Suíomh : An Bhruiséil
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 06/11/2024 12:00
Seirbhís : 08-An Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht
Tagairt : PE/308/2024/S/INLO - ADMINISTRATIVE MANAGER (AD 8)
Treoir d’iarrthóirí : Guide for candidates

FÓGRA FOLÚNTAIS PE/308/2024/S/INLO

 

COMHALTAÍ DEN FHOIREANN SHEALADACH

Bainisteoir Riaracháin (AD 8)

 

  

Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa, ar Treoir í atá i gceangal leis an bhfógra folúntais seo, a léamh go cúramach. 

Is cuid dhílis den fhógra folúntais í an Treoir agus cuidíonn sí le tuiscint a fháil ar na rialacha lena rialaítear na nósanna imeachta roghnúcháin agus ar conas iarratas a dhéanamh.

 

 

CLÁR

 

A.               SAINCHUNTAS POIST AGUS INCHÁILITHEACHT

B.               NÓS IMEACHTA

C.               IARRATAIS

IARSCRÍBHINN:      AN TREOIR d’IARRTHÓIRÍ I NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN ARNA nEAGRÚ AG PARLAIMINT NA hEORPA

 

 

A. SAINCHUNTAS POIST AGUS INCHÁILITHEACHT

 

1.      Barúlacha ginearálta

 

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar chomhalta den fhoireann shealadach, ar ghrád AD 8, san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO) a líonadh. Is í an Bhruiséil an áit oibre.

Is í an phróifíl atáthar a lorg ná próifíl an Bhainisteora Riaracháin

Mairfidh an conradh go ceann tréimhse éiginnte. Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 8, an chéad chéim, ag a bhfuil buntuarasatal EUR 8 216.45 in aghaidh na míosa.  Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus na n-asbhaintí eile dá bhforáiltear i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a n-earcófar an t-iarrthóir rathúil a choigeartú i gcomhréir le taithí ghairmiúil an iarrthóra sin. Thairis sin, in imthosca áirithe, íocfar liúntais de bhreis ar an mbuntuarastal.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus cuireann sí fáilte roimh iarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhoras ar bith amhail inscne, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

 

2.      Sainchuntas poist

Soláthraíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO), a chuimsíonn tuairim is 1.1 milliún méadar cearnach sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg agus sna hoifigí idirchaidrimh sna Ballstáit, saineolas ar bhainistiú saoráidí, ar lóistíocht agus ar thionscadail tógála. Soláthraíonn sí seirbhísí lónadóireachta agus iompair freisin agus bainistíonn sí spás oifige na Parlaiminte, agus tá sí freagrach, mar shampla, as troscán agus soláthairtí agus as post a dháileadh.

Déanfaidh an bainisteoir riaracháin, a bheidh ag obair go díreach faoi réir stiúrthóir de chuid na hArd-Stiúrthóireachta um Bonneagar agus um Lóistíocht nó in aonad atá ceangailte d'oifig an Ard-Stiúrthóra, cúraimí comhairleacha agus anailíseacha i gceann amháin nó níos mó de réimsí freagrachta an Ard-Stiúrthóra, mar a thuairiscítear thíos.

Beidh de cheangal ar an mbainisteoir riaracháin, a bheidh lonnaithe sa Bhruiséil, taisteal go rialta idir trí áit oibre Pharlaimint na hEorpa (an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg) agus áiteanna eile nach iad. Mar chuid den ról, oibreoidh an bainisteoir riaracháin i ndlúthchomhar leis an Stiúrthóir (Ard-Stiúrthóir), le ranna eile san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht, le hArdstiúrthóireachtaí eile sa Rúnaíocht agus, i gcás inar gá, le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Cuirfidh an bainisteoir riaracháin comhairle thráthúil agus ábhartha ar an ardbhainistíocht, agus soláthróidh sé / sí faisnéis thráthúil agus ábhartha di, ar nithe a thagann faoina réimse freagrachta.

