Suíomh : An Bhruiséil
Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 06/11/2024 12:00
Seirbhís : 08-An Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht
Tagairt : PE/309/2024/S/INLO - Administrative assistant (AST1)
Treoir d’iarrthóirí : Guide for candidates

FÓGRA EARCAÍOCHTA PE/309/2024/S/INLO

GNÍOMHAIRE SEALADACH

Cúntóir bainistithe riaracháin (AST 1) 

 

Sula ndéanfaidh tú iarratas a thíolacadh, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra earcaíochta seo a léamh go cúramach. 

Is cuid dhílis den fhógra earcaíochta í an Treoir sin, agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh. 

CLÁR

 

A.               CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

B.               NÓS IMEACHTA

C.               IARRATAIS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINN: TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA

 

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

1.         Sonraí ginearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta le haghaidh post mar ghníomhaire sealadach (AST 1) san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht sa Stiúrthóireacht um Bainistiú Comhtháite Bonneagair sa tSeirbhís Cur Chun Feidhme Buiséid.  Is í an phróifíl atá á lorg cúntóir bainistithe riaracháin atá freagrach as soláthar poiblí. 

Is ar feadh tréimhse éiginnte ama a dhéanfar an conradh. Déanfar an earcaíocht ar ghrád AST 1, an chéad chéim, ag a bhfuil buntuarastal EUR 3 461.58 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile a leagtar síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar an t-iarrthóir/na hiarrthóirí a n-éireoidh leo a oiriúnú, áfach, i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

2.         Cúraimí an phoist

Rannchuidíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO) le bainistiú fónta bonneagair agus lóistíochta in áiteanna oibre éagsúla Pharlaimint na hEorpa.

Is iad seo a leanas misin AS INLO: 

     bainistiú a dhéanamh ar na foirgnimh go léir ina bhfuil Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg, chomh maith leis na hoifigí idirchaidrimh sna Ballstáit ar an leibhéal teicniúil agus riaracháin;

     bainistiú a dhéanamh ar na seirbhísí trealaimh agus ar na seirbhísí atá ina ndlúthchuid d’oibriú na bhfoirgneamh sin;

     bainistiú a dhéanamh ar an trealamh (ceannach, iompar, aistrithe, láimhseáil teachtaireachtaí, lónadóireacht, comhlachtaí lárnacha ceannaigh, etc.) chomh maith le heagrú ábharach cruinnithe.

Is sa Bhruiséil a lonnófar an duine a earcófar agus rachaidh sé nó sí isteach i bhfoireann dhinimiciúil a dhéileálann le comhaid soláthair phoiblí agus a áirithíonn go ndéantar bainistiú riaracháin ar na comhaid, lena n-áirítear na comhaid agus doiciméid tacaíochta ábhartha a chartlannú, a ionchódú agus a chlárú. Feidhmeoidh an duine sin mar phointe tagartha a bheidh freagrach as roinnt nósanna imeachta riaracháin agus a áiritheoidh go ndéanfar iad a chomhordú. Déanfar na cúraimí a chur i gcrích faoi údarás an Stiúrthóra agus faoi chuimse na gclár agus na dtosaíochtaí arna sainiú ag na comhlachtaí parlaiminteacha agus a n-ordlathas, agus áireofar an méid seo a leanas orthu:

       rannchuidiú le nósanna imeachta soláthair phoiblí a phleanáil;

       tráthchlár na nósanna imeachta sin a shainiú leis na haonaid oibríochtúla agus faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme;

       nósanna imeachta soláthair phoiblí a eagrú agus/nó rannchuidiú leo (nósanna imeachta a sheoladh agus faireachán a dhéanamh orthu, páirt a ghlacadh i gcoistí oscailte agus meastóireachta tairiscintí, faireachán a dhéanamh ar an gciorcad riaracháin i dtaca le dréachtchonarthaí agus dréachtleasuithe, táblaí faireacháin a nuashonrú, nótaí míniúcháin a dhréachtú, cartlannú, etc.);

       comhaid a scrúdú, go háirithe nósanna imeachta soláthair phoiblí, de réir nósanna imeachta réamhbhunaithe ina n-úsáidtear meáin pháipéir agus/nó meáin leictreonacha agus na comhaid chríochnaithe a chur ar fáil do na comhlachtaí cinnteoireachta;

