí le haghaidh gach gráid a mbeidh na scóir fhoriomlána is airde faighte acu sa nós imeachta (measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha), ar choinníoll go mbeidh pasmharc gnóthaithe ag an iarrthóir sa dá thriail. Áireofar ar na liostaí na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.

 

Cuirfear ar an eolas thú, i scríbhinn, faoi do thorthaí.

Foilseofar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa.

Rachaidh bailíocht na liostaí d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2028; Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má dhéantar amhlaidh, cuirfear an méid sin in iúl in am trátha do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta.

  

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

 

Ní mór iarratas a chur isteach tríd an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search

 

Ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i leith na nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú an fhoirm iarratais a chomhlánú.

 

Agus iarratas ar líne á dhéanamh agat, ní mór duit an grád a bhfuil iarratas á dhéanamh acu air (AD 5 nó AD 7) a shonrú. Tá sé éigeantach freisin do gach iarrthóir an ‘Dearbhú Toilithe’ a íoslódáil, a líonadh isteach, a dhátú agus a shíniú, agus é a uaslódáil chuig a n-iarratas, rud a chuirfidh ar do chumas dul ar aghaidh leis an iarratas ó leathanach 2 go leathanach 3.

Tá an dearbhú seo tábhachtach d'iarrthóirí ar ghrád AD 7, toisc go gceadaíonn sé don choiste roghnúcháin iad a athshannadh do ghrád níos ísle más gá agus sa chás go n-iarrann an t-iarrthóir é, agus sa chás sin amháin.

 

 

Spriocdháta le haghaidh iarratas

 

12.00 (meán lae), am na Bruiséile, an 6 Samhain 2024