Teastaíonn críochnúlacht, scileanna cumarsáide, leibhéal ard rúndachta, an cumas anailís agus achoimre a dhéanamh, scileanna réamhphleanála, taidhleoireacht agus an cumas idirchaidreamh a dhéanamh, go compordach, le réimse leathan daoine ar na leibhéil uile, chun na ndualgas sin. Is den tábhacht a bheith in ann déileáil le réimse leathan fadhbanna, ar minic casta iad, freagairt go mear ar imthosca iomlaoideacha agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach. Ní mór do na hiarrthóirí treallús agus diongbháilteacht láidir a léiriú. Ní mór í / é a bheith in ann oibriú go dian ar bhonn rialta, ina haonar / ina aonar agus mar chuid d’fhoireann, agus a bheith in ann dul in oiriúint do thimpeallacht oibre ilchultúrtha agus ilteangach.

Faoi údarás an mhaoirseora dhírigh agus faoi chuimsiú na gclár agus na dtosaíochtaí arna mbunú ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte agus ag bainistíocht na gcomhlachtaí rialaithe sin, déanfaidh an bainisteoir riaracháin na príomhdhualgais seo a leanas:

        comhairle a chur ar an mbainistíocht faoi na gnéithe dlíthiúla agus riaracháin uile den eintiteas, go háirithe trí anailís a dhéanamh ar an reachtaíocht agus an cásdlí is infheidhme;

        barr feabhais a chur ar an úsáid a bhaintear as acmhainní na roinne chun seirbhís ardcháilíochta a sholáthar ina réimsí gníomhaíochtaí;

        gnéithe dlíthiúla agus riaracháin d'fhreagrachtaí an eintitis a cheapadh, a tharraingt suas, a chur ar bhonn foirmiúil, a mholadh, a chur chun feidhme agus gníomh iardain a dhéanamh ina leith;

        pleanáil agus ullmhú na nótaí arna gcur faoi bhráid comhlachtaí rialaithe sonracha de chuid na Parlaiminte (e.g. Coláiste na gCaestóirí, meithleacha an Bhiúró, etc.) a chomhordú;

        saineolas dlí a sholáthar don aonad a bhíonn ag plé le suirbhéanna ar an margadh réadmhaoine;

        beidh sé/sí i dteannta na hardbhainistíochta ag cruinnithe nó ionadaíocht a dhéanamh ar an mbainistíocht ar mheithleacha inmheánacha agus seachtracha;

        staidéir, tuarascálacha, nótaí, litreacha, staidreamh agus aon doiciméid eile a bhaineann leis an bhfreagracht chomhshaoil agus shóisialta (inrochtaineacht agus saincheisteanna maidir leis an gcomhshaol) Pharlaimint na hEorpa a dhréachtú, lena n-áirítear rialacha a dhréachtú;

        idirchaidreamh a dhéanamh leis na ranna agus / nó na contrapháirteanna lena mbaineann ar an leibhéal idirinstitiúideach;

        tionscadail shonracha a stiúradh agus a chomhordú chun a áirithiú go gcuirtear i gcrích go rathúil iad. 

 

3.      Incháilitheacht

 

Ar an dáta deiridh i gcomhair iarratas, ní mór na critéir incháilitheachta ghinearálta agus shonracha a bheith comhlíonta agat:

 

(a)     Critéir ghinearálta

Faoi Airteagal 12(2) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh:

        ní mór duit a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,

        ní mór na cearta iomlána mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat,

        ní mór aon oibleagáidí arna bhforchur ort leis na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat,

        ní mór duit a bheith in ann na litreacha molta iomchuí maidir lena oiriúnaí atá tú le dul i mbun do dhualgas a thabhairt ar aird.

 

(b)     Critéir shonracha

 

(i)      Na cáilíochtaí is gá

        leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe, agus dioplóma ina dhearbhú air sin, nuair is é 4 bliana nó níos mó gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile, 

_         leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe, agus dioplóma ina dhearbhú air sin, agus bliain ar a laghad de thaithí ghairmiúil atá ábhartha don sainchuntas poist (roinn A.2.) nuair is é 3 bliana ar a laghad gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile. Ní dhéanfar an bhliain sin de thaithí ghairmiúil a chur i gcuntas agus an tréimhse taithí gairmiúla is gá a shonraítear i bpointe 3.(b)(ii) á ríomh.