       obair a dhéanamh ar ionchur téacs, ar fhormáidiú, ar tháblaí, ar chláir oibre a choinneáil, ar an bpost, ar aicmiú, ar chomhaid a ullmhú, ar thuarascálacha, ar staidreamh, etc.;

       cúnamh riaracháin a áirithiú i dtaca leis an méid seo a leanas: bainistiú a dhéanamh ar ghlaonna, ríomhphoist, post páipéir, neamhláithreacht, teilea-obair, iarrataí ar oiliúint, soláthairtí oifige agus cruinnithe, orduithe misin a ullmhú, etc.;

chun na feidhmeanna sin a chur i gcrích, tá gá freisin le sárscileanna eagraíochtúla agus tuiscint láidir ar fhreagracht, taidhleoireacht, scileanna idirphearsanta an-mhaith agus spiorad foirne láidir. 

Beidh misin chuig áiteanna oibre Pharlaimint na hEorpa i gceist chomh maith.

 

3.         Coinníollacha incháilitheachta 

Faoin dáta deiridh atá socraithe chun na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

a)      Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 12.2 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

–          a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

–          do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat;

–          do chuid dualgas a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

–          na teistiméireachtaí carachtair is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

b)      Coinníollacha sonracha

i)       Na cáilíochtaí is gá

Ní mór duit na nithe seo a leanas a bheith agat: 

-        leibhéal oideachais iar-mheánscoile, arna fhianú le céim

nó 

-        leibhéal oideachais meánscoile, arna fhianú le teastas lena dtugtar rochtain ar oideachas iar-mheánscoile mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de thrí bliana ar a laghad

oiliúint ghairmiúil nó taithí ghairmiúil ar leibhéal comhionann.

Maidir leis na céimeanna, cibé acu an i mBallstát nó i dtír nach bhfuil san Aontas a bhronntar iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail Aireacht Oideachais.

Na hiarrthóirí a bhfuil céimeanna acu a bhronn Ballstát nach Ballstát den Aontas Eorpach é, ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid céimeanna a cheangal lena n-iarratas. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le haitheantas do cháilíochtaí a fuarthas i dtríú tír faoi chuimsiú líonraí ENIC-NARIC, téigh chuig an suíomh seo a leanas: https://www.enic-naric.net.

Chuige sin, tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar na córais dhifriúla oideachais. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla atá sa Treoir d’iarrthóirí.

Iarrthóirí nach gcuireann isteach coibhéis AE dá gcéimeanna agus/nó iarrthóirí a bhfuil céimeanna acu nach n-aithníonn comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach, ní ligfear isteach sa nós imeachta roghnúcháin iad.

ii)        An taithí ghairmiúil is gá

Ní éilítear aon taithí ghairmiúil. 

iii)     Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith (leibhéal C1) a bheith agat ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris, 

agus

eolas sásúil (leibhéal B2) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2)

Ní mór do theanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur ar mhaithe le leas na seirbhíse a socraíodh an teorainn teanga, eadhon an Béarla agus an Fhraincis, sa nós imeachta roghnúcháin seo. Chun dualgais an chúntóra bainistithe a chomhlíonadh, tá gá le scileanna sonracha, go háirithe maidir le faireachán, dréachtú, cur chun feidhme agus bainistiú riaracháin. Ní mór don ghníomhaire nua-earcaithe a bheith in ann na cúraimí atá le déanamh a thuiscint, fadhbanna a réiteach agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le hidirghabhálaithe seachtracha agus leis an mbainistíocht agus leis na comhghleacaithe araon.

Fostaíonn Parlaimint na hEorpa baill foirne éagsúla atá lonnaithe go príomha ina cuid foirgneamh sa Bhruiséil, in Strasbourg agus i Lucsamburg. Sa chomhthéacs ilteangach sin, braitheann éifeachtúlacht oibríochtúil go mór ar úsáid na Fraincise agus an Bhéarla. Tá an dá theanga sin ríthábhachtach chun cumarsáid rianúil agus éifeachtúil, dea-fheidhmiú gníomhaíochtaí laethúla agus tabhairt i gcrích na dtionscadal tógála laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO) a áirithiú.  Tá eolas ar cheann amháin den dá theanga sin riachtanach chun go mbeidh an gníomhaire in ann tabhairt faoi na freagrachtaí atá air nó uirthi go héifeachtach agus freastal ar riachtanais na seirbhíse faoi chuimse na ndualgas a bheidh le comhlíonadh aige nó aici. Ar na dualgais a bhíonn le déanamh, bíonn idirghníomhaíocht rialta le comhghleacaithe, leis an lucht bainistíochta agus le hidirghabhálaithe seachtracha a úsáideann na teangacha sin go príomha ina gcuid oibre laethúla. Ina theannta sin, is trí mheán an Bhéarla nó na Fraincise den chuid is mó a reáchtáiltear cúrsaí oiliúna, cruinnithe foirne agus nósanna imeachta lánpháirtithe do bhaill foirne nua, rud a chuireann leis an tábhacht a bhaineann le heolas ar cheann amháin den dá theanga sin, ar a laghad. 

