This website uses cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we assume that you consent to receive all cookies on all websites.
For further information, please click here >>.

FÓGRA FOLÚNTAIS PE/306/2024/S/IPOL - GNÍOMHAIRE SEALADACH  - RIARTHÓIR I RÉIMSE AN RIALAITHE BHUISÉADAIGH (AD 9)

Deireadh an fhoilseacháin ar shuíomh gréasáin seachtrach : 02/07/2024 12:00
Seirbhís : 03-An Ard-Stiúrthóireacht um Bheartais Inmheánacha an Aontais
Ref. : PE/306/2024/S/IPOL - ADMINISTRATOR BUDGETARY CONTROL (AD 9)
Treoir d’iarrthóirí :

FÓGRA FOLÚNTAIS PE/306/2024/S/IPOL

GNÍOMHAIRE SEALADACH 

Riarthóir i réimse an rialaithe bhuiséadaigh (AD 9)

 

 

Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais ghinearálta/nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa atá i gceangal leis an bhfógra folúntais seo a léamh go cúramach. 

Is cuid dhílis den fhógra folúntais í an Treoir sin, agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.

 

 

CLÁR

 

A.               CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

B.               NÓS IMEACHTA

C.               IARRATAIS A CHUR ISTEACH

 

IARSCRÍBHINN:       TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I gCOMÓRTAIS/NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA

 

 

A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

 

 1.     Barúlacha ginearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar ghníomhaire sealadach ar ghrád AD 9 san Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha (AS IPOL) a líonadh.

Is í an phróifíl atá á lorg ná riarthóir i réimse an rialaithe bhuiséadaigh sa Bhruiséil.

Is ar feadh tréimhse éiginnte ama a dhéanfar an conradh. Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 9, an chéad chéim, ag a bhfuil an buntuarastal EUR 9 025,62 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus asbhaintí eile a leagtar síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CFSE). Tá sé díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a n-earcófar an t-iarrthóir rathúil a choigeartú, áfach, i gcomhréir leis an taithí ghairmiúil a bheidh ag an iarrthóir sin. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus cuireann sí fáilte roimh iarratais gan idirdhealú, amhail idirdhealú bunaithe ar inscne, eitneacht, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

 

2.     Cúraimí an phoist

an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha freagrach as obair choistí na Parlaiminte a eagrú i réimse na mbeartas inmheánach agus as rannchuidiú le feidhmiú agus forbairt chumhachtaí reachtacha agus rialaithe Pharlaimint na hEorpa.

Tá Rúnaíocht an Choiste um Rialú Buiséadach mar chuid den Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Buiséadacha agus tá sí freagrach as an méid seo a leanas:

       cabhrú le comhaltaí an Choiste um Rialú Buiséadach agus go háirithe leis an gCathaoirleach agus leis na rapóirtéirí agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu;

       a áirithiú go reáchtálfar go réidh na gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú buiséadach, go háirithe an nós imeachta um urscaoileadh, mar aon le gníomhaíochtaí reachtacha agus neamhreachtacha an Choiste um Rialú Buiséadach, trí obair leantach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí coiste uile agus dul i gcomhairle go rialta le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (Feisirí), comhairleoirí grúpaí polaitiúla agus contrapháirteanna i Rúnaíocht na Parlaiminte agus in institiúidí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

       cabhair a thabhairt do na Feisirí agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu le linn thimthriall an urscaoilte (obair leantach ar an urscaoileadh is déanaí a ullmhú, tuarascálacha a dhréachtú, leasuithe comhréitigh a ullmhú, liostaí vótála a ullmhú) agus le linn an timthrialla reachtaigh (comhairliúcháin réamhreachtacha, téacsanna nua reachtacha a ghlacadh, buntéacsanna a mhodhnú agus a gcur chun feidhme a rialú);

       tacú leis na Feisirí sa chaidreamh atá acu leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, an Chúirt Iniúchóirí, agus institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le rialú buiséadach, mar aon le parlaimintí agus údaráis náisiúnta, go háirithe chun misin agus imeachtaí a bhaineann leis an gCoiste um Rialú Buiséadach a ullmhú;

       saineolas a sholáthar do na Feisirí trí bhíthin nótaí faisnéisithe, anailís dhomhain agus comhairle faoi chomhaid reachtacha agus neamhreachtacha maidir le rialú buiséadach.