Ní mór do chomhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais, na dioplómaí, cibé acu a eisíodh iad i mBallstát nó i dtír nach tír den Aontas Eorpach í, a aithint.

Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach tír den Aontas Eorpach í coibhéis a gcuid dioplómaí san Aontas Eorpach a chur i gceangal lena n-iarratas. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin dóigh a n-aithnítear cáilíochtaí arna ngnóthú i dtír nach tír den Aontas Eorpach í i líonraí ENIC-NARIC, féach an nasc seo a leanas: https://www.enic-naric.net. Déanfaidh an bord roghnúcháin na difríochtaí idir na córais oideachais a chur i gcuntas. Sa tábla atá sa Treoir d’iarrthóirí, tá samplaí de na cáilíochtaí íosta is gá. Iarrthóirí nach ndéanfaidh coibhéis a gcuid dioplómaí san Aontas Eorpach a chur i gceangal lena n-iarratas agus/nó iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu nach n-aithníonn comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach, ní ligfear isteach sa nós imeachta roghnúcháin iad.

 

(ii)        An taithí ghairmiúil is gá

Tar éis duit na cáilíochtaí lena dtugtar rochtain ar an bpróiseas roghnúcháin (féach pointe (i) thuas) a ghnóthú, ní mór an taithí ghairmiúil seo a leanas a bheith agat:

        ní mór 6 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil atá ábhartha do na dualgais a shonraítear i Roinn A.2. a bheith ag na hiarrthóirí, agus 3 bliana acu sin i riarachán náisiúnta nó in institiúidí nó i gcomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh. 

 

(iii)    Eolas ar theangacha

Ní mór eolas críochnúil (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,

agus

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2).

Más é an Béarla, nó más í an Fhraincis, teanga 1 agat, ní mór eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) a bheith agat ar aon cheann de 23 theanga oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. Ní mór teanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1. 

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur chun leasa na seirbhíse a leagtar síos na roghanna teanga don nós imeachta roghnúcháin seo, i.e. an Béarla agus an Fhraincis. Mar gheall ar na dualgais atá i gceist, teastaíonn cumais shonracha chun phost an Bhainisteora Riaracháin: scileanna anailíseacha, dréachtaithe, maoirseachta teicniúla agus bainistithe riaracháin. Dá bhrí sin, ní mór an comhalta nua-earcaithe den fhoireann a bheith in ann a thuiscint cé na cúraimí atá le cur i gcrích, aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le hidirghabhálaithe seachtracha agus le bainisteoirí agus le comhghleacaithe. 

Is den riachtanas é eolas a bheith ag an gcomhalta den fhoireann ar cheann amháin ar a laghad den dá theanga sin má tá sé nó sí lena fhreagrachtaí nó a freagrachtaí agus riachtanais na seirbhíse a chomhlíonadh i gcomhthéacs na ndualgas a cheanglófar air nó uirthi a chur i gcrích, go háirithe an gá le caidreamh oibre a fhorbairt le geallsealbhóirí a labhraíonn Béarla nó Fraincis go príomha agus cuspóirí a bhaint amach agus tabhairt faoi thionscadail a bhaineann go sonrach leis Ard-Stiúrthóireacht a n-earcófar an t-iarrthóir rathúil inti, inarb iad an Béarla agus an Fhraincis na teangacha oibre. 

Is í an Fhraincis an teanga is coitianta a úsáidtear chun cumarsáid a dhéanamh laistigh de na haonaid, agus ina measc, san Ard-Stiúrthóireacht a n-earcófar an t-iarrthóir rathúil inti. Is é an Béarla is minice a úsáidtear chun cumarsáid a dhéanamh leis na stiúrthóireachtaí eile san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht, leis na hArd-Stiúrthóireachtaí eile agus le húdaráis pholaitiúla agus riaracháin na Parlaiminte, go háirithe ó thaobh doiciméid a dhréachtú de. 