Maidir le tionscadail leanúnacha, amhail athchóiriú fhoirgneamh SPAAK, Teach na Saoránach agus spásanna ilfheidhmeacha nua a fheistiú, tá gá le cumarsáid chomhleanúnach chomhchuibhithe idir gníomhaithe éagsúla, lena n-áirítear foirne ildisciplíneacha, ailtirí, innealtóirí, teicneoirí tógála agus úsáideoirí deiridh Pharlaimint na hEorpa. Mar shampla, tá malartuithe leanúnacha i measc geallsealbhóirí éagsúla i gceist le tionscadal SPAAK, arb athrú mór é ar phríomhfhoirgneamh na Parlaiminte. Tríd an mBéarla agus an Fhraincis a úsáid mar theangacha pivot, éascaítear na hidirghníomhaíochtaí sin agus ag an am céanna urramaítear an éagsúlacht teanga ar an leibhéal oibríochtúil. 

San Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht, is í an Fhraincis an teanga is mó a úsáidtear le haghaidh cumarsáid inmheánach, agus is é an Béarla an teanga is mó a úsáidtear le haghaidh caidreamh le hArd-Stiúrthóireachtaí eile agus le húdaráis pholaitiúla agus riaracháin na Parlaiminte. Is minic a úsáidtear an Béarla freisin chun doiciméid a dhréachtú. Tá eolas sásúil ar an mBéarla nó ar an bhFraincis riachtanach chun na cúraimí sonracha a bhaineann le nósanna imeachta soláthair a chur i gcrích, ar nósanna imeachta iad nach bhfuil uirlisí teicneolaíochta faisnéise ar fáil ach sa dá theanga sin dóibh. Is i mBéarla agus i bhFraincis freisin a thionólfar cruinnithe an Fhóraim um Sholáthar Poiblí, a nglacfaidh an gníomhaire nua-earcaithe páirt iontu. Ina theannta sin, tá eolas sásúil ar an bhFraincis ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar an reachtaíocht is infheidhme sa Bheilg, agus chun idirghníomhú le soláthraithe seirbhíse, údaráis riaracháin agus údaráis áitiúla. 

Dá bhrí sin, ní haon eisceacht é an nós imeachta roghnúcháin seo ar an gcleachtas seanbhunaithe sin. Mar fhocal scoir, tá údar leis an teorainn don Bhéarla agus don Fhraincis sa nós imeachta roghnúcháin seo mar thoradh ar riachtanais oibríochtúla na seirbhíse, ceanglais phost an chúntóra bainistithe, agus cleachtais inmheánacha na hArd-Stiúrthóireachta, lena n-áirithítear éifeachtúlacht agus comhtháthú optamach laistigh de Pharlaimint na hEorpa.

B. NÓS IMEACHTA

Tá an nós imeachta bunaithe ar cháilíochtaí agus trialacha. 

1.      Glacadh isteach agus measúnú ar cháilíochtaí (an chéad chéim)

(a)         Tarraingeoidh an tÚdarás Ceapacháin suas liosta iarrthóirí a chuir a n-iarratas isteach san fhoirm is gá faoin sprioc-am agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar amach i bpointe 3(a) de Roinn A. Déanfar an liosta sin a tharchur chuig an gcoiste roghnúcháin in éineacht leis na comhaid iarratais.

(b)         Seiceálfaidh an coiste roghnúcháin na comhaid iarratais i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha sonracha a leagtar amach i bpointe 3(b) de Roinn A.

(c)         Ar bhonn scéim scórála a shocrófar roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí incháilithe uile agus tarraingeoidh sé suas liosta den seisear iarrthóirí is fearr a dtabharfar cuireadh dóibh chuig na trialacha. Tabharfaidh an coiste roghnúcháin cuireadh d’aon iarrthóirí atá ar comhscór don áit cháilithe deiridh.