Teastaíonn eolas domhain ar bhuiséad an Aontais agus ar a chur chun feidhme i mBallstáit an Aontais chun na cúraimí sin a chomhlíonadh.

Tá gá le taithí ghairmiúil chruthaithe i gcóras riaracháin náisiúnta nó idirnáisiúnta i réimsí buiséadacha nó airgeadais an Aontais, i gcur chun feidhme buiséad náisiúnta agus i mbainistiú comhroinnte chistí an Aontais. Is buntáiste é taithí ghairmiúil agus taighde a bhaineann leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), buiséad an Aontais agus an nós imeachta um urscaoileadh.

Tá eolas domhain ar an eacnamaíocht agus taithí ghairmiúil pharlaiminteach roimh ré ar an leibhéal náisiúnta nó Eorpach bunriachtanach. Ina theannta sin, teastaíonn taithí fhairsing ar an gcaibidlíocht ar an leibhéal polaitiúil is airde, lena n-áirítear ar an leibhéal idirinstitiúideach, chun tacú leis na Feisirí agus a gcumhachtaí rialaithe bhuiséadaigh á bhfeidhmiú acu.

Tá gá le hanailís agus eolas den scoth ar nósanna imeachta parlaiminteacha, smaointeoireacht chriticiúil agus na scileanna dréachtaithe is gá le haghaidh ullmhú doiciméad reachtach, amhail tuarascálacha agus tuairimí, liostaí vótála, nótaí faisnéise agus óráidí do na Feisirí, don phost seo.

Ba cheart scileanna idirphearsanta den scoth, scileanna taidhleoireachta ina gcaidrimh inmheánacha agus sheachtracha, agus an cumas fanacht socair faoi bhrú a bheith mar thaca ag an iarrthóir rathúil nó ag na hiarrthóirí rathúla. 

Beifear ag súil go mbeidh an duine a roghnófar rannpháirteach i misin rialta chuig na háiteanna oibre difriúla agus i dteagmháil go minic le daoine laistigh de Pharlaimint na hEorpa agus lasmuigh di araon.

 

3.     Incháilitheacht

Faoin dáta deiridh i gcomhair iarratas, ní mór na coinníollacha ginearálta agus sonracha incháilitheachta a bheith comhlíonta agat:

(a)     Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, ní mór duit go háirithe:

       a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,

       do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat,

       do chuid dualgas a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí,

       na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat i dtaobh d’oiriúnachta chun do chuid dualgas a chomhlíonadh.

(b)     Coinníollacha sonracha

(i)      Na cáilíochtaí is gá

Éilítear na nithe seo a leanas ar na hiarrthóirí: 

       leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma nuair is 4 bliana nó níos mó atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile, 

       leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma mar aon le bliain amháin de thaithí ghairmiúil a bhaineann leis na dualgais nuair is 3 bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile,

Is cuma cé acu i mBallstát nó i dtír nach cuid den Aontas Eorpach í a bhronntar iad, ní mór dioplómaí a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil i mBallstát de chuid an Aontais, amhail Aireacht Oideachais i gceann de Bhallstáit an Aontais.

Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach tír den Aontas Eorpach í coibhéis Eorpach a gcuid dioplómaí a cheangal lena n-iarratas. Tá tuilleadh eolais faoi aithint cáilíochtaí a fuarthas i dtír nach tír den Aontas Eorpach í ar fáil i líonraí ENIC-NARIC ach dul chuig an nasc seo a leanas: https://www.enic-naric.net.

Tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar na córais dhifriúla oideachais. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla atá sa Treoir d’iarrthóirí.

Ní ghlacfar isteach iarrthóirí nach gceanglaíonn coibhéis Eorpach a gcuid dioplómaí lena n-iarratas agus/nó iarrthóirí ag a bhfuil dioplómaí nach bhfuil aitheanta ag comhlacht oifigiúil i mBallstát de chuid an Aontais chuig an nós imeachta roghnúcháin.

(ii)       An taithí ghairmiúil is gá

I ndiaidh dóibh na cáilíochtaí is gá le cur isteach ar an nós imeachta roghnúcháin a bhaint amach (féach pointe (i) thuas), ní mór 10 mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith acu a bhaineann leis na dualgais a shonraítear i roinn A.2, lena n-áirítear 8 mbliana ar a laghad i gcóras riaracháin náisiúnta nó in institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh. 