Is den deargriachtanas é eolas a bheith ag na comhaltaí nua-earcaithe den fhoireann ar theanga amháin ar a laghad, i.e. an Béarla nó an Fhraincis, a mhéid a bhaineann leis na dualgais shonracha a dhéanfaidh siad. Baineann na dualgais sin le nósanna imeachta soláthair a bhfuil na huirlisí TF lena n-aghaidh i mBéarla nó i bhFraincis. Úsáidtear an dá theanga freisin le linn chruinnithe an Fhóraim um Sholáthar Poiblí, a nglacfaidh an duine a earcófar páirt ghníomhach iontu. Tá sé bunriachtanach freisin go mbeadh eolas maith ag na comhaltaí nua-earcaithe den fhoireann ar an bhFraincis i dtreo is go mbeidís in ann an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Fhrainc, sa Bheilg agus i Lucsamburg a thuiscint i gceart. Is í an ghnáth-theanga chumarsáide idir idirghabhálaithe seachtracha (soláthraithe seirbhíse, riaracháin agus údaráis áitiúla i dtaca leis na rialacha atá i bhfeidhm) freisin í.

Cuireann an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht an-bhéim ar chumarsáid éifeachtach idir a gcomhaltáí foirne. Sna fógraí folúntais a fhoilsítear laistigh de Pharlaimint na hEorpa, agus lasmuigh di, sonraítear gur gá an-eolas a bheith ag na comhaltaí nua-earcaithe den fhoireann ar theanga amháin ar a laghad agus eolas sásúil a bheith acu ar theanga eile, an Béarla agus an Fhraincis go sonrach. Sa nós imeachta roghnúcháin, ba cheart cloí leis an gcleachtas seanbhunaithe arna chur i bhfeidhm ag an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht.

 

B. NÓS IMEACHTA

 

Tá an nós imeachta bunaithe ar cháilíochtaí agus ar thrialacha.

 

1.         Glacadh agus measúnú cáilíochtaí (an chéad chéim)

(a)     Tarraingeoidh an t-údarás ceapacháin suas liosta d’iarrthóirí a mbeidh a n-iarratais curtha isteach acu san fhoirm is gá faoin dáta deiridh agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar amach i Roinn A.3.(a). Cuirfear é sin ar aghaidh chuig an gcoiste roghnúcháin maille leis na comhaid iarratais.

(b)     Seiceálfaidh an t-údarás ceapacháin comhaid iarratais na n-iarrthóirí má chomhlíonann siad na coinníollacha sonracha a leagtar amach i Roinn A.3(b).

(c)     Ar bhonn tábla marcála a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí incháilithe go léir agus tarraingeoidh sé suas liosta den seisear iarrthóirí cáilithe is fearr, a dtabharfar cuireadh chun na dtrialach dóibh. Tabharfaidh an bord roghnúcháin cuireadh d’aon iarrthóirí atá ar aon chéim san áit cháilithe dheireanach.

Ní bhunóidh an coiste roghnúcháin a chuid cinntí ach ar an bhfaisnéis a thugtar san fhoirm iarratais, nach mór doiciméid tacaíochta bunús a thabhairt léi, nach mór a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm iarratais agus an tráth céanna a chuirtear isteach an fhoirm iarratais (chun teacht ar a thuilleadh mionsonraí faoi sin, féach an Treoir d’iarrthóirí i Nósanna Imeachta Roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa, pointe 3.3).

Agus measúnú á dhéanamh aige ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, déanfaidh an coiste roghnúcháin na gnéithe seo a leanas a chur i gcuntas go háirithe:

        cáilíochtaí agus dioplómaí,

        taithí ar a bheith i dteannta na hardbhainistíochta ag cruinnithe nó ar ionadaíocht a dhéanamh uirthi ag cruinnithe agus ar mheithleacha inmheánacha agus seachtracha;

        taithí ar bharr feabhais a chur ar an úsáid a bhaintear as acmhainní roinne, lena n-áirítear acmhainní daonna agus buiséadacha;

        taithí ar chomhairle a chur ar an mbainistíocht i dtaobh na ngnéithe dlíthiúla agus riaracháin uile den eintiteas, go háirithe trí anailís a dhéanamh ar an reachtaíocht agus an cásdlí is infheidhme;