Is ar bhonn na faisnéise a thugtar san fhoirm iarratais, ar faisnéis í nach mór doiciméid tacaíochta a bheith ag gabháil léi a chuirtear isteach ag an am céanna leis an bhfoirm iarratais, agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanann an coiste roghnúcháin a chinntí (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an Treoir d’iarrthóirí maidir le nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa, pointe 3.3).

Agus measúnú á dhéanamh ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a ghlacfar isteach sa nós imeachta roghnúcháin, beidh aird ar leith ag an gcoiste roghnúcháin ar na gnéithe seo a leanas a gcaithfear bonn cirt a thabhairt dóibh san fhoirm iarratais:

a.      eolas ar nósanna imeachta soláthair phoiblí a phleanáil;

b.      eolas ar nósanna imeachta soláthair phoiblí a eagrú (nósanna imeachta a sheoladh agus faireachán a dhéanamh orthu, rannpháirtíocht i gcoistí oscailte agus meastóireachta tairiscintí, faireachán a dhéanamh ar an gciorcad riaracháin i dtaca le conarthaí agus leasuithe, táblaí faireacháin a nuashonrú, nótaí míniúcháin a dhréachtú, cartlannú, etc.);

c.      eolas ar láimhseáil comhad, lena n-áirítear nósanna imeachta soláthair phoiblí;

d.      eolas ar ionchur téacs, formáidiú, táblaí, coimeád clár oibre, post, comhdú, ullmhú comhad, tuarascálacha, staidreamh, etc.;

e.      eolas ar chúnamh riaracháin: bainistiú a dhéanamh ar ghlaonna, ríomhphoist, post páipéir, neamhláithreacht, teilea-obair, iarrataí ar chúrsaí oiliúna, soláthairtí oifige agus cruinnithe, orduithe misin a ullmhú, etc.

f.       eolas ar thimpeallachtaí gairmiúla ilchultúrtha nó idirnáisiúnta.

Marcanna: ó 0 go 20 pointe

 

2.      Trialacha (an dara céim)

Triail scríofa

a)           Triail dréachtaithe i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis), bunaithe ar chomhad, chun measúnú a dhéanamh ar do chumas na dualgais a bhfuil cur síos orthu i bpointe A.2. a chomhlíonadh, agus ar do chumas dréachtaithe.

Fad ama na trialach: 60 nóiméad

Marcanna: ó 0 go 20 pointe (pasmharc: 10 bpointe)

 

Trialacha cainte

b)           Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i dteanga 2 (Béarla nó Fraincis), lena bhféadfaidh an coiste sin measúnú a dhéanamh, i bhfianaise gach a bhfuil i do chomhad iarratais, ar d’oiriúnacht chun na dualgais a bhfuil cur síos orthu faoi A.2 a chomhlíonadh. Féadfaidh an coiste roghnúcháin cinneadh a dhéanamh tástáil a dhéanamh ar d’inniúlachtaí teanga arna ndearbhú i d’fhoirm iarratais.

Uasfhad ama na trialach: uasmhéid 45 nóiméad.

Marcanna: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).

D’fhéadfaí na trialacha sin a eagrú go cianda nó ar an láthair.

Gheobhaidh tú treoracha na dtrialacha scríofa agus cainte in am trátha. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Dícháileofar láithreach thú as aon sárú ar na treoracha nó as iompraíocht nach gcomhlíonann na treoracha. 

 

3.         Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Beidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, de réir ord tuillteanais, ainmneacha an triúr iarrthóirí ag a mbeidh na marcanna is airde san iomlán sa nós imeachta (an measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha) agus ar éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach triail. 

Cuirfear ar an eolas go pearsanta faoi do thorthaí thú trí theachtaireacht i scríbhinn.

Foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar inlíon Pharlaimint na hEorpa.

Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2028. Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má dhéantar amhlaidh, cuirfear an méid sin in iúl in am trátha do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta.

 

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit cuntas a bheith agat ar an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA

Iarrtar ort an Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú d’fhoirm iarratais a chomhlánú.

Spriocdháta le haghaidh iarratas

 

Is é  6 Samhain 2024 ar 12.00, am Bruséile, an dáta deiridh le hiarratais a chur isteach.