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas críochnúil (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,

agus

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla (teanga 2). Más é an Béarla teanga 1 duit, ní mór eolas sásúil (leibhéal B2 ar laghad) a bheith agat ar aon cheann de 23 theanga oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. Ní mór teanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1.

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil is gá thuas le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, léamh, éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Freagraíonn na hinniúlachtaí sin dóibh siúd a shonraítear sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills).

Tabhair do d’aire gurb é leibhéal C2 an leibhéal is airde sa chreat, agus gurb é leibhéal A1 an leibhéal is ísle.

Is ar mhaithe leis an tseirbhís a leagadh síos na roghanna teanga don nós imeachta roghnúcháin seo. De bhua na ndualgas atá i gceist, tá gá le hinniúlachtaí sonracha do phost an riarthóra i réimse an rialaithe bhuiséadaigh, mar a leagtar amach i roinn A.2 den fhógra folúntais seo.

Is i mBéarla a bhíonn beagnach gach doiciméad a tháirgtear nó a dhréachtaítear i Rúnaíocht an Choiste um Rialú Buiséadach. Áirítear leis sin nótaí cruinnithe an choiste pharlaimintigh a ullmhaítear do Chathaoirleach an Choiste. Ina theannta sin, is i mBéarla a reáchtáiltear cruinnithe inmheánacha. Dá réir sin, chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh agus dea-fheidhmiú na seirbhíse a áirithiú, ní mór do na daoine a earcófar a bheith in ann oibriú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i mBéarla.

 

B. NÓS IMEACHTA

Tarraingeoidh an tÚdarás Ceapacháin suas liosta d’iarrthóirí a dhearbhaíonn go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i Roinn A.3.(a) den fhógra, agus a chuir isteach a gcomhad iarratais i gcomhréir leis na socruithe agus faoin sprioc-am a leagtar síos i Roinn C den fhógra. Cuirfear an liosta sin chuig Cathaoirleach an choiste roghnúcháin.

Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an nós imeachta.

 

1.         Glacadh isteach chuig an nós imeachta roghnúcháin

Scrúdóidh an bord roghnúcháin comhaid iarratais na n-iarrthóirí uile ar liosta an Údaráis Ceapacháin i bhfianaise na gcoinníollacha sonracha incháilitheachta.

Má chomhlíonann tú na coinníollacha sonracha incháilitheachta, glacfaidh an bord roghnúcháin isteach sa nós imeachta roghnúcháin thú.

Bunóidh an bord a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta a ghabhann léi agus a cuireadh isteach ag an am céanna léi bonn cirt di. Ní mheastar curriculum vitae a bheith ina dhoiciméad tacaíochta lena bhfianaítear taithí ghairmiúil, cáilíochtaí nó eolas ar theangacha (Féach an Treoir d’iarrthóirí le haghaidh tuilleadh sonraí.)

 

2.         Measúnú ar cháilíochtaí

Bunaithe ar thábla measúnaithe a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a ghlacfar isteach chuig an nós imeachta roghnúcháin agus tarraingeoidh sé suas liosta den 12 iarrthóir is fearr, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc baint amach acu, a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an gcéad chéim eile (trialacha scríofa agus cainte). Tabharfaidh an bord roghnúcháin cuireadh do na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.

Agus measúnú á dhéanamh ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a ghlacfar isteach sa nós imeachta roghnúcháin, beidh aird ar leith ag an mbord roghnúcháin ar na gnéithe seo a leanas a gcaithfear bonn cirt a thabhairt dóibh san fhoirm iarratais:

-        dioplóma i réimse na heacnamaíochta;

-        taithí ghairmiúil i réimse an bhuiséid agus an rialaithe bhuiséadaigh;

-        taithí ghairmiúil i réimse an iniúchta agus an rialaithe ar chistí poiblí;

-        taithí ar dhoiciméid reachtacha agus nótaí faisnéise chuig Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a dhréachtú;

-        taithí ar chaibidlíochtaí idirinstitiúideacha;

-        taithí ar an gcaibidilíocht ar ardleibhéal polaitiúil idir comhlachtaí an Aontais agus na Ballstáit;

-        taithí mar chomhairleoir le haghaidh comhalta déanta cinntí de chuid comhlacht Eorpach;

-        taithí mar chomhairleoir laistigh d’Aireacht nó córas riaracháin náisiúnta;

-        taithí i ról bainistíochta laistigh d’Aireacht nó córas riaracháin náisiúnta.