        taithí ar chinnteoireacht a ullmhú agus a éascú i réimse na freagrachta bainistíochta agus / nó i réimse na freagrachta oibríochtúla agus ar scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna éagsúla; 

        taithí nach beag ar thuarascálacha, nótaí, litreacha, staidreamh agus aon chineál eile doiciméid a bhaineann leis an bhfreagracht chomhshaoil agus shóisialta a dhréachtú, lena n-áirítear rialacha a dhréachtú le haghaidh Pharlaimint na hEorpa;

        taithí chruthaithe ar chuidiú le bainistiú riaracháin agus airgeadais a dhéanamh ar roinn, lenar áirithíodh gur comhlíonadh rialacháin iomchuí;

        taithí ar idirchaidreamh a dhéanamh leis na ranna agus na contrapháirteanna ábhartha ar an leibhéal idirinstitiúideach;

        taithí ar thionscadail shonracha a stiúradh agus a chomhordú chun a áirithiú go gcuirtear i gcrích go rathúil iad;

        taithí oibre i dtimpeallacht ilnáisiúnta, trínar léiríodh an cumas cultúir éagsúla a shníomh le chéile. 

Marcáil: 0 go 20 pointe.

Cuirfear in iúl duit, trí ríomhphost, cibé acu atá nó nach bhfuil cinneadh déanta ag an gcoiste roghnúcháin cuireadh chun na dtrialach a thabhairt duit.

 

2. Trialacha (an dara céim)

D’fhonn measúnú a dhéanamh ar eolas na n-iarrthóirí agus ar a gcumas na dualgais a thuairiscítear thuas a dhéanamh, reáchtálfaidh an coiste roghnúcháin na trialacha seo a leanas:

 

Triail scríofa 

a) Triail um dhréachtú i mBéarla nó i bhFraincis, ar bhonn comhaid, chun measúnú a dhéanamh ar d’inniúlacht na dualgais a thuairiscítear i bpointe A.2. a dhéanamh, agus freisin ar do scileanna dréachtaithe. 

Fad na trialach: 90 nóiméad ar a mhéad.

Scóráil: ó 0 go 20 pointe (an líon íosta pointí is gá: 10 bpointe)

 

Triail chainte

b) Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i mBéarla nó i bhFraincis, chun measúnú a dhéanamh, agus an fhaisnéis uile sa chomhad iarratais á cur i gcuntas, ar a oiriúnaí atá tú leis na dualgais a thuairiscítear i Roinn A.2 a chomhlíonadh.

Fad uasta na trialach: 45 nóiméad ar a mhéad.

Scóráil: ó 0 go 40 pointe (an líon íosta pointí is gá: 20 pointe). 

Gheobhaidh tú treoracha maidir leis na trialacha in am trátha. Ní mór duit cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha. Mar gheall ar aon mhainneachtain cloí leis na treoracha nó ar ghníomhaíocht a dhéanamh atá ar neamhréir leis na treoracha, dícháileofar láithreach thú.

 

3.         Líostaí d’iarrthóirí oiriúnacha

Déanfaidh an coiste roghnúcháin liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a tharraingt suas ina mbeidh, in ord aibítre, ainmneacha an triúir iarrthóirí a mbeidh na scóir fhoriomlána is airde faighte acu sa nós imeachta (measúnú cáilíochtaí agus na trialacha), ar choinníoll go mbeidh pasmharc gnóthaithe ag an iarrthóir sa dá thriail. Sna liostaí, áireofar aon iarrthóirí atá ar aon chéim san áit dheireanach. 

Cuirfear ar an eolas thú, i scríbhinn, faoi do thorthaí.

Rachaidh tréimhse bhailíochta na liostaí d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2028. Féadfar bailíocht na liostaí sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má fhadaítear í, déanfar na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha ar na liostaí a chur ar an eolas faoi sin in am trátha.

 

C. IARRATAIS

 

Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search

Ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú an fhoirm iarratais a chomhlánú.

 

Spriocdháta le haghaidh iarratas

12.00 (meán lae), am na Bruiséile, an 6 Samhain 2024