Marcanna: 0 go 20 pointe (pasmharc: 10 bpointe).

Cuirfear na hiarrthóirí ar an eolas go pearsanta trí ríomhphost faoi chinneadh an choiste roghnúcháin i dtaobh cibé acu a ligfear nó nach ligfear isteach chuig na trialacha iad.

 

3.         Trialacha

D’fhonn eolas agus scileanna na n-iarrthóirí a mheas, reáchtálfaidh an coiste roghnúcháin na trialacha seo a leanas:

Triail scríofa

a)        Triail cheapadóireachta i mBéarla, bunaithe ar chomhad, chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na n-iarrthóirí na dualgais a dtugtar tuairisc orthu faoi Roinn A.2 a chomhlíonadh, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar a gcumas dréachtú agus achoimre a dhéanamh.

Uasfhad na trialach: 1 uair an chloig

Marcanna: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).

Is ar an ríomhaire a dhéanfar an triail sin agus féadfar í a reáchtáil ar líne.

Triail chainte

b)       Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i mBéarla chun measúnú a dhéanamh, agus an fhaisnéis uile atá i gcomhaid iarratais na n-iarrthóirí á cur i gcuntas, ar a n-oiriúnacht chun na dualgais ábhartha a leagtar amach i Roinn A.2 a chomhlíonadh.

           Déanfaidh an bord roghnúcháin teanga 1 do na n-iarrthóirí uile a dhearbhaigh gurb é an Béarla teanga 2 dóibh a thástáil, agus déanfaidh sé teanga eile na n-iarrthóirí sin a dhearbhaigh gurb é an Béarla teanga 1 dóibh a thástáil freisin. 

            Uasfhad na trialach: 45 nóiméad.

Marcanna: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).

Féadfar an triail sin a reáchtáil ar líne nó go pearsanta.

Gheobhaidh tú treoracha na dtrialacha scríofa agus cainte in am trátha. Eagrófar na trialacha le haghaidh dáta agus am ar leith. Eagrófar an dá thriail an lá céanna nó dhá lá i ndiaidh a chéile.

Mura dtugann tú freagra ar chuireadh, murar féidir teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, féadfar thú a dhícháiliú. Beidh ort cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Féadfar thú a dhícháiliú láithreach as aon sárú ar na treoracha nó as aon iompraíocht nach gcomhlíonann na treoracha.

 

4.         Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Ar bhonn na dtorthaí, tarraingeoidh an coiste roghnúcháin suas liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, ina mbeidh, in ord aibítre, ainmneacha an triúr iarrthóirí ag a mbeidh na marcanna is airde san iomlán sa nós imeachta (an measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha) agus ar éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach triail. Áireofar ar an liosta na hiarrthóirí ar fad a chríochnaíonn cothrom le chéile don áit dheireanach.

Cuirfear ar an eolas go pearsanta faoi do thorthaí thú trí theachtaireacht i scríbhinn.

Foilseofar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa.

Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2027. Féadfar bailíocht an liosta sin a fhadú trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má dhéantar amhlaidh, cuirfear an méid sin in iúl in am trátha do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta.

Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh go léir a thabhairt ar aird i gcomhair fíordheimhniú, lena n-áirítear dioplómaí agus deimhniúcháin oibre.

Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

 

C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Ní mór iarratas a chur isteach tríd an ardán Apply4EP: https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA.

Ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais/nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú an fhoirm iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.

Dáta deiridh i gcomhair iarratas

An 2 Iúil 2024 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile

Cuirfear admháil chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe.

Níor cheart duit cumarsáid a dhéanamh faoin bpróiseas roghnúcháin seo ach amháin trí do chuntas Apply4EP. Iarrtar ar na hiarrthóirí GAN GLAO GUTHÁIN A CHUR maidir leis an nós imeachta roghnúcháin seo. 

Is tusa atá freagrach as bosca isteach an tseolta ríomhphoist a thug tú i do chuntas Apply4EP a sheiceáil go rialta.